Tubaiste ‘An Mine’

Tubaiste ‘An Mine’

Grianghrafadóir: Seán Ó Mainnín

Leabhar nua faoi thubaiste a tharla i gConamara 100 bliain ó shin é ‘An Mine’. Míníonn eagarthóir an leabhair tábhacht an scéil

Ba é pléascadh an Mine ar an 15 Meitheamh 1917 móreachtra staire an Locháin agus na bailte chaon taobh de. Bhí, agus tá, muintir an naonúir a maraíodh thart timpeall orm. Tá lorg tí Edward Pheaidí le feiceáil ó dhoras mo thí féin. Tá lorg tí Joe Mháire Choilm a fhad chéanna uaim. Tá an Poitín Stil, áit a raibh an coiste cróinéara ar siúl an lá i ndiaidh na tubaiste, ag ceann an bhóthair. Tá lorg tí Taimín Tom Thaidhg dhá nóiméad siúil siar uaidh sin. Connigh ort siar dhá nóiméad eile agus tá lorg tí Chóilín Sheáin Uí Fhinneadha agus lorg tí Thaidhg Mharcuis le feiceáil. Tá tigh Joe Hughie agus tigh Chóil Chóilí nóiméad nó dhó eile siúil uait. Níl an Trá Shalach féin deich nóiméad siúil uaim le cladach. Feicim an chrois bhreá nua sin atá curtha ar an leacht le cúpla seachtain anuas ó fhuinneog na cisteanaí agus í trí lasadh ag grian an tráthnóna.

Nuair a bhí mise ag fás aníos ar an Lochán Beag sna 1980idí, b›ábhar cainte é an Mine nach ndéantaí mórán cainte air, más féidir é sin a rá. Ní cuimhneach liom aon trácht a bheith déanta air sa mbaile ná in aon áit eile. Bhí a fhios agam go raibh an leacht cuimhneacháin ar an Trá Shalach, ar ndóigh, agus bhí a fhios agam gur maraíodh naonúr sa bpléasc. Bhí a fhios agam gur tháinig fear amháin, Joe Hughie Ó Fátharta, slán ach gur fhan píosa den Mine ina dhroim. Ach ní cuimhneach liom aon duine á rá seo liom. Agus bhí a fhios agam cérbh é Edward Pheaidí, mar bhí a chlann go líonmhar thart orm. Ach ní raibh aon eolas agam faoin ochtar eile a maraíodh – go deimhin b›ait liom sloinnte mar Ó Laoi agus Oibicín, sloinnte atá imithe as an gceantar, a fheiceáil greanta ar an gcloch mhín.

Is é mo ghéarchuimhne ar an Mine, Neain Pheaidí á cur faoi agallamh ag Seán Mháirtín Mhóir Ó Tuairisg ar an teilifís am eicínt sna 1980idí deireanacha nó na 1990idí luatha (b›in sula raibh stáisiún teilifíse ar leic an dorais againn agus ba rud mór a bhí ann duine ón áit a fheiceáil ar an teilifís) agus í ag caint faoin lá ar maraíodh a hathair, Edward Pheaidí,. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht lena cur síos meáite, cuimsitheach ar an tubaiste a d›fhág gan athair ise agus a seisear dearthár agus deirfiúr.

Nuair a tugadh cuireadh dhom an leabhar seo a chur in eagar, ní raibh aon drogall ná leisce orm roimhe, mar bhí sé i gceist agam i gcónaí staidéar ceart a dhéanamh air agus eolas a chur ar an dream a maraíodh, agus ar a muintir. Agus b›iontach an deis a tugadh dhom é sin a dhéanamh. Le cabhair ó leithéidí Bhreandáin Mháirtín Mhóir Uí Thuairisg agus a dheartháir Ruaidhrí, ó Phádraic Wille Ó Fátharta agus ó Mháire Chóil Tom Uí Chonghaile, ó Phádraic Tom Pheaidí Mac Diarmada, agus go leor nach iad, d›éirigh liom ginealach agus sliocht na marbh a thabhairt liom, a chur de ghlanmheabhair bhí sé chomh maith dhom a rá, agus iad a cheangal le daoine atá beo sa lá atá inniu ann agus a bhfuil aithne agam féin orthu.

Agus b›in thar aon rud eile, déarfainn, is mó a chuaigh i bhfeidhm orm: an oiread sin de phobal Chois Fharraige sa lá atá inniu ann a bhfuil smeadar éigin gaoil nó cleamhnais acu le duine (nó beirt go deimhin, tá muid chomh fite fuaite sin ina chéile!) den naonúr a maraíodh. Agus féadfaidh mé féin a dhul ag brú gaoil anois: bhí aint le leasmháthair m›athar, Jude Mháirtín, pósta ag Seán Ó Laoi, deartháir le Pádraic Ó Laoi, agus col ceathar le Éamonn Ó Laoi a maraíodh beirt sa Mine – ní smeadar gaoil é sin anois ach smidirín, agus ceann an-bheag go deo!

D›éirigh liom chomh maith agus mé ag cur an leabhair seo i dtoll a chéile aithne níos fearr a chur ar dhaoine sa bpobal a raibh aithne súl nó aithne áirid agam orthu roimhe seo. Agus sin é is mó a sheasfas dhom amach anseo: gur éirigh liom buntáiste a bhaint as an leabhar seo agus gur tháinig mé ar thuiscint nua ar an bpobal ina mairim. Luaigh Gormfhlaith an focal ‹mianach› ansin agus nach amháin gurb é an focal Gaeilge é ar mine ach go gcuireann sé meon, oidhreacht, cáilíocht, spiorad, – na tréithe atá chomh forleathan sin i bpobal Chois Fharraige.

Tuairiscí a thug daoine a bhí beo ag an am…

Ach dhá mbeadh a fhios againn go mba é an bás é, nó go raibh an bás chomh gar, b’fhéidir go mbeadh seans againn. Níor tháinig sé de léim. Nuair a dhírigh muid an spike, thosaigh sé ag teacht amach de réir a chéile – feicim é ag teacht amach fós. Nuair a bhí, déarfainn, os cionn sé horlaí dhe amuigh, bhuel anois, sin eile a raibh a fhios agamsa.

– Joe Hughie Ó Fátharta

Agus ag dul suas dom chuala mé an phléasc agus shíl mé go raibh an saol leagthaí . . .

– Bid Bheartla (Uí Chualáin)

. . . agus d’fhiafraigh duine eicínt againn, is dóigh gurbh é mé fhéin é, ‹An bhfaca tú mo Dheaide, a Joe?› Is cuimhním go maith ar an bhfocal a dúirt Joe dá laige dá raibh mé an uair sin, ‘A mhaicín, tá faitíos orm go bhfuil tú gan Deaide’. Sin é nuair a scanraigh muid.

– Tom Pheaidí Mac Diarmada

. . . agus bhí gasúr ann a bhí ag an scoil in éineacht linn, maraíodh an duine bocht, Peadar Chóil Chóilí. Is cuimhneach liom go raibh culaith nua cheanneasna air ag dul ag an scoil. Tháinig an t-athair – go ndéana Dia trócaire anois ar fad orthu – agus chonaic mé ag tógáil an chóta é – níor frítheadh tada dhe ach an cóta, an jaicéidín a bhí air. Agus ní raibh a dhath ar an jaicéidín.

– Peadar Ó Máille