Bliain na Gaeilge 1987

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Fáilte romhaibh go dtí céad eagrán Comhar 2018

Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh go háirithe as saothar na glúine úire scríbhneoirí atá againn daoibh chun tús a chur leis an mbliain nua.

Ina theannta sin, tá cuntas bríomhar ar cháipéisí stáit 1987 ag Breandán Delap ar eagrán na míosa seo agus léargas ríshuimiúil aige ar a ghangaidí is a bhí an caidreamh idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Airgeadais os cionn tríocha bliain ó shin.

Is ríshuimiúil leis, áfach, an léargas a thugann taighde Delap ar ghné eile den chaidreamh céanna: an miotal a léirigh Ard-Rúnaí Roinn na Gaeltachta agus é faoi ionsaí ag an roinn is cumhachtaí ar fad acu.

Pé ní mar gheall ar cé aige a bhí an ceart san aighneas, díol suntais ab ea an frithionsaí forránta a dhein Liam Tóibín ar an Roinn Airgeadais.

Léiríonn cáipéisí eile a scaoileadh faoin ‘Riail 30 Bliain’ ag deireadh na bliana seo caite nach raibh aon ghéilleadh ach oiread ag Aire Gaeltachta na linne, Paddy O’Toole, don dearcadh gur súil an tsionnaigh le magairlí an tairbh ab ea é a bheith ag súil lena cheart a fháil do phobal na teanga.

Airgead an chrannchuir náisiúnta a bhí i gceist sa chás sin agus é beartaithe ag an Roinn Airgeadais £400,000 de a chur ar fáil do thograí Gaeilge. Thug O’Toole le fios go bhféachfaí ar an tsuim seo mar ‘mhasla’ mór don teanga agus gur cheart ar a laghad 20% d’airgead an chrannchuir a chaitheamh ar chur chun cinn na Gaeilge.

Ar ndóigh, níor glacadh le moladh an aire, agus níorbh aon ré órga ná baol air an tréimhse chéanna i stair na teanga ná ní raibh cáil na dílseachta don teanga ar an rialtas lena bhain O’Toole.

Mar sin féin, tugann na cáipéisí seo éachtaint bheag dúinn ar imeallú na Gaeilge le tríocha bliain anuas agus ar a thámáilte is atáthar anois i mbun éilimh.

Cad a nochtfar i dtaobh chaidreamh na n-údarás teanga leis an Roinn Airgeadais agus ranna eile sna cáipéisí stáit a scaoilfear faoi cheann tríocha bliain eile?

Ráineodh go mbeadh an comhfhreagras i bhfad níos séimhe, mar de réir mar atá an Stát ag cúlú óna dhualgas an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail, is ea is amhlaidh gur ag dul i dtreise atá comhpháirtíocht lucht na teanga i móradh an chúpla foclachas.

Sampla maith de sin is ea Bliain na Gaeilge 2018, comhfhiontar idir an Rialtas agus gluaiseacht na Gaeilge ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga.

Ba mhíthráthúil mar a fógraíodh an togra seo nuair atá státchóras geall le bheith aonteangach á bhrú orainn agus tobar na Gaeilge ag dul i ndísc sa Ghaeltacht.

Ní fios go fóill cén rath a bheidh ar Bhliain na Gaeilge, ach is cinnte gur doiléire ná riamh an deighilt idir lucht na bolscaireachta agus lucht na stocaireachta dá bharr.

Idir an dá linn, €450,000 an maoiniú ar fad atá á chur ar fáil don cheiliúradh bliana, timpeall aon trian den airgead a caitheadh anuraidh ar straitéis margaíochta Creative Ireland, nó Éire Ildánach.

An ndúirt aon duine ar an taobh istigh gur masla mór an tsuim seo?

Mura ndúirt, b’fhiú gach pingin é don Rialtas.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie