An tiomantas mothálach dearfach…

Lillis Ó Laoire
An tiomantas mothálach dearfach…

Is ceist eacnamaíochta agus ceist éiceolaíochta araon í scéal na Gaeilge, a deir Lillis Ó Laoire sa dara cuid dá aiste ar chás na teanga

Is díol suime iad na ceantair Ghaeltachta a bhfuil coláiste Gaeilge iontu ó Ré na hAthbheochana i leith agus a mhaireann go fóill in ainneoin an mheath a lean do cheantair eile. Tá An Spidéal in aice leis an chathair anseo againn ar áit acu sin agus d’ainneoin go bhfuil an teanga faoi bhrú ann le fada an lá, tá spreacadh sa teanga sa cheantar sin i gcónaí. Tá ceantar Thuar Mhic Éadaigh ann i gConnachta chomh maith, agus ainm na Gaeilge ar an áit go fóill más ar éigean é. Dá laghad é an limistéar talaimh atá faoi Ghaeltacht na nDéise inniu, is díol suime go fóill gur bunaíodh ceann de na coláistí ba luaithe sa cheantar sin agus go maireann sí i gcónaí mar ionad cultúrtha, mar mheánscoil chónaitheach agus mar íocón de spiorad Gaelach an phobail. Mar an gcéanna le Béal Átha an Ghaorthaidh, ceantar a aithnítear i gcónaí mar Ghaeltacht.

Tá mo cheantar dúchais féin ceantar Chloich Chionnaola, i dTír Chonaill ar áit eile acu sin agus bhí baint ag Coláiste Uladh le seasamh agus seasmhacht na teanga sa cheantar sin. Ní thig liom é sin a chruthú go beacht, cruinn ach tig liom léargas a thabhairt ar chuid bheag den scéal sin le solas éigin a chaitheamh ar an ábhar. Tabharfaidh an scéal seo léargas ar an dóigh ar cuireadh moill ar an dátheangachas dealaitheach go pointe maith i nGort an Choirce, príomhbhaile an chuid thiar de pharóiste Chloich Chionnaola. Ba ansin a bhí oifig an phoist agus b’ann a bhí an siopa, bhí scoil ann agus teach an phobail. Ba é ar bhealach croí an phobail é. Agus ba bhaile dátheangach é ó lár an naoú haois déag anall. Bhí ionad cinnte ag an Bhéarla ar an bhaile cé go raibh an Ghaeilge ina cuid de shaol mhuintir an bhaile sin chomh maith. Ba é baile mo mhuintire féin é ar feadh na tréimhse sin. An chéad duine díobh a lonnaigh ann ba é sin Searlaí Ó Gallchobhair (1820–1905). Níl mórán eolais agam féin faoi ach tá’s agam go raibh sé ansin in 1857 mar go bhfuil sé le fáil i Luacháil Uí Ghríofa.1 Chuartaigh mé é i Leabhair na nDeachúna chomh maith ach níl ainm a athar agam agus fágann sin an scéal doiléir go maith. Phós Ó Gallchóir bean de bhunadh Protastúnach, bean a raibh Mary Robinson uirthi. Más féidir a dhul de réir an daonáirimh, rugadh ise in 1836, rud a d’fhág go raibh sí sé bliana déag ní b’óige ná eisean.2 Tá sé ionann is cinnte gur Béarla a bhí ag an bhean seo ó tharla gurbh é an Béarla a bhí in uachtar i measc na bProtastúnach i nDún Fionnachaidh. Nuair a d’fhéach mé ar dhaonáireamh 1901, fear amháin den sloinne sin a raibh Gaeilge aige chomh maith le Béarla — feirmeoir agus tábhairneoir. Thóg sise Gaeilge mar go bhfuil sé curtha síos di sa dá dhaonáireamh go raibh Gaeilge aici.

Níl cuntas ar bith agam i scríbhinn ar an scéal ach fuair mo dheartháir Conall seanchas áitiúil a dúirt gur cuireadh muintir an Ghallchóraigh amach nuair a bhí sé óg agus go ndeachaigh siad go Mín Lárach an áit ar thóg siad bothóga fód. Áit a dtugtar an Corradh Gasta air, i mBaile Mhín Lárach, an áit ar thóg siad a gcuid cróite beaga. Tá lorg na mbothóg le feiceáil ann. Caithfear scéal an Ghallchóraigh a fhiosrú go mion ach ansin feictear é ar ais i nGort an Choirce agus a ghnó agus a chuid talaimh aige agus é pósta ar an bhean Phrotastúnach a d’athraigh a creideamh nuair a phós sí é. Tá scéal eile gan deimhniú ann gur i ruathar an óir i gceantar Victoria na hAstráile a shaothraigh sé féin agus beirt dheartháireacha dá chuid an t-airgead a lig dóibh pilleadh ar Ghort an Choirce. Thóg siad clann mhór san áit — níonacha is mó a bhí acu agus mac amháin James nó Séamus a mbeidh trácht agam air ar ball. Bean de na níonacha sin mo gharmháthair mhór, Bedelia, ab ainm di, agus ba léise a thit an t-óstán.3 D’imigh ar a laghad triúr dá cuid deirfiúracha agus phós siad baill de chuid na bPéas, An R.I.C. — Ó Cathasaigh, Mac Raghnaill agus de Staic a bhí ar an triúr sin. Bhí cuid eile acu nár phós. Tá sé ráite go raibh bean rialta ina measc fosta ach níl mórán eolais agam uirthise.4 Tá litir amháin againn a scríobh an Gallchórach luath go leor i ndiaidh dó pilleadh as an Astráil agus socrú i nGort an Choirce. Baineann an litir le hachrann an talaimh a bhí ar siúl san áit san am. Bhí tuairisc gháifeach i gceann de pháipéir Aontachtacha Dhoire, The Londonderry Sentinel, go raibh muintir Chloich Chionnaola ag dul go mór thar an mheasarthacht leis an ól agus ó tharla gur tábhairneoir a bhí ann féin, ghoill an bhréag oiread air agus go dtug sé freagra i scríbhinn ar an líomhain, á séanadh.5

Tá lucht na Gaeilge eagraithe go maith agus tuigeann siad an cluiche

Dá ghiorra í an litir tugann sí eolas eile dúinn i dtaobh Shearlaí Uí Ghallchobhair. Más é féin a scríobh an litir, is léir go raibh oideachas air. Tá’s agam go raibh oideachas áirithe air mar gurbh é féin a shínigh an fhoirm dhaonáirimh sa bhliain 1901 agus go bhfuil cuma ar an tsíniú gur fear a raibh cleachtadh aige ar an cheird a scríobh í. Arís níl ann ach snáithe caol fianaise, ach is fianaise í ina dhiaidh sin. Faoin bhliain 1892, nochtann na Gallchóraigh arís sna litreacha. Ba í sin an bhliain a raibh Jeremiah Curtin, an scoláire béaloidis as Meiriceá de bhunadh na hÉireann ag dul thart ar fud na tíre ag cruinniú scéalta béaloidis, nó ‘myths’ mar a thug sé orthu. D’fhan sé sa teach ag na Gallchóraigh cé nach raibh fonn orthu é a choinneáil. Bhí sé ar a bhealach go Toraigh agus ba é sin an áit ba chóngaraí don bhád. Nuair a phill sé as Toraigh ar an 9 Iúil bhí teagmháil déanta ag an Ghallchórach le cuid de na scéalaithe agus shocraigh sé cruinniú idir iad féin agus an Curtánach. D’fhan an Curtánach agus a bhean i nGort an Choirce go dtí an 25 Iúil 1892 ag bailiú scéalta nó ‘myths’ mar a thug sé féin orthu.6

Teagmháil thábhachtach a bhí inti seo, measaim, mar gurbh é seo an chéad uair, b’fhéidir, a bhfacthas bailitheoir béaloidis i nGort an Choirce. Bhí na hathruithe cultúrtha a bhí ag tarlú in áiteacha eile ag teacht go dtí na ceantair chúil agus bhí Gort an Choirce ina phointe a d’éascaigh an próiseas. Níorbh é an teagmháil dheireanach idir na bailitheoirí béaloidis agus an pobal é ná baol air. Dá ainneoin sin, ní raibh aon Ghaeilge á múineadh i scoileanna an cheantair deich mbliana ina dhiaidh sin nuair a thug Tomás Bán Ó Concheanainn cuairt ar an cheantar. Bhí an Ghaeilge láidir ach an Béarla in uachtar i dteach na scoile, rud a bhí coitianta go leor an t-am sin. An múinteoir a bhí i Scoil Ghort an Choirce san am sin, Micheál Mac Pháidín, ba de bhunadh Chill Chárthaigh é agus bhí gaol aige le Micheál Óg Mac Pháidín a bhí ina Theachta Dála ina dhiaidh sin.7 Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí sa mháistir dar ndóigh ach, mar sin féin, díol suime nach raibh an teanga á múineadh. B’fhéidir nach raibh ar a chumas í a scríobh san am. Ach bhí an t-athrú ag teacht. Phós sé Bedelia Ní Ghallchobhair faoin bhliain 1898, tháinig an t-iarnród sa bhliain 1903 agus trí bliana ina dhiaidh sin, Coláiste Uladh, an Coláiste cáiliúil Gaeilge a bhunaigh Dáil Uladh agus a bhain cáil amach ina dhiaidh sin. Is ar Choláiste Uladh atá an pictiúr a fhaighimid d’imeachtaí an Choláiste Gaeilge a thugtar san úrscéal Mo Dhá Róisín bunaithe.8

Cé go bhfuil an scéal sin suite i gCeann Dubhrann is ar Choláiste Uladh a bhí Séamus Ó Grianna ag freastal nó gur fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge. Tá cur síos eile ag Ó Grianna sa chéad úrscéal sraithe a scríobh sé ar cheantar Ghort an Choirce, agus dar leat agus tú á léamh gur Párthas na Gaeltachta a bhí i gceist.9 Ach cuimhnímis arís go raibh an Béarla á labhairt i nGort an Choirce. Is cuimhin liom gur dhúirt Seán Ó hEochaidh liom tráth nach raibh saibhreas mór ar bith i gcuid Gaeilge Bhedelia. Níor dhúirt sé nach raibh Gaeilge aici — bhí — ach dar leis nach raibh sí inchurtha leis an ardchaighdeán a bhíodh ag a chuid seanchaithe is dóiche. Díol suime agam é sin mar chuid de mo chúlra teanga féin. Ní raibh aithne agamsa ar mo gharmháthair mhór, go ndéana Dia grásta uirthi, nó fuair sí bás trí seachtaine sular saolaíodh mise. Ach bhí aithne go leor agam ar níon di, deirfiúr mo mháthar móire, Sarah, nó Sailí. B’fhearr an aithne a bhí agam uirthise ná ar mo mháthair mhór ó tharla go bhfuair sise bás agus gan mise ach seacht mbliana. Mhair Sailí go raibh go dtí 1981. Béarla is mó a labhraíodh sise ainneoin go raibh Gaeilge go leor aici agus go raibh uirthi an Ghaeilge a úsáid go rialta ina cuid oibre. Bhí a fear Micheál, deartháir do mo sheanathair, níos tugtha don Ghaeilge ná bhí sise. Ach ba é an Béarla an ghnáth-theanga a bhíodh eatarthu agus idir an aicme seo a mhéadaigh i ndiaidh an Ghorta. Cuireann Taylor síos orthu mar seo a leanas:

…most of the merchant families…produce not only heirs to the business and respectable daugthers to marry others of their class but the professionals who still enjoy such great respect in the countryside: teachers, priests and doctors.10

Le pilleadh siar rud beag go dtí tús na haoise agus go dtí an Coláiste, ba mhaith liom amharc arís ar an athrú a tháinig ar an scéal ó 1892 go dtí 1902 go dtí 1913 nuair a bhí an Coláiste faoi lánseol. Seo fógra a chuir an Máistir Mac Pháidín ar an iris An Chraobh Ruadh i 1913 agus é ag iarraidh, is léir, custaiméirí a tharraingt ina threo san óstán.

Fógra dátheangach é seo. Measaim go bhfeictear dearcadh fíorphraiticiúil ann a thugann dhá thaobh an scéil leis go maith. Tá an seanchló Gaelach in uachtar agus béim á leagan ar na suáilcí timpeallachta agus cultúir a bhaineann leis an áit. Luaitear an Bhealtaine, baile áitiúil a raibh cnoc ann a dtéadh lucht an choláiste ann ar aeraíochtaí. Sa Bhéarla tá an t-eolas bunúsach praiticiúil a bheadh a dhíth ar aon taistealaí — cúrsaí sócúil agus compoird, turais agus cúrsaí iompair, siopa a bhfuil gach earra dá mbeadh ag teastáil uait le fáil ann, agus gan aon amhras bréidín baile le cúpla pingin a chaitheamh go tírghrách ag deireadh na saoire. Is léir gur ar an chuid uachtarach den mhargadh a bhí aird an fhógra sin. Níor mhaith liom a chur in iúl nach raibh iúl an té a d’fhreagródh an freagra céanna seo go hiomlán ar fhoghlaim na Gaeilge ach is cinnte go mbeadh a n-iúl ar chaighdeán an lóistín. Tá sé an-suimiúil go bhfuil cuntas san iris chéanna ó dhuine darbh ainm Pádraig Ó Goláin, fear a bhí ag obair don oifig chánach sa cheantar san am. Tugann sé cuntas an-chuimsitheach ar cheantar Chloich Chionnaola agus tá an méid seo le rá aige faoi chúrsaí lóistín:

Tá lóistí le fáil a fhóireas do gach sparán ó theach ósta Mhic Pháidín cois na farraige – teach ina bhfuil achan rud thar barr, fáilte, bia agus Gaeilge – go dtí an teach is lú ar thaobh Ghleanna na Bealtaine, nó i measc chnoc na nArdaí ina bhfuil an spiorad croíúil céanna ag achan duine.11 (Coláiste Uladh 2006, 13)

Léirítear san fhógra agus sa phíosa sin gur iomaí cúis a mbíodh daoine ag triall ar an Ghaeltacht agus nach iad idéil arda chúis na Gaeilge i gcónaí a bhíodh á ngríosadh. Chomh maith leis sin, bhí táirge ag an lucht gnó áitiúil a bhí siad ag iarraidh a dhíol. Bhí an t-ádh ar an teach ósta suas go dtí 1913 go raibh máthair Mhic Pháidín, Máire Bheag ina cónaí ann. Ag brath ar cén daonáireamh a chreideann tú tá an chuma air gur aonteangach Gaeilge a bhí sa bhean seo, agus murarbh ea go hiomlán féin, is cinnte nach raibh mórán Béarla aici agus nárbh í a labhair sí. Bhailigh Seosamh Laoide scéal uaithi a chuir sé i gcló sa chnuasach Cruach Chonaill i 1913. Thug sé suntas dá canúint sa nóta a chuir sé leis an scéal. Dúirt sé go raibh an chuma air nach raibh athrú ar bith ina canúint dheisceartach ainneoin í a bheith ag cur fúithi i nGort an Choirce.

Má smaoinítear ar an cháil a bhain Peig Sayers amach di féin ar ball is léir go raibh tóir ag na foghlaimeoirí ar sheanmhná a mbíodh scéalta le hinsint acu, agus ar ámharaí an tsaoil, bhí seanchaí cónaitheach san óstán go dtí bliain a báis i 1913, agus í os cionn 90 bliain.

Thug Mac Pháidín fianaise do Choimisiún na Gaeltachta sa bhliain 1925 agus tá a dhearcadh ar cheist na Gaeltachta agus ar thodhchaí na Gaeltachta soiléir ón méid a dúirt sé ansin. Mhol sé feabhas a chur ar an ché ag Machaire Rabhartaigh agus inneall castainne nó unlais (windlass) a chur ann, ionas go dtiocfaí an t-iasc a phróiseáil ann. Chonaic sé go bhféadfadh na hiascairí luach níb airde a fháil ar a gcuid éisc dá mbeadh na háiseanna ag an ché le próiseáil a dhéanamh ar an iasc — sailleadh agus dá réir sin. Mhol sé fosta go ndéanfaí tástáil ar mhianraí an cheantair ag insint go raibh mianadóireacht ar siúl ann sa naoú haois déag.

I ráiteas a rinne a chliamhain an Dr. Conall Mac Giolla Chearra leis na coimisinéirí dúirt sé:

The present industries in the district are not sufficient to support one-tenth of the population. From the point of view of preserving Irish, it would be inadvisable to transfer any portion of the population elsewhere. There are no facilities, for technical instruction, and this a great loss to the district. The young are trained for nothing but manual labour. The people are capable of being trained for any industry.12 (Coimisiún na Gaeltachta 27).

Má bhí Mac Pháidín neamartach sula dtáinig Tomás Bán Ó Concheanainn go Gort an Choirce i 1902 tá fianaise go leor gur chuir sé saothar air féin i leith na Gaeilge ina dhiaidh sin. Ba é Aodh Ó Dubhthaigh an gníomhaí ab fhuinneamhaí sa cheantar, fear a raibh a athair fostaithe ag Mac Pháidín mar bháicéir sa bhácús a bhí aige. I dtuairisc ghonta maidir lena bhás sa bhliain 1928, dúirt Aodh ó Dubhthaigh faoi gurbh fhear é a chuir spéis mhór i gcónaí i gcúis na Gaeilge agus i ngach ní a chuir leas an cheantair agus an phobail chun tosaigh.

Léiríonn scéal Mhic Pháidín agus Uí Ghallchóir roimhe cén tionchar a bhí ag gníomhú Chonradh na Gaeilge agus na gluaiseachta náisiúnaí air. Bhí Daniel Kelly, eagraí de chuid Shinn Féin, sa cheantar sa bhliain 1913 ag iarraidh an eagraíocht a chur chun tosaigh san áit, ach is cosúil gur chuir Mac Pháidín ina choinne mar gur Ibeirneach a bhí ann féin agus nár réitigh an chaint uilig a bhí ag fear Shinn Féin faoi ghunnaí leis. Deir sé ina chur síos gur shíl Mac Pháidín gur Gael mór a bhí ann féin, ach ba léir ar an tsearbhas i gcuntas Uí Cheallaigh nár shíl seisean mórán de.13

Mar sin de, rinne an Conradh difríocht sa mhéid agus gur éirigh leis croí an phobail a choinneáil leis an Ghaeilge d’ainneoin go raibh an Béarla neadaithe ann glúin iomlán sula raibh iomrá ar Chonradh na Gaeilge ar chor ar bith. Gníomhaíocht Thomáis Uí Choncheanainn ba chionsiocair leis sin agus Shéamuis Mhic a’ Bhaird ina dhiaidh. Léiríonn an ghníomhaíocht sin an difríocht, dá laghad é, a d’fhéadfaí a dhéanamh le cás na Gaeilge a fheabhsú agus gan ligean don Bhéarla lámh an uachtair a fháil ar fad. Is cinnte nár leor é ach níor thada é ná baol air. Tá sé ar cheann de na cúiseanna a bhfuil ar mo chumas-sa an téacs seo a scríobh agus leagan de a thabhairt uaim go líofa ó bhéal mar a rinne mé ar an 18 Bealtaine nuair a bhí Léacht Nollaig Uí Ghadhra ar siúl. Tá sé ar cheann de na fáthanna a raibh daoine in ann mo chuid cainte a thuiscint agus ar cheann de na fáthanna a léifidh daoine an t-alt seo go héasca luathshúileach gan deacracht.

D’ainneoin na géarchéime atá ag bagairt ar an Ghaeilge, leanaimid orainn á saothrú mar gurb é is dual dúinn a dhéanamh. Ní miste dúinn a mheabhrú dúinn féin go bhfuil tacaíocht ag an Ghaeilge ón Stát, d’ainneoin gur minic a shamhlaímid féin gur go doicheallach easnamhach a sholáthraítear an tacaíocht sin. Ina dhiaidh sin féin, dá easnamhaí é, is bádhún é an seasamh atá ag an Ghaeilge sa Stát agus ba mheasa go mór ár gcás gan é. Níl an scéal tubaisteach ar fad agus ní miste dúinn an méid sin a chur i gcuimhne dúinn féin. Tá lucht na Gaeilge eagraithe go maith agus tuigeann siad an cluiche polaitiúil go maith rud a chuidíonn le cosaint an tseasaimh atá aici.

Fealsamh cáiliúil Spáinneach a bhí i Miguel de Unamuno a scríobh leabhar dar teideal, El Sentímiento Tragíco de la Vída. Cuid den phlé a bhíonn aige sa leabhar sin, baineann sé le marthanas an dóchais nuair is é an t-éadóchas an chinnteacht:

Creidim gur daoine a bhí báite i scraith ghlugair an éadóchais a bhí sna laochra ba mhó, na laochra ba mhó dar mhair riamh, seans, agus gur de bharr an éadóchais chéanna sin a d’éirigh leo a gcuid mórshaothar a chur i gcrích.14

Is paradacsa doréitithe é sin, ach is ceann é a aithníonn aon duine a chreideann i mbailíocht agus i gceart na Gaeilge mar mheán beo cumarsáide a bhaineann go dlúth leis an tír seo. Sin é an fáth a ndeirim nach ceadmhach neamhshuim, an fáth gceanglaím éadóchas éachtach Uí Ríordáin le tuiscint an fhealsaimh Spáinnigh. Sin é an fáth a bhfáiltím roimh an éadóchas, mar lasc a spreagann mé féin agus an pobal ar fad i mbun gnímh, ainneoin go minic go gcreidimid go bhfuil ár gcosa nite. Ní drocháit é sin le bheith ann dar liom, cé nach suíochán róchompordach é. Fóireann a leithéid de chur síos don Ríordánach, creidmheach fir a bhí i bpianpháis idir dhá chultúr, a chaith a shaol faoi chrann smola na heitinne agus a chuir a ghalar féin i gcomparáid leis an drochbhail a bhí ag dul don Ghaeilge agus á tarraingt anuas. Is cóir dúinn féin foghlaim ón chrá a bheith macánta agus díreach linn féin diongbháilte agus réchúiseach in éineacht. Agus ó tharla sa riocht sin sinn, tig linn dhá chruit eile a chur dínn chomh maith leis an éadóchas, mar atá, an chiontacht agus an náire.

Sa mhéid sin b’fhéidir gur dual don Ghaeilge imeacht as mar theanga phobail, sa chiall is coitianta a thuigtear an coincheap sin. Ach níl an scéal iomlán sin cinnte ach oiread. Dá ainneoin sin, ní chreidim go mbeidh an Ghaeilge marbh. Beidh Gaeilge buan marthanach sa tír a fhad agus a bheas sí lárnach sa chóras oideachais, agus a fhad agus is fiú le daoine oideachas Gaelach a chur ar a gclann agus an teanga a fhoghlaim ar chaighdeán ard go leor le gur féidir leo í a úsáid mar mheán cumarsáide. Mairfidh an Ghaeilge mar theanga ghréasáin, mar theanga acadúil, agus mairfidh sí mar theanga i roinnt teaghlach. Féadaim a rá gur mar sin atá staid na Gaeilge cheana féin. Ní beag é agus an tonn bháite atá anuas uirthi.

Dá ainneoin sin, ní shéanaim gur cheart dul ar aghaidh le scéal na Gaeilge. Cosnaímis lárionad na Gaeilge sa chóras oideachais, tacaímis le hAchtanna Teanga agus aon fhiontar eile dá dtagann chun cinn. Is beannaithe an té nach bhfaca agus a chreid a deir an Soiscéal, nó mar a dúirt an file Sasanach, “Some things have to believed to be seen.”15 Faoi scáth na gcoincheap eacnamaíochta atá i gceannas faoi láthair, idé-eolaíochtaí an nua-liobrálachais, ní hann do phobail ná ní hann do ghréasáin de chineál ar bith. Is faoin duine aonair atá sé é féin a chur chun cinn, agus a mhúnlú de réir na bhfaisean atá ag teacht romhainn. Ach ní gá go ngéillfí i gcónaí do na treochtaí sin. Tá gluaiseachtaí beaga ar fud an domhain a thugann dúshlán an nua-liobrálachais agus a cháineann é as an dochar agus an scrios atá sé a dhéanamh sa domhan. Tá córas tomhaiste na heacnamaíochta á cheistiú agus daoine ag iarraidh freagraí a sholáthar ar mhalairt córais a chuirfeadh pobail áitiúla agus na daoine a mhaireann iontu chun tosaigh ar na huasaicmí ollsaibhre a choinníonn an mhaoin á carnadh ina dtreo féin de shíor beag beann ar leas na coitiantachta. Is ceist eacnamaíochta agus ceist éiceolaíochta araon í scéal na Gaeilge agus mura dtugtar aghaidh air sin, is fánach atá sé againn aon dul chun cinn a dhéanamh.

Le pilleadh ar mholadh amháin a bhí ag Mac Pháidín do Choimisiún na Gaeltachta maidir leis an iascaireacht, tá na pobail sin faoi bhrú mór ag dlíthe an Aontais Eorpaigh agus gan cead acu a gcuid líonta a chur maith nó olc dá mbarr. Sa scannán I mBéal na Stoirme: A Turning tide in the Life of Man, le Loïc Jourdain, léirítear scéal an fhir Gaeltachta, John O’Brien, agus é ag iarraidh dul i ngleic leis an scéal agus a chearta mar iascaire traidisiúnta a bhaint amach. Feiceann sé na deacrachtaí céanna ag pobail trasna na hEorpa agus iad faoi bhrú ag na dlíthe a choscann iad óna mbeatha shinseartha a bhaint amach. Tá leagan eile den scéal ag Richie O’Donnell sa scannán Atlantic, a phléann tionscal na hola agus an gháis, agus an t-ár atá á imirt aige ar an dúlra muirí, a bhfuil go leor le foghlaim as. Tá an iascaireacht thraidisiúnta ar cheann de na bealaí a bhféadfaí tacú le pobail ar bhonn éiceolaíochta agus ar bhonn marthanachta – ach is ceann é nach bhfuil mórán tacaíochta ar fáil dó ó údaráis na tíre seo ná ón Eoraip. Níl ann ach sampla amháin. Tá scéal na pleanála ina chíor thuathail chomh maith mar a léirigh Lorna Siggins agus í ag cur síos ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne.16 Ní mór iarrachtaí móra a dhéanamh ár ndúchas, sa chiall is leithne agus is uileghabhálaí den téarma sin, a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Trí réimse thábhachtacha a luann Grenoble agus Whaley le straitéisí inmharthanachta agus teangacha i mbaol á bplé, mar atá, an eacnamaíocht, an rochtain (access) agus an t-inspreagadh (motivation).17 Is furasta a fheiceáil go bhfuil gá leis na trí cinn agus sinn ag déileáil le cás na Gaeilge. Tá an t-inspreagadh, an tiomantas mothálach dearfach, ar son agus i leith na teanga chomh tábhachtach leis an dá ghné eile. Ní ceadmhach neamhshuim.

Nótaí

  1. http://www.askaboutireland.ie/griffith-valuation/index.xml? Cuardaíodh faoi Charles Gallagher, Kilmacrennan, Dunfanaghy, Tullaghabegly, Gortahork. Rochtain 7 Meitheamh 2017.
  2. http://www.census.nationalarchives.ie/pages/1901/Donegal/Gortahork/Gortahork/1172375/ agus http://www.census.nationalarchives.ie/pages/1901/Donegal/Gortahork/Gortahork/1172374/
  3. Is ionann garmháthair mhór agus sinseanmháthair anseo, máthair mo mháthar móire.
  4. Lillis Ó Laoire. ‘Muintir Mhic Pháidín.’ Eag. S. Ó Gallchóir, Teach Pobail Chríost Rí, Gort A’Choirce 1953–2003. Leitir Ceanainn, 115–119.
  5. Derry Journal 7 Aibreán 1858. Ó shin, tháinig mé ar thagairtí go leor eile do mo shinsear an Gallchórach agus ní mór iad a fhiosrú go cuimsitheach le pictiúr níos iomláine dá shaol agus dá shaothar a sholáthar.
  6. Jeremiah & Alma Curtin, Memoirs of Jeremiah Curtin. Eag. J Schafer, Madison: State Historical Society of Wisconsin, 1940, 460-63. Le fáil ag: https://archive.org/details/MemoirsOfJeremiahCurtin Rochtain: 15 Bealtaine 2017.
  7. Féach Micheál Óg Mac Pháidín, www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=649. Rochtain 7 Meitheamh 2017.
  8. Máire [Séamas Ó Grianna] Mo Dhá Róisín. Eag. N. Mac Congáil, Baile Átha Cliath, Coiscéim 2012.
  9. Máire [Séamas Ó Grianna] Castar na Daoine ar a Chéile ach Ní Chastar na Cnoic. Eag. N. Mac Congáil, Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2002.
  10. Lawrence J. Taylor. Occasions of Faith: An Anthropology of Irish Catholics, Philadelphia: University of Pennsylvania Press, 1995, 82.
  11. Coláiste Uladh 1906-2006. Eag. Seosamh Ó Ceallaigh. Gort A’ Choirce: Coiste Cuimhneacháin Choláiste Uladh, 2006, 13.
  12. Tuairisc Choimisiún na Gaeltachta. Baile Átha Cliath, 1926. Ar fáil ag: https://aran.library.nuigalway.ie/handle/10379/2586. Féach chomh maith, John Walsh, Díchoimisiniú Teanga: Coimisiún na Gaeltachta, 1926, Baile Átha Cliath: Cois Life, 2005.
  13. McFadden, who had been a schoolteacher in Glencolmcille, posed as a terrific Irishman. http://www.bureauofmilitaryhistory.ie/reels/bmh/BMH.WS1004.pdf#page=8 Rochtain 07/06/17.
  14. Miguel de Unamuno. The Tragic Sense of Life. Arna Aistriú ón Spáinnis ag J.E. Crawford Flitch. Nua-Eabhrac: Dover, 126. Liom féin an t-aistriúchán go Gaeilge, agus cheadaigh mé an bhun-Spáinnis sa leagan thuas.
  15. Leagtar an leagan Béarla ar an fhile Sasanach, Ralph Hodgson (1871–1962).
  16. Lorna Siggins, ‘Locals need not apply: A planning problem in West Kerry.’ http://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/locals-need-not-apply-a-planning-problem-in-west-kerry-1.3109611 Irish Times 6/06/17.
  17. Lenore A. Grenoble & Lindsay J. Whaley, ‘Toward a Typology of Language Endangerment,’ Endangered Languages: Loss and Community Response. Eag. L.A. Grenoble & L.J. Whaley. Cambridge: Cambridge University Press, 52–4.
Lillis Ó Laoire

Is amhránaí agus scoláire é Lillis Ó Laoire