Scríbhinn

le Sionainn Ní Ghréacháin

Nótaí ar naipcíní laistigh de tinfoil na gceapairí ag dul ar scoil, gach ceann dar críoch ‘Love mam’

B’in scríbhinn.

Leathanaigh lán deora agus briseadh croí a líonadh fé cheann neomataí,

‘S na línte ina gcíor thuathail, mar go raibh mo smaointe ina gcíor thuathail, mar go raibh mise i mo chíor thuathail uile mar gheall ar bhuachaill,

B’in scríbhinn.

An dán fén tobac a bhreacadh síos go súgach fé choim na hoíche ar an mBlascaod Mór go ceol rónta go leor,

B’in scríbhinn.

Agus i sochaí fé impireacht mhéarchláracha ‘na dtugann autocorrect fén obair is dúshlánaí,

Níl tada níos macánta, aoibhne ná sampla lom scríbhinne,

Is féidir a stróiceadh ina phíosaí bídeacha ’s a chaitheamh sa tine,

Nó a léamh chuile hoíche ’s a choinneáil i do memory box choíche.

Is nuair a ghlaofaidh Dia ort lá éigin,

Ní bheir go hiomlán dár dtréigean,

Is rian díot féin is de do chroí fágtha agat i do dhiaidh.

Is na lámhscríbhinní ar bharr Shráid Anraí i gcroílár Chathair Luimnigh,

Sin scríbhinn,

Sin sárscríbhinn aoibhinn,

Foras Feasa ar Éirinn.

Ach tá na lámhscríbhinní istigh in oifig ina luí,

Ina luí go díomhaoin,

Iad ag iarraidh feidhmiú is a bheith fiúntach,

Ina n-acmhainn luachmhar shuntasach.

Agus i gcathair a ndeir daoine rómhinic go bhfuil sí garbh,

Níor chóir aon ní eile a bheith marbh.

Mar ó na hoifigí ar bharr Shráid Anraí i gcroílár Chathair Luimnigh,

Cloisim béiceadh na leanaí,

Iad á scaoileadh saor ón crèche díreach taobh linn,

Is cloisim glór William Uí hAodha i m’intinn,

É ag ligean osna faoisimh is ag aireachtáil,

Go bhfuil deis eile anois aige maireachtáil,

Mar chomh maith leis an óg is lenár muintir,

Teastaíonn aird is aire ónár sinsear.

Is b’fhéidir dá ndúiseoimis muid fhéin,

Go ndúiseoimis glórtha i bhfad i gcéin,

Is b’fhéidir go gcothóimis a thuilleadh measa,

Ar an tseoid seo d’fhoras feasa.