Leathanach bán na féiniúlachta

Leathanach bán na féiniúlachta

Labhair Comhar le Sionainn Ní Ghréacháin, scríbhneoir óg as cathair Luimnigh, faoina cuid filíochta féin agus faoi thábhacht Mhichael Hartnett di

Cé tHusa?

Is minic na ceisteanna is bunúsaí agus is simplí ar na ceisteanna is deacra! Is mise Sionainn. Tá dhá bhliain is fiche slánaithe agam agus is i Maigh Rois, Cathair Luimnigh, a d’fhás mé aníos. Chaith mé roinnt blianta i gCathair na Gaillimhe, mar aon le bliain Erasmus in Nancy na Fraince, mar chuid de mo bhunchéim sa Fhraincis agus i Léann an Aistriúcháin, agus táim ar ais sa Fhrainc anois agus cónaí orm i gceantar sléibhtiúil darb ainm Moussey i réigiún Les Vosges. Chuir mé tús le déanaí le Máistreacht sa Léann Teanga ó OÉ Gaillimh. Bíonn formhór na ranganna ar líne, rud a fhágann an tsaoirse agam leas a bhaint as saol na Fraince.

An ionann an aithne atá agat féin ort féin agus an aithne atá ag daoine eile ort, dar leat?

Uaireanta, airím amhail is go bhfuil cónaí orm i dtrí dhomhan éagsúla – domhan na nGael, an domhan teaghlaigh i Luimneach agus domhan na Fraince, agus go ndéarfadh daoine sna trí dhomhan sin rudaí difriúla fúm. Tá aithne agam féin ar ‘Shannon’ Luimnigh, ‘Sionainn’ shaol na Gaeilge, agus ‘[Sha-nunn]’ na Fraince ach is annamh a fheiceann daoine eile na codanna sin uile díom. Glacaim leis, áfach, go dtagann na gnéithe is suntasaí de mo phearsantacht agus de mo mheon chun cinn i ngach ceann de na domhain sin agus gur beag ionadh a chuirim ar na daoine is gaire dom leis na rudaí agus na roghanna a dhéanaim. Ar bhealaí áirithe, is duine an-bhríomhar agus oscailte mé, ach ar bhealaí eile, bím sách coimeádach agus coinním go leor faoi mo chúlfhiacla. Tá daoine áirithe ann a mbíonn a fhios acu nuair a bhíonn rud éigin ar intinn agam, agus a n-éiríonn leo na mothúcháin loma ar fad a tharraingt amach asam agus domsa, ní féidir an faoiseamh a bhaineann lena leithéid a scaoileadh uait a shárú.

An oiliúint a fuairis sa Ghaolainn agus sa bhfilíocht/ Conas ar deineadh file díot?

Is beag is cuimhin liom den Ghaeilge ar an mbunscoil, ach amháin go bhfógraítí ‘nath na seachtaine’ ar an ngléas idirchumarsáide gach seachtain agus an leabhar ‘Fuaimeanna agus Focail’ a bheith againn. Tháinig athrú sách tobann ar chúrsaí, áfach, nuair a músclaíodh suim mhór agam sa Ghaeilge agus mé sa chéad bhliain den mheánscoil i gCnoc na Labhras (an scoil Bhéarla). Bhí múinteoir agam ansin ar feadh ceithre bliana, Maighréad Ní Iarlaithe, atá anois ag múineadh i gCorcaigh, agus ba mhór an t-ábhar spreagtha í. A bhuí léi, chruthaigh mé blag Gaeilge faoi chúrsaí faisin a d’fhág gur fhoghlaim mé go leor Gaeilge as mo stuaim féin agus mé ag scríobh alt is ag cuardach foclóra (cé nach mó a bhí ná atá ar eolas agam faoi chúrsaí faisin!), agus thosaíomar ag glacadh páirte i ndíospóireachtaí Gael Linn. Ní labhraíodh sí focal Béarla sa rang agus dhéanadh sí pé rud a theastódh – idir aisteoireacht agus léaráidí ar an gclár bán – ionas go dtuigfimis a mbíodh i gceist aici. Nuair a d’imigh sí ar shaoire mháithreachais, bhí mé croíbhriste, ach cuireadh ar mo shuaimhneas mé nuair a tháinig múinteoir nua, James Kelly, isteach a bhí ina fhoinse eolais den scoth maidir le cúrsaí gramadaí agus cruinnis. Bhaineamar Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh amach in 2014 agus is dócha gur ansin a chuir mé spéis sa bhealach a gcuirtear rudaí i láthair ó bhéal agus sa tionchar is féidir a bheith agat ar dhaoine ag brath ar an mbealach a gcuireann tú ábhar ó bhéal i láthair, rud a théann i bhfeidhm orm leis an bhfilíocht anois.

Cúpla bliain níos déanaí agus tá céim sa Fhraincis agus i Léann an Aistriúcháin ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agam mar aon leis an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí. Bhain mé triail as an bhfilíocht as Gaeilge den chéad uair ag ceardlann filíochta a reáchtáil Séamus Barra Ó Súilleabháin ag Féile Liú Lúnasa i mBéal Feirste cúpla bliain ó shin. Bhí orainn díriú ar na lógónna seo a bhain le cúrsaí tomhaltachais, agus ar deireadh, scríobh mé cúpla líne a bhain le nath cáiliúil McDonald’s, ‘I’m Lovin’ It’. Nuair a ghlaoigh sé orm mo chuid a roinnt leis an ngrúpa, bhí mo chroí i mo bhéal, ach tar éis dom é a dhéanamh, bhraith mé ‘buzz’ iontach. An bhliain dár gcionn, bhain mé an dara háit amach sa chéad Chomórtas Slamfhilíochta a bhí ag Liú Lúnasa. Chuir cara liom tús le cóipleabhar filíochta inar scríobh sise dán agus ansin sheol sí chugamsa é chun go scríobhfainn féin ceann ann, agus mar sin a cuireadh an leabhar ar aghaidh go cairde eile linn. N’fheadar cá bhfuil an leabhar siúlach úd faoi láthair ach tá súil agam go bhfuil sé scéalach agus go bhfeicfidh mé arís é. B’in tús le m’aistear is dócha, ach n’fheadar an ndéarfainn gur file mé go fóill – ach b’fhéidir duine a bhain triail as cúpla dán a scríobh cúpla babhta. Lá éigin eile, d’fhéadfainn a bheith ag maíomh gur filí muid uile.

Conas mar a chothófar filí Gaolainne i measc an aosa óig-nó an féidir file a chothú?

Sílim gur féidir file a chothú. Díreach mar is féidir suim sa cheol a chothú i nduine, sílim gur féidir grá do theanga, d’fhocail agus don rithim chainte a chothú i nduine agus uirlisí a chur ar fáil dó dul ag tochailt sa chumas scéalaíochta, filíochta nó reacaireachta atá aige. Le linn mo bhliain Erasmus sa Fhrainc, d’fhreastail mé ar cheardlanna scríbhneoireachta leis an slamfhile Tanguy R. Bitariho. Chuir seisean an-bhéim ar rud amháin sna ceardlanna seo, is é sin gur lenár gcuid focal féin agus lenár mbealach cainte féin a dhéanfaimis cló nua a chur ar an bhfilíocht agus nár ghá an foclóir a alpadh chun a bheith in ann rud éigin a scríobh. Ba mhór agam na focail seo agus mé ansin ag iarraidh mé féin a chur in iúl - go fileata - le mo chuid Fraincise briste, ach i saol na slamfhilíochta in Nancy, bhí fáilte roimh chách agus bhí sé de cheart ag gach duine guth a bheith aige agus é féin a chur in iúl mar ba mhian leis. Déanann Tanguy ceardlanna le páistí bunscoile freisin chun iad a chur ag cruthú agus ag scríobh scéalta agus sílim gur iontach an rud é an chruthaitheacht a chothú ón aois óg seo – sílim gur chóir deis a thabhairt don pháiste scéal a chumadh sula dtéann sé a luí istoíche seachas é a bheith ar an tuismitheoir i gcónaí scéal a léamh nó a insint, mar shampla. Nuair is féidir an ‘náire’ a bhíonn ar dhaoine rudaí ‘pearsanta’ a roinnt os comhair a chéile a dhíbirt, agus timpeallacht a chothú ina mbíonn guth duine amháin chomh maith agus chomh tábhachtach céanna le guth gach duine eile agus meas ag gach duine ar dheiseanna cainte a chéile, is féidir rudaí iontacha a bhaint amach le ceardlanna mar sin. Is cuimhin liom páirt a ghlacadh san ‘Fhéile’ agus mé sa bhunscoil, agus dán sa bhliain a fhoghlaim de ghlanmheabhair – an dán céanna ag an rang ar fad. Ach abair go rachadh filí ag obair le páistí agus daoine óga i nGaelscoileanna chun go scríobhfaidís féin scéalta nó dánta beaga dá gcuid féin agus ansin taispeántas beag a reáchtáil – samhlaím an éagsúlacht, an bród agus an turas foghlama is forbartha.

Tú féin agus Hartnett...inis dúinn faoina thionchar ort/faoi do mheas air.

Táim go fóill ag cur leis an eolas agus leis an gcur amach atá agam ar fhilí na Gaeilge agus déarfainn gur amaitéarach sa réimse sin go fóill mé. Ach spreag léachtóir ollscoile liom, Séamus Ó Coileáin, an-bhród ionam as a bheith i mo Luimníoch ó thosaigh mé ar an ollscoil. Shíl mé agus mé níb óige nach raibh aon cháil ar Luimneach ó thaobh na Gaeilge, agus ní raibh aon phobal Gaeilge agam ann agus mé i mo dhéagóir, ach amháin mo chuid ranganna Gaeilge ar scoil. Is dócha gurbh in a d’fhág go raibh mé meáite ar dhul go Gaillimh don ollscoil. Ach de réir a chéile, táim ag foghlaim faoi oidhreacht na Gaeilge i Luimneach agus faoi Luimnígh a bhain cáil amach dóibh féin ó thaobh na Gaeilge de. Is mór an t-ábhar spreagtha dom é léamh faoi Hartnett, a dúirt gurbh é an t-aon ‘recognised living poet’ a rugadh i gCromadh. Dúirt Nuala Ní Dhomhnaill nár chuir muintir na Gaeilge ach fáilte fhuarbhruite roimhe. Bíonn an-chaint ar ‘nua-chainteoirí’ na Gaeilge na laethanta seo, agus tugann sé ardú meanman dom mar dhuine acu sin, is dócha, go ndearna Hartnett, mar Luimníoch, an oiread sin éachtaí agus go raibh an oiread sin tionchair aige ar dhaoine eile agus ar shaol na filíochta agus na cumadóireachta i gcaitheamh a shaoil, agus go leanann an tionchar sin ar aghaidh go fóill. Mar ghnáthdhuine an-ghnách mé féin, sílim gurb aoibhinn iad scéalta gnáthdhaoine a dhéanann rudaí as an ngnáth. Chomh maith leis sin, bheartaigh sé droim láimhe a thabhairt leis an mBéarla ina chuid scríbhneoireachta ar feadh roinnt mhaith blianta agus sílim gurb in cinneadh a bhíonn romhainn ar fad gach lá, ó thaobh suíomhanna sóisialta agus seirbhísí stáit agus mar sin de, agus tugann sé misneach dom gur chuir seisean in iúl nach raibh an Béarla riachtanach dá shlí bheatha agus nach raibh sé ag brath air.

Cé air/cad air a bhíonn tú ag cuimhneamh agus tú ag cumadh?

Is dócha go ndéanaim go leor machnaimh go ginearálta ar a mbíonn ag tarlú thart timpeall orainn sa lá atá inniu ann – cúrsaí timpeallachta agus tomhaltachais, agus go dtagann sin chun cinn go minic agus mé ag iarraidh dán a chur le chéile – na rudaí a chuireann isteach orm, is dócha. Ach an oiread le go leor daoine óga eile, is minic cúrsaí grá ar thús cadhnaíochta i mo shaol – agus sílim gur luachmhar agus gur láidir iad na mothúcháin dhoimhne sin, más soineanta féin iad uaireanta, agus tú óg agus na chéad eispéiris sin agat. Chaith mé sealanna le déanaí idir Éirinn agus an Fhrainc agus is minic, mar sin, mé ag cuimhneamh freisin ar an saol roinnte sin, ar chúrsaí teanga agus cumarsáide, agus ar eachtraí a tharla dom agus mé sa tír úr seo - ar leathanach bán na féiniúlachta.

An bhfuil pobal ag filí Gaolainne ár linne?

Is dóigh liom go bhfuil, ach go bhfuil sé sách beag go fóill, agus nach mór do dhuine a bheith sásta taisteal thart beagáinín chun a bheith in ann leas ceart a bhaint as. Sílim gur chruthaigh Reic, a bhunaigh Ciara Ní É, pobal ar leith – pobal atá ag forbairt le comórtas slamfhilíochta Liú Lúnasa. Sílim go gcuireann imeachtaí eile leis freisin agus gur maith, mar shampla, í an ócáid a eagraíonn Réaltán Ní Leannáin do Lá Idirnáisiúnta na mBan i dTeach an Ardmhéara gach bliain agus an Chúirt Filíochta ag Oireachtas na Samhna, mar go dtugann na hócáidí sin guthanna úra agus guthanna aitheanta le chéile. Ba bhreá liom dá mbeadh líonra nó tuilleadh deiseanna ann chun dul i mbun pinn i dteannta Gael eile agus a bheith in ann aiseolas agus comhairle a fháil agus a roinnt.