Beag ach zippy

Beag ach zippy

MARKWICKHAM.ORG

Gearrscéal nua le Eoin P. Ó Murchú

Dropáil sé e agus ath-e agus níorbh fhada go raibh a ghiall leathchangailte aige agus gach ‘ó man, man is focain grá liom thú’, ‘níl fhios a’m ó thalamh an domhain cén fáth nach ndúirt mé sin leat cheana’ agus fuisce agus mála beag plaisteach súite go raibh an taobh istigh amuigh. Agus ansin focain tada.

Dhúisíomar, mise agus Rags, inár gcual ar tholg éigin in árasán éigin taobh le Sráid an Phiarsaigh, teannadh i mo chliabhrach agus síos chun na siopaí le skins a cheannach, toitíní leathbhriste i mo phócaí, tobac agus sóinseáil ar fud an bhaill. Spliof leathrollta againn roimh sop dúinn, ciallmhar gan a bheith céillí. Isteach chuig an Windjammer ansin, ceadúnas luath acu do na hiascairí. D’fhéachamar thart. Gan aon iascaire istigh. Lucht réabhála, lucht fíona, lucht bailigh le chéile na pinginí deireanacha do thrí channa eile agus seo an t-aon áit ar chlár na cathrach a bhí oscailte ag a hocht.

B’in cúig bliana ó shin, nach ea? Ya, agus anois seo. Linne Boardwalk na Life. Go deas ar laethanta deasa gréine, go deas ar laethanta a bhfaighimid ár ndóthain airgid. Bíonn craic ann fiú. Ár meanma a choinneáil in airde idir na málaí, na néaróga a shocrú, roinnt zimos, Roche 5s, agus spliof. Ansin síos go Merchants Quay agus roinnt phi a fháil, a chaitheamh siar sa bhéal, gan a chaitheamh siar sa scornach, ansin a chaitheamh amach i mbuidéal síos scabhat éigin, bualadh le Franco áit éigin agus a dhíol leis. €20 euro? Is fiú focain €50 é sin.

‘An féidir linn dul suas ag na Friars Gav?’

Rags ag glaoch orm, ag impí orm, caithfidh go raibh anraith agus arán donn na Friars’ uaidh. Nó comhrá le labhairt faoina chloigeann.

‘Nó’ a deirim, ‘tá Decó le teacht.’

‘Ah foc, dáiríre Gav?’

‘Faigh focain chicken fillet nó rud éigin.’

‘Na, tá bia ceart uaim. Scéal le Decó?’

Bhí Rags i gcónaí ag focain wingeáil. É ar crith anois, thug mé toitín dó lena shuaimhniú is zimo, an ceann deireanach a bhí agam.

‘€2 agat i gcomhair hostel?’

‘Féach, táimid ag fanacht leis, dúirt mé leis, álraidht. Bhíomar focáilte aréir, ach dúirt mé leis go mbeinn anseo ag fanacht air. Tuigeann tú go gcaithfimid fanacht.’

‘Álraidht, Álraidht.’

Oibrí oifige a shiúil thar bráid gan freagra a thabhairt ar Rags.

‘Bhuel foc off mar sin!’

‘€2 agat i gcomhair hostel?’ Rags ag coinneáil air.

‘Cuir focain glaoch air.’

Thóg mé an Nokia as mo phóca, flipfón a mbíonn Rags a’ spochadh as.

‘Tá an fón marbh nach bhfuil, just éist do focain béal álraidht?’

Ach bhí orainn fanacht ar Decó, pé rud a bhí ráite agam leis, dúirt mé go mbeinn ann. Agus déanann tú rud ar Decó.

Ach lá fliuch, shleamhnaigh sé isteach i mo bhróga, i mo mhála codlata, i mo chairtchlár dolmio tomato sauce 24-pack, i mo focain anam agus bhris sé síos muid. Cac a ghlacadh i lár an lae ar an tsráid, níl aon focain craic ansin. Níl aon focain uaisleacht ann ach oiread ach déanann tú é.

Ag a 5 nó mar sin, bhuel an t-am sin a mbíonn na cosáin lán, rith na leaids ó Fatima thar Dhroichead Uí Chonaill, tray de bhuidéil de na deochanna protein acu, na jammy bastards. Thaitin siad sin le héinne a bhí ar gear, iad sin nó Yazoos, bhí fuinneamh iontu agus ní bheadh ort do chac a bheith agat leo.

Rud ar bith a chuirfeadh isteach ar an gcnap donn sin, é a dhó go cúramach agus ansin an leacht a shú in airde sa steallaire, agus cromadh áit éigin le féith a aimsiú nach raibh tite isteach. D’aimsigh mé ceann istigh i mo ghabhal, crios agus an chos ag pumpáil. Bhí mo chuid féitheacha focáilte agus gach éinne. Thosaigh mé ar an ngabhal le roinnt seachtainí agus bhí fuileadáin mhóra shalacha briste agus brúite ar an dá thaobh. Rianta na n-oícheanta agus na móimintí beaga sonais sin le sonrú ar gach ball díom. Bhí ‘defence marks’ orm chomh maith, mar a dúirt lucht an ospidéil. Na doirn scafa agus lán colm.

Is féidir leaid nua ar an mboardwalk a fheiceáil gan stró ar bith, a dhuine. Bíonn sé beo beathaithe agus na lámha gan cháim. Bíonn sé thart ag díol nó ag ceannach ansin ag caitheamh go bhfaigheann sé greim bíse air fiú na daoine a deir ‘No way man’, na daoine ar fuath leo steallairí, na daoine a bhfuair dlúthchairde leo bás cheana. Na cailíní a deir gur fuath leo breathnú ar fhuil agus go dtitfidís i laige, ansin dhá mhí níos déanaí iad cromtha i lána éigin le rubar ina mbéal acu agus rian na steallairí ar na cosa, an fhuil ag sileadh amach ar na bróga leis na féitheacha folaithe sin idir méara na gcos a aimsiú agus ansin thuas go Sráid Líosain nó Páirc an Fhionnuisce ar an game.

Ansin mo dhuine Skinner, suas agus síos don lá ar fad, na cluaisíní istigh aige, le nach gcloisfeadh sé na glórtha, a dúirt sé, tugann na holy Joes ceallraí dó ach uaireanta ní bhíodh siad aige agus bhíodh sé ag siúl siar agus aniar ag caint leis féin, ag rá go raibh an CIA, an IRA agus an FBI tar éis labhairt leo sin sa Dáil agus go raibh siad ag breathnú air agus bhain sé a chuid éadaí ar fad de agus luigh i lár an bhóthair gur bhuail carr é. Ní fheicfimis é ansin ar feadh roinnt seachtainí ach bheadh sé ar ais arís uair éigin gan amhras.

‘An ndúirt mé leat faoin gcomhartha luais i nDún Laoghaire?’ Aon rud leis an am a mheilt orainn.

‘Hea?’ Rags ag smaoineamh cheana ar an gcéad hit eile.

‘Ya má ritheann tú tapa go leor ceapann sé gur carr thú.’

‘Focain Dún Laoghaire a dhuine? An focain Dart? Ní rachainn amach chomh fada sin man, sin na sticks.’

‘Ya, chuaigh mé amach ann na blianta ó shin, bhí Christine ina cónaí ann. Ach an comhartha seo má ritheann tú ar an mbóthar in aice leis, ceapann sé gur carr thú agus cuireann sé an luas thuas ar an gcomhartha. Sula raibh Cheryl againn.’

‘Ceapann sé gur carr thú?’

‘Ya, ar nós Sinquento, beag ach zippy. Bhí mé in ann dul 37 gciliméadar san uair measaim.’

‘Haha, sin tusa, beag ach zippy a dhuine!’

Agus cúig bliana ó shin arís, an mhaidin úd nuair a thuigeamar go raibh sé de cheart againn roinnt kip a fháil ach gur leanamar orainn. Línte agus piollaí arís agus shite talk den scoth, is cara den scoth thú, meas mór agam ort agus d’fhéadfaimis aon rud a dhéanamh, yadaí yadaí ya an t-aon focain aisling a bhí againn ná go mbeadh aisling againn. Éalú ón teaghlach, ó mo chlann féin. Gur lean an lá ina oíche agus go rabhamar amuigh ag réabháil go ndeachamar siar go teach cheann de na leaids, Ste. Ar chaith gach fear a raibh aon ghaol leis blianta istigh. Ag suí ar an tolg ann ag caitheamh rud nár chaitheamar riamh cheana ag breathnú ar Family Guy. An mothú sin. Thuig mé nach n-éalóinn uaidh riamh, ón uair ar tharraing mé air gur líon sé mo scamhóga agus gur chúb sé isteach timpeall orm, brionglóid shócúil agus gach rud ina cheart agus gach rud iontach ach aisteach ach ceart agus na leaids focain sínte. Peter Griffin a’ rá an cuimhneach leat an uair sin a tharla x, y, agus z agus mise ag luí siar, siar, siar agus chomh fada siar nach raibh aon aniar ann riamh. Mise agus Rags ag breathnú ar an tsíleáil sa phrochóigín bhrocach sin nach raibh aon oidhre air ach pálás dúinn an t-am sin.

‘Chuaigh mé ann le Christine, cheap sí go raibh sé iontach. Ah.’

‘Ya.’

‘Ag smaoineamh air anois is dócha gur cheap sí go raibh sé shite. Ní fhaca mé í le míonna. Ah foc, foc.’

‘Ah man, ná bac.’ Rags ag baint a bhróga reatha de.

‘Tá siad focain mouldy a dhuine.’

Turasóirí ag dul thar bráid.

‘Féach air sin man, tá do chosa ag titim as a chéile!’

Bhí a chosa scriosta, bhí an chathair siúlta againn aréir agus bróga nua ar Rags. Ciceáladh an cac as an oíche roimhe arís, thuas ag an mBanc Ceannais, san áit a raibh an t-aer te ag teacht amach ón talamh. Chiceáil focain Polannach éigin an cac as, ghoid focain €20 a bhí aige agus a bhróga. Bhí a aghaidh focáilte, fuil dheargbhuí taobh thiar dá shúil chlé, an aghaidh ar fad basctha, róthanaí cheana agus anois an craiceann briste agus cheapfá go mb’fhéidir go bpléascfadh an bhlaosc sin trína chraiceann amach bhí sé chomh teann sin air.

‘Ah Gav, an féidir linn fágáil? Dul suas chuig na Friars?’

‘Nó, dúirt mé leat tá Decó chun teacht.’

Ansin ceithre bliana ó shin, dul a chodladh thuas i bPáirc an Fhionnuisce i bpuball ar eagla go bhfeicfeadh éinne mé tar éis na trioblóide, níos déanaí timpeall ar an mbanc agus an t-aer te agus fáil sciobtha ar gear i gcónaí agus pinginí, ach dúirt mé sin cheana nach ndúirt? Agus blianta ina dhiaidh sin ina radharcanna buile trí mo cheann. Mise agus Rags ag focáil sandwich boards isteach sa Life, an fógra Nokia atá thuas ón mboardwalk, ann le focain blianta, connecting people. Agus gardaí dár mbogadh ar aghaidh. Ó agus féach seo.

‘Anois a leaids, tá roinnt gearán faighte againn, beidh orm sibh a bhogadh ar aghaidh, is féidir dul síos go Merchants Quay nó thall chuig an mbrú ach ní féidir libh fanacht anseo, tá sibh ag cur isteach ar na turasóirí.’

Agus d’fhéachamar thart, ón áit a rabhamar suite ar an mbinse ar an mboardwalk agus bhí na suíocháin ar fad in aice linn folamh seachas faoileán dúr.

‘Ya bhuel, foc as, níl ionat ach cunt salach de mhuc!’ agus seile leis ó Rags.

Bhogamar ar feadh tamaill, thuas agus thall thart ar Ha’penny agus ansin ar ais ar an taobh eile, timpeall ar Dhroichead Uí Chonaill go rabhamar suite ar an mbinse céanna arís faoi cheann cúig nóiméad agus an focain cábóg de gharda sin imithe leis.

Agus blianta de thuas seal thíos feadh tamaill go bhfaighinn arís é. Agus troideanna agus maslaí agus focain gypo, nach tú an tincéir, foc leat a scabhtaeir, níl ionat ach buachaillín sráide, buachaill cúinne, dún do focain clab, éirigh as sin, tar anuas uaidh sin, sleaip sa bhéal, dorn san aghaidh, bróg sa cheann agus gear, gear, gear.

Ansin tháinig caol-leaidín, slataire de bhuachaill mílítheach lena pholo deas glan dúnta ag an mbarr, kicks deasa glana agus madra beag feargach lena thaobh.

‘Níl Decó thart, ach beidh amárach ann, timpeall ar a haon, dúirt sé liom a rá libh bheith ann.’

An focain lá curtha amú againn, gan mórán focain airgid againn fiú. Agus focain turasóirí le mapaí ag dul thar bráid.

Screadann Rags, ‘Cén fáth nár chuir tú focain scéala chugainn níos luaithe?’

Ach tá an caol-leaidín casta is ag siúl uainn is tá ár bpócaí chomh folamh anois is a bhí riamh agus screadann Rags.

‘Focain chinks!’

Agus téimid suas chuig na Friars, caint a bhí ó Rags, buailimid isteach ar Spar ar an mbealach. Chocolate milk.

agus arís,

‘€2 agat i gcomhair hostel?’

agus hit an duine

agus

snackbox leath-ite

agus

seastán anraith

agus

buaileann Rags turasóir le cathaoir, ná bí buartha ní raibh ann ach aluminium a dhuine, ná déan thusa breithiúnas orainn, bhí sé tuillte go maith aige an cunús, ní raibh uainn ach airgead.

agus

beirt againn cromtha sa doircheacht ag Wood Quay.

An athróinn aon rud? Ah ya. Gach rud. Gear, an virus, an boardwalk. Díreach anocht an uair amháin eile seo, ansin amárach síos chuig an phi. Beidh mé glan an uair seo agus feicfidh mé Cheryl arís. Caithfidh go bhfuil sí trí anois. Ya, just seo anois agus ansin Decó amárach agus ansin rachaidh mé ar an phi.

Amárach.

Rachaidh mé ar an phi.

Geallaim duit.