An mbeidh a leithéid arís ann?
Tá poblachtánaigh i mbun idirbheartaíochta gan Martin McGuinness acu den chéad uair ó 1972, a scríobhann Póilín Ní Chiaráin
Tá mana ag Sinn Féin anois ‘no return to the status quo’. Tá stádas diamhair nó misteach ag baint leis na focail sin anois mar gheall ar bhás obann Martin McGuinness, ach is freagra iad freisin ag Sinn Féin ar an mbrú atá á chur ag lucht leanúna an pháirtí. Níl aon dabht ach gur bhain bás Martin McGuinness croitheadh as Gerry Adams agus Sinn Féin. Cailliúint mhór dá pháirtí é agus cé go bhfuil siad caithréimeach i ndiaidh an toghcháin airíonn siad uathu é, ar bhonn pearsanta agus mar threoraí.
Díol suntais is ea é gur iomaí aontachtach a bhraitheann gur cailliúint d’aontachtaithe agus don phróiseas polaitiúil é chomh maith d’ainneoin oiread sin íobartach a bheith ann nach maitheann foréigean an IRA dó.
Ba é an babhta idirbheartaíochta i Stormont a cuireadh ar bun tar éis thoghchán an Mhárta an chéad uair ó 1972 ag Gerry Adams páirt a ghlacadh ina leithéid de chainteanna gan Martin McGuinness a bheith ina fhochair. Cailliúint as cuimse do pháirtí ar bith é bás a bpríomh-idirbheartaí ach bhí ról eile seachas ról margála ag McGuinness agus údarás aige dá réir. An bhfuil éinne i Sinn Féin i dTuaisceart Éireann in ann ag an ról a d’imir an t-iar-leaschéad-aire? An bhfuil éinne leis an údarás sin i ngluaiseacht na poblachta chun daoine a bhreith leo le linn na ndrochlaethanta? Éinne atá in ann dea-chaidreamh a chothú mar a rinne McGuinness? Éinne atá in ann easaontas a chur i leataobh chun déileáil le ceisteanna eile? Ní séanadh ar chúlra paraimíleatach McGuiness na ceisteanna sin ach aitheantas dár bhain sé amach nuair a dhírigh sé go dúthrachtach, pragmatach ar an bpolaitíocht ón uair a roghnaigh sé an modh sin.
Bhí McGuinness, an t-iarcheannaire ar an IRA Sealadach chomh tiomanta sin do na hinstitiúidí i Stormont gur bhain sé stad as an DUP nuair a d’éirigh sé as. Ba é an diúltú filleadh ar ‘Stormont mar a bhí’—an status quo—an fógra polaitiúil deiridh a rinne sé mar LeasChéad-Aire.
Thug sé droim láimhe le roinnt na cumhachta le Arlene Foster agus an DUP i mí Eanáir. Faoin am sin, bhí sé an-tinn ach cheap sé go raibh biseach i ndán dó. Bhí súil aige féin agus Sinn Féin go mbeadh sé mar chomhairleoir ag na polaiteoirí i Stormont nuair a bheidís ag dul i mbun cainte arís.
Nuair a chuir an bás a chor féin sa scéal bhí an chéad dreas de na cainteanna iarthoghcháin ar tí titim as a chéile. Níorbh údar iontais é nuair a shiúil Sinn Féin amach ceithre huaire fichead roimh an spriocam. Nuair a cuireadh tús athuair leis na cainteanna sin tar éis seachtaine eile, bhí an bhearna a d’fhág McGuinness follasach. Bhí Sinn Féin mórtasach as ‘gaisce’ McGuinness i Stormont ach ba é a dhiúltú filleadh ansin an chuid dá oidhreacht ar thug Sinn Féin tús áite di.
‘Obair de réir riachtanais’ a bhí i gceist a dúirt foinsí sa pháirtí le Comhar.
Dúirt a chara agus a chomhbhádóir Gerry Adams nach mbeadh aon bhogadh ó sheasamh McGuinness – nach bhfillfeadh Sinn Féin ar Stormont mar a bhí, gan comhurraim, comhionannas agus ionracas. Ní raibh de dhíth, ar sé, ach go gcuirfí i bhfeidhm socruithe a rinneadh cheana. Dúirt Adams in agallamh teilifíse gur fadhb mhór í an easpa gnímh maidir le comhaontuithe a rinneadh cheana.
“Nuair a bhí duine chomh mór, chomh láidir agus chomh fíorchumasach le Martin [McGuinness] ansin bhí sé in ann an t-ualach sin a iompar, cuid mhór, don chuid eile againn. Ach tá Martin imithe.”
Ba é barúil uachtarán Shinn Féin nach ndéanfadh margadh lochtach nó feidhmeannas easnamhach an beart feasta. Chaithfeadh an chéad réiteach eile a bheith ina réiteach buan nó níorbh fhiú an réiteach a dhéanamh.
Gníomhartha seachas próiseas comhairliúcháin maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí a bhí uathu, maille le hAcht Gaeilge agus cosaint do chearta.
Níorbh iad na ceisteanna sin na tosaíochtaí a bhí ag an DUP ná ag Rúnaí Stáit na Breataine James Brokenshire. Feidhmeannas agus buiséad chun a dhul i ngleic le fadhbanna an phobail atá ar bharr a liostaí siúd. I measc na bhfadhbanna sin, tá géarchéim san earnáil sláinte, in ospidéil agus sa tseirbhís dochtúirí teaghlaigh chomh maith leis an tubaiste san earnáil dheonach inar cailleadh postanna thar oíche nuair a cuireadh deireadh le maoiniú i Stormont. Réiteodh socrú ar na ceisteanna sin deacrachtaí sa ngearrthéarma ach bheadh an cancar fós sa chóras toisc nach mbeadh réiteach ar bith ar cheisteanna oidhreachta, féiniúlachta ná cearta.
An bhfuil an DUP dall air sin nó an daille Uí Laoire é? Beart athmhuintearais ab ea freastal Arlene Foster ar shochraid McGuinness. Bhain sí taitneamh as an bhfáilte chroíúil a cuireadh roimpi agus chuir sé iontas uirthi. Ach cén difear a dhéanfaidh sé sin sna cainteanna? Is í an chaint ar an gcúlráid i Stormont nár thuig an DUP an deacracht. Níor fhoghlaim siad tada ó theip an Fheidhmeannais ná ón toghchán, arsa cuid de na daoine ar imeall na gcainteanna. Is maith leis an DUP córas riaracháin Stormont a bheith chomh gar don seanréimeas aontachtach agus a thig leo a fháil.
Is go drogallach a bhogfaidh siad ón seasamh sin—comhartha sóirt air sin ab ea an tairiscint go nglacfaí le hAcht a thabharfadh aitheantas (teoranta) don Ghaeilge a fhad is go mbeadh Ultais agus cúnant do shaighdiúirí as Arm na Breataine sa reachtaíocht freisin. Bhí a fhios acu nárbh fhéidir glacadh leis an tairiscint, ach rinneadh é le go bhféadfadh siad a rá go raibh solúbthacht á léiriú acu. Agus iad ag trácht ar cé air atá milleáin as gan aon rialtas a bheith ann, ní léir go dtuigeann siad nach mbeadh aon locht ag lucht leanúna Shinn Féin ar a bpáirtí dá ndiúltóidís do Stormont ‘easnamhach’, don status quo.
Is í fírinne an scéil gur luach saothair as Stormont a leagan ab ea cuid mhaith den vóta mór a fuair Sinn Féin ar an 2 Márta. Cibé rud faoin deisceart, ní léir go mbeadh a lucht leanúna abhus míshásta mura ndéanfadh Sinn Féin margadh faoi Stormont go luath.
Deir Sinn Féin gur mian leo na hinstitiúidí i Stormont a athnuachan agus go bhfuil siad tiomanta go huile is go hiomlán do Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá roinnt daoine in amhras faoin méid sin, agus más fíor dá léamh siúd ar an scéal, is mó fós an chailliúint é McGuinness agus is dúshlánaí fós an obair atá le déanamh.
An bhfuil caidreamh sách maith ag Michelle O’Neill, comharba McGuinness, agus Gerry Adams le Arlene Foster, Simon Hamilton nó Nigel Dodds chun a chur ina luí orthu gur gá réiteach uileghabhálach a chur i bhfeidhm an t-am seo?
Níl taithí sna gnóthaí seo ag O’Neill. Ní fios fós an polaiteoir tréitheach í mar níl promhadh déanta uirthi fós. Tá Conor Murphy agus John O’Dowd ar fhoireann idirbheartaíochta Shinn Féin in éineacht leis na ceannairí. Maítear gurb é O’Dowd an duine is fearr díobh sin ag déileáil leis an DUP ach ní léir cén aird a thabharfar air. De ghnáth bheifí ag iarraidh ar Státrúnaí na Breataine a chur ina luí ar an DUP gur gá bogadh ach tá an caidreamh le Brokenshire go hainnis agus níl súil ag éinne le cur chuige réadúil uaidhsean nuair atá seans ann go mbeidh Theresa May ag brath ar vótaí an DUP. Ní chun tairbhe na hidirbheartaíochta an caidreamh idir Sinn Féin agus rialtas na hÉireann ach an oiread, agus coimhlint eatarthu sa deisceart agus teannas pearsanta ag cur isteach ar ghnóthaí.
Tá dream eile i Stormont a raibh ról mór acu san Fheidhmeannas. Sin iad comhairleoirí neamhthofa na bpáirtithe, na SPADs mar a thugtar orthu. Maítear go raibh tionchar as cuimse ag cuid acu ar an DUP, go háirithe i leith chonspóid an RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite. Bhí an RHI ina thrúig bháis ag an bhFeidhmeannas ach cuireadh i leataobh an scéal óir tá sé á fhiosrú ag an mBreitheamh Coghlin. Is de bharr na conspóide sin a dhiúltaigh Sinn Féin do roinnt na cumhachta le Arlene Foster mar Chéad-Aire ach bhí seans i gcónaí go dtiocfaí ar réiteach faoi sin ach gach rud eile a bheith aontaithe. Rinne cuid de na SPADanna ó Shinn Féin agus an DUP obair mhaith ag cothú réitigh agus comhthuisceana. Bheadh gá arís le lucht réitigh fadhbanna ach riar agus smacht níos fearr a bheith ar an gcóras.
Fear réitigh fadhbanna a thug iar-leasPhríomh Chonstábla an PSNI, Alan McQuillan ar McGuinness. Cháin sé go géar é mar sceimhlitheoir, ach ghéill go raibh sé cumasach ina ról polaitiúil. Fear tréitheach ab ea é agus bhí sé in ann comhoibriú le daoine, a dúirt McQuillan. Maíonn daoine eile go dtiocfaidh an lá go mbeidh aontachtaithe ag caitheamh i ndiaidh na ndea-laethanta nuair a bhí siad ag déileáil le McGuinness. Deir a thuilleadh nach mbeadh Stormont i sáinn dá mbeadh McGuinness fós ann—maíomh a chuireann as an áireamh a dhílseacht d’fhiontar Shinn Féin, gan trácht ar a chinneadh nach gcuirfeadh sé suas le neamhghéilliúlacht an DUP a thuilleadh.
Cibé mealladh a dhéanfadh sé, ní thitfeadh sé amach leis an bpáirtí.