Banríon

Banríon

markwickham.org

Gearrscéal nua le Réaltán Ní Leannáin

‘Céard é sin atá á tharraingt a’at, a Chian?’
‘Tá mé ag iarraidh an bhanríon a tharraingt, ach níl ag éirí ró-mhaith liom.’
Banríon? Bhreathnaigh Fionnuala ar an leaid óg, iontas uirthi. Bhí Cian dhá bhliain déag - ró-shean do scéalta sí - agus ní Béarla ná Gaeilge ach rang saoránaíochta a bhí anseo. Chuaigh an múinteoir óg síos chuig a dheasc le seiceáil cén rud go baileach a bhí á tharraingt is á scríobh aige.
‘Cé hí siúd atá a’at ansin?’
Bhreathnaigh Fionnuala ar an íomhá pháistiúil. Bean le gruaig ghairid dhorcha a bhí ann, fáinní cluaise péarlaí agus muince trom óir uirthi.
‘Sin í an bhanríon s’againne. Mary Robinson.’
Thacht Fionnuala an gáire a bhí ag éirí ina scornach.
‘Ach ní banríon í sin.’
‘Is í. Is í an bhanríon s’againne í, chan an bhean cháidheach eile sin.’
‘A Chian, ní banríon í ar chor ar bith, is Uachtarán í, uachtarán Phoblacht na hÉireann. Níl aon bhanríon ag an bPoblacht, is poblacht í. Ní bhíonn banríon ag-’
‘Chan í! Is banríon linne í!’
Stán sé ar an múinteoir óg leis an mblas coimhthíoch. Brogue a thug a mháthair ar an mblas sin. Blas na dtincéirí.
‘An Protastúnach thusa? An sin an tuighe a bhfuil tú á rá nach linne í?’
Sheas sé agus d’iompaigh sé chuig na gasúir eile.
‘Taimid ar scoil oráisteach anseo, tá sí siúd ag rá nach linne Mary Robinson. Caithfidh gur Prod í. Táimid ar scoil focain Proddy anseo, tá mé á rá libh.’
Bhí gach páiste sa rang ag breathnú ar Fhionnuala anois.
‘Ní Protastúnach mé. An gceapann sibh go mbeadh Protastúnach ag múineadh i nGaelscoil sa Tuaisceart?’
‘Bhuel, ní labhrann tú cosúil linne.’
‘Ní as an Tuaisceart mé, sin an fáth.’
‘C’as thú, mar sin?’
‘Carna.’
‘Cá’l sé sin?’
‘Cúige Chonnacht. Amach siar ó Ghaille.’
‘Gaille?’
‘Gaillimhhhhh,’ ar sí.
Stán sé uirthi. B’ionann Gaille agus Gaillimhhhhh aige. Ní raibh a fhios aige cá raibh ceachtar acu. Chuartaigh sí léarscáil sa téacsleabhar tíreolaíochta ar an mbord roimhe. Bhí chuile leabhar a bhí ag Cian tógtha amach as a mhála i chuile rang a ndeachaigh sé isteach ann. Chreid Fionnuala go ndearna sé amhlaidh chun nach mbeadh air cromadh ar éisteacht ná ar obair ar feadh cúpla soicind eile, chuile rang. Mura raibh sé ar an ngasúr is cliste sa rang ní raibh sé bómánta ach oiread.
Dhírigh sí a méar ar Charna.
‘Sin é, sin é mo bhaile-se. Agus sin cathair na Gaillimhe.’
‘An Saorstát?’ ar sé.
‘Díreach é. An Deisceart.’
‘Focain Saorstátadóir. Tá sibhse chomh holc leis na focain Brits,’ a bhéic sé.
Thug sí sracfhéachaint ghéar air. Sheas sí siar. Bhí an chuid eile den rang ag éisteacht.
‘Stop den chaint bhradach sin,’ ar sí go hard. Go soiléir.
Dhearc Cian uirthi. Bhí an dúshlán ina shúile.
‘Críochnaigh do chuid oibre nó beidh ort fanacht istigh ag am lóin . . .’
Choinnigh Cian leis, ag stánadh uirthi. Bhí na gasúir eile ag faire fós.
‘. . . le Máistir Eoghan.’
Bhreathnaigh Cian anuas ar an chóipleabhar go tapa. Rinne na páistí eile amhlaidh. Ní raibh giog ná miog astu. Nuair a bhuail an clog don chéad rang eile lig Fionnuala dóibh imeacht gan obair bhaile a thabhairt dóibh.
Bhí dearmad déanta aici ar Chian agus ar a thuairim den scoil faoin am a chuala sí an clog deiridh. Rith sí díreach amach as teach na scoile. Bhí cruinniú múinteora-tuismitheora acu anocht. Bheadh uirthi rud éigin a fháil le n-ithe roimhe sin, mheas sí go rachadh an oíche ar aghaidh sách déanach.
Bhí sí díreach ag teacht amach as an siopa le ceapaire nuair a chuala sí cling a fóin. Thug sí sracfhéachaint ar an uimhir – bunscoil a mic, Fiachra. Ach bhí siad siúd ligthe amach ón scoil le tamall anois, chríochnaigh siad leathuair roimh an mheánscoil.
An rúnaí san oifig bunscoile a bhí ag glaoch uirthi, ag iarraidh uirthi theacht isteach anois díreach. An dtiocfadh léi theacht? Ní thógfadh sé i bhfad. No, ní raibh a fhios aici cad chuige, ní raibh sí ach ag iarraidh uirthi theacht isteach thar cionn an phríomhoide. Sea, bhí sé práinneach. No, bhí Fiachra alright agus bhí sé imithe abhaile chuig an fheighlí. Cinnte, a luaithe agus a dtiocfadh léi. Cinnte.
Ghlaoigh Fionnuala ar Mhéabha, an feighlí, ach níor fhreagair sí an fón. Scaití níor chuala éinne an fón, má bhí raic ann ón súgradh nó ón teilifís.
Ceathrú uair a’ chlog théis sin bhí Fionnuala ag siúl isteach doras an phríomhoide bunscoile. Bean ard tanaí sna daichidí ab ea í siúd, le gruaig ghearr fhionn, culaith bhréidín agus sálaí arda. Cheap Fionnuala go raibh sí ag féachaint ar a cuid bríste géine féin cúpla soicind ró-fhada.
‘Mora dhuit, a Fhionnuala, mora dhuit. Go raibh maith agat as a theacht chomh gasta sin.’
‘Dia is Muire duit.’
‘Ní chuirfidh mé moill ort, a Fhionnuala – suigh síos, le do thoil – ach . . . bhí do mhac Fiachra ag troid inniu,’ arsa an príomhoide.
‘Fiachra? Ag troid? Fiachra?’
‘Sa chlós ag am lóin. Chonaic an múinteoir ar dualgas é. É féin a leag an chéad bhuille.’
‘Ní chreidim . . . cén gasúr ar bhuail sé?’
‘Colmcille Ó Docharthaigh.’
Lig Fionnuala osna. Deartháir le Cian na Banríona sa rang aici féin. Bheadh sí ag castáil le máthair na beirte sin anocht.
Bhris an príomhoide isteach ar a cuid smaointe.
‘Chaill Colmcille fiacail tosaigh.’
‘Ó, shit.’
‘Thóg a mháthair chuig an fhiaclóir é. Choinnigh mé Fiachra taobh amuigh den oifig anseo ar feadh an tráthnóna - ’
‘An tráthnóna ar fad? Cén fáth nár chuir tú scéala chugham?’
‘Bhí a fhios agam nach mbeifeá in ann an scoil a fhágáilt, ní raibh mé ag iarraidh tú a bhuaireamh.’
‘A bhean uasail, má tharlaíonn aon cheo mar seo arís, beag ná mór, le do thoil – cuir scéal chugham. Tá m’uimhir fóin agaí.’
‘Ach ní bheidh tú ar f- ’
‘Seo mo mhac. D’fhágfá do chuid oibre féin dá dtarlódh a leithéid do do ghasúr féin, nach bhfágfá?’
Chonaic Fionnuala ó aghaidh an phríomhoide nár thréig sise a dualgas scoile ariamh, agus nach bhfágfadh. Bhí triúr clainne aici. Agus fear céile aici, leis.
‘Cá bhfuil sé anois?’
‘Cé?’
‘Fiachra. Mo mhac.’
‘Chuir mé abhaile ar an bhus scoile é ag am baile, chuig an fheighlí. Mheas mé go mbeifeá ró-ghafa leis an oíche tuismitheora anocht le am a chaitheamh leis na cúrsaí seo ar fad. Tuigim go bhfuil strus ort, tá tú leat féin anseo agus - ’
Sheas Fionnuala agus rinne sí ar an doras.
‘A Fhionnuala,’
Chas Fionnuala.
‘Beidh orainn é seo a phlé arís i gcionn tamaill, nuair atá t-, nuair a shocraíonn cúrsaí síos le Fiachra.’ Lean an príomhoide léi ag caint agus níor lig sí d’Fhionnuala briseadh isteach uirthi. ‘Bhéarfaidh mé seans amháin d’Fhiachra an iarraidh seo. Ach beidh mé ag súil leatsa labhairt leis go siosmaideach faoin eachtra seo. Má thógann sé a lámh in éadan páiste eile an darna huair, bhuel, beidh orm an síciatraí agus an t-oibrí sóisialta a tharraingt isteach sa scéal. Ní cúpla smitín a bhí anseo ach ionsaí nimhneach.’
Dhún Fionnuala an doras de phlab ar a slí amach. Amach chuig an gclós léi agus isteach ina carr. Thóg sí an fón agus bhrúigh sí go fíochmhar ar an scáileán beag.
‘Haló? A Mhéabha? Sea, Fionnuala anseo, sea, díreach théis an strap sin de phríomhoide a fhágáil. Níor chuir sí aon scéal chugham go dtí go raibh mé féin críochnaithe ar scoil mé féin. An bhfuil tú cinnte, yeah, le do thoil. A Fhiachra, a stór. Yeah, yeah, tá a fhios a’am. Tá tú ok? Maith an fear. Feicfidh mé anocht thú. Sea, obair. Tabharfaidh Méabha Óg abhaile thú théis am tae. Beidh, a fhad is go bhfuil an obair bhaile uilig déanta a’at. Tá a fhios ag Méabha Óg. Ok. Póigíní, a chroí. Feicfidh mé anocht thú.’
Thiomáin sí amach as an gclós agus ar ais chuig a scoil féin. Seanteach Seoirseach i lár na cathrach a bhí ann. Níor fheil sé mar mheánscoil, ach bhí an cíos íseal. Ní raibh an dara suí acu, agus iad ag fanacht ar aitheantas agus uimhreacha agus maoiniú. Ansin bheadh foirgneamh ceart acu. Agus conradh scríofa aici féin.
Shuigh Fionnuala sa gcarr - dá rachadh sí isteach díreach bheadh ceisteanna sa seomra foirne ó Eoghan, an múinteoir eile. Thóg sí amach a ceapaire. Ní raibh conradh scríofa faighte ag ceachtar acu ó bhord na ngobharnóirí fós, agus iad ag tarraingt ar dheireadh an dara téarma, an Cháisc beagnach buailte leo.
Bhain Fionnuala greim as an gceapaire. Seacht mí ó shin shíl sí go raibh sí ag siúl isteach i ngnáthphost múinteoireachta, an dara múinteoir lán-aimseartha a bhí le ceapadh san iarbhunscoil lánGhaelach seo. Tugadh an leid di go raibh post príomhoide le bronnadh ar an duine ceart - mar shampla, ar chainteoir dúchais le cúpla bliain de thaithí i ngaelscoileanna eile. Ach fuair sí amach go tapaidh go raibh siad gann ar airgead, ar spás – agus ar chumas rudaí a chur ar bhonn foirmeálta.
Bheadh seans aici labhairt le Cathaoirleach an Bhoird anocht. Bhí sí féin agus Eoghan ag fanacht ar phost Príomhoide bheith fógartha, le go bhféadfaidís cur isteach air. Bhí sé deacair smacht a chur i bhfeidhm gan éinne a bheith i gceannas go hoifigiúil.
D’fhill Fionnuala an páipéar ón gceapaire go machnamhach. Shiúil sí isteach doras an tí Sheoirsigh.
‘Háigh, a Fhionnuala, athrú san ord reatha anocht. Ordú ón Chathaoirleach Mór.’ arsa Eoghan léi nuair a shiúil sí isteach sa gcistin ag cúl a’ tí, seomra a bhí ag feidhmiú mar sheomra foirne.
‘Ó?’ ar sí. Níor fhiafraigh sé di cá raibh sí. Bhí a fhios aici go raibh a fhios aige faoi Fhiachra faoin am seo. Bhí an baile seo beag. Agus bhí líon na bhfíorGhael níos lú arís.
‘Áidhe. Beidh Óráid an Chathaoirligh ann béal dorais, sa chlub sóisialta. Níl seomra againn sa teach seo atá mór go leor do na tuismitheoirí ar fad le chéile.’
‘Ní raibh mé ariamh istigh ann.’
‘Club na Seachtar Laoch? Níor chaill tú mórán.’
‘Seachtar Laoch an Éirí Amach, an ea?’
‘Ag magadh atá tú, a Fhionnuala. An seachtar óglach a fuair bás i 1982 ag bun an bhóthair anseo atá i gceist. Scaoil na Brits iad. Tá mac le duine acu sa dara bliain.
‘Cé hé sin?’
‘Cian Ó Dochartaigh.’
‘Ó, shit.’
‘Áidhe. Sin é, go díreach. Shit beag atá ann. Bí cúramach leis an leaid sin. Bíodh is go bhfuil sos cogaidh ar siúl don chuid eile againn, creideann seisean is a mhuintir go bhfuil an choimhlint armtha beo leis.’
Chrom Eoghan isteach agus chuir sé cogar i gcluas Fionnuala.
‘Deir siad go bhfuil máthair Chian i mbun gach easaontóir poblachtánach ar an bhaile seo – Banríon na bPoblachtánach a bheir siad uirthi. Taobh thiar dá droim, ar ndóigh.’
Bhreathnaigh sé go géar ar Fhionnuala.
‘Bí cúramach léi anocht.’
Scaipeadar beirt lena ndeasc a ghlanadh. Bhí leathuair a’ chloig fágtha ag Fionnuala léi féin agus thóg sí amach an Irish Independent. Lá na bhfógraí teagaisc. Léigh sí síos tríd na colúin. Bhí neart post ann, dá mba phoist iad i ndáiríre nach raibh geallta do dhaoine cheana.
Bhí cruinniú mór ann ag tús na hoíche – bord na ngobharnóirí, na múinteoirí agus na tuismitheoirí. Speechannaí ar dtús, tae agus ceapairí tar éis sin. Ina dhiaidh sin bheadh seans ag na tuismitheoirí casadh leis na múinteoirí éagsúla ina seomraí ranga ina nduine is ina nduine.
Labhair an cathaoirleach. Mhol sé na múinteoirí, mhol sé na tuismitheoirí, mhol sé na daltaí. Labhair an cisteoir. Mhol sé na hoícheanta quiz, na hoícheanta rásaíochta, na siopaí éagsúla ar an mbaile a raibh bosca carthanachta don scoil acu ar a gcuntar.
Shuigh Fionnuala sa tsraith thosaigh de na suíocháin, ag éisteacht, gan breathnú timpeall. Bheadh na tuismitheoirí ag breathnú uirthise, ag tabhairt breithiúnais ar a léine, a smideadh, a bróga. Stán an seachtar laoch anuas uirthi i rith an ama, seacht ngrianghraf i seacht bhfráma dubh.
Bhí siad ag stánadh uirthi fós agus í ag ól cupán tae i ndiaidh na n-óráidí. Bhí sí féin agus Eoghan ina seasamh taobh leis an gcathaoirleach. Chuir Fionnuala ceist air faoi chonradh scríofa a fháil.
‘Nach cuma, a fhad is go bhfuil bhur dtuarastal agaibh gach mí?’
‘Níl aon tseasmhacht ag baint leis, a chathaoirligh, níl aon seasamh a’inn leis an mbanc. Ní féidir linn cur isteach ar iasacht ná ar mhorgáiste. Agus is féidir libh fáil réidh linn gan aon fhógra a thabhairt. D’fhéadfá bata is bóthar a thabhairt do cheachtar a’inn anseo anois féinig.’
‘An féidir, a Fhionnuala? Is dócha go dtig. Ach an bhfuil aon chúis ghearáin againn le go ndéanfaimis sin ort?’
Chúlaigh Eoghan siar ón mbeirt píosa.
‘Ná buairigh do chloigeann leis seo ar fad, a chroí,’ arsa an cathaoirleach.
‘Ní mise do chroí. Ceist eile a’inn, an bhfuil sibh chun post an phríomhoide a fhógairt don scoilbhliain seo chughainn? Níl ach téarma amháin fágtha théis na Cásca.’
‘Níl. Ach níl a fhios agam an mbeidh an t-airgead ann le príomhoide a cheapadh go foirmeálta.’
‘Ach dúirt sibh liom ag m’agallamh-’
Stop sí. Bhí cuma airdeallach ar an gcathaoirleach, bíodh is go raibh an aoibh chéanna ar a bhéal is a bhí roimhe. Thug sí faoi deara go raibh Eoghan ag éisteacht go cúramach ag uillinn an chathaoirligh.
‘An bhfuair tú aon rud i scríbhinn?’
D’iompaigh Fionnuala ar a sála. Taobh thiar di, chuir Eoghan cogar i gcluas an chathaoirligh agus ansin chuir sé a chluas féin taobh lena bhéal siúd.
Bhog Fionnuala isteach sa teach béal dorais chuig a seomra ranga. Shuigh sí síos lena nótaí ar na daltaí is a rolla. Thosaigh tuismitheoirí a theacht isteach chuici. Chuaigh sí trí thuairisc tar éis tuairisce le tuismitheoir i ndiaidh tuismitheora. Gaeilge, Béarla, Stair, Tíreolas, Saoránaíocht, Drámaíocht agus Corpoideachas.
Tháinig máthair Chian – agus Cholmcille na Fiacaile – isteach sa seomra agus shuigh sí os comhair Fionnuala.
‘Bhuel?’ ar sí.
‘A Attracta, cén chaoi a bhfuil tú, ar dtús ba mhaith liom leithscéal a ghabháil leat as an méid a tharla sa mbunsc-’
‘Tá mé anseo chun labhairt faoi Chian. Agus is Bean Uí Dhochartaigh mé, le do thoil.’
‘Feicim. A Bhean Uí Dhochartaigh.’
D’oscail sí a leabhar nótaí.
‘Right. Bhuel. Cian.’ ar sí.
‘Cian.’
‘Fan go bhfeicimid. Tá sé ag socrú isteach sa mheánscolaíocht de réir a chéile. An fhadhb a ba mhaith liom díriú isteach air leat nó a chumas eagraithe – na leabhair agus cóipleabhair chuí don lá sin bheith leis. Síleann sé fós go bhfuil sé sách maith aige chuile leabhar a thabhairt leis chuig chuile rang. Ach ansin éiríonn sé trína chéile nuair nach bhfuil sé in ann teacht ar an leabhar atá ag teastáil. Tá mé den tuairim go gcuireann sé seo ualach breise imní air. Tá deacrachtaí ag Cian ach déanann sé sár-iarracht, agus má thagaimid ar réiteach –‘
‘Muid? Cén muid? An bhfuil tusa ansin ar maidin lena mhúscailt agus a fháil amach as an teach? Bhuel?’
‘A Attrac -, a Bhean Uí Dhochartaigh, ní raibh mé ach ag míniú -‘
‘Éist thusa liomsa. Tá athair Chian marbh. Ach dá mbeadh sé beo agus istigh sa seomra seo liom is eisean a bheadh ag rá an rud ceannann céanna leat is atá mise ag inse duit. Chuala mé faoin truflais a d’inis tú dó inniu faoin focain banríon Bhrit sin, go raibh sí ina banríon aige siúd.’
‘Ach is -’
‘Ní hí. Ní hí anois, riamh ná choíche, an dtuigeann tú mé?’
Stán Fionnuala ar an mbean eile. Cheap sí go mb’fhearr gan aon rud a rá ag an bpointe sin. Lean Attracta Uí Dhochartaigh léi.
‘Bhí a athair ar an snípéir ab fhearr ar an bhaile.’ Bhí an bród ina glór. ‘Tá mé ag iarraidh go mbeadh seans ag Cian sa bhaile seo nuair a bheas sé mór.’
‘Nach shin an rud a - ‘
‘Ní ligfidh na Brits do cheachtar de mo bheirt leaids dearmad a dhéanamh go bhfuil siad ag coinneáil súil orthu.’
‘Ach, a Bhean Uí - ‘
‘Stop de na cluichí intinne seo atá ar siúl agat lenár gcuid páistí. Tá a fhios againn cé thú féin agus cárb as thú. Agus bí cúramach caidé a deir tú le mo mhac.’
Sháigh sí a láimh isteach ina póca. Stán Fionnuala ar an chnapán bolgach sa phóca. Chúlaigh sí píosa beag ón deasc.
‘Muna bhfuil tú in ann cuidiú leis bheith bródúil as a athair, gabh ar ais chuig do Shaorstát.’ Stop sí agus tharraing sí anáil. D’amharc sí go géar ar Fhionnuala. ‘Bhain do mhacsa fiacail amach as béal mo mhic inniu, Colmcille s’againne. Ní fiacail amháin a iarrfaidh mé in éiric air sin má leanann tú le do chuid amaidí, a bhean-ó.’
Sheas Attracta Uí Dhochartaigh. Tharraing sí a dorn amach as a póca. Bhí rud éigin dubh aici agus d’fhág sí ar an deasc é os comhair Fionnuala. Cleite. Cleite dubh éin.
‘Tá trí cinn agam duit. Seo é an chéad cheann. Ina dhiaidh sin . . .’
D’imigh sí. Níor tháinig duine ar bith eile isteach as sin go deireadh na hoíche ainneoin is nach raibh chuile dhuine feicthe ag Fionnuala. Shuigh Fionnuala í féin ansin ina staic.
Tar éis tamaill, shac an bainisteoir a chloigeann thar an tairseach, aoibh mhór ar a aghaidh.
‘Tá tú réidh, a Fhionnuala, maith thú.’
‘Tá.’
‘Bhuel, seo mar atá cúrsaí, bhí mé ag caint leis na baill eile den bhord anocht.’
‘Bhí cruinniú agaí?’
‘Ní cruinniú a bhí ann, go díreach. Ach phléigh muid an méid a chuir tú romham anocht. Rinne muid cinneadh gan post an phríomhoide a fhógairt go fóill beag. Bliain nó dhó. Go dtí go mbeidh aitheantas oifigiúil againn.’
‘Ach?’
‘Ach, a Fhionnuala, idir an dá linn táimid chun príomhoide gníomhach a cheapadh.’
Bhreathnaigh Fionnuala air.
‘Eoghan.’ arsa an cathaoirleach.
Thosaigh Fionnuala ag cur caoi ar a deasc. Cóipleabhair na ndaltaí. An rolla.
‘Ar chuala tú mé, a Fhionnuala?’
‘Chuala, a chara. Eoghan. Príomhoide gníomhach. Agus conradh foirmeálta? Ar phléigh sibh é sin?’
‘Phléigh. Ní gá aon chonradh foirmeálta go fóill beag, a thaisce. Ní thuigim an bhuairt seo atá ort. Níl muid chun bata is bóthar a thabhairt do dhuine ar bith i lár na scoilbhliana.’
‘Oíche mhaith, a chathaoirligh.’
Chas an cathaoirleach le gabháil amach, ach mhoilligh sé ag an ndoras agus bhreathnaigh sé ar Fhionnuala. Lean sí léi ag cur caoi ar stuif ar a deasc, go deas néata. Dhún sé an doras. Níor fhéach sí suas.
Bhí an trácht i bhfad Éireann ní ba mhoille ná mar ba ghnáth ar a bealach abhaile. Bhí na póilíní ag stopadh chuile charr beo ar an bhóthar amach as an bhaile. Tháinig Fionnuala chuig ceann an scuaine. Thosaigh an bhean óg de phóilín ag díriú a tóirse timpeall an chairr, ag seiceáil céard a bhí istigh sa suíochán cúil.
‘Ar tharla timpiste, a oifigigh?’
‘Níor chuala tú an nuacht?’ arsa an bhean óg, le hiontas. Chonaic Fionnuala dreach an oifigigh ag athrú mar a thug sí an blas deisceartach – an ‘brogue’ - faoi deara. Muna raibh bean an tóirse chomh foirmeálta céanna, bhí sí airdeallach go leor fós.
‘Phléasc an tIRA buama inniu i bhFearann na nDuganna i Londain. Buama ollmhór.’
‘Ach nach bhfuil sos cogaidh ann?’
‘Bhí,’ a tháinig an freagra grod, agus ansin, ‘cá bhfuil do thriall?’
‘Abhaile. Coill na bPréachán.’
‘Tá tú i do chónaí anseo i Londaindoire?’
‘Tá mé ag obair anseo le sé mhí anuas.’
‘Bhal, tháinig tú anseo in aimsir na síochána, mar sin. Beidh rudaí difriúil anois,’ bhreathnaigh an bhean óg ar an mbean óg eile. ‘Thig leat imeacht, anois.’
Shroich Fionnuala a teach. Bhí sé déanach agus bhí sí tuirseach. Bhí Méabha Bheag sáite i gcibé rud a bhí ar an teilifís.
‘Chuile rud maith go leor anseo?’ a d’iarr sí ón déagóir.
‘Tá achan rud togha,’ a d’fhreagair sí, ‘tá sé thuas staighre sa leaba, ach ní dóigh liom go bhfuil sé ina chodladh go fóill.’
Thug Fionnuala airgead agus buíochas don déagóir. Chuaigh sí chomh fada leis an ndoras tosaigh agus d’fhan sí ansin, ag faire, go dtí gur shiúil Méabha isteach a doras féin cúpla teach thíos. Ní raibh ann ach céad slat, ach ní raibh de sholas ann ach an lampa sráide. Bhí chuile chuirtín ar chuile fhuinneog dúnta, bhí chuile dhoras dorcha.
Chuaigh sí suas staighre le seiceáil ar Fhiachra. Chuala sí a ghlór agus stop sí taobh amuigh den doras oscailte, ag éisteacht. Bhí sé ag súgradh. Ní raibh Fiachra ach sé bliana d’aois agus ba cheart dó bheith ina chodladh. Bhí sé ag caint leis féin anois.
‘A Fhiachra, níl tú ag imirt sa chluiche, níl tú mór go leor – tá mé - níl tú – tá mé féin sách mór – f-f-f-féin, f-féin, f-féin, sách, sách, sách, sáchaí, sách, sách, éist leis – ligigí dom – dom, dom, dom.’
Chuala Fionnuala cúpla clic-clac agus thug sí amharc tríd an doras. Bhí cúpla dineasár plaisteach ar an mbraillín ag a mac agus bhí sé á gcur ag troid lena chéile.
‘Éistigí liom - éist leis –éist, éist, éist - lig dom nó buailfidh mé thú – dom, dom, dom – domh, domh, domh - Fiachra, fiaclóir, fiacla – ligigí dom.’
Chlaon Fionnuala a ceann in éadan an dorais. Shil deor amháin síos lena leiceann. Thriomaigh sí é. Bhrúigh sí ar an doras agus stop an clic-clac.
‘A Fhiachra?’
‘Háigh, a Mhamaí. Tá tú ar ais.’
‘Tá. Céard a rinne tú féin agus Méabha Bheag anocht?’
‘Ó, faic. Teilí. Suipéar. Tá a fhios a’at.’
‘Tá a fhios a’am, a chroí. Bhuel, a bhuachaillín, ar tharla aon cheo ar scoil inniu?’
‘Níor tharla.’
Bhí na dineasáir ciúin ar an mbraillín. Chuaigh Fionnuala timpeall an tseomra, ag bailiú éadaí salacha a mic ón urlár.
‘A Mhamaí, cé hé Roc? An fear dána é?’
‘Roc, a Fhiachra?’
‘Sea, Roc. Feicim fógraí chuile áit ar na ballaí – ‘Roc out’
Thuig sí ansin. R.U.C. Out a bhí faoi chaibidil aige.
Bhreathnaigh sí anuas ar an éadan beag shoineanta.
‘Níl a fhios a’am. Níl a fhios a’am beo cé hé Roc ná céard atá déanta ag an bhfear dána.’
‘Caithfidh gur duine an-dána go deo é, a Mhamaí.’
‘Caithfidh gurb ea, a chroí, caithfidh gurb ea. ‘Nois, leag uait na dineasáir agus gabh a chodladh.’
‘Oíche mhaith, a Mhamaí.’
Póg.
‘Oíche mhaith, a stór.’
Chuaigh sí isteach ina seomra féin. Bhain sí di a bróga agus luigh sí síos ar a leaba, an leaba mhór dhúbailte a bhí rómhór di. Smaoinigh sí ar an mbaile seo. Ba chuimhin léi an todhchaí gheal a bhí roimpi nuair a shocraigh sí ar theacht. Cheap sí go mbeadh sí anaithnid i mbaile mór mar seo, i measc sluaite daoine ar na sráideanna. Ní bheadh faill ag daoine bheith ag cúlchaint mar gheall uirthi. Bheadh teaichín beag aici di féin agus d’Fhiachra. Bheadh an bheirt acu neamhspleách óna tuistí sa mbaile. Thóg sí an nuachtán amach as a mála. Bhí cúpla fógra le hathléamh aici sula rachadh sí a chodladh.
Rith sé léi gur cheart di éirí sula dtitfeadh sí féin ina codladh. Ba cheart di éadaí salacha Fhiachra a chur sa meaisín níocháin. Ba cheart di a mhála scoile a fholmhú agus lón a réiteach dó. Is iomaí jab beag ar cheart di a dhéanamh anocht, sula rachadh sí a chodl-
Dhúisigh sí de phreab. Bhí an lampa cois leapa lasta fós. Ansin chuala sí . . . rud éigin. Cniog beag éadrom ar an chnagaire ar an doras tosaigh. Thug sí sracfhéachaint ar a fón póca. A haon a chlog.
Bhí sé ródheireanach. Cé a bhí ag teacht chuig a doras an t-am sin den oíche? Chuaigh sí anonn go dtí na cuirtíní agus d’oscail sí taobh amháin dóibh, leath-orlach. Bhí fear – nó bean – ag rith ón teach. Bhí an tsráid chomh ciúin leis an reilig.
Shiúil sí go deas réidh síos an staighre. Bhain sí triail as murlán an dorais. Fós faoi ghlas. D’iompaigh sí ar a sáil i dtreo na cistine nuair a chonaic sí rud éigin ar an urlár. Chrom sí agus scrúdaigh sí é.
Cleite dubh.
Sheiceáil sí go raibh glas ar gach fuinneog thíos staighre agus ar an doras cúil. Rinne sí amhlaidh leis na fuinneoga thuas staighre. Luigh sí síos ar a leaba, an nuachtán taobh léi, ach d’fhág sí an solas lasta amuigh ar an laindéar. D’Fhiachra.
‘Ní bean fhoighneach thú, a Bhean Uí Dhochartaigh,’ ar sí léi féin.