I gCochall mo Chroí le Bríd Ní Mhóráin (LeabhairCOMHAR)

Léirmheas le Áine Uí Fhoghlú

Preabann rudaí sainiúla chugat as filíocht Bhríd Ní Mhóráin: an dúlra, an dúchas, an spioradáltacht, caidreamh an duine leis an saol agus leis an tsíoraíocht. Tá bua na géarchúise aici agus gnéithe fisiciúla agus fealsúnachta an tsaoil á dtabhairt faoi ndeara aici. Bíonn na gnéithe seo ag síorchoibhlint lena chéile - mar a dúirt Shakespeare fadó - i ndráma an domhain mhóir ar ardán os a comhair. Cruthaítear saothair bhreátha filíochta as an léargas glinn atá ag an bhfile ar na nithe sin.

Ocht ndán is seasca ar fad atá sa chnuasach is déanaí ó Bhríd Ní Mhóráin, agus é foilsithe ag LeabhairCOMHAR. Tá ealaín an Spáinnigh Saturio Alonso, atá ag cur faoi anois i gCill Chainnigh, le feiscint sa chnuasach, rud a chuireann le maise an tsaothair. Tá dhá dhán déag nua ann agus rogha dánta ó na sé chnuasach a tháinig roimhe. Ní miste a rá go mbaineann éagsúlacht agus íogaire leis na dánta seo agus trí scil an fhile nochtar don léitheoir an leochaileacht agus an daonnacht atá mar shnáithín mín idir an duine, an saol agus an t-anam.

Caointear nuair is gá agus déantar ceiliúradh nuair is cuí sna dánta seo. Léirítear bród agus brón an phobail as a gcomharsan Domhnall Mac an tSíthigh a cailleadh go hanabaí sa Phortaingéil: ‘Saor tofa a chuir na clocha ag allagar/ saor bád a dhein naomhóg fite fáiscthe’ agus ‘Ba shaoi eagna sa phrós is san éigse é/ draoi focal ag seanchas is ag scéalaíocht’ agus an líne fháidhiúil: ‘Mairfidh a chuimhne fad tá Gael in Éirinn’.

Cloch bhreá ghreanta le carn é ómós Bhríde dá seanchara agus é scríofa go rithimeach ceolmhar.

Lonraíonn an dúlra, an dúchas agus an urraim trí na dánta sa chnuasach seo. File í Ní Mhóráin atá préamhaithe sa traidisiún Gaelach, a bhfuil dianstaidéar déanta aici ar sheanchas a sinsir agus a bhfuil smacht agus srian aici ar an teanga Ghaeilge. Ach más as an traidisiún atá sí fáiscthe, ní leasc léi tabhairt faoi ábhair chomhaimseartha ná níl drogall uirthi a taithí phearsanta ar an saol a nochtadh dúinn mar ábhar ina cuid filíochta.

Dán suntasach a théann i bhfeidhm go mór ar an léitheoir áirithe seo arís is arís eile é ‘Thíos Seal agus Thuas Seal’ (as an gcnuasach Fé Bhrat Bhríde) ina gcaoineann an file an t-easnamh a bhaineann lena neamhthorthúlacht féin. D’aithneodh éinne gur mó deor a shil an file agus
í á ghiniúint agus á thabhairt ar an saol. Casadh cliste
ar mhuirniú an linbh nuabheirthe iad na línte ‘ach tharlódh go dtógfainn mo bhrón/ i mo bhaclainn tamallacha/
go gcanfainn seoithín seó dó/ nó go dtitfeadh sé chun suain’ agus chuirfeadh an dán focail an fhile Rilke i gcuimhne dhuit agus é ag trácht ar dhul in aois: ‘Bloom
in fruitless blossoming’.

Sna dánta nua tá éagsúlacht téamaí: Mar a bheadh forógra na haimsire tá comóradh ar Éirí Amach 1916 a dhíríonn ar chliseadh an stáit maidir leis an imirce. Úsáidtear an fómhar mar mheafar ar na dúshláin i saol an duine, ar an mbás agus an t-athfhás in ‘An Duilleog Aonair’: ‘Tá sé thar am/ scarúint leis an gcraobh/ rinc
leat go talamh/déanfar díot áilleacht/ is gheobhair céad míle fáilte.’

Tá áilleacht agus uafaireacht na farraige in éineacht le sonrú againn i gcuid de na dánta. Athchruthaíonn ‘Brón ar an bhFarraige’ an stoirm thubaisteach a threascair Armáid na Spáinne nuair a bhí an criú ‘smiotaithe ar chreaga/ slogtha ag an ndoimhneas’ agus is maith a thuigeann aon phobal cois cósta an baol a bhaineann le ‘conach na dtonnta’ agus ‘coimheascar na ndúl’.

Cuirtear seanchas na háite go slán i dtaisce i ndánta ar nós ‘An Captaen Neamheaglach’ agus ‘Cuimhne na nDaoine’ agus tá an chomhréir leis an saol is an t-imshaol léirithe ar áilleacht in ‘Uaisle an tSléibhe’ mar a bhfeicimid an neach daonna mar chuid den dúiche as ar fuineadh is ar fáisceadh é, ar comhchéim, geall leis, leis na héin, na faillte agus na logainmneacha - canúintí iomadúla an tsléibhe iad caint na ndaoine, ceol na n-éan, glórtha na n-ainmhithe agus siollaí na ndúl.

Tá dualgais thraidisiúnta an fhile pobail Ghaelaigh
á gcomhlíonadh anseo: ríomhadh an ghinealaigh, caomhnú an bhéaloidis, aithris eachtraí ón stair áitiúil, buanú na cuimhne. Ach tá ionramháil ealaíonta agus éifeachtach leis sa saothar ar an tuiscint chomhaimseartha ar an saol ina mairimid, ar na téamaí uilíocha a bhaineann leis agus tá ionad na mban sa saol agus sa tsochaí i lár an aonaigh ann. Cuireann smacht teanga mar aon le srian rithime agus friotail na dánta sa chnuasach seo ina steillbheatha. Maisíonn dea-mheadaracht liricí ceolmhara tríd síos. Léiríonn na línte dúinn nach bhfuil ag éinne againn ach greim leochaileach ar ribe mín na beatha.

Mar bhuille scoir, is mór an mhaise ar an gcnuasach seo an aiste an-bhreá atá mar nóta brollaigh ón bhfile Ailbhe Ní Ghearbhaigh. Pléitear inti téamaí agus
cúinsí inspioráide na filíochta atá romhainn sa gcnuasach agus léirítear comhthéacs na ndánta dúinn go tuisceanach, gonta. Tugtar léargas dúinn ar mheon an fhile leis
an iliomad samplaí ón saothar agus tugtar aitheantas
don ghéire intleachta atá ag an bhfíodóir focal seo,
Bríd Ní Mhóráin.