Lucht brionglóidí lae

Lucht brionglóidí lae

Cé gurb uaigneach gairm an scríbhneora ar uairibh, go háirithe don té a scríobhann do phobal léite chomh teoranta le pobal na Gaeilge, ní gá di bheith clástrafóibeach, a deir Colm Ó Cellacháin

Mí na Nollag a bhí ann, ach bhí an aimsir fós séimh a dóthain le suí faoin aer is muid ag ithe. Thíos fúinn bhí baile Durango le feiceáil, mar a raibh an t-aonach leabhar is mó i dTír na mBascach faoi lán seoil. Ag suí liom bhí Idoia Noble, oifigeach ealaíne Beste Hitzak (Focail Eile) agus Yoseba Peña, scríbhneoir Bascaise a chaith tamall i mBaile Átha Cliath faoin scéim chéanna a raibh mé féin anois ag tabhairt fúithi. D›eascair tionscadal Focail Eile as seal Donostia/San Sebastián mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa siar sa bhliain 2016, agus é mar aidhm aige spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí i dteangacha nach bhfaigheann ardán chomh forleathan dá saothar go minic. Déantar seo trí thréimhsí cónaitheacha a thairiscint do scríbhneoirí i réigiúin na gcomhpháirtithe, trí na saothair a chruthaítear le linn na dtréimhsí sin a fhoilsiú ar shuíomh an tionscadail agus trí aistriúcháin a dhéanamh ar na saothair sin go teangacha na gcomhpháirtithe agus go Béarla.

Faoi láthair glacann scríbhneoirí i gcúig theanga páirt sa tionscadal – Macadóinis, Slóivéinis, Freaslainnis, Bascais agus Gaeilge.

Ar an mbóthar go Durango deir Idoia liom gur ionsaigh buamadóirí Iodálacha agus Gearmánacha an baile i 1937 le linn an chogaidh chathartha, is gur maraíodh thart fá leathmhíle duine. Agus ar Shliabh Anbuto, arsa Yoseba, ag síneadh méire i dtreo na sléibhte ar chúl an bhaile, a chónaíonn an bandia Mari. Bíonn toirneach le cloisteáil ar fud na dúthaí nuair a bhíonn sí féin is a fear ag bualadh craicinn, de réir dealraimh.

Lá tipiciúil i dTír na mBascach. I rith na n-ocht seachtaine a chaith mé sa tír, d’fhéadfainn a rá nach raibh aon dá lá mar a chéile. Ní hionann eispéireas gach scríbhneora, ar ndóigh. Labhair scríbhneoirí eile liom faoin easpa éagsúlachta a bhain lena dtréimhsí siúd, rud a bháfadh splanc na cruthaitheachta in éinne ach an scríbhneoir is tiomanta (ach d’éirigh le Yoseba, mar sin féin, dréacht iomlán d’úrscéal a scríobh sa dá mhí a chaith seisean in Éirinn). Maidir le haonach leabhar Durango, b›ardú croí é na céadta a fheiceáil ag freastal ar sheastáin, ceolchoirmeacha, léamha agus ceardlanna, is nach mór gach uile ócáid á reáchtáil i mBascais amháin.

Ó thaobh na leabhar de, bhí réimse leathan ábhar agus seánra le feiceáil ag an aonach - prós, filíocht, litríocht na hóige agus aistriúcháin ina measc. Tá dlúthbhaint, ní nach ionadh, ag stair chasta na tíre le hábhar agus cur chuige go leor de scríbhneoirí na Bascaise. Scríobhann Bernardo Atxaga ar na fir is na mná nach n-éalóidh choíche ón oidhreacht fhoréigneach a fágadh le huacht acu ag feachtas armtha an chéid seo caite, ach scríobhann sé freisin ar choilíneachas na hEorpa san Afraic, agus ar earc luachra a d’éalaigh isteach trí chluas buachalla. Gearradh dhá bhliain is fiche príosúnachta ar an bhfile agus an t-úrscéalaí Joseba Sarrionandia, a bhí ina bhall d’ETA, i 1980, cé gur éalaigh sé ón bpríosún i 1985 le linn ceolchoirme (bhí sé féin agus cime eile i bhfolach i gcallaire). Tá cónaí air i gCúba faoi láthair, agus ráchairt i gcónaí ar a shaothar.

An chéad rud a chuaigh i bhfeidhm orm ar theacht anseo ba ea forleithne na Bascaise, go háirithe i measc an aosa óig sna bailte móra agus i gcathair Donostia, mar a raibh cónaí orm. Tá stair na Gaeilge casta ar a ceann anseo, óir is ag na daoine óga atá labhairt na teanga sin a bhí faoi chois ar feadh glúine nó dhó rompu. Ní hionadh sin agus caoga faoin gcéad de scoileanna na tíre ina ikastolak, mar a múintear gach ábhar trí Bhascais. Samhlaigh leath de scoileanna na hÉireann ina ngaelscoileanna is ina ngaelcholáistí agus ceathrú eile ina múinfí formhór na n-ábhar trí Ghaeilge, agus tuigfear neart na teanga i dTír na mBascach.

Timpeall trí mhilliún a chónaíonn i dTír na mBascach, roinnte idir na cúigí atá faoi réimeas na Spáinne agus na Fraince, agus thart fá thrí cheathrú milliún acu siúd ina gcainteoirí Bascaise, a bhformhór ina gcónaí ar an taobh ó dheas den teorainn chointinneach sin. Dar le Bernardo Atxaga, an t-údar is aitheanta, b’fhéidir, atá ag scríobh i mBascais inniu, níor foilsíodh ach céad leabhar i mBascais go dtí go maith isteach san fhichiú haois. Tá fás thar cuimse tagtha ar léamh agus scríobh na teanga ó shin i leith, go háirithe ó tháinig deireadh le réimeas Franco. Tá cáil ar úrscéalaithe na Bascaise ó thús na hathbheochana seo ach nuair a d’fhreastail mé ar dhuaisbhronnadh litríochta na mBascach in Bilbao, macasamhail an Oireachtais sa bhaile, cnuasach filíochta le Asier Serrano Lasa a ghnóthaigh an phríomhdhuais.

GORPUA

Ez dakit zergatik erreskatatu duten nire gorpua,

zergatik ez didaten azken marearekin

itsasoan galtzen utzi.

CORP

Ní heol dom cén fáth gur tugadh mo chorp i dtír,

cén fáth nár fhág siad leis an lán mara mé

nó go gcaillfí mé sa srúill.

Asier Serrano Lasa, sliocht as an duaisiarracht.

Traidisiún filíochta eile is ea an Bertsolaritza, bertsoak, nó véarsaí extempore a chumadh is a chasadh gan tionlacan. Ealaín bhéil í, dála hip hop nó na lúibíní s’againne, ach níl ansin ach leath an scéil. Gach ceithre bliana a bhíonn an comórtas náisiúnta ar siúl, comórtas ina ngnóthaíonn an reacaire is fearr an txapela, an bairéad Bascach, mar dhuais. In Bilbao anuraidh, os comhair 15,000 de lucht féachana, rug Maialen Lujanbio léi an chraobh den dara huair, an chéad bhean riamh a ghnóthaigh an bairéad.

Bhí an t-ádh liom gur i dTír na mBascach a bhí mé lonnaithe. Muintir lách, teanga fhíorspéisiúil le dul i ngleic léi, tírdhreach iontach idir shliabh is mhuir, bia agus deoch d’ardchaighdeán. Bhí an t-ádh liom freisin go raibh daoine agus eagraíochtaí chomh gairmiúil sa tír le dul i gcabhair orm ar feadh mo shlí. Ní bheadh le déanamh agamsa ach imeacht ar fán, dul ar thóir na scéalta, agus thiocfadh liom. B’in an plean, ar aon nós. Is í an tsaoirse sin a bronnadh orm an bua is luachmhaire a bhaineann le tréimhse chónaithe dá leithéid seo, a chreidim. Cé gurb uaigneach gairm an scríbhneora ar uairibh, go háirithe don té a scríobhann do phobal léite chomh teoranta le pobal na Gaeilge, ní gá di bheith clástrafóibeach. Ní faoi dhíon an tí a bhain mé an tairbhe is mó as mo sheal anseo, scoite amach ón saol is mé i mbun pinn, ach thar tairseach amuigh, ag teacht ar na focail eile sin a thabharfadh guth do mo shaothar féin. I bhfianaise theanga a bhí imeallaithe ar feadh i bhfad a tháinig mé ar an tuiscint go bhfuil an ceart freisin ag mo ghibiris féin solas a chaitheamh ar an staid dhaonna. Táimid ar fad, ar feadh na slí, ag cur leis an gcorpas idirnáisiúnta sin gurb é scéal an chine daonna é.

I ndrochBhascais, i mBéarla briste agus i Spáinnis lochtach a labhair mé le scríbhneoirí, ceoltóirí, ealaíontóirí, fuirseoirí, oidí, daltaí, polaiteoirí, iarphríosúnaigh, oilithrigh, aithrígh, meisceoirí is a lán, lán eile. A scéal féin ag gach éinne acu, mo scéal féin agamsa. Ba ghnách an ghaoth aduaidh ag síobadh isteach ó Bhá na Bioscáine, ach anois is arís shéidfeadh gaoth aneas thar na sléibhte ón Spáinn chugam. Gaoth na ngealt a thug Bernardo Atxaga ar an ngaoth sin, ‘gaoth gach neach míshocair atá de shíor ar thóir rud éigin, gaoth iad siúd atá bocht ó spiorad, iad siúd a chodlaíonn ina n-aonar, lucht brionglóidí lae.’ Is gá, uaireanta, go séidfeadh a leithéid de ghaoth inár dtreo.

Tá fáil ar shaothar na n-údar go léir a ghlac páirt i scéim Focail Eile, chomh maith leis na blaganna a scríobh siad lena linn, ar an suíomh www.focaileile.ie.