NÁRA MAITH AGAT 2018!

Alan Titley
NÁRA MAITH AGAT 2018!

Tá de shólás againn go raibh an bhliain seo caite níos sine agus níos óige ag daoine eile ná mar a bhí againne de réir áirimh áirithe. Is fíor go bhfuil na Rómhánaigh ar aon rámh linn mar is MMXVIII a bhí acu siúd chomh maith, ach ba í bliain 6768 a bhí ag na hAisiriaigh, agus gan ach 1396 san Iaráin. N’fheadar go díreach cad é a mheánn an píosa iontach eolais sin seachas nach bhfuil an mol ar a gcasaimid go hiomlán mar a chéile.

Agus is léir nach bhfuil. Fuair an srónbheannach bán fireann deiridh bás, ach mhúscail an tíogar Ceilteach as a shuan róghairid. Bíonn sé le feiscint agus a chrúba ar fhis sna láithreáin siopadóireachta, sna hollmhargaí agus in áit ar bith a bhfuil dramhaíl don saibhir á reic. Deirtear go dtéadh Socraitéas don mhargadh gach maidin ach nach gceannaíodh sé faic. Nuair a d’fhiafraítí de cad ina thaobh, ba é a fhreagra: ‘Is maith liom féachaint ar na nithe go léir nach bhfuil ag teastáil uaim.’

Is é a amhlachas sin ag an dTíogar Ceilteach mallaithe é. De dhroim oíche nach mór, thabharfá €15 ar chupán caife le briosca tirim, agus €150,000 ar bhosca fliuch le hais an bhóthair. Tá scuainí arís ag feitheamh le tithe nach bhfuil ann, agus scuainí an bóthar siar ag lorg clúidíní do leanaí nach mbeidh tithe a choíche ná go deo acu. Mura raibh an ‘Éire Fholaithe’ riamh ann, tá anois, ach is í daille Uí Laoire faoi deara nach bhfeiceann an leathshúil ramhar an leathshúil bhocht.

Deirtear gur claochlú mór i bpobal na hÉireann ba ea aisghairm an 8ú leasú ar an mBunreacht. B’fhéidir nach raibh ann ach eireaball an aistir, nó neachtar acu, soc turais eile fós. Dúirt bean ar an teilifís oíche an chomhairimh, agus le gairdeas mór: ‘Slán le hOld Ireland now’. Is é a bhí á comharthú aici go raibh crobhaing de shiombailí a bhain leis an tír mar a bhí, agus go raibh siad á stoitheadh anuas de réir a chéile. Óir, níor thúisce an vóta deiridh istigh ná b’eo chugainn éilimh ar athruithe eile an slabhra siar.

Ní hé go bhfuil aon bhaint acu seo le chéile, ba dhóigh leat, ach is í an aigne shaonta a ghluaiseann de réir pacáistí beaga simplí, agus gan choinne, bhí na nuachtáin ag cur thar maoil ag áiteamh deireadh a chur leis an amhrán náisiúnta, sinn a chlasú le NATO, dul ar ais don Chommonwilt, nó go deimhin féin, ag iarraidh orainn an fhoráil nach gceadaíonn teidil ghradamúla uasaicmeacha sa Bhunreacht a chur sa chiseán. Mar bharr ar an ndonas, mhéadaigh thar chuimse an t-éileamh go gcaithfeadh daoine an poipín fola ar feadh na Samhna, agus chas roth na gceisteanna ionas gur dhóigh leat den chéad uair go gcaithfí leithscéal a dhéanamh ar son diúltú dó. I ndoimhneacht dhorcha do chroí, bheadh eagla ort go bhfuil pointe claochlaithe sroichte againn sa bhaoithe bhliantúil seo agus nach fada uainn an poipín Réamonnach lena cheirt seamróige mar smuga ina thimpeall ag cách agus ag amadáin.

Más toradh ar athruithe a bhí i mbéal forbartha le tamall iad sin, rud nua ar fad ba ea é baincéir ag dul don charcair. Ceart go leor, ní raibh ann ach aon duine uaigneach amháin in ionad na buíne de ropairí ar chóir iad a bheith ag clagarnach leo i gcillíní i dteannta dúnmharfóirí agus péidifiligh, ach uaireanta ardaítear fabhra an dóchais os cionn leathshúil an ghnáthshaoil. Níor fhág sin nach raibh buinneáin dhearfacha ag péacadh aníos i lár ghéarchéim leanúnach an chórais sláinte, scannal na ndaoine atá ina gcónaí ar na sráideanna, uafás an athraithe aeráide ag cur le teas an domhain, agus easpa athraithe na bpolaiteoirí ag cur le fuacht an dioscúrsa phoiblí.

Níor tháinig Trump, agus déanadh Michael D. a thoghadh arís. Buaileadh Conor McGregor, agus tugadh leadradh d’fhoireann haca na mban i gcluiche ceannais an domhain – bíodh is gur díoladh linn é gur chóir a bheith mórálach as sclascairt 6-0. Tá an Breatimeacht níos gaire d’imeall na faille, agus bhí stailceanna ag Ryanair.

Fág bua Bhaile Átha Cliath sa chaid as an áireamh – agus an ‘ruaig ar a chúig’ lánbheo don bhliain seo chugainn – ba é lámh iománaithe Luimnigh ar Liam McCarthy an gaisce is mó a déanadh le dhá mhí dhéag anuas ar chlár na himeartha. Ní hamháin gur bhaineadar an chraobh, ach dheineadar le stíl is le teann dánachta é. Bhuail siad gach foireann arbh fhiú foireann a raibh éileamh acu ar an gcorn fan na slí; thángadar slán trí fhoraois dhúnmharfach na Mumhan, murab ionann agus picnic dheas taechupánach Laighean; agus bhí siad idir a bheith ardsciliúil agus chomh righin le seithe seanbhó nach bhféadfaí lámhscríbhinn gharbh a dhéanamh as.

Ceann d’iontais ealaíne na hÉireann is ea an iomáint, agus ba bheag bliain a léirigh sin chomh héiritheach is a dhein 2018 – dá olcas is mar a bhí mórán eile.

Alan Titley

Is scríbhneoir é Alan Titley.