Éisteacht mhaith le fáil sa tSlóivéin ...

Cathal Póirtéir

Ba bheag a bhí ar eolas agam faoi chúrsaí scríbhneoireachta nó cúrsaí teanga sa tSlóivéin sula bhfuair mé sparánacht le dhá mhí a chaitheamh ansin faoin scéim Focail Eile - tionscnamh Eorpach atá ann le tacú le scríbhneoirí as tíortha agus réigiúin san Aontas Eorpach a scríobhann i dteanga mhionlaigh nó réigiúnda. I gcás na hÉireann tá an scéim á reáchtáil ag Foras na Gaeilge agus thar sáile ag grúpaí agus institiúidí cultúrtha de chuid na tíre nó an réigiúin sin.

Bhí lucht eagraithe na scéime sa tSlóivéin lonnaithe i Maribor, an dara cathair sa tír. Eagraíocht ealaíne ilmheán atá in X-OP a eagraíonn imeachtaí liteartha, taispeántais ealaíne, léirithe ceoil agus cúrsaí oiliúna sna healaíona. Tugtar Kilba orthu mar ainm ceana agus Kiblix ar an fhéile bhliantúil a reáchtálann siad ansin. Tá ionad breá acu i seanfhoirgneamh maorga i lár na cathrach ina bhfuil caifé/beár agus wifi saor in aisce. Bíonn an seomra sin in úsáid le scannáin a thaispeáint agus le léamhanna a chur ar siúl ann. Tá doras isteach as an seomra sin go dtí seomra eile ina mbíonn taispeántais ealaíne. In airde staighre san fhoirgneamh céanna tá príomhcheoláras na cathrach.

Tá muintir na Slóivéine i bhfad níos dílse dá dteanga ná mar atá muintir na hÉireann don Ghaeilge, bíodh is go raibh an tSlóivéin faoin Impireacht Ostair-Ungárach ar feadh na gcéadta bliain agus faoi rialtas na hIúgslaive ina dhiaidh sin. D’éirigh le muintir na Slóivéine an teanga a choinneáil lárnach sa tuiscint a bhí acu orthu féin mar Shlóivéanaigh, ba chuma cén teanga a raibh an lámh in uachtar aici go hoifigiúil. Le dúthracht glacadh léi mar theanga liteartha agus léinn sa naoú céad déag agus tá muintir na tíre sin bródúil aisti go fóill. Go bunúsach, ní aithníonn siad duine nach bhfuil an tSlóivéinis aige mar Shlóivéanach ceart. Is í an teanga a nascann le chéile iad seachas réimeas polaitiúil. B’in an tuiscint a fuair mise pé scéal é.

Bhí an t-ádh orm nuair a bhí mé i Maribor mar go raibh tuiscint acu ansin ar an scéim Focail Eile mar mhalartú cultúrtha chomh maith le bheith ina deis scríbhneoireachta don sparánaí. Leag siad cúraimí mo chuairte ar bhean an-chumasach, Nataša Zidaric, a bhí ar conradh sealadach leo. D’eagraigh Nataša imeachtaí liteartha agus cultúrtha dom, chomh maith le cuairteanna turasóireachta chuig imeachtaí agus ionaid éagsúla. Chaith sí béile liom dhá nó trí huaire sa tseachtain le bheith cinnte go raibh gach rud ag dul i gceart dom agus faoin am ar imigh mé bhí cairdeas déanta agam le Nataša féin, lena fear Darko agus a n-iníon Ema.

Bhí cuid mhór ócáidí eagraithe ag Nataša le deis a thabhairt dom léamh a dhéanamh ar mo chuid filíochta féin i gcuideachta fhilí na háite. Bhí leaganacha Béarla curtha chucu roimh ré agus bhí aistriúcháin go Slóivéinis ar fáil. Thug cuid de na hócáidí seans dom filíocht chomhaimseartha na Gaeilge trí chéile a chur in iúl do lucht litríochta agus léinn ansin.

Mar chuid d’ócáid sa Salon, ionad an-ghalánta, chuir an t-aistritheoir Tina Mahkota agallamh beo orm faoi fhilíocht na Gaeilge agus mo chuid filíochta féin. Bhí Petra Kolmančič ansin fosta, file óg a chaith tamall ar an Fhál Carrach mar chuid den scéim chéanna. Léigh mé aistriúcháin Ghaeilge ar a saothar siúd a rinne duine éigin in Éirinn di agus léigh Helena Fošnar aistriúcháin Slóivéinise a rinne sí ar mo shaothar-sa.

Ag deireadh na hoíche sin tháinig Gregor Lozar, fear mór groí, chugam ag caint faoi litríocht na Gaeilge agus go leor taighde déanta aige. Thug sé cuireadh dom teacht chuig ócáid eile i seanbheairic Arm na Iúgslaive a bhí ag na ‘Slambeasts’, grúpa filí óga ina bhfuil sé páirteach. Rinne mé sin air agus léigh mé mo chuidse i nGaeilge agus léigh seisean na haistriúcháin Shlóivéinise. Lena chead léigh mé tuilleadh dánta le roinnt eile filí Gaeilge le haistriúcháin Bhéarla a thug léargas níos leithne ar éagsúlacht na filíochta Gaeilge.

Bhain Veronika Dintinjana, preab asam nuair a ghabh sí buíochas ar leith liom as dán le Biddy Jenkinson a léamh. Mar a tharla bhí díolaim mhór d’fhilíocht na hÉireann curtha in eagar ag a máthair agus dánta Gaeilge san áireamh aici - léargas ar an dá thraidisiún nach mbíonn i gcónaí ar fáil in Éirinn. Thug Veronika cuireadh dom páirt a ghlacadh ag léamh eile i Koper, baile beag álainn ar an gcósta a bhíodh mar chuid de Phoblacht na Veinéise, tráth, agus an chuma sin ar chuid den tsean-ailtireacht. Tá córas traenach éifeachtach agus saor acu ansin, a bhuíochas le réimeas Tito. Rinne mé léamhanna filíochta eile i dTeach na Litríochta sa phríomhchathair, Ljubljana agus i Maribor agus fuair mé éisteacht an-mhaith.

Gach áit a ndeachaigh mé bhí an lucht éisteachta ar bís an Ghaeilge féin a chloisteáil agus fáil amach faoi stádas agus stair na teanga, saol an scríbhneora Gaeilge, díolachán na filíochta in Éirinn agus tuilleadh. Tá siad millteanach tógtha faoin fhilíocht ansin agus bíonn na filí óga sásta go leor má fhaigheann siad éisteacht mhaith agus má éiríonn leo cúpla céad cóip de leabhar filíochta a dhíol. Tá ‘ainmneacha móra’ ann, gan dabht, a mbíonn ráchairt i bhfad níos mó ar a saothar.

Fuair mé cuireadh cainteanna a thabhairt in Ollscoil Mharibor faoi thrí, dhá uair do mhic léinn iarchéime na litríochta, ar stair agus litríocht na Gaeilge, agus uair eile do phobal na hollscoile sa leabharlann ansin ar an traidisiún agus an scéalaíocht bhéil in Éirinn. Thug mé léacht ar Choimisiúin Béaloideasa Éireann i dTeach na Litríochta i Ljubljana agus bhí freastal maith uirthi agus cuireadh go leor ceisteanna ina diaidh.

Thug an scríbhneoir Svetka Bvec mé ar cuairt chuig Aontas na Scríbhneoirí Slóivéanacha, mar ar chas mé le hUachtarán an chumainn sin agus lenar chaith mé béile ina mbialann. Nuair a fheiceann tú na háiseanna atá ansin do lucht litríochta, na spásanna cultúrtha agus na heagraíochtaí atá curtha ar fáil ag an stát do lucht litríochta na Slóivéine, cuireann sé éad ar an scríbhneoir Gaeilge. Tagann cuid de na háiseanna sin ó aimsir agus polasaithe na gcumannach, ach ghlac lucht na n-ealaíon féin seilbh ar sheanbheairic agus ar sheanmhonarcha nuair a thit an Iúgslaiv as a chéile agus rinne siad spásanna ealaíne astu.

Bhí cúpla oíche suntasach eile againn i Ljubljana agus i Maribor nuair a taispeánadh sé scannán gairid ar théama 1916 (Ie linn chomóradh 1916 a bhí mise sa tSlóivéin) agus bhí Ambasadóir na hÉireann, Seán Ó Riagáin, i láthair ag an dá ócáid le fáilte chroíúil a chur roimh an lucht féachana.

An oíche i Ljubljana thaispeáin siad leagan John Ford de The Plough and the Stars. An oíche sin i Maribor, chuir leabharlann na cathrach taispeántas beag le chéile faoi 1916, rud a bhí thar a bheith deas acu. D’eagraigh mé féin agus Nataša taispeántas beag de sheanfhocla na Gaeilge agus na Slóivéinise a bhí ag freagairt dá chéile ar dhóigh éigin.

Lá eile i Ljubljana, thug mé caint faoi scríbhneoireacht na Gaeilge agus cúrsaí raidió in Éirinn do na mic léinn a bhí ag freastal ar an Acadamh Teilifíse, Raidió agus Amharclainne ansin.

Bhí obair ag baint le réiteach na gcainteanna sin go léir ach b’fhiú é le tuiscint a thabhairt do mhuintir na Slóivéine ar chultúr na Gaeilge agus na hÉireann. Ó mo thaobh féin de, thug gach aon cheann de na hócáidí deis dom casadh le scríbhneoirí agus gníomhairí cultúrtha na Slóivéine. Bhí na comhráite a bhí agam leo spéisiúil agus spreagúil agus ba dheas tamall a chaitheamh le cuideachta mhaith thuisceanach, rud a chuidigh liom m’intinn a thógáil den scríbhneoireacht a bhí ar bun agam i mo sheomra.

Nuair a bhíonn tú ar shiúl ó chúraimí baile agus dualgais eile an tsaoil, agus nuair a bhíonn tú in áit díreach ar mhaithe le bheith ag scríobh ann, braitheann tú go bhfuil deis iontach agat tabhairt faoin scríbhneoireacht go leanúnach, gan aon chur isteach ó aon duine, ar dhóigh nach féidir leat a dhéanamh sa bhaile. Nuair a theastaigh uaim an doras a dhúnadh agus dhá nó trí lá a chaitheamh ag scríobh gan labhairt le duine beo, ní raibh aon fhadhb ann. Bhí áiseanna cócaireachta agam i mo sheomra. Nuair a theastaigh uaim bualadh amach ní raibh béile nó deoch costasach i mbialanna nó i gcaiféanna Mharibor agus ba mhinice ná a mhalairt gur ith mé béile blasta lagus fíon na háite agam leis agus iontas orm chomh saor agus a bhí sé.

Dom féin, tréimhse thairbheach a bhí sa dá mhí a chaith mé i Maribor ar sparánacht Focail Eile. Tá lúcháir orm gur ansin a chuir siad mé agus go raibh eagar chomh maith ar na himeachtaí a d’eagraigh Nataša dom ansin. Chuir muintir na Slóivéine fíorchaoin fáilte romham agus, tá súil agam, gur chaith muintir na hÉireann chomh maith céanna leis na scríbhneoirí ón tSlóivéin a bhí in áiteanna éagsúla ar fud na tíre seo.

Chuir meáin chumarsáide na Slóivéine spéis mhór sa scríbhneoir Gaeilge a bhí ar cuairt agus bhí agallamh ar raidió agus teilifís agus altanna sna nuachtáin; clúdach nach mbíonn an scríbhneoir Gaeilge i dtaithí air anseo in Éirinn. Rinne mé clár raidió amháin le Chris Wheery, Sasanach a chaith tamall i gConamara ag obair ar an taobh teicniúil de bhunú TnaG!

Tá mé cinnte gur féidir tógáil ar scéim Focail Eile maidir le líonra tacaíochta níos buaine a chur ar fáil do scríbhneoirí na Gaeilge agus scríbhneoirí as cultúir eile. Is iontach an deis é saothar Gaeilge a bheith á aistriú go teangacha eile agus léitheoirí nua a aimsiú sna teangacha sin.

D’éirigh liom thart ar 40,000 focal de shaothar próis a scríobh, mar aon le blag/dialann faoin tréimhse sparánachta, dualgas a leag an scéim ar na scríbhneoirí go léir. Is féidir leat sin a léamh ar an suíomh ag Focail Eile, otherwordsliterature.eu, mar aon le 4,000 focal den saothar próis – i nGaeilge, i mBéarla agus i mBascais go dtí seo, agus aistriúcháin go Macadóinis agus Freaslainnis le teacht go fóill. Tá saothar gach scríbhneora a ghlac páirt sa scéim ar fáil ansin.

Léigh leat.

Cathal Póirtéir

Is scríbhneoir agus craoltóir é Cathal Póirtéir.