‘Bhí an scéal chomh maith sin gur dhearmad mé gur i nGaeilge a bhí sé!’

Anna Heussaff
‘Bhí an scéal chomh maith sin gur dhearmad mé gur i nGaeilge a bhí sé!’

Maisiú le Mark Wickam

Leanann Anna Heussaff lena haiste ar fhicsean bleachtaireachta na Gaeilge agus cuireann sí síos ar an modh oibre atá aici féin mar úrscéalaí.

Bhí an scéal chomh maith sin gur dhearmad mé gur i nGaeilge a bhí sé!1

Moladh a thug mac léinn ollscoile do m’úrscéal Buille Marfach atá sa ráiteas thuas. Pé gliondar nó a mhalairt a chuirfeadh sé ar scríbhneoirí eile mar léirmheas, bhí mise fíorshásta leis mar léiriú gur éirigh le ceann de bhunaidhmeanna an leabhair, is é sin, dráma agus mistéir a chruthú a ghreamódh spéis an léitheora tríd síos. Mar a ríomh mé an mhí seo caite, tá borradh as cuimse ar sholáthar agus ar éagsúlachtaí stíle an úrscéil bhleachtaireachta i dtíortha agus i dteangacha iomadúla ar fud an domhain. Ach dornán seachas carnán atá againn go dtí seo as Gaeilge, agus sa dara halt seo, tráchtfaidh mé ar an dornán sin agus conas mar a thugaimse faoi mo chuid féin díobh a scríobh.

Mar thús, áfach, ba mhaith liom tagairt do cheist a chuireann cian fós orm nuair a thógtar í. Cén fáth, a fhiafraítear, go lonnófaí úrscéal Gaeilge i gceantar nach bhfuil an Ghaeilge ina teanga phobail ann? Conas is féidir carachtair de gach aicme, cúlra agus dúchas a chur ag comhrá le chéile as Gaeilge, mar dhea, ar leithinis Bhéarra in iarthar Chorcaí nó i gCill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, mar atá agamsa i m’úrscéalta?

Freagra amháin ar an gceist ná go bhfuil traidisiún saibhir idirnáisiúnta ag gabháil le húrscéalta, le drámaí agus le saothair eile ina bhfuil teanga na hinsinte difriúil le teanga fhíriciúil na háite a léirítear. I mBéarla, tá a leithéid againn ó William Shakespeare go Graham Greene agus ó John Le Carré go Donna Leon; i nGaeilge, tá Dónall Mac Amhlaigh, Alan Titley, Tomás Mac Síomóin, Liam Ó Muirthile, Pádraig Ó Siadhail agus Alex Hijmans i measc na n-údar iomráiteach a lonnaigh úrscéalta agus seánraí liteartha eile lasmuigh de chríocha labhartha na teanga, mar atá pléite go spreagúil ag Máirín Nic Eoin in Comhar agus san Irish Times.2

Freagra eile ná gur ficsean atá á cheapadh againn agus ní cáipéisí sochtheangeolaíocha. Éilítear samhlaíocht ar an léitheoir chomh maith leis an scríbhneoir. Tá gach cead ag an úrscéalaí cloí le fíricí teanga mar mheán reacaireachta agus comhrá más é sin is mian; agus bíodh an cead céanna ann pé leagan den saol a chruthú a roghnaíonn an scríbhneoir ach é a chur ina luí ar an léitheoir laistigh dá théarmaí tagartha féin.

Rian na lorgaireachta Gaeilge

Sa bhliain 1927 a d’fhoilsigh an Gúm an chéad leabhar Gaeilge a bhfuil bleachtaire mar lárcharachtar ann, Lorgaireacht le Micheál Ó Gríobhtha. Cnuasach de thrí scéal pas tanaí atá ann seachas úrscéal, a deir Alan Titley ina mhórleabhar ar an úrscéal Gaeilge, ach bhí an cineál seo leabhar ‘go hard ar liosta foilsitheoireachta an Ghúim nuair a chrom siad ar ábhar léitheoireachta a sholáthar don ghnáthphobal’ agus foilsíodh tuilleadh gan rómhoill.3 D’aistrigh Ó Gríobhtha At the Villa Rose le A.E.W. Mason, agus d’fhoilsigh an Gúm é sa bhliain 1932; agus bliain ina dhiaidh sin foilsíodh An Ré-Sheod, a d’aistrigh sé ó leabhar mórcháiliúil Wilkie Collins, The Moonstone (1868).

Clasaicí eile a chuir an Gúm ar fáil ná Cás Deireanach Trent le E.C. Bentley, a d’aistrigh Seán Mac Maoláin (1935); Eachtraí Shéamuis Uí Dhuibhir (1934), aistriúchán le Diarmuid Ó Súilleabháin ar Adventures of Jimmie Dale le Frank L Packard; Saontacht an Athar de Brún le G.K. Chesterton, a d’aistrigh Seán Ó Liatháin (1938); agus Cú na mBaskerville a d’aistrigh Nioclás Tóibín (1933) ó shaothar Arthur Conan Doyle, agus atá curtha in eagar don lá inniu ag Aibhistín Ó Duibh (Evertype 2012).

Tugann Alan Titley cur síos ar dhá bhunsaothar Gaeilge ón tréimhse chéanna, Oidhche i nGleann na nGealt (1939) le Ciarán Ó Nualláin, agus An Doras do Plabadh (1940) le Seoirse Mac Liam. Úrscéal taitneamhach a scríobh Ó Nualláin, ar sé, ina dtagann coimhlint idir an réasún agus an draíocht i gceist agus an bithiúnach, Feidhlimidh Dubh, ag teacht i dtír ar sceimhle an phobail roimh chontúirtí Ghleann na nGealt le linn dó an dúnmharú a chur i gcrích. Tá an dara leabhar suite i Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath, agus bleachtaire amaitéarach sa tóir ar fhírinne an scéil faoi fhear a ceapadh a chuir lámh ina bhás féin. Arsa Titley:

Ní fhéadfaí a mhaíomh go ndéanann Seoirse Mac Liam aon dánaíocht ar an bhfoirm ach is cinnte nach ndéanann sé aon chiotaí air ach an oiread. Déanta na fírinne, cloíonn sé chomh docht sin leis an bhfoirmle go dtéann sé chomh fada le léaráidí de phlean tí de réir scála agus toisí a thabhairt dúinn.4

Cuireadh athchló ar an dá leabhar laistigh de thrí bliana, ach níor fhás traidisiún leanúnach astu: a mhalairt, a deir Titley, ‘ba thús é nach raibh an rath de againn’.5 Sna 1950idí, bhí an bleachtaire Réics Carló, a chruthaigh an scríbhneoir fíorbhisiúil Cathal Ó Sándair, i mbarr a réime agus é ag réiteach iliomad mistéirí go seiftiúil ó Dhún na nGall go Port Láirge agus ón tSín go Meicsiceo. Mheall na scéalta na mílte léitheoirí, go háirithe na déagóirí ar a raibh siad dírithe, ach ní raibh doimhneacht carachtar ná caolchúis tuisceana mar aidhm acu agus gan iontu ach 60–80 leathanach an ceann. Sna 1960idí, d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill sraith úrscéalta bleachtaireachta le hEoghan Ó Grádaigh, agus An Masc (1966), Dúmhál (1968) agus An Siondacáit (1969) ina measc. Bhí siad níos substaintiúla ná scéalta Réics Carló, ach arís, is do dhéagóirí go háirithe a scríobhadh iad. Foilsíodh corrscéinséir fiúntach amach sa 20ú haois freisin, ar a n-áirítear Nead na gCreabhar le hAnnraoi Ó Liatháin (1977) agus Dochtúir na bPiast le Maidhc Dainín Ó Sé (1993).

Ag casadh na mílaoise, áfach, a cuireadh tús nua le freastal fónta bleachtaireachta ar léitheoirí fásta na Gaeilge nuair a foilsíodh Dúnmharú sa Daingean le hÉilís Ní Dhuibhne (Cois Life 2000). Ealaíontóir óg, Saoirse, an príomhcharachtar sa scéal seo agus in Dún an Airgid (2008), a théann i mbun iniúchta dúnmharuithe i gcomhar leis an gCigire Máirtín Ó Flaithearta. Ach is mó spéis an údair, dar liom, sa scigléiriú an-éifeachtach a dhéanann sí ar mheon agus ar ghnásanna sóisialta: meon rómánsúil Shaoirse i leith phobal na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne sa chéad scéal agus cultúr galamaisíoch baile nuathógtha i lár tíre aimsir an Tíogair sa dara ceann.

Stíl shnoite, liteartha atá ag Liam Ó Muirthile in Sceon na Mara (Cois Life 2010), atá lonnaithe ar an gcósta thoir i nDún Laoghaire agus mealladh bagarthach na farraige go mór i dtreis ann. Faighimid léargas dorcha ar intinn an dúnmharfóra sraithe a bhfuil an pobal Filipíneach go háirithe ina gcreach aige. Is fear aonarach, diongbháilte é an Bleachtaire-Chigire Jack Hennessy, rud a dhéanann pas steiréitíopach ar shlite é, ach cothaítear bá an léitheora leis agus tugtar insint ghrinn ar an imscrúdú fóiréinseach agus bleachtaireachta.

Stíl i bhfad níos spraíúla atá in Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac an Bhaird (LeabhairComhar 2010). Tá slad á dhéanamh ar amhránaithe sean-nóis sa lá inniu, ar chúis rúndiamhrach Dan Brownúil a bhaineann le file an 18ú haois, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna; agus de réir mar a théann an scoláire óg Eoghan Ó Laighin i mbun tóra, méadaíonn ar an teannas agus ar na heachtraí, agus ar an magadh éadrom a dhéantar ar phobal na Gaeilge.

Úrscéalta stairiúla suite i gCúige Uladh sa 19ú haois iad Crann Smola (Coiscéim 2001) agus Rí na gCearrbhach (2003) le Seán Ó Dúrois. Cruthaítear atmaisféar láidir, gruama an tseicteachais san am agus is príomhcharachtar an-spéisiúil é an Bleachtaire William Watters; bhí gné an iniúchta pas lag in Crann Smola, dar liom, ach b’fhiú go mór é a léamh mar úrscéal staire. Atmaisféar eile ar fad atá sa dá chnuasach gearrscéalta le Biddy Jenkinson, An tAthair Pádraig Ó Duinnín, Bleachtaire (Coiscéim 2008) agus Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg (2011), ina bhfuil an foclóirí cáiliúil ag smúrthacht i gceantracha measúla na hardchathrach i dtús an 20ú haois agus é ag réiteach mistéirí dá chairde, a bhfuil Searbhlach de Holm ina measc. Tá an scríbhneoireacht géarchúiseach, barrúil agus ealaíonta agus formhór na bplotaí an-chliste.

D’fhoilsigh Coiscéim trí úrscéal le Seán O’Connor faoin mbleachtaire Seán Ruiséal. Is príomhcharachtar spreagúil é agus tá na scéalta soléite go maith, ach ní leor thart ar 100 leathanach mar atá iontu le plotaí sásúla a fhorbairt. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR úrscéalta bleachtaireachta d’fhoghlaimeoirí fásta le Pól Ó Muirí, Catherine Foley, Micheál Ó Ruairc agus scríbhneoirí eile: arís, tá roinnt téamaí agus carachtar suimiúla iontu, agus Paloma Pettigrew ina príomhcharachtar láidir ag Ó Muirí sa tsraith An Bealach Cóir (LeabhairCOMHAR 2012); ach ar an iomlán, fágann simplíocht na hinsinte agus líon tearc na leathanach gur creatlacha ar ghannchuid feola iad.

Maidir le fad, tá scríbhneoirí móra inniu ar nós C.J. Sansom, Val McDermid agus Jo Nesbo a sholáthraíonn 500 nó fiú 600 leathanach ina n-úrscéalta bleachtaireachta; ach is iondúil 250–400 leathanach a líonadh. I gcás na leabhar d’fhoghlaimeoirí, b’fhéidir gurbh fhearr a d’oibreodh múnla na ngearrscéalta mistéire, gan iarracht ar scata amhrastach ná fiosrú casta a chur in iúl.

An cás á réiteach

Le carachtar a thosaigh mé ag smaoineamh ar mo chéad úrscéal, Bás Tobann: Aoife Nic Dhiarmada, iar-iriseoir a theith ó mhire mearaí a saoil san ardchathair le gnó turasóireachta a bhunú ar leithinis Bhéarra. Le caidrimh a thosaigh mé ar an dara ceann, Buille Marfach: grúpa strainséirí in aon tíos i dteach lóistín Aoife, achrainn ag éirí eatarthu agus corpán aimsithe ar ball taobh le sruthán sléibhe. Áit ar leith a spreag an tríú scéal, Scáil an Phríosúin: ceantar Chill Mhaighneann mar a bhfuil cónaí orm i mBaile Átha Cliath, seansráideanna agus nua-árasáin ag guaillíocht ar a chéile, agus rún agam dúnmharú an lae inniu a chur i gcrích i dtimpeallacht ghruama an phríosúin stairiúil.

Is sórt pearsa sa scéal bleachtaireachta an áit ina lonnaítear é, mar a pléadh in alt na míosa seo caite. Roghnaigh mise Béarra mar go raibh mé an-tógtha le pearsa láidir, lán codarsnachtaí na leithinse – maorgacht sceirdiúil na sléibhte agus míneadas na dtailte feirme, an fharraige álainn fhíochmhar agus an pobal ilchineálach, seanbhunaithe. I gcás Chill Mhaighneann, shíl mé le fada go raibh úrscéal tuillte aige mar cheantar.

De réir a chéile a fhásann an plota agus na carachtair: cén fáth an dúnmharú san áit sin ag an am áirithe sin, cad a ghriogann na carachtair agus cé atá faoi amhras. Tagann téamaí a bhfuil spéis agam iontu chun cinn: mar shampla, strainséirí nach gcleachtann reiligiún ag lonnú i bpobal tuaithe, ionradh mhic tíre na meán cumarsáide le linn mórscéil nuachta, dúshaothrú striapachais agus foréigean eile in aghaidh ban, trádáil arm agus uirlisí chun céasta, tuiscintí fealsúnacha maidir le cinniúint nó eachtraí saoil a tharlaíonn trí sheans.

Glacann sé taighde le scéal inchreidte a chruthú. Tá de bhuntáiste agam gur chaith mé na blianta i mo thaighdeoir raidió agus teilifíse in RTÉ, rud a d’fhág an-taithí agam ar strainséirí a cheistiú faoina gcuid oibre. Thug an tOllamh Marie Cassidy, Paiteolaí an Stáit, cuireadh dom bualadh isteach chuig a hoifig. Chuir mé aithne ar Bhleachtaire-Sháirsint a bhí sásta modhanna oibre na ngardaí a mhíniú. Nuair a theastaigh uaim tuiscint a fháil ar mhoirfín mar dhruga marfach, labhair mé le cairde leighis a chuir i dteagmháil mé le dochtúir comhairleach fíorchuiditheach. Nuair a thaispeáin stiúrthóir Phríosún Chill Mhaighneann íoslach an phríosúin dom, áit nach dtéann cuairteoirí de ghnáth, thuig mé cá dtarlódh buaic an úrscéil.

Mar sin féin, caithfear scrioseochair an ríomhaire a ghliogáil go rialta ionas nach bplúchfar an scéal le torthaí an taighde. Maidir le pleanáil roimh ré, socraím go han-luath cé hé nó cé hí an ciontóir; agus breacaim a lán nótaí lámhscríofa a choimeádann misneach liom agus mé suite ag an scáileán bán. Eascraíonn a lán smaointe ón scríobh féin, ar ndóigh, mar a tharla i gcás radharc na tine i Scáil an Phríosúin, mar shampla. Bheartaigh mé nuair a bhí roinnt dréachtchaibidlí scríofa agam go raibh píosa nua aicsin de dhíth agus go gcuirfí teach an té a dúnmharaíodh trí thine go drámatúil; ach níor oibrigh mé amach go ceann míonna ina dhiaidh sin cé acu carachtar a rinne an beart agus cén fáth. Agus cuma cad a bhreactar roimh ré, is ó abairt go habairt agus ó leathanach go leathanach a mhúnlaítear luas an scéil agus an mothú i gcroíthe na gcarachtar, an focal gan choinne a sciorrann ó bhéal duine, an siota gaoithe a chuireann beocht sa radharc a samhlaíodh.

Is deacair úrscéal bleachtaireachta a scríobh gan scata líonmhar carachtar. Bíonn beirt agamsa a n-insítear an scéal trína súile: Aoife Nic Dhiarmada, iar-iriseoir, agus Réamonn Seoighe, garda óg atá ar a mhíle dícheall ag iarraidh é féin a chruthú. Tugann siadsan araon beirt nó triúr eile isteach sa scéal: fear agus teaghlach Aoife a mbíonn ról gníomhach acu; agus gardaí níos sinsearaí ná Réamonn, ós obair foirne é gach fiosrúchán. Bíonn íospartach nó beirt i ngach scéal mar aon le dornán amhrastach agus cúpla duine eile arbh fhéidir an ciontóir a bheith ina measc ar deireadh thiar. Sin againn suas le cúigear déag ar stáitse, gan trácht ar mhioncharachtair a éilíonn páirt sa dráma.

Rinne mé comparáid uair amháin idir líon na gcarachtar agam féin agus an cliar a bhí i roinnt úrscéalta móraitheanta a tharraing mé den tseilf. Laistigh de 80 leathanach, chomhairigh mé breis is 20 carachtar ag Scott Turow agus ag Michael Connelly, 28 ag Ian Rankin agus 30 araon ag Ruth Rendell agus ag Sara Paretsky. I measc gach slua acu, bhí forbairt sách maith ar, b’fhéidir seisear nó ochtar, agus ar ndóigh forbraítear na príomhcharachtair ó leabhar go leabhar.

Tá meirg — agus tóir — le fada ar an mbleachtaire steiréitíopach fireannach atá meánaosta, aonaránach, cantalach agus ceanúil ar an ól. Bhí cuid de na tréithe úd ag fear réitithe an scéil, Parthalón Mac Mórna, in Oidhche i nGleann na nGealt le Ciarán Ó Nualláin:

Fear corr a bhí ann, ar a lán dóigheanna. Níor chuir sé dúil ariamh i gcaidreamh ná i gcuideachtain, agus ba bheag dlúthchara a bhí aige.6

Ach is iomaí bleachtaire inniu nach gcloíonn leis an múnla sin: mar shampla, an Cigire Reg Wexford, a bhfuil a chaidreamh lena bhean agus a bheirt iníonacha fásta fite go dlúth i scéalta Ruth Rendell; Matthew Shardlake, dlíodóir C.J. Sansom sa 16ú haois, fear tuisceanach báúil a bhfuil cruit mar dhúshlán míchumais air; agus Maeve Kerrigan le Jane Casey, bleachtaire óg feimineach de bhunadh na hÉireann i Londain. I m’úrscéalta féin, is bean cheanndána, dhiongbháilte í Aoife atá gafa idir na tréithe úd agus a dúil i saol a teaghlaigh agus i gciúnas an dúlra. I gcás Réamoinn, is fear uaillmhianach é atá gann ar fhéinmhuinín agus é faoi scáth trom na timpiste bóthair ina raibh tiománaí ólta freagrach as a bheirt tuismitheoirí a mharú.

Breith na léitheoirí sa mheá

Tá éileamh tréan ar úrscéalta bleachtaireachta Gaeilge i mo thaithí féin. Díoladh 2,000 cóip de Bás Tobann, a foilsíodh in 2004, agus thart ar 700 cóip araon de Buille Marfach agus Scáil an Phríosúin, a foilsíodh ó bhí titim an-mhór i rátaí díolacháin i gcoitinne de bharr chúlú na heacnamaíochta agus cúiseanna eile. De réir mar a thuigim, is figiúirí maithe iad seo; agus mar chomparáid leo, áirítear 4,000–10,000 cóip ina ráta an-mhaith díolacháin d’fhormhór na n-úrscéalta Béarla i margadh na hÉireann.

Is deacair plé ceart a dhéanamh ar an éileamh ar leabhair Ghaeilge sa réimse seo, áfach, gan ar a laghad trí nó ceithre shraith láidir againn mar aon le sraith nó dhó ar an teilifís. Tráth dá raibh, mholtaí a leithéid a scríobh ar bhealach uasal le híseal, de bharr ‘gur chóir’ iad a bheith ag freastal ar an ‘gnáthléitheoir’. Ní nach ionadh, níor éirigh leis an gcur chuige sin; agus is féidir liom a rá go cinnte, de bharr gur inis siad dom é, go bhfuil léitheoirí i ngach cearn den tír agus thar lear, den iliomad aois, cúlra oideachais agus slí bheatha, a bhaineann sult as úrscéalta bleachtaireachta i nGaeilge agus i dteangacha eile.

An dúshlán is mó leis an soláthar, b’fhéidir, ná go nglacann sé suas le bliain d’obair lánaimseartha úrscéal a scríobh, rud nach furasta fiú le cúnamh roinnt mílte euro ó choimisiún. Glacaimis misneach, mar sin féin, ón Iodálach Andrea Camilleri: in aois a 70 bliain dó a scríobh sé a chéad úrscéal faoin mbleachtaire Salvo Montalbano sa tSicil; agus inniu, in aois a 91 bliain dó, tá ceithre úrscéal is fiche díobh foilsithe aige!

Saothair a ceadaíodh

1 Luaite ag Aisling Ní Dhonnchadha, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, i gcomhrá faoi chothú nós na léitheoireachta i measc na mac léinn.

2 Nic Eoin, Máirín, ‘Litríocht Mhionlaigh agus/nó Litríocht Dhomhanda?’, Comhar, aiste i gceithre chuid, Ean–Aib 2015; agus http://www.irishtimes.com/culture/books/gaeilge-goes-global-irish-language-works-on-world-map-1.2902595 [breithnithe 22.02.2017]

3 Titley, Alan, An tÚrscéal Gaeilge (An Clóchomhar 1991), lch 119.

4 Titley, lch 121.

5 Titley, lch 124.

6 Titley, lch 120.

Anna Heussaff

Is scríbhneoir í Anna Heussaff.