Buaicphointí na ráiteas Gaeilge

Aon uair a mbíonn ráitis faoin nGaeilge sa Seanad, bíonn an Cúigiú Colúnaí ag trácht ar na buaicphointí.

Ná déan nós agus ná bris nós, a deirtear, agus seo agaibh mar sin buaicphointí na ráiteas faoin nGaeilge a chualamar sa Seanad ag tús na míosa seo.

An gnáththagairt phlámásach don ‘seod náisiúnta’ de theanga atá againn

Catherine Ardagh, Fianna Fáil

‘Tá an teanga náisiúnta ar sheoda cultúir na tíre seo agus ní féidir cur síos ar an tábhacht chinniúnach atá léi dá réir.’

B’iomaí uair a chualamar roimhe é…

Mary Hopkins, Fine Gael

‘It is very unfortunate that almost every person in the country has spent 13 years learning Irish in school, yet only 41% of us have the ability to speak Irish.’

Ráiteas beagáinín ró-scaoilte (1)

Mary Hopkins, Fine Gael

‘Since its foundation, the work of Foras na Gaeilge to promote the Irish language in every aspect of life throughout the country has been very successful.’

Áille an uafáis…

Gerard P. Craughwell, neamhspleách (ar chloisteáil dó nach raibh Seanadóir eile ag tabhairt léi gach a raibh á rá ar an gcóras aistriúcháin)

‘Tá an Ghaeilge go hálainn. Sin fadhb.’

Ráiteas beagáinín ró-scaoilte (2)

Maria Byrne, Fine Gael

‘Tá múinteoirí na tíre fíorbhródúil as an nGaeilge agus an cultúr Gaelach.’

Ní haon chúis náire cúnamh a lorg

Grace O’Sullivan, An Comhaontas Glas

‘If I try to even read this in Irish, I would have my fellow Senators rolling around the floor laughing. As much as that would be a great bit of fun, I might lose the points that I want to make.’ It is highly embarrassing for me, as an Irish citizen and an Irish passport holder, to have no great ability to speak our own language.’ I speak Dutch and Spanish and I have lived abroad.

Ardú céime…

Joe O’Reilly, Fine Gael

‘Ar dtús ba mhaith liom dea-obair Fhoras na Gaeilge agus an príomhfheidmeannach díograiseach atá ansin, Éamonn Ó hArgáin, a mholadh.’

Damnaithe le fuarmholadh

Joe O’Reilly, Fine Gael

‘Tá Conradh na Gaeilge ag déanamh jab maith ag cothú Gaeilge ag a maidineacha caife agus a leithéid agus ba chóir dúinn tacaíocht a thabhairt dó sin. Is iontach an díospóireacht seo.’

Bíonn dhá insint ar gach scéal…

Mary Hopkins, Fine Gael

‘Ní mór a rá go raibh méadú ar na marcanna a bronnadh mar chuid den scrúdú béil don Ardteist mar chéim an-dearfach.’

Sin bealach amháin le cur síos air…

Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, Fine Gael

‘Bhí mé ag cruinniú don Chomh-Aireacht Thuaidh-Theas ó Thuaidh agus chas mé leis… an Aire Givan a bhfuil ról lárnach aige i gcúrsaí Gaeilge.’

Ná hoscail doras na hiaróige…

Catherine Ardagh, Fianna Fáil

‘Cruthaíodh go críochnúil an neamhaird atá ag Fine Gael ar pholasaí maidir leis an nGaeilge nuair nach raibh ar chumas an tAire is sinsearaí atá ceaptha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a cuid gnó oifigiúil a dhéanamh i nGaeilge.’