Gradaim an Cúigiú Colúnaí 2018

Gradaim an Cúigiú Colúnaí 2018

Mar is gnách ba bheag grua tirim a bhí ann i mbliana ag searmanas bronnta Ghradaim an Chúigiú Colúnaí. Seo torthaí na bliana seo…

Gradam an CC don Cheannlíne Nuachta is Mó a chuir Meangadh Míchuí Orainn

‘Daoine óga gan áit chónaithe i Luimneach ag méadú’.

B’in ceannlíne a bhí ar shuíomh idirlín Nuacht RTÉ an fómhar seo.

Scéal tromchúiseach é fadhb na heaspa dídine gan amhras agus ábhar náire dúinn mar náisiún í. Ach thabharfadh an Cúigiú Colúnaí dúshlán éinne an cheannlíne sin a léamh gan gáire beag a dhéanamh.

Gradam an CC don Bhagairt
is Maslaí agus is Áiféisí

D’fhág an t-aighneas idir TG4 agus RTÉ faoin
gcur chuige nua a bhí beartaithe d’fheasachán
nuachta Gaeilge RTÉ gur bhagair lucht Dhomhnach Broc go mbogfaí an feasachán ar ais go dtí Baile Átha Cliath agus go ndéanfaí é a réamhthaifeadadh. Masla eile don teanga ó Mhontrose, cé go ndearna an Cúigiú Colúnaí gáire leamh nuair a dúirt fear eolach amháin leis: ‘An dtabharfadh aon duine faoi ndeara an difíocht?’.

An Gradam Don Dream is Mó a Thug Orainn a rá ‘Aa bhfuil sibh cinnte gur ag caint ar an duine céanna atáimid?’

An eagraíocht Gaeloideachas a raibh an méid seo le rá acu cheapachán Joe McHugh ina Aire Oideachais.

‘Ceannaire fuinniúil agus eiseamláireach i dtaobh na Gaeilge is ea an tAire McHugh, a léirigh dea-shampla agus meas ar an nGaeilge, ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó ceapadh é mar Aire Stáit le cúram na Gaeilge, Gaeltachta agus na n-oileán’.

Gradam AN CC don Gháir Chatha Is Neamhanamúla

Oíche chinn bliana a d’fhógair Conradh na Gaeilge tús Bhliain na Gaeilge 2018.

‘Tá Bliain na Gaeilge linn -TAPAÍGÍ NA DEISEANNA A CHRUTHÓFAR’, arsa an Conradh.

Thapaigh an Cúigiú Colúnaí an deis. Dúisigh mé nuair a bheidh sí thart, ar sé.

An Gradam don saothar ‘Cóipeáil agus Greamú’ is greannmhaire

Bhí tuairisc ar shuíomh idirlín an Irish Times ar chluiche Underdogs TG4 in aghaidh Átha Cliath. Iriseoir a bhfuil Gaeilge aige a scríobh agus ba léir go rabhthas róphras ag baint a thuairisce ón ríomphost agus á foilsiú ar an suíomh.

Seo a bhí le léamh ag bun an ailt:

‘Cuirtear fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge i gcónaí.’

Nó an amhlaidh gur tús é seo le hathrú polasaí san Irish Times, áit nár cuireadh fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge le fada an lá? Caithfear litir a scríobh go dtí an t-eagarthóir do leathanach na litreach go bhfeicfimid.


An Gradam Don Dream is Mó a Thug Orainn a rá ‘an bhfuil sibh cinnte gur ag caint ar an dream céanna atáimid?’

An European Broadcasting Union a thug le fios ina dtuarascáil faoi RTÉ gurb amhlaidh go bhfuil an iomarca ar siúl ag an gcraoltóir náisiúnta ó thaobh na Gaeilge de.

Gradam an CC don Mhasla is Mó Nárbh d’Aon Turas É Fad is Eol Dúinn

Dúradh san fhógra don phost an Phríomh-Eagarthóra
in Nuacht RTÉ go mbeadh ar an té a cheapfaí
sa phost a bheith ábalta daoine ‘a threorú, a spreagadh agus a mhúscailt’.

Thuigfeadh An Cúigiú Colúnaí dá mbeadh sé riachtanach go mbeadh an Príomh-Eagarthóir nua ábalta misneach nó dóchas a mhúscailt san fhoireann. Bheifeá ag súil go mbeadh an bua sin ag ceannasaí ar bith. Ach iad a mhúscailt?


Gradam an CC don Mhasla Seanchaite do Pheig

Ba chóir do dhuine éigin a insint do Carl O’Brien ón Irish Times go bhfuil an cogadh thart le fada.

‘Imagine you spent more than a decade learning a language only to find you struggle to string a

coherent sentence together? It’s familiar territory for many of us who have tussled with the modh coinníollach or slogged our way through Peig’.

Familiar territory, a dúirt cat an Chúigiú Colúnaí leis an mbainne te.



Gradam an CC don Tráchtaireacht is Cúramaí agus Caolchúisí ar Chaighdeán Gaeilge Duine Eile

Éamon Ó Cuív a raibh an méid seo le rá aige faoi na deacrachtaí a bhíonn aige Gaeilge Joe McHugh a thuiscint.

‘Bíonn sé an-deacair é a thuiscint. D’fhoghlaim
an fear a bhí ann roimhe sa phost, Seán Kyne, Gaeilge freisin agus ní raibh aon fhadhb agam
é sin a thuiscint. Ach ní dóigh liom gur ceist chanúna í seo.’

Gradam an CC don Bhotún Gramadaí is NeamhGhaelaí

Is beag anam nó brí a bhí i bhfeachtas na huachtaránachta den chuid is mó agus ba phatuaire fós na tagairtí fánacha a rinneadh don Ghaeilge le linn an fheachtais. Liadh Ní Riada, mar a bheifeá ag súil, is mó a tharraing aird ar cheist na teanga, ach lucht na bpóstaer is mó a tharraing súil lucht na gramadaí, agus áirítear ansin aon duine a bhfuil fiú tuiscint bhunúsach acu ar ghramadach na Gaeilge.

Sea, rinneadh ‘Bean Gaelach’ de bhean na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta ar na póstaeir chéanna. I gcead do Con Houlihan, aon dream a cheilfeadh a séimhiú ar aon bhean Ghaelach, ní fios céard eile a dhéanfaidís.

Agus cén fáth ‘A New Ireland’ seachas ‘Éire Nua’ ar na póstaeir chéanna?

Bhí a mhíniú féin air sin don Chúigiú Colúnaí ag polaiteoir ó pháirtí eile.

‘Ní fhéadfaidís ‘Éire Nua’ a chur orthu mar gurbh in teideal an phlean a bhí ag Ruairí Ó Brádaigh fadó do phoblacht fheidearálach. Tacaíonn na dissidents
leis i gcónaí,’ ar sé.

Bíodh sin fíor nó ná bíodh, níl aon mhaith ann mar mhíniú ar céard a tharla don séimhiú?