Táin Bó Cuailnge

Táin Bó Cuailnge

markwickham.org

Sliocht atá anseo as an eagrán Nua-Ghaeilge de Tháin Bó Cuailnge atá á fhoilsiú ag Leabhar Breac an mhí seo. Is bunaithe ar an gComhrá Ceannchearchaille sa Leabhar Laighneach atá an sliocht seo i bhfíorthús na Tána.

An Comhrá Ceannadhairte

Feacht n-aon d’Ailill is do Mhéabh, ar dheargadh a ríleapa dóibh i Ráth Cruachan Chonnacht, tharla comhrá ceannadhairte eatarthu. ‘Is fíor a deirid, a bhean,’ arsa Ailill, ‘gur maith an bhean bean dea-fhir.’

‘Is maith, go deimhin,’ arsa Méabh, ‘ach cén fáth a ndeir tú sin?’

‘Mar gur fearr tusa inniu,’ arsa Ailill, ‘ná an lá ar thóg mise mar bhean thú.’

‘Ba mhaith mise romhat,’ arsa Méabh.

‘Is maith é sin nár chualamar agus nach bhfacamar,’ arsa Ailill, ‘ach tú ag brath ar do mhaoin nuachair, agus do naimhde sna críocha ba ghaire duit ag breith slada is creiche uait.’

‘Ní mar sin a bhíos-sa,’ arsa Méabh, ‘ach m’athair Eochaidh Feidhleach ina ardrí ar Éirinn. Seisear iníon a bhí aige, Deirbhre, Eithne, Éile, Clothra, Mughain, agus Méabh: agus ba mise ab uaisle agus ab oirirce díobh. Ba mé ab fhearr le féile is le tabhartas, ba mé ab fhearr díobh i gcath is i gcomhrac. Is agam a bhí cúig chéad déag rí-amhas ar deoraíocht, agus an oiread céanna arís de shaorfhir na tíre seo,’ ar sí. ‘Is chuige sin a thug m’athair cúige de chúigí na hÉireann dom, is é sin Cúige Chruachan, nó Connachta. Agus is dá bharr sin a thugtar Méabh Chruachan orm.

‘Tháinig teachtaí ó Fhionn mac Rosa Rua Rí Laighean do m’iarraidhse mar bhean, agus thángadar ó Chairbre Nia Fear mac Rosa Rí Teamhrach, ó Chonchúr mac Fachtna Rí Uladh agus ó Eochaidh mac Luchta, agus ní bhfuaireadar mise mar bhean óir is mé a d’iarr rud nár iarr aon bhean romham ar fhear d’Fhir Éireann, is é sin fear gan doicheall, gan eagla, gan éad.

‘Dá mba doicheallach an fear ag a mbeinnse, níor chóir dúinn a bheith le chéile, óir is maith mise le féile is le tabhartas, agus ba chúis náire do m’fhear mise a bheith níos fearr le féile ná é, ach níorbh aon chúis náire é dá mbeimis araon fial.

‘Dá mba eaglach m’fhearsa, níor chóir dúinn a bheith le chéile, óir brisimse cathanna is comhlainn i m’aonar agus ba chúis náire do m’fhear é dá mba chróga a bhean ná é ach ní haon cháineadh dó sinn a bheith araon cróga.

‘Dá mba éadmhar m’fhearsa, níor chóir dúinn a bheith le chéile ach an oiread, óir ní raibh mise riamh gan fear ar scáth a chéile agam. Ach fuaireas an fear a bhí uaim, is é sin tusa, Ailill mac Rosa Rua de Laighnigh. Níl tú doicheallach, níl tú eaglach, níl tú éadmhar. Thug mise mar choibhche1 duit díol dháréag d’éadach, carbad arbh fhiú trí sheacht gcumhal í, leithead d’aghaidhe de dheargór, agus cothrom do rí chlé de chré-umha. Cibé díobháil a dhéanfaí ortsa, ní bheadh d’éiric ná d'eineachlann2 duit ann ach a bhfuil dlite domsa,’ arsa Méabh, ‘mar is fear ar choimirce mná thú.’

‘Ní hamhlaidh sin a bhíos-sa,’ arsa Ailill, ‘ach beirt deartháireacha agam, fear díobh ar Theamhair agus fear ar Laighin — is é sin Fionn ar Laighin agus Cairbre ar Theamhair — agus lig mise an ríochas leo de thairbhe a sinsireachta, ach níorbh fhearr le féile ná le tabhartas ceachtar acu ná mise. Níor chualathas dom cúige in Éirinn a bheith mar mhaoin nuachair ach an cúige seo amháin. Thángas, mar sin, agus ghabhas ríochas anseo i gceart mo mháthar, óir ba í Máta Mhuraisce iníon Mhách mo mháthairse, agus cén ríon ab fhearr a bheadh agam ná tusa ós tú iníon Ardrí Éireann.’

‘Mar sin féin,’ arsa Méabh, ‘is mó mo mhaithse ná do mhaithse.’

‘Is ionadh liom sin,’ arsa Ailill, ‘óir ní mó seoid ná maoin ná ollmhaitheas ag aon duine ná mar atá agamsa, agus is maith atá a fhios agam é.’

Tugadh chucu ansin an chuid ba lú luach dá gcuid seod chun go bhfeicfidís cé acu ba mhó seoid is maoin is ollmhaitheas. Tugadh chucu a gcuid meadar is soitheach is leastar, a gcuid mias níocháin is umar is dabhach. Tugadh chucu a gcuid fáinní is faileanna is ordnasc agus a n-órdhuaiseanna is a n-éadaí — idir chorcra is ghorm is dhubh is uaine, idir bhuí is bhreac is lachna, odhar, alabhreac is riabhach.

Tugadh chucu, freisin, a mórthréada caorach as faichí is urlanna is réite. Ríomhadh agus áiríodh iad, agus aithníodh go rabhadar cothrom cóimhéid comhlíonmhar. Má bhí reithe sainiúil arbh fhiú cumhal é ar chaoirigh Mhéibhe, bhí reithe a dhiongbhála ar chaoirigh Ailealla.

Tugadh chucu a n-eachra as féarghoirt is banracha. Bhí each sainiúil ar ghraí Mhéibhe arbh fhiú cumhal é, agus each a dhiongbhála ag Ailill.

Ansin, tugadh a mórthréada muc as coillte is fánghleannta is diamhra. Ríomhadh is áiríodh is aithníodh iad. Bhí torc sainiúil ag Méabh agus torc a dhiongbhála ag Ailill.

Tugadh chucu a dtáinte bó as coillte is as fásaigh an chúige. Ríomhadh is áiríodh is aithníodh iad, agus bhíodar cothrom cóimhéid comhlíonmhar. Ach bhí tarbh sainiúil ar bhólacht Ailealla agus ba lao le bó de chuid Mhéibhe é agus Fionnbheannach a ainm, ach níor mhian leis go n-áireofaí é ar mhaoin mná agus d’imigh leis go ndeachaigh i measc bhólacht an rí. B’ionann sin do Mhéabh agus a bheith gan aon bhó mar nach raibh tarbh dá mhéid sin aici féin.

Glaodh an t-eachlach Mac Roth chuig Méabh agus d’fhiafraigh sí de arbh eol dó áit a mbeadh a leithéid siúd de tharbh i gcúigí Éireann.

‘Tá a fhios agam, go deimhin,’ arsa Mac Roth, ‘áit a bhfuil a mhacasamhail sin de tharbh, i gCúige Uladh, i dtríocha céad Chuailnge, i dteach Dháire mhic Fhachtna. An Donn Cuailnge a ainm.’

‘Gabhadh tusa ansin, a Mhic Roth, agus iarr iasacht bliana an Doinn Chuailnge domsa ar Dháire,’ arsa Méabh. ‘Tabharfar luach a iasachta dó i gceann bliana, is é sin caoga samhaisc agus an Donn Cuailnge féin. Agus beirse coinníoll eile leat, a Mhic Roth, más olc le lucht na críche is an fhearainn an tseoid shainiúil sin, an Donn Cuailnge, a thabhairt uathu, tagadh Dáire féin lena tharbh agus tabharfar cóimhéid a fhearainn féin den chuid is fearr de Mhaigh Aoi dó agus carbad arbh fiú trí sheacht gcumhal í, agus cairdeas mo shliasta féin ina theannta sin.’

D’imigh na teachtairí go teach Dháire mhic Fhachtna, agus ba é a líon Mac Roth agus naonúr teachtairí. Fearadh fáilte roimh Mhac Roth i dteach Dháire, mar ba chóir, óir ba é Mac Roth príomheachlach Éireann, agus d’fhiafraigh Dáire údar a thurais de. D’inis an t-eachlach fáth a theachta dó, agus d’inis dó faoi sháraíocht Mhéibhe is Ailealla. ‘Agus is ag iarraidh iasachta an Doinn Chuailnge in aghaidh an Fhionnbheannaigh a thángas,’ ar sé, ‘agus gheobhairse luach a iasachta, caoga samhaisc agus an Donn Cuailnge féin. Agus rud eile freisin, tarsa féin le do tharbh agus gheobhair cóimhéid d’fhearainn féin de Mhín-Mhaigh Aoi, agus carbad trí sheacht gcumhal, agus cairdeas sliasta Mhéibhe ina theannta sin.’

B’iontach le Dáire an ní sin agus bhog sé agus bheartaigh sé nó gur thug uamanna a chuilte faoi. ‘Dar fírinne ár gcúise,’ ar sé, ‘bíodh nár mhaith le hUltaigh é, tabharfar an tseoid seo, an Donn Cuailnge, don chor seo d’Ailill is do Mhéabh i gcríoch Chonnacht.’

Bhí Mac Roth sásta lena ndúirt Dáire. Rinneadh freastal ina dhiaidh sin orthu, leathadh tuí is úrluachair fúthu, tugadh an bia ba chaoine dóibh agus dáileadh leann orthu nó go rabhadar ar bogmheisce, agus gur tharla comhrá idir dhá eachlach díobh.

‘Is fíor a deirid,’ arsa an chéad eachlach, ‘gur maith é fear an tí ina bhfuilimid.’

‘Is maith go deimhin,’ arsa an duine eile.

‘An bhfuil i measc na nUltach fear is fearr ná Dáire?’ arsa an chéad eachlach.

‘Tá, go deimhin,’ arsa an dara heachlach, ‘is fearr a rí féin, Conchúr, agus dá mba leis a ghabhfadh na hUltaigh uile, ní cúis náire a bheadh ann dóibh.’

‘Is mór an mhaith uaidh an ní ba dhícheall do cheithre ollchúige Éireann a bhreith as críoch Uladh, is é sin an Donn Cuailnge, a thabhairt dúinne, naonúr eachlach.’

‘Sceith cró is fola as an mbéal as a dtagann an chaint sin,’ arsa an dara heachlach, ‘óir mura dtabharfaí dá dheoin é, thógfaí dá ainneoin é.’

Is ansin a tháinig príomhdháileamh Dháire mhic Fhachtna isteach, fear faoi leann aige agus fear faoi bhia, agus chuala sé a ndúradar. Tháinig fearg air, leag sé an bia is an leann rompu agus ní dúirt leo é a chaitheamh ná gan é a chaitheamh. Chuaigh sé as sin sa teach a raibh Dáire mac Fachtna agus dúirt, ‘An tusa a thug an tseoid shuaithinseach úd, an Donn Cuailnge, do na heachlaigh?’

‘Is mé, go deimhin,’ arsa Dáire.

‘Ná raibh rath ná séan san áit ar tugadh, óir is fíor a ndeirid, mura de do dheoin a thabharfaí é, go dtógfaí de d’ainneoin é ag sluaite Ailealla is Mhéibhe.’

‘Dar na déithe dá n-adhraim, mura dtógfaidh siad de m’ainneoin é, ní thógfaidh siad de mo dheoin é.’

Chaitheadar an oíche mar sin go maidin. D’éirigh na heachlaigh go moch agus chuadar sa teach a raibh Dáire. ‘Tugtar fios an bhealaigh dúinn, a uasail,’ arsa Mac Roth, ‘go dtí an áit a bhfuil an Donn Cuailnge.’

‘Go deimhin, ní thabharfar,’ arsa Dáire, ‘agus dá mba bhéas liomsa feall a dhéanamh ar eachlaigh nó ar lucht taistil slí, ní rachadh duine díbh uaim ina bheatha.’

‘Cad chuige sin?’ arsa Mac Rotha.

‘Tá cúis mhaith agam,’ arsa Dáire. ‘Dúirt sibhse mura dtabharfainn an tarbh de mo dheoin go dtógfaí de m’ainneoin é ag sluaite Ailealla is Mhéibhe.’

‘Cibé ní a déarfadh eachlaigh de thoradh do chuidse leanna is bia,’ arsa Mac Roth, ‘níor cheart aird a thabhairt air ná é a agairt ar Ailill is Méabh.’

‘Ní thabharfadsa an tarbh uaim don chor seo, a Mhic Roth.’

D’imigh na heachlaigh agus nuair a shroicheadar Ráth Cruachan Chonnacht, d’fhiafraigh Méabh scéala díobh. D’inis Mac Roth an scéala, nár thugadar a tharbh leo ó Dháire.

‘Cad chuige sin?’ arsa Méabh.

D’inis Mac Roth an ní ba chúis leis.

‘Ná déantar féith thar fadhb de,3* a Mhic Roth, óir bhí a fhios,’ arsa Méabh, ‘mura dtabharfaí an tarbh dá dheoin go dtógfaí dá ainneoin é. Agus tógfar.’

Nótaí

  1. Coibhche: an mhaoin a thugadh an bhean mar spré léi chun a pósta.
  2. Eineachlann: cúirteamh dlí a d'íoctaí le duine de réir a stádais sa tsochaí.
  3. Ní gá plána mín a dhéanamh de.