Searbhmhilis
Ciara Ní ÉDán míostraithe i ndiaidh ‘Subh Mhilis’ le Séamas Ó Néill le Ciara Ní É
Bhí fuil thriomaithe
ina smál ar mo bhríste
Ach mhúch mé an corraí
Ionam a d’éirigh,
Mar smaoinigh mé le háthas,
Cé nach raibh mo bhríste glan,
Go raibh lámh bheag
ar iarraidh.
Ciara Ní É