Céad Bliain Anonn
Dán le hAifric Mac Aodha.
súil siar rósciobtha ní cheadaíonn aidhm,
cneasú thar ghoimh gach clúdach tosaigh —
B’fhearrde thú filleadh ar imeachtaí ban.
(I) Scéala ón gCoigríoch
Iascaire de chuid na hIndinéise,tháinig ar bhréagán gnéis,
thug abhaile í is ghléas.
Le teann ómóis, athraíodh
an blús is cóitín gach lá:
Ba Bidadari anois an bhábóg mná.
Feidhm rud a athrú, sin é ár ngnó —
Gó a dhéanamh den fhocal fíor,
fíor a dhéanamh den ghó.
(II) Sa Bhaile
Tá, in Éirinn,bean anois ann
a léann sleachta
d’athair a leannáin,
ceann na leapan
ag fógairt uirthi
labhairt amach,
nach labhrófá amach,
is a chaitheann go minic,
sa chlinic, iomlán an lae
le hiníon leis, nuair a
atann a béal le cealg.
Aici tá agus níl
imeacht uaidh —
Dá fhad a glúin féin
ón nglúin foirtil,
is díobh í, ar deireadh,
an bhantracht a phlúchadh
glór a bhfear
le hárais tí an doirtil —
‘Ní chloisim thú, John M’
a deireadh a mamó,
an t-uisce á bhrostú
d’aon turas aici
is í ag caochadh leathshúile
le cual na tine,
mar a bheadh pearsa ann
i sobal tuaithe.
(III) Ath-bhean
athbhean, f. (gs. & npl. athmhná, gpl. -bhan). Former wife.Idir athbharr is athbhearradh,
an leagan sin ath-bhean,
ar ais san áit ar thosaigh sí,
an t-ath- b’ath- ar lean.
Foilsíodh leagan den dán seo, mar aon le haistriúchán le Clíona Ní Riordáin ar Études Irlandaises, eagrán speisialta faoi 1916.