Ar Mhac Iarchailín 

le Dubhán Ó Longáin

Ar an chéad lá a bhuail mé leat,

I ndiaidh domh na seacht n-aithne a chur ar do mháthair,

D’amharc mé ort

Ag luascadh ar fhráma dreapadóireachta.

Léim tú de

Ag breith greim

Ar ghathanna solais do shamhlaíochta.

Chaith tú chun leataoibh iad

Ag tiontú i dtreo an chéad gha eile.

Is mé i mo shuí in aice do mháthara—

D’admhaigh mé di

Go raibh mé i ngrá léi.

Lá eile, i bpáirc eile,

I ndiaidh domh na seacht n-aithne a chur ortsa,

Rith tú gan aidhm gan chuspóir.

Ceann scríbe do shamhlaíochta bainte

Thiontaigh tú agus rith tú leat.

Is mé i mo shuí in aice do mháthara,

Mo chroí chomh héadrom le do chosa,

D’admhaigh mé di

Go raibh grá agam duit.

Mise a’ rith chugat,

Thóg mé thú i mo bhaclainn,

Ar an lá a thit tú den chrandaí bogadaí.

Sa bhaclainn chéanna a chaoin tú

Nuair a gheall mé nárbh ortsa an locht.