Suantraithe na Gaeilge: seánra sainiúil na mban

Suantraithe na Gaeilge: seánra sainiúil na mban

markwickham.org

Seánra iad na suntraithe a bhaineann go sainiúil leis na mná agus seánra é a raibh feidhmeanna éagsúla aige, a deir Sorcha Nic Lochlainn

Tá cineálacha áirithe amhrán againn sa Ghaeilge ar léir gur leis na mná go príomha a bhaineann siad: na caointe a cheoltaí i gcomhthéacs an bháis, mar shampla, nó na lúibíní a cheoltaí i bpróiseas déanta an éadaigh. Seánra eile a bhaineann go sainiúil leis na mná is ea na suantraithe; agus is é atá i gceist agam san alt seo ná feidhmeanna na suantraithe a phlé i gcomhthéacs an traidisiúin trí chéile, agus go háirithe i gcomhthéacs na seánraí sainiúla ban atá luaite agam. Is ar thraidisiún na hÉireann is mó a bheidh mé ag díriú, ach pléifear suantraithe Gaelacha na hAlban fosta má bhaineann siad le hábhar.

Seánra Príobháideach

Murab ionann agus na caointe agus na lúibíní — seánraí a mbíodh grúpa ban páirteach ina gcur i láthair de ghnáth — amhrán mná aonair, is cosúil, ab ea an tsuantraí go minic. Bhí an seánra seo príobháideach go maith, mar sin; níor ghá go raibh i láthair ach an mháthair agus an leanbh. Is dócha go raibh tionchar áirithe ag an chomhthéacs príobháideach seo ar sheachadadh, nó ar easpa seachadta, na suantraithe; cé gur cinnte go raibh na hamhráin seo thar a bheith coitianta tráth, go bhfios dom ní mhaireann lear mór samplaí den chineál seo cumadóireachta sa lá atá inniu ann, agus níl siad róchoitianta sna bailiúcháin. Sin ráite, áfach, níl aon amhras ach go bhfuil ábhar machnaimh againn sa mhéid atá ar marthain.

Tá cosúlachtaí áirithe idir na suantraithe, na caointe, agus na lúibíní ó thaobh struchtúr na bhfocal de (agus maidir le struchtúr an cheoil, bíonn ‘trasnaíl idir seánraí éagsúla’1 sna foinn a bhaineann le hamhráin shainiúla ban, mar atá léirithe ag Lillis Ó Laoire agus ag Méadhbh Nic an Airchinnigh). Tá úsáid na siollaí gaoithe an-choitianta sna seánraí seo go léir; iad ina loinneog ag deireadh gach líne, b’fhéidir, nó ag deireadh gach dreasa nó gach véarsa — leithéidí ‘seoithín seó’ sna suantraithe; ‘pilliliú pilliliú’ sa chaointeoireacht; ‘ím bím babaró’ sna lúibíní. Bhí an tobchumadóireacht an-choitianta i gcás na gcaointe agus na lúibíní: tobchumadóireacht a bhí ag brath, roinnt mhaith, ar théamaí foirmlitheacha agus ar fhriotal aitheanta. Is dóigh liom gur féidir linn talamh slán a dhéanamh de go bhféadfadh tobchumadóireacht den chineál seo a bheith mar chuid de thraidisiún na suantraithe chomh maith: tá an chuma ar an scéal gur fhóir struchtúr agus athrá na loinneoige don chumadóireacht ar an toirt — agus is furasta a shamhlú go mb’fhéidir go mbeadh gá le hamhrán a thobchumadh, ar mhaithe le leanbh óg a chur a chodladh.

Agus í ag cealgadh an linbh, is féidir leis an mháthair cur síos a dhéanamh ina suantraí ar na nithe taitneamhacha atá i ndán dá páiste. Gné an-tarraingteach de na suantraithe is ea an méid seo:

Tá do dheaide ag teacht ón tsíol ar fad
Ón tsíol ar fad, ón tsíol ar fad
Tá do dheaide ag teacht ón tsíol ar fad
Is gheobhaidh tú féirín amárach.2
Deirín dé, deirín dé,
ligfead mo leanbh ag piocadh sméar,
deirín dé, deirín dé,
ach codladh go sámh go fáinne an lae.3

Ar ndóigh, is minic a léirítear an grá don leanbh agus an mháthair á c(h)ealgadh, agus is minic a fheictear úsáid na dtéarmaí ceana: ‘Dún do shúil, a rún mo chroí’;4 ‘Mo chuid de’n t-saoghal is mo leanbh lághach.’5 Tá friotal seo an ghrá ag teacht le noirm an traidisiúin amhránaíochta trí chéile — nó glactar leis na hamhráin mar mheán trínar féidir na mothúcháin a chur in iúl. Sa chomhthéacs seo, áfach, tá aird dírithe ag Barbara Hillers ar mhothúchán eile a bhaineann le cealgadh linbh: is é sin, an frustrachas a bhaineann leis an leanbh atá ina d(h)úiseacht in ainneoin iarrachtaí na máthar.6 Uaireanta déanann an mháthair bagairtí; is i gcnuasach breá Nicholas Williams, Cniogaide Cnagaide, a foilsíodh an chéad dá shliocht thíos:

Codladh, codladh, codladh, codladh,
Codladh, codladh, púicín;
Siúd é an sionnach ag tíocht sa gcurrach,
Is bainfidh sé an ceann ón dúid díot.7
Codladh, codladh púicín,
Cuir do cheann faoin súisín.
Seo í isteach an chailleach,
Is bainfidh sí an ceann díot ón dúid.8
Codhladh, codhladh, chircín donn
Sin é an sionnach, bídeach, bradach,
Tríd an giorrach [sic] chughat anall.9

Ní gá, ar ndóigh, go bhfuil aon bhaint ag an méid seo le dochar a dhéanamh don leanbh; níl i gceist ach an frustrachas á chur i bhfriotal. Díol spéise san alt atá scríofa ag Barbara Hillers is ea na cosúlachtaí idir na suantraithe Gaelacha agus na suantraithe i dteangacha eile maidir leis an ghné seo den traidisiún;10 tréith idirnáisiúnta, is cosúil, is ea frustrachas na máthar tuirsí!

Tá an-chuid fianaise againn sa traidisiún Gaelach gur samhlaíodh cead cainte ar leith le cumadh na filíochta — rud atá léirithe ag Dáithí Ó hÓgáin ina mhórshaothar taighde An File.11 Tá aird dírithe ag Barbara Hillers ar shaoirse seo na filíochta i roinnt suantraithe i nGaeilge na hAlban, ina ndéanann an mháthair gearán faoin drochdhóigh atá uirthi;12 agus tarlaíonn go bhfuil fianaise den chineál seo le fáil in Éirinn chomh maith:

Ó! nach mise atá cráidhte
Fá athair mo pháisde
Bheith ag dul dá phósadh maidin imbáireach.
Huis Ó, Huis Í.
Go bhfeicfidh mé d’athair
Ag siubhal na sráide
Gan cóta gan náire.
Huis Ó, Huis Í’.13
Tánn tú gan bainne agam,
Tánn tú gan bláthach
Tánn tú gan bainne agam
De dheascaibh droch-mháighistir,
Thug ceithre ba dubha agam
Is cúig ba bána;
In Ifreann lom síos dó,
Ós ann atá a chairde.14

Draíocht na Filíochta

Tá na mallachtaí thuas iontach spéisiúil, nó samhlaíodh cumhacht ar leith leis an fhilíocht mar fhórsa draíochtúil (mar atá léirithe ag Dáithí Ó hÓgáin);15 agus traidisiún fadbhunaithe sa Ghaeilge is ea an tuiscint ar an mhallacht fhileata a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do dhuine. Tá an-chuid fianaise againn ar ‘dhraíocht’ na filíochta in orthaí cosanta na Gaeilge chomh maith, agus ní hiontas ar bith é go bhfeicimid a leithéid seo sna suantraithe:

Codail, codail, codail, a leanbh;
As do chodladh go dtugair do shláinte,
As do sheasamh do leas go ndéanair,
Is nár bean gan mac do mháthair.16

Ar ndóigh, baineann an méid seo leis na mothúcháin a bheith á gcur i bhfriotal fosta; is féidir leis an mháthair a heagla a chur i bhfriotal, mar aon leis na mothúcháin eile ar nós an ghrá, an fhrustrachais, agus na feirge. Uaireanta feicimid cur síos na máthar ar an bhagairt a bhain leis na nithe nádúrtha agus osnádúrtha a d’fhéadfadh an leanbh a chur i gcontúirt:

Tá an saoghal ina c[h]odhladh is dorcha an oidhche,
Baisteach fearthainn[e] i mbéal na gaoithe,
Carraig coille sa gleann sa bpíce [sic]
Leipreacháin is sidheogaí.17

I dtaca leis na ‘sidheogaí,’ tá an-chuid fianaise againn ar na scéalta a bhaineann leis na ‘daoine maithe’ ag fuadach linbh agus ag fágáil iarlaise ina (h)áit. Bíonn an chosaint in éadan na sióg suntasach i gcuid de na suantraithe:

Uiseó! Uiseó! Uiseó mo leanbh,
Uiseó mo leanbh ’s gabh ’mach tú a bogha.18
Hubhá mo leanbh
Gabh amach a ‘Wow-wow’ [bhadhbh bhadhbh].19
Tá na siógaí ag teacht ag faire ort
Ach ní bhfaighidh siad mo leanbh go bráth, bráth.20

Tá plé ar fheidhm chosanta na suantraithe déanta ag Breandán Ó Madagáin, agus is fiú a chuid tuiscintí ar an seánra seo a lua, mar tá fianaise an-tábhachtach bailithe ó bhéal aige maidir le feidhm na siollaí gaoithe ar nós ‘seoithín seo’. Is é atá ráite ag cúpla faisnéiseoir ná gur fheidhmigh na siollaí gaoithe féin mar ortha chosanta in éadan na sióg, ‘agus dá dheise is dá bhinne is dá uaigní is dá bhrónaí a chanfaí [an loinneog] is mó an buaí a bheadh inti mar chosaint’.21 Is tuiscint í seo atá ag teacht le feidhm na sleachta thuas gan amhras.

Tá na tuiscintí traidisiúnta ar na sióga feiceálach go maith i suantraithe na hÉireann, mar sin; agus ní hé an leanbh amháin a bhí i gcontúirt a f(h)uadaigh, ach an mháthair fosta, de réir na fianaise atá sa tsuantraí seo a leanas, atá i nglór mná a fuadaíodh:

A bhean úd thíos ar bhruach an tsrotháin,

Seó hú leó, seó hú leó,
An d-tuigeann tusa fáth mo ghearáin?
Seó hú leó, seó hú leó.
’Sgur bliadhain ’s [an] lá ’niu fuada[íodh] mé dhom’ ghearrán,
Seó hú leó, seó hú leó,
’S da [sic] rugadh asteach mé a Lios an Chnocáin,
Seó hú leó, seó hú leó.22

Tá plé an-tábhachtach déanta ag Angela Bourke ar fheidhmeanna an amhráin seo. Is é atá léirithe aici ná go bhféadfadh an tsuantraí seo feidhmiú mar ghearán a rinneadh os íseal: ‘An bhean saolta a déarfadh an t-amhrán seo mar shuantraí dá páiste, bheadh sí ag cur síos ar chruachás mná eile, agus an chaoi a raibh sí ag iarraidh teacht as. Ach d’fhéadfadh sí bheith ag cur síos ar a cás féin ag an am céanna’.23 D’fhéadfadh sí cur síos a dhéanamh ar a huaigneas féin, mar sin, í i bhfad óna muintir féin, b’fhéidir, agus í i gcomhthéacs nach bhféadfadh sí éalú as.

Tá an fhéidearthacht seo níos soiléire fós i suantraí eile atá in ainm is a bheith i mbéal mná ar fhuadaigh na ‘daoine maithe’ í:

Tá sé seacht mbliana ó tugadh d’fhear mé […]
’S [a] mháithrín dhílis, nach truagh libh mise annso.
Hó-bhá, bá-lú, is codlaidh a leanbh bán,
Hí-ó, hó-rú, is codlaidh a pheata geal.24

Is sa chéad phearsa atá an t-amhrán seo, ach is i nglór mná eile, mar dhea — seachas ina glór pearsanta féin — atá an mháthair ag caint. Cosaint, ar ndóigh, is ea an méid seo, ionas nár ghá go dtuigfí an teachtaireacht dá gcloisfí an t-amhrán. Tá an tuiscint ar an fhuadach osnádúrtha le feiceáil sa tsliocht seo a leanas fosta, ina bhfuil tagairt don traidisiún fán ‘chapall bán’ a rinne mná a fhuadach:

Téir a chodhladh a leinbh,
Tá do mháithrín sa mhuilleann
A’ triall ar phaca mine,
Do chuaidh an capall bán na coinnibh
Agus báthadh iad sa tuille,
Ag Droichead Bhaile an Mhuilinn.25

Tá an-défhiús le brath sa tsuantraí seo: d’fhéadfadh an mháthair a bheith á samhlú féin mar bhean a fuadaíodh; nó d’fhéadfaí an t-amhrán a úsáid i gcealgadh linbh agus an mháthair caillte i ndáiríre, mar shampla. Tá sofaisticiúlacht agus castacht ag baint leis an défhiús, díreach mar a bhíonn in amhráin de chineálacha eile sa traidisiún Gaelach. Thiocfadh le duine amhrán a rá a bhí i mbéal cainteora eile ar mhaithe leis na mothúcháin phearsanta a chur i bhfriotal (amhrán grá, mar shampla); sin ráite, d’fhéadfadh an t-amhrán a bheith á rá ar chúiseanna iomadúla eile, agus mar sin tá cosaint sa défhiús seo a ligeann don amhránaí na mothúcháin phríobháideacha a chur i bhfriotal go poiblí.

D’fhéadfaí, ar ndóigh, na hamhráin ghrá, agus amhráin de chineálacha eile, a úsáid le leanbh a chealgadh — rud atá luaite ag Ó Madagáin.26 Corruair bíonn lorg seánraí eile soiléir sna hamhráin ar baineadh úsáid astu le leanbh a chur a chodladh; tá an méid seo a leanas an-chosúil le lúibíní na Gaeilge, mar shampla, ach is léir ar an teideal ‘Ag bogadh an chliabháin dí [sic]’ gur mar shuantraí a d’úsáid an faisnéiseoir an t-amhrán:

Doheen dee ó didlum, nach úd í traen a seacht,
Doheen dee ó didlum, tá mo stór ar a First Class.
Doheen dee ó didlum, tá caoirigh agus muilt
Doheen dee ó didlum, ag mo stór fá bhun a chnuic.27

Tá tagairt déanta ag Barbara Hillers, leis, do na caointe mar ghné de thraidisiún cealgtha an linbh i nGaeilge na hAlban;28 níl a leithéid feicthe agam in Éirinn, ach sa chomhthéacs seo is díol suntais é an bréag-chaoineadh seo a leanas, ar féidir go dtugann sé leid dúinn maidir leis na téamaí a d’fhéadfaí a phlé sa tsuantraí:

Aililú, Pililú, creachadh mé,
Aililú, Pililú, déanadh,
Aililú, Pililú, creachadh mé,
Indiaidh [sic] mo mhaidrín tréitheach.29

Tá an cheathrú seo thuas ina cuid de shraith véarsaí atá i lámhscríbhinní Bhailiúchán na Scol; téama leanúnach sna véarsaí seo is ea an leanbh á c(h)ealgadh, agus dá bhrí sin tá mé ag déanamh gur leis an fheidhm seo a bhaineann an t-iomlán. Tá éagsúlacht téamaí sna véarsaí mar sin féin — an cainteoir á rá go mbeidh a sáith prátaí aici; an cainteoir á rá i sliocht eile go bhfuil na páistí ar an ghannchuid;30 píosa faoi ‘G[h]arsún is bhest air, is bríste’;31 píosa fá mhinistir ag dul go hIfreann; agus, tríd síos, giotaí fánacha atá ag teacht le feidhmeanna ‘tipiciúla’ na suantraithe.

Tá cuma na seafóide ar an méid seo; conas is féidir ciall a bhaint as na véarsaí seo go léir agus iad sa mhullach ar a chéile? Le fírinne is dóigh liom go bhfuil cosaint áirithe i gcuma na seafóide; i lár báire, mar shampla, d’fhéadfaí gearán na máthar a chur i bhfriotal:

Táimse cortha is ní moltar mo shaothar,
Agus taréis mo dhíchill níltear buidheach dom. 32

Má tá mé á léamh seo i gceart, mar sin — más mar phíosa leanúnach filíochta a cuireadh na giotaí beaga seo i láthair — tá an méid seo an-chosúil go deo le hamhráin déanta an éadaigh i nGaeilge na hAlban. Bíonn cuma na seafóide ar na hamhráin seo go han-mhinic, agus is fiú a lua go samhlaítear an tobchumadóireacht leo fosta; bíonn píosaí éagsúla brúite le chéile gan an chuma orthu go bhfuil aon bhaint acu lena chéile — ach is féidir teachtaireachtaí a cheilt in ‘amaidí’ seo na mban. Is mar seo a mhair cuid mhór den fhianaise Albanach ar sheánraí a raibh conspóid áirithe ag baint lena gcur i láthair go poiblí: go háirithe na caointe agus an fhilíocht mholta a chum banfhilí do na huaisle.

Le fírinne, áfach, tá an chuma ar an scéal go raibh ról ar leith ag na banfhilí i gcumadh filíochta do na huaisle — fiú má bhí leisce áirithe ar na huaisle an méid seo a aithint go hoifigiúil (nó fir ab ea na filí gairmiúla go léir ar tugadh aitheantas foirmiúil dóibh). Tá fianaise againn sa traidisiún gur minic a fostaíodh banfhile le ról na buime a chomhlíonadh i dteaghlach uasal; is é a bhí i gceist leis seo ná go bhféadfadh na banfhilí seo cumhacht a gcuid filíochta a úsáid leis na huaisle a chosaint — bíodh siad in aois an linbh, nó bíodh siad fásta agus réidh le dul chun catha.33 Tá fianaise againn i nGaeilge na hAlban ar shuantraithe mar chuid den chóras cosanta seo; ach níl aon ní den chineál seo feicthe agam i nGaeilge na hÉireann fós. Le déanaí, áfach, tharla gur tháinig mé ar leid i dtraidisiún an Bhéarla maidir le cleachtas den chineál seo in Éirinn: faisnéiseoir i gCo. Phort Láirge a dúirt gur ghnách le buimí na n-uaisle Gaelacha a gcuid suantraithe a úsáid mar orthaí cosanta nuair a bhí na daltaí (fásta) ag dul chun cogaidh.34 Caitheann an méid seo solas úr ar úsáid na suantraithe, agus ar na féidearthachtaí maidir le ról na buime Gaelaí a raibh bua na filíochta aici; tá a thuilleadh taighde le déanamh ar an cheist seo gan amhras.

Is mar gheall ar an suíomh www.duchas.ie a tháinig mé ar an fhianaise seo ar an bhuime, mar aon le cuid mhór fianaise eile atá pléite agam san alt seo; tá an-úsáid bainte agam, leis, as an digitiú atá déanta ar stór amhrán Sheosaimh Uí Éanaí ag www.joeheaney.org. Is iontach an ní é go bhfuil an nua-theicneolaíocht ag cur na fianaise seo ar ár súile dúinn agus muid ag déanamh taighde ar na tuiscintí seo a théann i bhfad siar i dtraidisiún na Gaeilge. Tá súil agam go dtiocfaidh a thuilleadh fianaise chun solais amach anseo a chuirfidh lenár dtuiscint ar an ghné seo de chumadóireacht na mban.

NOTAÍ

1. Lillis Ó Laoire agus Méadhbh Nic an Airchinnigh, ‘Caointe agus amhráin chrúite: “Is le gach bó a lao agus is le gach caoineadh a cheol”,’Aiste, 4 (2014), 155-176.

2. http://www.joeheaney.org/ga/dun-do-shuil/ Le caoinchead ó Chartlanna Sheosaimh Uí Éanaí.

3. Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella (eagí), An Duanaire: Poems of the Dispossessed (Portlaoise: Dolmen Press, 1981), l. 342.

4. http://www.joeheaney.org/ga/dun-do-shuil/ Le caoinchead ó Chartlanna Sheosaimh Uí Éanaí.

5. http://www.duchas.ie/en/cbes/4798773/4797482 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

6. Barbara Hillers, ‘Dialogue or Monologue?: Lullabies in Scottish Gaelic tradition’, in Michel Byrne, Thomas Owen Clancy and Sheila Kidd (eagí), Litreachas & Eachdraidh: Rannsachadh na Gàidhlig 2: Glaschu 2002 (Glaschu: Roinn na Ceiltis Oilthigh Ghlaschu, 2006), ll. 33-55 (ll. 34-6, 43).

7. Williams, N. J. A. (eag.), Cniogaide Cnagaide: Rainn Traidisiúnta do pháistí (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1988), l. 41.

8. Williams, Cniogaide Cnagaide, l. 42.

9. http://www.duchas.ie/en/cbes/4922274/4866356 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

10. Hillers, ‘Dialogue or Monologue?’, l. 36.

11. Dáithí Ó hÓgáin, An File: staidéar ar osnádúrthacht na filíochta sa traidisiún Gaelach (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1982).

12. Hillers, ‘Dialogue or Monologue?’, l. 44.

13. ‘Muireadhach Méith’ [An tAth. Lorcán Ó Muirí], ‘Huis Í, Huis Ó’, An tUltach, Iml. 16, Uimh. 8 (Meadhon Foghmhair, 1939), 5.

14. [eag. neamhaithnid], ‘Togha togha leinbh’, An Lóchrann, 56 (Samhain 1920), 2.

15. Ó hÓgáin, An File, ll. 281-306, 364-415.

16. Williams, Cniogaide Cnagaide, l. 41.

17. http://www.duchas.ie/en/cbes/4566059/4563499 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

18. Costello, Mrs [Eileen Drury] (eag.), ‘Amhráin Mhuighe Seóla: Traditional folk-songs from Galway and Mayo’, Journal of the Irish Folk-Song Society, 16 (1919), i–150, l. 65.

19. http://www.duchas.ie/en/cbes/4427871/4352504 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

20. http://www.joeheaney.org/ga/dun-do-shuil/ Le caoinchead ó Chartlanna Sheosaimh Uí Éanaí.

21. Breandán Ó Madagáin, Caointe agus Seancheolta eile: Keening and other Old Irish Musics (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2005), ll. 33–4.

22. Petrie, George (eag.), The Petrie Collection of the Ancient Music of Ireland: arranged for the piano-forte, Vol. 1 (Dublin: M. H. Gill, 1855), ll. 73–4.

23. Bourke, Angela, ‘Bean an leasa: ón bPiseogaíocht go dtí filíocht Nuala Ní Dhomhnaill’, in Eoghan Ó hAnluain (eag.). Leath na Spéire (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1992), ll. 74–90 (l. 86).

24. http://www.duchas.ie/en/cbes/4428345/4397405 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

25. http://www.duchas.ie/en/cbes/4687693/4684390 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

26. Breandán Ó Madagáin, ‘Functions of Irish Song in the Nineteenth Century,’ Béaloideas, 53 (1985), 130-216 (l. 213).

27. http://www.duchas.ie/en/cbes/4701683/4692455 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

28. Hillers, ‘Dialogue or Monologue?’, ll. 34, 45–7.

29. http://www.duchas.ie/en/cbes/4687693/4684392 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

30. Féach cur síos Barbara Hillers ar théamaí cosúla i suantraithe Gaelacha na hAlban: Hillers, ‘Dialogue or Monologue?’, l. 41.

31. http://www.duchas.ie/en/cbes/4687693/4684393 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

32. http://www.duchas.ie/en/cbes/4687693/4684393 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

33. Sorcha Nic Lochlainn, ‘The Foster-Mother as Praise-Poet in Gaelic Tradition,’ Celtica, 27 (2013), 119–147.

34. http://www.duchas.ie/en/cbes/4687693/4684393 Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

Is as Co. Aontroma do Shorcha Nic Lochlainn. Rinne sí bunchéim, MA agus PhD sa Ghaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; ina dhiaidh sin, chaith sí trí bliana mar scoláire in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Is léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh í faoi láthair.