The Coast Road

Paddy Bushe
The Coast Road

Tá filíocht chumasach agus aistriúcháin chumasacha freisin sa chnuasach dátheangach seo le hAilbhe Ní Ghearbhuigh.

Is aisteach ar bhealach go bhfuil léirmheas á dhéanamh i gComhar ar an leabhar nua seo le Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Leabhar le haistriúcháin Bhéarla leathanach in aghaidh leathanaigh leis na bundánta Gaeilge atá i gceist, dánta a bhfuil a bhformhór, mar a deirtear ag cúl an leabhair, foilsithe sa dá chnuasach a chuir Ní Ghearbhuigh amach cheana féin le Coiscéim. Is cinnte nach mbeadh léitheoirí Comhar ag brath ar aistriúcháin chun iad a léamh. De réir m’áirimh-se, níl ach trí dhán neamhbhailithe againn anseo. An fiú mar sin léirmheas a dhéanamh ar an leabhar sna leathanaigh seo? Sílimse gur fiú. An comhrá filíochta as a dtagann leabhar mar seo, is maith ann é idir dhá theanga dhúchasacha na tíre seo. Is fearrde é an pobal filíochta go bhfuil a leithéid de chomhrá ar siúl i measc filí, agus torthaí na cainte á roinnt le lucht léite agus lucht éiste na filíochta, bídís aonteangach, ilteangach nó áit éigin idir eatarthu. Ba rófhada a bhí an dá shraith filíochta dall agus bodhar ar a chéile don gcuid is mó. Ba chóir go mba suim le lucht léite na filíochta Gaeilge conas a chuirtear an fhilíocht sin i láthair an chuid eile de phobal filíochta na tíre seo, agus tíortha eile chomh maith.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Paddy Bushe

Is file agus aistritheoir é Paddy Bushe.