Dánta nua

Gréagóir Ó Dúill

Tobann, tapa

Go tobann, tapa a tharlaíonn sé, an t-athrú sin
Sa tsaol. Rith an ama, is é a cheiliúraimid le chéile
Suirí is scrúduithe, postanna, pósta agus páistí,
Laetha saoire agus laetha gruama, díol is ceannacht,
Teach is gluaisteán, imirce is cuartaíocht.

Ach tagann an t-athrú, fiacail sa ghaoth,
Deoir faoin tsúil, faobhar speile le focal, meath na dóighiúlachta,
Ní i bhfad a fhanann an bás ar thairseach an dorais
Gan teacht isteach, is beannú dá bhfuil istigh, bleid chomhrá
A dhéanamh le duine nach raibh fhios againn
Oiread sin aithne a bheith aige air.

Bíonn a bhfuil le déanamh ar eolas againn, agus sinn gan fhios,
An bua seo aici sin, an stíl cheart aige siúd, aithne ag an mhuintir seo
Ar an dream seo, ar lucht na searmanas, ar an cheoltóir cheart.
Cár fhoghlaim muid cultúr seo an bháis? nó an ea
Go bhfuil an eithne sin ag fás i rith an ama
Fríd na blianta maithe méithe, ag aipiú leis
Taobh thiar de ghriandó órga an chraicinn óig, laistigh den chorp
Agus an fheoil ag leá de réir a chéile, chun nach bhfágtar sa timpeall ach cnámh.

Samhradh – sraith pictiúr

1

Rón ar an chladach, leonta ag an daorbhreith, ag fanacht le bás
Faoi dhumhchanna arda crochta na gainimhe,
Tonntracha ag búiríl, ag teacht fhad leis,
Mar a bheadh trácht cathrach síoraí, rialta mar metro faoi thalamh.

2

Neadaíonn mo theach go cluthar istigh faoi chorn fial na mbailte fearainn,
An Chaoldroim, Baile na Creige, An Bhinn Bhuí, Carn Traona, Droim na Searrach:
Líonann an cupán le ceol an earraigh, le deoch na bua, le glaoch na cuaiche,
Líonann an nead le strainséirí an tsamhraidh, titeann na sceallamáin le talamh,
A ngob craosach básmhar oscailte, is gan sa chrann ach glaoch
An fhoghlaí strainséartha, canúint, canúint.

3

Samhradh, samhradh, thugamar féin an samhradh linn,
Lomaire faiche, aláram tí, bonnán gardaí, páistí sa tsráid,
Thugamar féin an samhradh linn, samhradh, samhradh,
Crá lucht scrúduithe, geonaíl chraobh faoi thromualach duilliúir,
Smearadh uibheacha faoi sceach, faoi chrann,
Bhriseamar féin an samhradh linn,
Súlach ar shá, béal lainne le driseacha,
Uain gheala ghearrshaolacha ag brú le sreang dheilgneach.

Glac ceann ar maidin, mar a threoraítear

Lón an lae, an dialann, na piollaí beaga,
Cúis is feidhm faoi leith ag gach uile cheann,
Ceann ag múchadh fothoradh an chinn eile,
Ceann eile nach cinnte faoi ach nach ndéanfaidh sé aon dochar.

Bíonn an poitigéir cúramach is í ag dáileadh drugaí,
Nó ag díol smideadh béil, leigheas thar chuntar ar thinneas póite,
Tóinbheart do sheanduine. Cúramach is beacht,
Téarmaíocht chruinn aici mar bhonn dá healaín, dá heolaíocht.

Cuireadh na prócaí móra gloine ar an tseilf is airde, an lipéad Laidine
Gona gearracháin dothuigthe ag an phoitigéir féin; anois is leor an Béarla,
Ainmneacha a bhaisteann comhlachtaí móra déantúsaíochta,
Tar éis taighde mhargaidh a gheallann an díolaíocht.
Ach maireann an dóchas is an draíocht sna hainmneacha fós,
Íocshláinte an domhain i mbuidéilín donn faoi chlaibín scriú.

Cluichí foirne

Ba le chéile muid, de ghnáth, ba chuma cén tasc, cén comhthéacs:
Ag canadh na dtáblaí matamaitice d’aon ghlór amháin, ár n-aigne
Ar an fhoiche i nga na gréine ón fhuinneog ard anuas,
Súil againn ar mhéar stiúrtha an mháistreása, ar an bhambú sa chupard.

Nó inár mbaicle inár bhfeisteas Carghais thart ar an tsagart,
Coinneal nó crois againn, feacadh glún ar thílí crua,
Loinneog chráifeach shollúnta. Ba mhinic
An dís ag obair le chéile, eisean de shíor ar an tairseach a phlé
Réiteach do na sacraimintí nó do na cártaí paróiste oíche Dhéardaoin.

Nó sinn ag imirt sacair gan lúth, gan scil, cúpla geansaí
Mar chuaillí carntha ar thalamh, gan súil againn ar chluichí foirne na ngirseacha
Ná acusan orainne — ba lasmuigh den treabh a bhíodar,
Dá mba dheirfiúr féin í siúd ag ceann an rópa.

Thit corrdhuine amach le croitheadh ghrideall an ama,
Easláinte nó imirce, printíseacht nó fostaíocht, ach mhair an cór slán,
D’athraigh, d’aibigh na glórtha agus crot na gcailíní le himeacht na mblian,
Rinneadh cluichí beirte de na cluichí foirne, méar an mháistreása
Gan éifeacht mar baton stiúrtha.
Gréagóir Ó Dúill