Searbhmhilis

Dán míostraithe i ndiaidh ‘Subh Mhilis’ le Séamas Ó Néill le Ciara Ní É

Bhí fuil thriomaithe

ina smál ar mo bhríste

Ach mhúch mé an corraí

Ionam a d’éirigh,

Mar smaoinigh mé le háthas,

Cé nach raibh mo bhríste glan,

Go raibh lámh bheag

ar iarraidh.