Thuas seal, thíos seal

Póilín Ní Chiaráin
Thuas seal, thíos seal

Abhar ceiliúrtha i gcónaí Comhaontú Aoine an Chéasta, cé nach bhfuil an dea-pholaitíocht éifeachtach againn go fóill, a deir Póilín Ní Chiaráin

Ba gheall le míorúilt é. Fuascailt a saothraíodh go daor ach a ceapadh a bheith do-aimsithe go dtí an nóiméad deiridh. Beagnach ceithre uaire fichead i ndiaidh na sprice i bhfírinne, ach ba chuma. Nuair a d’fhógair an Seanadóir Meiriceánach, George Mitchell ag leathuair tar éis a cúig tráthnóna Aoine an Chéasta, 10 Aibreán 1998, go raibh an dá rialtas agus páirtithe na gcainteanna tagtha ar chomhaontú sileadh na deora go fras le faoiseamh agus le dóchas.

Ní nach ionadh ba é an seans go mbeadh an tsíocháin buan an duais ba mhó a bhí ó dhaoine an lá stairiúil sin in Stormont. Tar éis scór go leith bliain inar maraíodh os cionn 3,700 duine, gortaíodh beagnach 50,000 duine agus rinneadh damáiste as éadan don tsochaí agus do mhaoin, ba thógáil croí é teacht an lae a gcuirfí deireadh leis an bhforéigean. Faraor, tá an tsíocháin bearnach; ní raibh deireadh ar fad leis an marú ach tá an saol míle uair níos fearr ná mar a bhí agus buíochas tuillte acu siúd a rinne an comhaontú.

Bhí na foirne idirbheartaíochta traochta de cheal codlata le cúpla oíche roimhe sin nuair a bhí siad ag obair lá agus oíche toisc go raibh baol ann go dteipfeadh ar a saothar. Bhí cúrsaí chomh híogair sin nár fhág an Taoiseach, Bertie Ahern an idirbheartaíocht ach ar feadh tamaill ghearr le freastal ar shochraid a mháthar a cailleadh an tseachtain sin i mBaile Átha Cliath. Ba chosúil le páirtí eile sna cainteanna é an foirgneamh mífholláin ‘Teach an Chaisleáin’ ar eastát Stormont inar ritheadh na seisiúin, gach rannpháirtí buíoch a bheith ag fágáil slán leis.

Ní raibh bail mórán níb fhearr ar iriseoirí na cruinne a bhí bailithe i bpuball in aice láimhe, préachta leis an bhfuacht agus taobh le droch-chaife as innill. Bhímis ag bailiú blúiríní beaga eolais faoina raibh ar siúl nuair a bheadh rannpháirtí éigin sásta cúpla focal a rá; ba mhinic níos mó eolais le fáil ar an nguthán ar an gcúlráid.

Nuair a tháinig an fógra beagnach 24 uair i ndiaidh sprioc-am an Chathaoirligh George Mitchell bhí sceitimíní orainn go léir agus tocht is faoiseamh follasach ar na daoine a bhí lonnaithe anseo le linn na drochlaethanta. Bhí ‘Gealadh ré nua’ agus ‘Údar gairdis’ i measc na dtuairiscí ag an iriseoir seo. Ní rabhthas chomh soineanta is gur ceapadh go raibh tír na tairngire sa chinniúint ach bhí dóchas forleathan.

D’ainneoin a dtuirse ba léir go raibh áthas an domhain ar thoscaireacht rialtas na hÉireann agus Bertie Ahern, foireann rialtas na Breataine faoi cheannas Tony Blair, ar an SDLP, Alliance, Cónaidhm na mBan agus na mionpháirtithe dílseacha. Bhí Sinn Féin sásta ach iad ag rá nach bhféadfaidís glacadh leis an gComhaontú go dtí go ndéanfadh an páirtí faomhadh air.

Ba é ceannaire an UUP, David Trimble an té ba mhó a raibh brú air sna cainteanna agus bhí sé sin le haithint air; rian an teannais ina aghaidh. Bhí glactha aige leis an gComhaontú tar éis litir aontaobhach a fháil ón bPríomh-Aire Blair ag geallúint go ndéanfadh sé beart in aghaidh Shinn Féin mura ndéanfadh an tIRA díchoimisiúnú airm gan mhoill ach bhí duine d’fhoireann idirbheartaíochta an UUP, Jeffrey Donaldson, tar éis siúl amach mar nach raibh aon ghlacadh aige le saoradh na bpríosúnach paraimíleatacha. Bhí a fhios ag an gceannaire nach raibh ansin ach tús a chuid trioblóidí.

Fuair Trimble agus ailtire phróiseas na síochána, John Hume, ceannaire an SDLP, gradam síochána Nobel níos deireanaí an bhliain sin agus aitheantas idirnáisiúnta thairis ach bhí saol achrannach ag ceannaire an UUP sa bhaile. Chomh maith le heasaontóirí ina pháirtí féin bhí an DUP ag béicíl ón taobhlíne faoi thréas agus feall ar an Aontas. Bhí mionpháirtí aontachtach eile in aghaidh mhargadh ar bith a thabharfadh ról do Shinn Féin, an UKUP faoi cheannas Bob McCartney. D’fhág McCartney agus Ian Paisley na cainteanna mar gheall ar rannpháirtíocht Shinn Féin faoi cheannas Gerry Adams agus Martin McGuinness.

Deis stairiúil ar ré nua a bhí sa Chomhaontú a dúradh san réamhrá don chonradh. Bhí imní ar an dá rialtas áfach go gcuirfeadh an freasúra aontachtach an plean de dhroim seoil agus ba mhór an sásamh dóibh é gur ghlac 71% de na vótóirí i dTuaisceart Éireann agus 94% ó dheas leis an gComhaontú sna reifrinn a lean. Áiríodh go raibh timpeall 55% d’aontachtaithe i measc an 71% sa tuaisceart.

Cláraíodh an Comhaontú leis na Náisiúin Aontaithe mar chonradh idirnáisiúnta idir an Ríocht Aontaithe agus Éirinn; chlúdaigh sé feidhmiú Stormont, caidreamh trasteorann agus gnóthaí Angla-Éireannacha. Dearbhaíodh tiomantas do chearta daonna do gach éinne, comhionannas, polaitíocht dhaonlathach, shíochánta agus dícheall chun athmhuintearas a chothú.

Faoina théarmaí bunaíodh Tionól roinnt na cumhachta le 108 Teachta in Stormont.

B’in snáithe 1 - gnóthaí inmheánacha Thuaisceart Éireann.

I snáithe 2 - gnóthaí thuaidh-theas – bunaíodh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas faoina dtiocfadh airí as rialtas na hÉireann agus airí ón bhFeidhmeannas in Stormont le chéile go rialta chun comhoibriú trasteorann a fhorbairt, ag plé go sonrach leis na na cinn d’fhorais trasteorann.

Faoi shnáithe 3 - gnóthaí thoir-thiar bhunófaí Comhdháil Idir-rialtasach na Breataine na hÉireann um chomhoibriú Angla-Éireannach agus monatóireacht ar fheidhmiú an chomhaontaithe.

Bunaíodh Comhairle Briotanach-Éireannach freisin ina dtiocfadh ionadaithe ó gach feidhmeannas/rialtas sa Ríocht Aontaithe agus ionadaithe ón Oireachtas le chéile.

I dteannta na socruithe sin aontaíodh leasú ar Bhunreacht na hÉireann chun an t-éileamh ar chríocha an Tuaiscirt a chealú, chuir rialtas na Breataine an tAcht um Rialtas na hÉireann ar ceal. Leanfadh Tuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe ach amháin sa chás go vótálfadh móramh de mhuintir an Tuaiscirt i bhfabhar Éire aontaithe nó Éire nua i reifreann. Státrúnaí na Breataine abhus a dhéanfadh an cinneadh cathain a b’fhéidir reifreann a ghairm.

Ba iad saoradh na bpríosúnach paraimíleatacha, scor nó athdhearadh an RUC agus díchoimisiúnú airm an IRA na príomhábhair ghearáin, go háirithe ag easaontóirí an UUP agus an DUP. Réabadh páirtí Trimble as a chéile agus sa deireadh chaill sé a shuíochán agus ceannaireacht an UUP dá mbarr ach is beag aird atá orthu anois.

Ba iad an UUP agus an SDLP an dá phríomhpháirtí i 1998. Fuair an SDLP faoi cheannas Hume níos mó vótaí ná an UUP ach fuair páirtí Trimble níos mó suíochán agus dá réir ba eisean a bhí i dteideal a bheith ina chéad-aire le Séamus Mallon, duine eile d’fhathaigh na linne mar leaschéad-aire. Bhí fadhbanna go leor ag an bhFeidhmeannas ón tús, díchoimisiúnú an IRA ina chancar go seasta ach na poblachtánaithe ag tarraingt na gcos. Sna blianta ó 1998 níor fheidhmigh an Feidhmeannas 40% den am agus nuair a bhí sé i mbun oibre ba mhinic é i sáinn.

Thit Stormont go drámatúil in 2002 nuair a rinne brainse speisialta na bpóilíní ruathar ar oifig Shinn Féin, gabhadh Denis Donaldson a d’admhaigh níos deireanaí go mba ghníomhaire de chuid na bhfórsaí cosanta é. Níor tugadh míniú ceart ariamh ar an eachtra sin ach bhí Stormont díomhaoin as sin go dtí 2007. Faoin am ar athbhunaíodh é bhí an UUP agus an SDLP treascartha, an DUP agus Sinn Féin ar thús cadhnaíochta, díchoimisiúnú déanta ag an IRA in 2005 agus aitheantas tugtha ag Sinn Féin don tseirbhís phóilíneachta, an PSNI, cúig bliana i ndiaidh a bunaithe.

Athrú ar an tírdhreach polaitíochta ab ea é a bheadh dochreidte bliain roimhe, ní áirím i 1998. Tar éis Chomhaontú Chill Rímhinn, leasuithe a d’aontaigh Blair agus Ahern leis an DUP agus Sinn Féin i mí Dheireadh Fómhair 2006 bunaíodh Feidhmeannas nua in 2007 agus na sean-naimhde Ian Paisley mar chéad-aire agus Martin McGuinness Sinn Féin mar leaschéad-aire. Bhain na leasuithe leis an gcaoi a dtoghtar an chéad agus leaschéad-aire agus cheadaigh siad don DUP cumhacht a roinnt le McGuinness gan vótáil dó. Tháinig an leasú sin aniar aduaidh ar an DUP anuraidh nuair a chuaigh Sinn Féin chun tosaigh orthu agus Michelle O’Neill i dteideal a bheith ina céad-aire. Dá mbeadh an seanchóras i bhfeidhm bheadh an grúpa is mó (aontachtaithe ar an iomlán in 2021) in ann vótáil do chéad-aire ón DUP ach is ag an bpáirtí is mó atá an ceart sin de bharr Chill Rímhinn. Tá an dá phost, céad agus leaschéad-aire comhionann ach cheadaigh McGuinness don seanóir Paisley tagairt dó mar ‘my deputy’. Réitigh siad chomh maith sin le chéile gur tugadh na ‘Chuckle Brothers’ orthu.

Nuair a ruaig an páirtí Paisley tháinig Peter Robinson i gcomharbacht air agus bhí an Feidhmeannas a raibh sé féin agus McGuinness i gceannas air feidhmiúil leath an ama ar a mhéid. Tháinig Arlene Foster i gcomharbacht ar Robinson ach tar éis tús socair go leor thit an caidreamh idir í agus Martin McGuinness as a chéile. Faoin am sin bhí reifreann an Bhreatimeachta thart, móramh abhus ina choinne agus ról an DUP ina fhabhar ag cothú teannais. D’éirigh McGuinness as oifig le liosta fada clamhsán faoi iompar an DUP. I measc na ngearán, bhí drochmheas ar an nGaeilge agus maslú Gaeilgeoirí maille le doicheall roimh an gcomhionannas.

Lean folús trí bliana an t-aighneas sin; lena linn bhí an DUP ag tacú le rialtas na gCaomhach agus ag luí leis an mbrúghrúpa Caomhach, an ERG a d’éiligh an Breatimeacht ba chrua ar fad. Nuair a d’fhill na páirtithe i mí Eanáir 2020 bhí McGuinness ar shlí na fírinne agus Michelle O’Neill Sinn Féin mar pháirtnéir ag Arlene Foster sa chéad agus leaschéad-aireacht. Ba é an prótacal iarmhairt an tseasaimh a ghlac an DUP in Westminster faoin mBreatimeacht faoi ndear an folús deiridh in Stormont ó shiúil an DUP amach i mí Feabhra anuraidh mar agóid ina choinne. Thug Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak agus Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula Von der Leyen deis ar bhealach éalaithe as an tsáinn don DUP le Creat Windsor, leasuithe ar an bprótacal.

Chuir an cineál Breatimeachta a roghnaíodh nimh sa chorcán abhus. Mhaígh a lucht tacaíochta nach raibh tada i gComhaontú Aoine an Chéasta faoi theorainn oscailte idir an tuaisceart agus an deisceart a choinneáil. Bhí an freasúra deimhin de go raibh sé intuigthe sa Chomhaontú nach n-athrófaí an teorainn ach amháin de dheasca an reifrinn faoi rogha idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.

Bhí go leor socruithe sa Chomhaontú faoin tslándáil ar an teorainn. Fite fuaite leis na coinníollacha faoi aistarraingt Arm na Breataine bhí glanadh na mbunáiteanna slándála ón teorainn. Ní raibh tada ann faoi thrádáil mar bhí dhá thaobh na teorann san Aontas Eorpach agus gan aon ghá le seiceáil. Is cinnte go mbeadh naimhde an Chomhaontaithe breá sásta le teorainn chrua. Bheadh na heasaontóirí poblachtacha cíocrach chun í a ionsaí agus roinnt aontachtaithe nár ghlac le roinnt na cumhachta ariamh ríméadach go ndaingneofaí an deighilt idir thuaidh agus theas.

Más botún a bhí ann gan teorainn oscailte a dhearbhú i 1998 toisc níor thuar éinne go roghnódh Sasana in 2016 an tAontas Eorpach a fhágáil. Ach bhí easnamh sa Chomhaontú a raibh a fhios ag gach duine faoi. Bhí an cheist ródheacair le fuascailt. Ba í an cheist sin ‘oidhreacht na dtrioblóidí’. Níor bunaíodh aon chóras chun fóint ar íobartaigh, cóir leighis agus tacaíocht a sholáthar do suas le 50,000 duine a gortaíodh, maille leis an gceart agus eolas dóibhsean agus do mhuintir an 3,700+ duine a maraíodh. Cancar is ea é sin fós, feall ar íobartaigh agus a thuilleadh éagóra á thriail ag rialtas na Breataine.

Ar an drochuair cuireadh le liosta na n-íobartach i ndiaidh Aibreán 1998. Bhí easaontóirí poblachtacha ar a ndícheall an samhradh sin ag iarraidh achrann a chothú ionas go dteipfeadh ar an gComhaontú. Ba iad a bhí freagrach as an sléacht aonair ba mheasa abhus nuair a mharaigh siad 29 agus cúpla gan bhreith ar an Ómaigh mí Lúnasa na bliana sin. Dhaingnigh an t-uafás tiomantas na bpáirtithe don Chomhaontú agus do chothú na síochána.

Mar sin féin tá sé áirithe ag foireann an leabhair Lost Lives gur mharaigh paraimíleataigh, idir phoblachtánaithe agus dílseoirí, 159 duine ó 1998. Feabhas mór is ea é sin ar bhlianta na dTrioblóidí ach tá sé doghlactha agus thar am na grúpaí atá freagrach a scor.

Dá n-ainneoin tá daoine tiomanta don tsíocháin, údar ceiliúrtha é sin tar éis 25 bliain. Anois níl uainn ach an tiomantas céanna don dea-pholaitíocht éifeachtach.

Póilín Ní Chiaráin

Is iriseoir agus craoltóir í Póilín Ní Chiaráin.