Tús Comhrá

Áine Ní Ghlinn
Tús Comhrá

Ba é a spreag eagrán speisialta na míosa seo ná an mórthaispeántas nua, ‘Máirtín Ó Direáin: Fathach File/Reluctant Modernist’ a osclaíodh le deireanaí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le comóradh a dhéanamh ar ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’ tríocha bliain i ndiaidh a bháis ar an 19 Márta 1988.

Cé go bhfuil an Direánach ar dhuine de na filí Gaeilge is mó cáil, tá spallaí suntasacha dá scéal ar lár agus tá a bheathaisnéis fós le scríobh. Féachann an t-eagrán seo le cuid den bhearna sin a líonadh agus léargas úr a thabhairt ar Mháirtín Ó Direáin, ní mar ‘fhile Árann’ amháin, ach mar athair, mar dheartháir, mar chara, mar ghníomhaí polaitiúil, mar bhailitheoir béaloidis, agus mar fhear liteartha.

Tá muid an-bhuíoch de na scríbhneoirí ar fad a roinn a dtuairimí agus a gcuimhní cinn linn. Tús comhrá is ea an móreagrán seo, agus tá súil againn go spreagfaidh sé tuilleadh taighde ar shaothar ‘Phríomh-Éigeas Éireann’.


1. Tomás Mac Síomóin

‘D’ólainnse piontaí; bhíodh Máirtín taobh le seirí…’

Máirtín Ó Direáin: Mórfhile Gaeilge an 20ú linn, dar liomsa! Chuireas aithne ar an bhfathach ard cúirtéiseach cuthail seo ag Scoil Gheimhridh Merriman 1970. Nuair a lonnaíos i mBleá Cliath i 1973, chuireas aithne ar Mháirtín eile, áfach.

Chasadh muid le chéile ina theach seisean ar Bhóthar an Racardair i dTír an Iúir. Bhí féith na reacaireachta agus cumas tréan aithrise ag roinnt leis an Máirtín seo. Labhraíodh sé faoina óige in Árainn, faoina chomh-státseirbhísigh, agus faoi ealaíontóirí sa gColáiste Náisiúnta Ealaíne, agus é ina Chláraitheoir ann, fearacht a chara, Séan Keating. Ba é Rúnaí Chumann na Scríbhneoirí é nuair a bhí an Ghaeilge ‘cheart’ ar existentialism á plé. (‘Bithiúnachas an focal’, a dúirt Liam S. Gógan, dar le Máirtín).

Agus é ar a lánsocracht ina sheomra suite, é timpeallaithe ag a chuid leabhar, bhíodh filíocht agus caibidil idir chamána againn. Ba Mháirtín an sármháistir; mise an dalta. B’iomaí cleas ceirde a d’fhoghlaimíos uaidh. Ansin ar aghaidh linn chuig an Terenure Inn, ina gcaití go hómósach leis.

D’ólainnse piontaí; bhíodh Máirtín taobh le seirí, an deoch ab ansa leis. Ba ghreannmhar liom an ghloine bheag leochaileach seirí a fheiceáil neadaithe i gcrág oileánda Mháirtín, íomhá atá im intinn go dtí an lá seo féin. Maille lena scéalta...

2. Ailbhe Ní Ghearbhuigh

‘Tá a ghontacht le moladh, é ina mháistir ar an líne shnoite…’

Samhlaím siúráil údarásach le guth an Direánaigh, an tsiúráil dhocht sin a nglactaí léi mar dhlúthchuid na fearúlachta tráth. Ó thaobh stíle de, tá a ghontacht le moladh, é ina mháistir ar an líne shnoite. Thug a shaothar dúshlán dom i slí ar leith: spreag sé meon contrártha ionam! Bhí sé dian, ródhian, ar mhná a linne. Scríobhas freagra ar ‘Ealabhean’ i gcuid de dhán fada dar teideal ‘Ceathrúintí na nÉan’. Tá a rian le feiscint i ndánta eile liom, ‘Bealtaine’, ‘Filleadh ar an gCathair’ agus ‘Grasse Matinée’ mar a bhfuil frásaí an Direánaigh ar iasacht iontu. Cá bhfios cén toradh a bheadh air dá ngéillfeadh sé níos mó dá thaobh baineann? ‘Tá do leath baineann, / a fhir an dáin, / Bí fireann, bí slán / Bí i di chrann.’

III

D’oscail an ealabhean a gob

is labhair go fuarchúiseach:

‘B’fhearr liom bheith i ngort gabhar

ná éisteacht led’ chuid tarcaisne’.

‘Ná bac mo chlaonrosc a mholadh

ná mo ghluaiseacht shnámhach;

ní bhíonn ortsa siúl

le cosa ’tá scamallach’.

‘D’imeoinn ód’ radharc

ach níl éalú ó shúil an fhile;

Níl agam mar chosaint

ach mo neamhshuim’.

(‘Ceathrúintí na nÉan’ ón gcnuasach Tost agus Allagar (Coiscéim 2016) le hAilbhe Ní Ghearbhuigh).

3. Mícheál O’Siadhail

‘Tá súil agam go bhfuair tú an suaimhneas ba dual dhuit…’

Dílseacht Mháirtín dhá cheird ba mhó a chuaigh i gcion orm. Chuir mé aithne air den chéad uair sa mbliain 1964 is mé i mo mhac léinn i gColáiste na Tríonóide; thug mé cuairt air ina theach agus is cuimhin liom gur shín sé agam Ár Ré Dhearóil. Théinn ar cuairt aige ina theach go rialta ar feadh roinnt blianta. Nuair a chaill sé a bhean, thosaigh sé ag tíocht ar cuairt againn. Lean sé den nós sin go dtí bliain nó dhó sular cailleadh é. San oíche Dé hAoine ba mhó a d’itheadh béilí linn agus bhí tráth ann nuair a bhíodh sé againn uair sa tseachtain.

Chaith mé seachtain in éindí le Máirtín sa nGearmáin. De bharr duais a bronnadh air, bhí sé i dteideal seachtain a thabhairt ar an Lüneburger Heide, timpeall is deich míle fichead ó dheas de Hamburg. D’iarr sé orm an tseachtain a chaitheamh leis. Is ann a thuig mé go hiomlán cé chomh priaclach, cé chomh sceiteach, is a bhí Máirtín bocht. Bhí síorfhaitíos air go n-imeodh sé ar straiféad nó go marófaí é. Cé gur cheil sé scaití é, fear thar a bheith imníoch a bhí ann.

A Mháirtín Sheáin Mháirtín Thaidhg Dhónall an tSrutháin – mar ab ansa leat a thabhairt ort féin – tá súil agam is tú ar an tsíoraíocht go bhfuair tú an suaimhneas ba dual dhuit.

4. Aifric Mac Aodha

‘Déan do dhícheall – níos mó ná sin, ní féidir é.’

Ba dheacair a mhaíomh go bhfuil an dáinín ‘Do Thonn Bheag’ ar an saothar ba thábhachtaí dár chum Máirtín Ó Direáin ná go bhfuil sé ar bharr na gcairteacha in aon chor.

Díol dóchais é, áfach, go mbeadh an mórfhile sin sásta na putha anála a chur i gcló le hais a chuid mórshaothar, go ligfeadh sé do sheoidín beag mar é sciorradh uaidh agus leithéidí ‘Ár Ré Dhearóil’ agus ‘Ó Mórna’ ar a chumas freisin.

Focal uchtaigh ann féin is ea ‘Do Thonn Bheag’, go deimhin. Ag caint leis an scríbhneoir, leis féin, atá sé, déarfá, agus an focal uchtaigh seo á bhreacadh aige. Éist, atá sé a rá, tá an bás i ndán dúinn ar fad, idir bheag agus mhór, ní raibh dul agat ó shaol an scríbhneora, déan do dhícheall – níos mó ná sin, ní féidir é.

Do Thonn Bheag

A thonn bheag fhann,

A ghluaiseas go mall

Ag triall duit ar thráigh.

Ní heol duit do thús

Is ní dod’ dheoin

A ghluaisis chun cinn

Ar dhroim mhór na bóchna.

Ní fada do ré,

Óir ar ghainimh na trá,

Is cúr bán do dheireadh.

Ach ná bí in éad

Leis an tonn mhór thréan;

Cé nárbh ard do ghlór

Rinnis do dhícheall,

Is cúr ar thráigh

A deireadh siúd freisin.

5. Declan Collinge

‘Beidh mé go mór faoi chomaoin aige go lá mo bháis…’

Bhuail mé leis an Direánach den chéad uair sa bhliain 1981. Bhí mo chéad chnuasach filíochta Sealgaireacht, idir lámha agam. Bhí Máirtín sásta súil a chaitheamh ar an gcnuasach agus moltaí fónta a thabhairt dom ina leith. Dá bharr sin bhí a rian ar na dánta nuair a foilsíodh an cnuasach sa bhliain 1982. Thug an léirmheastóir Douglas Sealy an méid seo faoi deara nuair a scríobh sé faoi cé chomh soiléir is a bhí tionchar an Direánaigh ar an gcnuasach.

D’éirigh mé cairdiúil leis an bhfile ansin agus ba mhinic bhí mé mar Aide de Camp aige ag freastal ar imeachtaí cultúrtha. Is maith is cuimhin liom an scannán Man of Aran, le Robert Flaherty, a thaispeáint dó i mo theachsa agus bhain an fear mór an-taitneamh as.

Rinne mé tráchtas dochtúra ar a chuid dánta ó 1939-79 inar aistrigh mé na dánta go Béarla chomh maith le scagadh á dhéanamh ar na filí ba mhó tionchar ar a shaothar, idir na dánta clasaiceacha Gaeilge agus leithéid Yeats, Synge agus Pound. Ba mhinic nach raibh sé sásta leis an obair aistriúcháin agus cháin sé m’iarrachtaí le greann mar bhí an-chumas grinn ag Máirtín.

Is maith is cuimhin liom an uair dheireanach a bhuail mé leis agus é go dona tinn i dteach banaltrais. Ba bhrónach an ócáid í mar dúirt an file liom go raibh sé ag fáil bháis. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an bhfathach liteartha seo agus beidh mé go mór faoi chomaoin aige go lá mo bháis.

Réim na bhFaoileán

(i.m. Máirtín Ó Direáin)

Tá na seabhaic thréana ar lár

de dheasca nimh francaigh,

an eala féin i mbaol ó shlad ógchiontóirí,

ach tá an faoileán amplach, lena

gharbh-ghlór gránna, fós i bhfeighil a choda

ag sciobadh burgairí i Sráid Ghrafton

agus ag truailliú chladaí Bhaile Átha Cliath:

A Mháirtín chneasta, is trua gur scaoil éan

drochmhúinte a phráib ar do cheann uasal, lá,

ach ó rinneadh athchúrsáil ar an gcunús bréan

níl teorainn le slad na bhfaoileán agus táid

fós i mbarr a réime, dár mbodhrú i gcónaí.

(As Athchuairt ar Éigse (Coiscéim 2017) le Declan Collinge Freagra é an dán thuas ar an dán ‘Faoileán Drochmhúinte’.)



6. Pól Ó Muirí

‘Tháinig sé go Béal Feirste na mbuamaí agus na mbagairtí…’

Tá Máirtín Ó Direáin, an duine, ar shlí na fírinne. Maireann Máirtín Ó Direáin, file. Bhí sé i mBéal Feirste lá den tsaol, thiar i lár na 1980í. Bhí sé ar an chúrsa A-Leibhéal agus tháinig chun na cathrach le roinnt dánta a léamh. Ní raibh

mórán i láthair an oíche a léigh sé agus níor thuig muidinne, daltaí, gach rud a dúirt sé. Filíocht a bhí ann agus ní raibh greim maith againn ar an Ghaeilge ná ar an fhilíocht. Ach tháinig sé go Béal Feirste na mbuamaí agus na mbagairtí. Léigh sé le dínit i halla beag i gCumann Chluain Ard, Sráid na Sceiche, ar Bhóthar na bhFál. D’éist mé agus d’fhoghlaim mé – i m’ainneoin féin, b’fhéidir. Níor de mo ghnó ná de mo thógáil an fhilíocht ná an litríocht ar chor ar bith. Níor bhain ceachtar den dá rud liom. Ach bhain. Tháinig fear Gaeltachta as Oileáin Árann agus rinne sé teagmháil linn, pobal na teanga ar chósta thoir thuaidh na hÉireann. Tháinig fear na tuaithe chun na cathrach agus rinne aon Ghaeltacht amháin den tír an oíche sin. Rinne sé nasc beo idir thiar agus thoir agus rinne athnuachan ar an traidisiún liteartha. Is minic a bhaineann aos dána Bhéal Feirste úsáid as an dán bheag sin sa tSean-Ghaeilge – ‘Int en becc.’ – le dintiúirí na filíochta a léiriú. Tá sin intuigthe ach tháinig Máirtín Ó Direáin go Béal Feirste agus léigh dánta agus tugann an méid sin dintiúirí ar leith dúinn.

7. Réaltán Ní Leannáin

Shínigh sé cóip an duine againn de Comhar, tá an chóip sin thuas staighre go fóill …’

Tá seanchóip de Comhar agam i gcófra in áit éigin sa teach. Is ait an mac é sin ann féin. Glanaim amach leabhair agus cáipéisí agus irisí go rialta. Bíonn mo chuid leabhragán ag cur thar maoil, fiú leis an sciúradh rialta seo. Stáblaí Áigéis iad a líontar trí dhraíocht allta de shaghas inteacht.

Ach mar a deirim, tá seanchóip de Comhar thuas staighre agam, ón uair a thug Máirtín Ó Direáin cuairt ar dhéagóirí an ranga A leibhéal sa bhliain 1978. Bhí muid i seomra ranga ar Bhóthar na bhFál agus bhí an ghrian ag taitneamh ar na deascanna.

Shuigh an Direánach amach romhainn, laoch litríochta a scríobh focail a raibh gontacht agus simplíocht iontu a raibh fiú ár leithéidne in ann a thuigbheáil. Labhair sé go séimh. Rinne an cúigear cailíní againn dústreachailt Gaeilge Chonamara a thuigbheáil. ‘An tEarrach Thiar’ an dán a bhí ar an siollabas. Bhí ceisteanna réidh againn le cur air, cleachtadh déanta againn á rá roimh ré le nach náireoimis an múinteoir Gaeilge, Iníon Ní Bhroin. Shínigh sé cóip an duine againn de Comhar, sular imigh sé amach chuig sráideanna Bhéal Feirste.

Agus tá an chóip sin thuas staighre agam go fóill.

8. Caitríona Ní Chléirchín

‘Baineann sé feidhm as na dathanna uilig sa phailéad…’

Is cuimhin liom Tacar Dánta leis an Direánach a léamh ó aois an-óg. Thar na blianta is leabhar é a thóg mé ón tseilf go mion minic le léamh agus le hathléamh. Téann filíocht an Direánaigh go mór i bhfeidhm orm mar braithim i gcónaí go lonraíonn aigne ghléineach i saothar Uí Dhíreáin. Go fiú is é cráite, céasta, ciaptha ar uaire; go mbíonn faoiseamh áirithe le fáil. Thug mé suntas agus mé óg don loinnir, don niamhracht agus don solas ina shaothar. B’fhéidir gur as sin a tháinig a spreagadh fo-chomhfhiosach agam do Crithloinnir, mo chéad chnuasach féin. Ar cheann de na dánta leis an Direánach a léigh mé arís is arís eile, tá ‘Maith Dom’:

I m’aonar dom aréir,

I mo shuí cois mara,

An spéir ar gannchuid néal

Is muir is tír faoi chalm,

Do chumraíocht ríonda

A scáiligh ar scáileán m’aigne

Cé loinnir deiridh mo ghrá duit

Gur shíleas bheith in éag le fada.

Tugann muid suntas den chomhrac idir an solas agus an scáil ann, idir an grá is an t-uaigneas. Péintéir focal is ea an Díreánach. Baineann sé feidhm as na dathanna uilig sa phailéad is é ag cur síos ar eispéireas an duine ina shaothar. Sa mhéid sin bhí an-éifeacht aige orm mar fhile.

9. Liam Prút

‘Is baolach nár fhoghlaimíomar an dúchas Gaelach ó Mháirtín fós…’

Bhuail mé le Máirtín Ó Direáin den chéad uair in Aonach Urmhumhan i mí Eanáir 1969 ag dáil de chuid Chumann Merriman. Sa deireadh seachtaine sin a léigh an Cadhnach Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca agus a d’fhreagair an Ríordánach é go héifeachtach as a sheasamh agus le cúnamh nóta nó dhó ar chúl chlúdach litreach (thar ceann na bhfilí a bhí maslaithe ag an gCadhnach!). Bhí an file S. E. Ó Cearbhaill i mo theannta agus is cuimhin liom go ndúirt seisean liom cuireadh a thabhairt do Mháirtín Ó Direáin
an lón a chaitheamh inár dteannta ag an mbord seo againne
ag an am.

Nuair a tháinig mé chun cónaithe i gceantar Theach Mealóg agus ag obair i gCromghlinn is ea casadh an Direánach arís orm ar Bhóthar an Racárdair. Bhíodh páistí Niamh á gcomóradh aige chun na scoile. Tháinig dóthain misnigh dom chun labhairt le Máirtín tar éis é a fheiscint roinnt babhtaí. B’fhéidir go raibh sé déanach go leor sna seachtóidí faoin am gur chuireas aithne ar Mháirtín.

Thugamar cuireadh chun an tí do Mháirtín le haghaidh béile ó thráth go chéile agus réitíodh sé go maith le Siobhán, bean an tí. Is cuimhin liom gur tháinig taom laige air an uair dheireanach a bhí sé againn. Bhíodh sé ag casaoid faoi na waterworks gan a bheith i gceart na blianta sin amach go lár na n-ochtóidí, dar liom. Bhí an ailse

air fiú amháin agus é i nGaillimh i 1978, déanaim amach.

Tá sé ceart, is dócha, athair na nuafhilíochta a thabhairt air. Ach is baolach nár fhoghlaimíomar an dúchas Gaelach ó Mháirtín fós mar atá sé ag Gàidhil na hAlban, dar liom. Ar chuir T. S. Eliot amú é beagán? Nó ar chuir an fear céanna an chuid eile againn amú beagán sa léamh a dhéanaimid ar shaothar an Direánaigh?

10. Áine Ní Ghlinn

‘Mhol sé pé dánta a léigh mé. Bhí mé sna Flaithis!’

Bhí mé i mo dhéagóir nuair a chuala mé dánta Mháirtín Uí Dhireáin den chéad uair. Léigh múinteoir meánscoile dán dá chuid sa rang agus d’aithin mé láithreach

Seálta troma aníos as Gaillimh

Bhíodh ar mhná pioctha néata

Ag triall ar an Aifreann mar an gcéanna;

(Cuimhní Cinn)

D’aithin mé freisin an:

Fear ag caitheamh

Cliabh dá dhroim,

Is an fheamainn dhearg

Ag lonrú

I dtaitneamh gréine

Ar dhuirling bhán

(An tEarrach Thiar)

Bhí go leor de laethanta saoire m’óige caite agam thiar i gConamara agus bhí mé faoi dhraíocht ag saothar Uí Dhireáin láithreach. Nuair a chuaigh mé abhaile an tráthnóna sin labhair mé le m’athair faoi. D’fhiafraigh mé de an raibh aon chur amach aige siúd ar an Diréanach. D’imigh m’athair leis agus níorbh fhada gur tháinig sé ar ais ón seomra beag bídeach a dtugaimis ‘Seomra Staidéir’ air agus Ár Ré Dhearóil ina lámh aige. Thosaigh mé ag léamh liom. Níor thuig mé ach dán anseo is ansiúd ach san áit nár thuig mé brí an dáin bhí mé chomh mór sin faoi dhraíocht ag an gceol go mba chuma liom.

Samhlaigh ansin an lúcháir a bhí orm (tuairim is 1985 nó b’fhéidir 1986) nuair a d’iarr an tAthair Pádraig Ó Fiannachta orm teacht go hOllscoil Mhá Nuad agus mo chuid filíochta a léamh. ‘Cé eile a bheidh ag léamh?’ arsa mise agus mé neirbhíseach go maith mar nach raibh mo chéad chnuasach féin amuigh rófhada. Rith sé tríd an liosta ach níor chuala mise ach dhá ainm: Nuala Ní Dhomhnaill, a raibh ardmheas agam ar a cuid filíochta, agus fathach mór na filíochta é féin, Máirtín Ó Direáin. Ní cuimhin liom mórán faoin oíche chéanna seachas go raibh mé i láthair an Direánaigh agus go raibh comhrá éigin agam leis. Mhol sé pé dánta a léigh mé agus mhol sé dom coinneáil orm ag scríobh. Ba leor san.

Bhí mé sna Flaithis!

11. Máire Holmes

‘D’ardaigh mé an rothar agus lean mé orm faoi thionchar na bhfocal draíochta…’

Is deis dheas í seo scéilín beag pearsanta a insint. I gcathair Bhaile Átha Cliath i dtús na seascaidí chuaigh an dán ‘Dínit an Bhróin’ go mór i bhfeidhm orm. Bhí sé éasca é a léamh agus bhí íomhá fhíorfheiceálach ann. As sin, bhí tionchar ag an bhfile orm.

Agus mé i mo chónaí mar bhaintreach ar Inis Mór, Árainn, sa bhliain 2000, bhí mé in aice an ghleanna inar tógadh an Direánach. Ag gluaiseacht liom ar mo rothar bhí mo smaointe dírithe ar na tionchair a neartaigh samhlaíocht an Direánaigh: farraige, faoileáin, cladaí, clocha, caint, gáire, brón agus araile. Bhí tuiscint anois agam ar an mbrón le taithí an tsaoil.

Ag an nóiméad sin, smaoinigh mé ar an dán ba mhó a thaitin liom mar chailín óg. Mhéadaigh luas an rothair agus focail an Direánaigh ag gluaiseacht trí m’intinn. Bhuail an roth cloch agus thit mé! Dínit! Fós, maireann cumhacht na bhfocal sin liom agus an tuiscint a bhí ag an Direánach ar an gcroí: ‘gan focal astu beirt; d’imigh an dínit leo’. D’ardaigh mé an rothar agus lean mé orm faoi thionchar na bhfocal draíochta; dínit an bhróin!

12. Máire Mac Conghail

‘Tháinig an scéal chughainn an oíche úd go raibh Máirtín caillte…’

Duine den seana-dhéanamh dob ea Máirtín; duine uasal, séimh agus cúthaileach, agus mar mhalairt ar an méid san, bhí airde aige agus guth láidir stuama. Nuair a phós mé féın is Muiris Mac Conghail i 1963 bhí Máirtín agus Áine, a chéile, ar an mbainis. Bhí cairdeas mór idir Máirtín agus Aida is Maurice – muintir Mhuiris. Roimhe sin bhí portráid déanta ag Maurice de Mháirtín (bhronnamar roinnt mhaith blianta ó shin é ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh). Chomh maith leis sin bhí pictiúr ola déanta aige de chleachtadh feistithe den dráma Oidhreacht Bhideoig Mhóir le Proinsias Mac Diarmada a léiríodh i 1959 sa Damer. Bhí mórpháirt ag Máirtín sa dráma agus bhí cúram na bhfeisteas ar Aida.

Sa bhliain 1966 roghnaíomar Máirtín mar athair baiste dár dtarna leanbh, Somhairle, agus ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh san chuireadh Áine fáilte romhainn chun cothrom lae breithe Shomhairle a cheiliúradh ina dteannta. Sa bhliain 1972 bhog Aida agus Maurice go Cloch na Rón agus cheannaíomar a dteach i Ráth Garbh uathu.

Thuas an bóthar ó Ráth Garbh a bhí cónaí ar Mháirtín – siar ó Thír an Iúir. Is minic go mbuailimis le Máirtín agus é ar an mbus ar a shlí abhaile i ndiaidh oibre, nó nuair a chuaigh sé ar scor bhuailimis leis ar an mbóthar ag siúl agus mheallaimis isteach chun cupán tae a bheith aige.

Tar éis dó Áine a chailliúint sa bhliain 1976, chuireamar tús le nós nua: Máirtín a bhailiú oíche lae Nollag chun suipéar na Nollag a roinnt linn. Nós a mhair go bliain a bháis.

Tráthnóna amháin ag deireadh Lúnasa go luath sna 1980idí agus ár saoire bhliantúil ar an bhFód Dubh i Maigh Eo ag teacht chun deiridh, bhíomar ag suí chun boird tar éis béile na hoíche ag faire amach ar na hiascairí ag gabháil leis na gliomaigh. Agus mar is gnáth bhíomar ag fanacht ar bhuaicphointe an lae - bus Bhéal an Átha ag sroichint ceann scríbe trasna ón tigh. Cé a thuirling gan choinne den mbus ach Máirtín – tar éis an lá a chaitheamh ar an mbóthar. Bleá Cliath fágtha aige ar thraein go Béal an Átha agus ansan an bus ar aghaidh go dtí an Fód Dubh tríd Crois Mhaoilíona agus Béal an Mhuirthead. Cé nach raibh an aimsir thar mholadh beirte bhí dhá lá speisialta againn ina chomhluadar. Bus agus traein thar n-ais go Bleá Cliath do Mháirtín ach an uair seo i dteannta an cleas óig.

Oíche Shathairn 19 Márta 1988 tuigeadh dúinn go raibh Máirtín ag saothrú an bháis. Chuaigh Muiris agus mé féin ar a thuairisc in Ospidéal na Mí, Sráid Heytesbury, agus d’fhanamar ina theannta go dtáinig daoine muinteartha chuige. Tháinig an scéal chughainn an oíche úd go raibh Máirtín caillte.

Tamall maith roimhe san, phléigh Muiris masc mairbh Mháirtín leis an ealaíontóir Yann Goulet. Mar sin, nuair a tháinig scéal a bháis chughainn d’fhostaíomar tacsaí láithreach le Yann is a threalamh a bhailiú óna áit chónaithe i mBré is a thógaint go dtí an t-ospidéal.

Cuireadh Máirtín ar an 22 Márta, cothrom lae mo bhreithe. Ón mbliain sin ar aghaidh bhínn ag faire amach do shaothar Yann ag súil go bhfeicfinn an masc mairbh.

Nuair a cailleadh Yann sa bhliain 1999, músclaíodh m’aird arís agus mé ag súil go mb’fhéidir go mbeadh fógra ceant dá shaothar agus masc mairbh Mháirtín san áireamh. Ach faraor ní raibh. Mheas mé go raibh deireadh leis mar scéal. I mí Dheireadh Fómhair 2016 agus mé in Amharclann Smock Alley ag fanacht le tús taispeántais ildánaigh d’Aifreann na Marbh le hEoghan Ó Tuairisc, chuir Peadar Mac Maghnais é féin in aithne dom agus d’inis sé scéal dom – ag ceant i mí Mheán Fómhair 2013 cheannaigh sé masc mairbh Mháirtín le Yann Goulet agus bhronn sé é ar Ollscoil na Gaillimhe.

13. Éilis Ní Anluain

‘Chonaic muid, sular imíodar as faisean, na léinte gorma is na cótaí dearga…’

Comharsa linn tráth ab ea Máirtín Ó Direáin agus thaitin sé le m’athair, Eoghan a insint gur ag stad an bhus, ar a mbealach chuig a gcuid oibre sa gcathair, a chasadar ar a chéile i dtosach. Bhí ríméad an fhir óig le braistint i gcónaí sa gcur síos aige ar cé mar a d’fhás cairdeas eatarthu i dTír an Iúir i dtús na seascaidí: mar a labhair Máirtín go lách leis agus, in am trátha, nuair a thaispeáin Eoghan léirmheas dó ar Ó Mórna agus Dánta eile (1957) a scríobh sé in iris na mac léinn, gur bhronn sé cóip shínithe de Rogha Dánta air. Ba mhinic ina dhiaidh sin i dteannta a chéile iad ar shiúlóidí, ar bhóithre a luaitear sa dán ‘Mo Thaibhse’:

Mo thaibhse dá dtagadh an treo

Níos faide anonn san aimsir,

Is seársa aonair a thabhairt

Bóthar an Dún Ghoirt is thairis

Go bóthar Thí Mológ ar aistear

Nuair a thuig Máirtín go raibh Eoghan ar choiste Comhar, thug sé cuireadh dó chuig cruinniú de Chumann na Scríbhneoirí in Óstán Wynn, mar ar chuir sé Liam S Gógan agus Piaras Béaslaí in aithne dó. Dánta na bunscoile ina steillbheatha. I ndeireadh na seascaidí, agus Eoghan tosaithe ag léachtóireacht i gColáiste na hOllscoile BÁC, bhí deis aige an comhar a roinnt agus cuireadh a thabhairt don Direánach sraith cainteanna a thabhairt do na mic léinn.

Maidir liom féin, agus Dánta 1939-1979 á réiteach, is ormsa a bhí an ríméad nuair a d’iarr m’athair cúnamh orm le hinnéacs na gcéad línte. Breis is 250 stiall tanaí páipéir le teidil na ndánta a bhí le cur in ord aibítre agus le greamú agus leathanaigh le tabhairt chuig na clódóirí. Cúpla bliain i ndiaidh na gcainteanna sin (atá i gcló in Ón Ulán Ramhar Siar, 2002) a thug Eoghan an chlann go hInis Oírr i dtosach. Cé nach raibh Máirtín féin riamh ar an oileáinín sin a bhfuil dáimh againn leis agus triall againn air ó shin, agus cé nach cuimhin liom casadh air ach aon uair amháin, ag spraoi dúinn ar chloch, carraig is trá, chonaic muid, sular imíodar as faisean, na léinte gorma is na cótaí dearga. Ceangal idir cuimhní cinn an fhile agus cuimhní ár n-óige féin.

14. Marcus Mac Conghail

‘An fear is airde ar domhan, teanntaithe isteach ina chulaith throm…’

Hata Mháirtín…Goideadh hata Mháirtín Uí Dhireáin an oíche sin. Duine des na daoine a bhí ag an gcóisir a thóg é. B’in an chéad uair gur chuala mé Liam Ó Maonlaí ag seinnt pianó. Bhain sé dúiseacht, deannach is geit as uirlis nach ndeachaigh thar chopsticks agus Róisín Dubh roimhe sin.

Bhí Liam tar éis páirt Leslie, an saighdiúir Sasanach, a dhéanamh i ndráma Brendan Behan, An Giall. Ba é an deartháir is sine liom, Fiach, a léirigh an dráma agus bhí cóisir scoir an dráma ar siúl sa tigh. Bhí Paudge Behan, mac le bean Brendan, ag an gcóisir an oíche sin. Bhí cleas Trinity Players thíos staighre agus bhí mo mhuintir agus Máirtín agus daoine eile thuas staighre agus, ag pointe tadhaill an léaráid Venn, bhí an hata…

Bhíodh Máirtín sa tigh go minic agus sinn ag fás aníos. Bhí cónaí air sa chomharsanacht agus is minic a chímis é ag siúl ar Bhóthar Ráth Garbh, nó ar an mbus go Tír an Iúir. Bhíodh an hata sin a goideadh ar a cheann i gcónaí. Agus bhíodh cóta mór trom agus culaith bhréidín air, fiú i lár an tsamhraidh.

Bhí cuma aisteach air.

An fear is airde ar domhan, teanntaithe isteach ina chulaith throm. Cnaipí a chóta dúnta suas is a hata air – amhail is
gur feisteas amharclainne a bhí ann agus páirt i ndráma á déanamh aige.

15. Peadar Mac Fhlannchadha

‘Is ansin a thug muid asal beag dubh faoi deara ar thaobh an bhóthair…’

I mí Feabhra na bliana 1982, tugadh faoi leacht a nochtadh ar uaigh Phádraic Uí Chonaire sa reilig ar an mBóthar Mór i nGaillimh, cothrom an dáta a rugadh Sean Phádraic céad bhliain roimhe sin. Ní rófhada a bhí mé féin ag obair le Conradh na Gaeilge ag an am agus ba orm a thit an cúram searmanas nochta an leachta a chomhordú, tharla go raibh mé lonnaithe in Áras na nGael.

Tugadh cuireadh do Mháirtín Ó Direáin an leacht a nochtadh, rud a rinne sé go paiteanta. Bhí an ócáid féin ar siúl maidin Domhnaigh, i ndiaidh Aifrinn san Ardeaglais agus bhí an méara, comhaltaí tofa Bhardas na Gaillimhe agus go leor de phobal na Gaeilge as Gaillimh agus as Gaeltacht Chonamara i láthair. Go deimhin bhí clár iomlán imeachtaí eagraithe ag Craobh athbhunaithe na Gaillimhe den Chonradh don chomóradh.

Sin an uair a chuir mé aithne ar Mháirtín den chéad uair agus mé á thionlacan timpeall na cathrach chuig na himeachtaí éagsúla. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar dhuine séimh, cneasta, fiosrach agus bhí acmhainn grinn faoi leith ag baint leis.

Agus imeachtaí foirmiúla na hócáide críochnaithe, agus roinnt uaireanta an chloig fágtha ag Máirtín sula bhfillfeadh sé ar an ardchathair, chuireas ceist air an raibh aon rud faoi leith ar mhian leis a dhéanamh.

D’fhreagair sé go mba bhreá leis sciuird a thabhairt faoi bhóthar Chois Fharraige, agus lean muid orainn chomh fada siar le Ros a’ Mhíl sula raibh sé in am aghaidh a thabhairt ar stáisiún traenach na Gaillimhe. Ar an mbealach ar ais dúinn, d’oscail an spéir agus ba ghairid go raibh clocha sneachta ag rince ar an gcarr. Is ansin a thug muid asal beag dubh faoi deara ar thaobh an bhóthair agus é tóin le gaoth agus leis na clocha sneachta! Is cuimhin liom Máirtín ag trácht ar an asal agus baineadh siar asam tamall gairid ina dhiaidh sin dán
le Máirtín a fheiceáil i gcolún Dheagláin de Bréadúin san
Irish Times.

An tAsal Beag Dubh

Ar bhóthar an Spidéil

An lá ar nochtaíodh an leacht

I reilig an Bhóthair Mhóir,

Is clocha sneachta ag rince,

Cé d’fheicfinn cois claí

Is a thóin fós le gaoith,

Ach an t-asal beag dubh.

Cé a thug ann thú, a asail?

Ní fhaca mé sa reilig thú –

Arbh é nár ligeadh isteach thú?

Nach cuma, a asail bhig fáin,

Bhain tú geit as duine amháin.

16. Daniela Theinová

‘D’aithin mé an dáimh atá aige lena leathbhádóirí anama i bhfilíocht na Seice’

Ón Sruthán go dtí an tSeic ...

Nuair a tháinig mé go hÉirinn den chéad uair na blianta ó shin, bhí sé de rún agam staidéar a dhéanamh ar fhilí an Bhéarla agus ar Joyce. Ach tar éis dom casadh le go leor daoine iontacha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, na hollúna Mícheál Mac Craith agus Brian Ó Conchubhair ina measc, d’aistrigh mé go beo chuig filíocht na Gaeilge. Sular fhill mé go dtí an tSeic dhá bhliain ina dhiaidh sin, scríobh mé tráchtas máistreachta ar Mháirtín Ó Direáin agus ar Bohuslav Reynek, file Seiceach a bhí beagnach comhaimseartha leis. Níorbh fhada ag tiontú fhilíocht Uí Dhireáin mé gur airigh mé gaol idir filíocht na Gaeilge agus filíocht na Seicise, in ainneoin an achair gheografaigh agus na n-éagsúlachtaí follasacha ó thaobh aimsire, staire agus teanga de.

Ach ba dhúshlán dom agus ba bhac orm na difríochtaí dosheachanta idir an dá theanga. San aiste cháiliúil, ‘Tasc an Aistritheora’, pléann Walter Benjamin an difríocht idir coincheapa ar nós Brot agus pain, ‘Ciallaíonn an dá fhocal rudaí an-éagsúil sa Ghearmáinis agus sa Fhraincis’. Ach cad ba ceart a dhéanamh le focail ar nós ‘farraige’, ‘oileán’, nó ‘curach’ sa bhunsaothar mura bhfuil ach taithí athláimhe ag cainteoirí na sprioctheanga ar na coincheapa sin? An dúshlán is mó agus saothar an Direánaigh á aistriú go Seicis ná an easpa taithí ar an bhfarraige atá ag an bpobal teanga istigh faoin tír. Ba iad na mothúcháin agus imní pholaitiúil an fhile, áfach, a chuir ar mo chumas dom bheith i dtiúin le filíocht Uí Dhireáin. D’éirigh liom nasc a dhéanamh lena chuid filíochta nuair a d’aithin mé an dáimh atá aige lena leathbhádóirí anama i bhfilíocht na Seice: na filí sin, idir fhir agus mhná, a spreagadh chun pinn de bharr an fhrustrachais a bhraitheadar leis an saol, mar a fheictear in Ár Ré Dhearóil – cé nárbh ionann an ‘ré’ ná an ‘duairceas’ sa dá chás.

17. Celia de Fréine

‘Ní ligfidh mé i ndearmad an chéad uair dom iad a chloisteáil…’

‘Dínit an Bhróin’ agus ‘Cuireadh do Mhuire’. Dhá dhán a chuala mé den chéad uair agus mé im dhéagóir. Dhá dhán a chuaigh go mór i bhfeidhm orm. Faoiseamh ab ea iad ó fhilíocht chasta an ochtú haois déag, cé gur thaitin an fhilíocht chéanna liom. Mar sin, nuair a d’iarr Louis de Paor orm saothar Uí Dhireáin a aistriú go Béarla don duanaire Leabhar na hAthghabhála, ghlac mé leis an achainí. Faoin am sin, áfach, ní raibh fágtha le déanamh ach ‘Ár Ré Dhearóil’ agus ‘Ó Mórna’, dhá dhán a raibh dúshlán faoi leith ag baint leo.

Tá uaigneas an fhir i bhfad i gcéin óna cheantar dúchais go mór le brath in ‘Ár Ré Dhearóil’. Mar bharr ar an donas, tá an t-eisimirceach sáinnithe sa Státseirbhís rud a thuigim go maith toisc na tréimhse inar fhág mé féin ‘lorg pinn’ ar go leor comhad agus mé ag obair sa jab céanna. Sa dán seo, áfach, is iad ‘galar a n-óghachta’ nó a n-ualach siúd a ‘roinn a gcuid go fairsing’, nó a neamhchomhlíontacht siúd nach mbraitheann ach ‘ríog na fuaire’, na fadhbanna a bhaineann de chomhghleacaithe baineanna an fhile. Agus mé ag obair sa Státseirbhís, ba é ríog na péine a bhraithinn toisc go raibh na fir ag tuilleamh pá níos airde ná mé agus an obair chéanna idir lámha acu.

Maidir le ‘Ó Mórna’, leagadh dúshlán os mo chomhair ón tús a bheith tuisceanach i dtaobh rógaire eapainmneach an dáin seo a théann thar bráid ag bánú na tíre is ag ‘réabhadh comhlan na hóghachta’. Sna véarsaí ina bhfuil an bréidín á úrú, is iad rithim na hoibre agus cosa nochta na mban a mheallann Ó Mórna; cuireann sé tús lena ré uafáis sna véarsaí tar éis dó luí lena bhean chéile gan a chearta a fháil. Mná is cúis lena iompar. Cé go raibh deacracht agam a bheith báúil leis an gcarachtar ón tús, cuireann a leithéid d’iompar samhnas orm san am i láthair. Anuas air sin, bhí go leor píosaí sa dán nár thuig mé go hiomlán agus mé á aistriú. Ar deireadh, b’éigean do de Paor teacht i gcabhair orm.

Go hiondúil, is fearr an aithne a bhíonn ar luathshaothar file seachas na dánta casta a fhorbraíonn sé/sí de réir a chéile; go minic is ar na luathdhánta is mó a bhíonn an tóir. Is amhlaidh do shaothar Uí Dhireáin chomh fada is a bhaineann sé liomsa. Is aoibhinn liom leithéidí ‘Dínit an Bhróin’ agus ‘Cuireadh do Mhuire’. Ní ligfidh mé i ndearmad an chéad uair dom iad a chloisteáil ná an tionchar a bhí acu orm ag an am agus ó shin i leith.

Áine Ní Ghlinn