Trí dhán nua le Cathal Ó Searcaigh

Cathal Ó Searcaigh

Fís na hOíche

Tá mé liom féin i dteach tréigthe,
teach atá lán d’osnaí,
de ghlúnta atá i dtalamh.

I gcasadh cinniúnach na beatha
tig muid agus imíonn muid.
Tá rotha móra an tsaoil

ár gcasadh de shíor ó bhroinn go bás
is ó bhás go hathfhás.
Ní thig aon ní a chur ar ceal.

Maireann a raibh ann, a bhfuil ann,
a bheidh ann. Tá an teach tréigthe
ach tá ar tharlaigh anseo

ag tarlú fós; an leanbh ag béicigh,
na leannáin ag suirí, an dinnéar á ullmhú.
Tá buanaíocht ag na mairbh i measc na mbeo.

Amanta tigim anuas chun na cisteanadh
i marbhthráth na hoíche
agus ar uairibh tchím bean de mo bhunadh

a d’éag fadó ag éaló i measc na scáth.
Cé go bhfuil an teach tréigthe
níl mé liom féin. Tá slua na marbh

ag coinneáil cuideachta liom.
Ní ag rámhaillí atá mé. Tá lorg a gcos
buailte i ndusta dlúth na mblianta.

Déanaim iontas de bheith beo!
Na blianta breise seo a bronnadh orm,
an bhfuil siad agam ó fhear éigin a báthadh

i mbarr a mhaitheasa, duine de mo bhunadh?
I bhfís na hoíche tig óigfhear chugam,
loinnir uisciúil ina shúile.

Síneann sé lámh chugam go croíúil.
Leagaim bonn i gcroí a dhearnan
le mé a thabhairt thar an duibheagán.


Tig na Laethanta Dorcha Seo

Tig na laethanta dorcha seo:
laethanta ina mbíonn gach casadh
ar an bhealach ina chomhartha ceiste
is gan fios agam cá bhfuil mo thriall;
an soir nó siar atá mo threo
amhail is dá mbeinn ar steallaí meisce.

Tig na laethanta dorcha seo:
laethanta ina dtiteann na mothúcháin
as a chéile mar ghréithre cré
ón tseanré a thógfaí as an talamh
is a d’imeodh ina bpúdar a luaithe
is a nochtfaí iad do sholas an lae.

Tig na laethanta dorcha seo:
laethanta atá níos duibhe ná dubh.
Ní chanann na héin, níl blas ar bhia,
téann an solas as i mínte na gcnoc,
is ar nós an bhroic téim i bprochlais,
ag déanamh dorchadais le duine is le Dia.


Orpheus na gCnoc


Ag seinm ó dhubh go dubh
ag seinm le lúth na méar
ag seinm sa chruth gur léir na nótaí
ag éirí san aer ina bhféileacán aoibhnis
ag seinm an tiúin is deise a cluineadh riamh i bpoll cluaise
ag seinm chomh meidhreach leis na meannáin ar bharr na Mucaise
ag seinm i dtearmann na hailse
ag seinm ar shráid na hainnise
ag seinm ríleanna rúnda rúndiamhracha
ag seinm mazurkas maorga maiseacha
ag seinm máirseáil atá chomh garbh le tarbh Mhín a’ Toiteáin
ag seinm sleamhnáin atá chomh caoin le tóin naíonáin
ag seinm fiáin
ag seinm i bpian
ag seinm le cian a thógáil den té a bhfuil an saol ag titim air go dian
ag seinm don Yank atá ag tógáil hacienda ceann tuí ar mhéilte Cheann Dubhráin
ag seinm do lucht stilettos agus Stetsons in óstán mór i bPort an Dúnáin
ag seinm don Bhuachaill Caol Dubh ar an bhóthar go Lios na Sciath
ag seinm do Thadhg an Dá Thaobh i bpub aerach i mBaile Átha Cliath
ag seinm ar Shliabh Uí Fhloinn
ag seinm don leanbh atá fós i mbroinn
ag seinm le Johnny Doherty ar thaobh malaidh sléibhe sna Cruacha fadó
ag seinm is an ceo ag teacht anuas ar shléibhte Mhaigh Eo
ag seinm faoi dhuilliúr na gcrann agus drúcht ar an fhéar
ag seinm leis na Mooneys ó d’éirigh an ghealach aréir
ag seinm don ghirseach úd i ngúna dearg teann is a búclaí buí den ór
ag seinm duitse a chuid bheag den tsaol is a stór
ag seinm mar go dtig an ceol leat mar mhil ar luachair agus mar im ar uachtar
ag seinm le fonn ar Chonnlach Glas an Fhómhair
ag seinm the old torn petticoat that I bought in Mullingar
ag seinm i bhfad agus i ngearr
ag seinm ar iatha allta na hAchla
ag seinm as do bhaill bheatha
ag seinm agus niamh gach datha ‘do thionlacan thar bhánta na Bealtaine
ag seinm agus na crainn ag umhlú a gcinn duit ar bhruach na Finne
ag seinm do phócaí folamh
ag seinm ó Neamh go talamh
ag seinm sa bhearna bhaoil
ag seinm idir an dá shaol
ag seinm olagón na gcorpán ar blár an áir
ag seinm le do leannán a thabhairt arís as an duibheagán
ag seinm do na mairbh, ag seinm do na beo
ag seinm go dtitfidh tú as do sheasamh sa ghleo


*Beidh úrscéal nua le Cathal Ó Searcaigh Teach an GheaFta (Leabhar Breac) á fhoilsiú i mí Aibreáin agus is ón leabhar sin a thagann na dánta thuas.

Cathal Ó Searcaigh

Is file agus scríbhneoir é Cathal Ó Searcaigh