Dhá dhán

Filíocht le Stiofán Ó Cadhla.

Seanatheachtaireacht

2009, seanatheachtaireacht im stalcadh,
D’urchar, den chéad uair ó fuair sí bás,
I ndeargainneoin an tsaoil,
Níl aoinne marbh arís,
Cromann an domhan ag bláthú as an nua,
An fhaid is a mheabhraíonn sí dom
(Gan aon cheann a thógaint díom mar is gnách)
Eochair a phiocadh suas
Ar eagla go mbeadh na rothair ós na páistí.

I gcionn 5 míonna eile
Gheobhaidh m’athair bás chomh maith,
Airím análú ar an líne,
Agus, tríom thocht, guth,
The number you dialled will be deleted,
Press 4 to hear the message again ....
An bhfuil teachtaireachtaí eile ná fuair mé
Ní fheadar?
Brúim uimhir a ceathair.

An Tréadaí

Bhéic sé, ach, i ngan fhios dó, bhí an saol ciúnaithe,
Chiúnaigh sé, ach, ní raibh míocs le clos,
Ghoil sé, ach, bhí deora le cách,
Gháir sé, ach, bhí gáire, fén dtráth san, táir,
Roinn sé, ach, bhí roinnt ó mheas,
Bhuail sé an bord, ach, scanraigh an buille gach uile dhuine,
D’ól sé, ach, air féin amháin agus,
Ar deireadh thiar, ghuigh sé,
Ach bhí Dia féin imithe le tréad.

Is file agus scoláire é Stiofán Ó Cadhla.