IDEO Locator

le Dubhán Ó Longáin

Anseo atá tú, a thurasóir,

Ar bharr sléibhe éigin eile,

Faoi ghrian samhraidh,

Ceamara i do ghlac,

Ag tarraingt pictiúr don lucht sa bhaile.

Féach na caoirigh úd, a thurasóir.

Ba le Thady Mhánais iad.

Fuarthas Thady i measc na gcaorach maidin gheimhridh,

mac leis a chothaíonn na caoirigh anois.

An bhfeiceann tú an reilig uaigneach thall?

Tá mo sheantuismitheoirí agus uncail liom in uaigh amháin.

Cuir suim i ndáta.

An séipéal sin in aice,

Shuigh athair m’athara ann

Ag machnamh ar a roghanna.

Luigh a chinneadh air, chomh trom

Le fearthainn sléibhe –

Tógadh m’athair i dteach comharsan.

Cuimhnigh orthu, a thurasóir coimhthíoch,

Ar Thady, ar mo dhaoine,

Agus tú taobh thiar de do cheamara.

A n-allas, a neart, a gcnámha

A thochail an gleann seo.