Teanntaithe

Maireann ar charraig -

Faí na bhfaoileán,

Guairneán gaoithe,

Is lapadáil na dtonn

Ina chluasa.

Maireann ar charraig -

Le cabhair na mbratach

Labhrann lena mhnaoi

A choimeádann tigh

Istigh ar an míntír.

Maireann ar charraig -

Tindeálann ar sholas

In uachtar an túir

Mar a dhéanfaí cúram do leanbh

Sa chliabhán.

Maireann ar charraig -

Ar feadh seachtainí fada,

An fharraige cháite, is gan

Faic sa lámhleabhar

Faoi theanntú.