Bímis ag caint agus ag moladh na leabhar ...
Cad iad na húrscéalta is fearr, is tábhachtaí, is lárnaí sa Ghaeilge? Sin an cheist a chuireann, Ronan Doherty, Brian Ó Conchubhair agus Philip O’Leary rompu sa leabhar nua atá curtha in eagar acu, Úrscéalta na Gaeilge
It’s a classic ... something that everybody wants to have read and nobody wants to read.
Ba é an t-úrscéalaí D.H. Lawrence a d’fhógair ina aiste Why the Novel Matters i 1936 gurb é an t-úrscéal an uirlis liteartha is fearr agus is éifeachtaí chun léargas cruinn tuisceanach a thabhairt ar an saol beo, chun dul i ngleic leis an saol beo. B’fhearr an t-úrscéal, dar leis, ná an diagacht, an eolaíocht ná an fhilíocht ar an gcúis seo a leanas:
I am a man, and alive. I am man alive, and as long as I can, I intend to go on being man alive. For this reason I am a novelist. And being a novelist, I consider myself superior to the saint, the scientist, the philosopher, and the poet, who are all great masters of different bits of man alive, but never get the whole hog. The novel is the one bright book of life. Books are not life. They are only tremulations on the ether. But the novel as a tremulation can make the whole man alive tremble. Which is more than poetry, philosophy, science, or any other book-tremulation can do. The novel is the book of life … The saint wishes to offer himself up as spiritual food for the multitude. … The philosopher, on the other hand, because he can think, decides that nothing but thoughts matter. … As for the scientist, he has absolutely no use for me so long as I am man alive. … He puts under the microscope a bit of dead me, and calls it me.
Baineann litríocht bhríomhar le gach teanga bheo agus bíonn canóin liteartha ag gach teanga bheo fiú mura mbíonn gach duine ar aon fhocal ná ar aon tuairim faoi dhéantús na canóna sin, nó fiú má cheaptar nár chóir canóin ar bith a bheith ann. Ach i gcás na Gaeilge, ba mhinic an t-úrscéal in áit na leathphingine gur fhoilsigh Alan Titley An tÚrscéal Gaeilge sa bhliain 1991. Thuill Máirtín Ó Cadhain clú agus cáil le tamall anuas i saol idirnáisiúnta an Bhéarla toisc gur aistrigh Alan Titley Cré na Cille mar The Dirty Dust, gur aistrigh Liam Mac an Iomaire agus Tim Robinson an t-úrscéal céanna mar Graveyard Clay agus gur fhoilsigh cló ollscoil Yale iad araon. Foilsíodh léirmheasanna moltacha orthu in The New York Times, The Sunday Times, Washington Post, The Financial Times, The Times, The Boston Globe, The Guardian agus ar National Public Radio Mheiriceá.
Ó chianaibh, cuireadh i gcló leagan Gearmáinise, leagan Ollainnise agus leagan Seicise. In ainneoin an moladh a thuill na haistriúcháin úd agus ar tugadh dóibh in irisí gradamúla an Bhéarla agus na haistriúcháin nua a spreagadh, an mó úrscéal Gaeilge eile nach bhfuil aitheantas faighte acu, ní hamháin go hidirnáisiúnta ach go náisiúnta agus go fiú i measc phobal na Gaeilge féin? Cuimhnímis ar thús The Scarlet Letter (1850) leis an úrscéalaí Nathaniel Hawthorne:
At one end of the room, in a recess, were a number of barrels, piled one upon another, containing bundles of official documents. Large quantities of similar rubbish lay lumbering the floor. It was sorrowful to think how many days, and weeks, and months, and years of toil, had been wasted on these musty papers, which were now only an encumbrance on earth, and were hidden away in this forgotten corner, never more to be glanced at by human eyes. But, then, what reams of other manuscripts – filled, not with the dullness of official formalities, but with the thought of inventive brains and the rich effusion of deep hearts – had gone equally to oblivion; and that, moreover, without serving a purpose in their day, as these heaped-up papers had, and – saddest of all – without purchasing for their writers the comfortable livelihood!
Cad iad ‘the thought of inventive brains and the rich effusion of deep hearts’ ó thaobh úrscéalaithe na Gaeilge de? Cad iad na húrscéalta is fearr, is tábhachtaí, is lárnaí sa Ghaeilge? Tá a fhios againn ar fad faoi na beathaisnéisí móra Gaeltachta: Peig, An tOileánach, Fiche Bliain ag Fás, Nuair a Bhí Mé Óg agus, ar ndóigh, An Béal Bocht. Ní féidir gan aitheantas a thabhairt do Mo Bhealach Féin ná do Mháirtín Ó Cadhain. Ach cad é faoin úrscéal tar éis Mháirtín Uí Chadhain? Cé hiad na húrscéalaithe móra ar chóir dúinn a léamh, ar chóir dúinn staidéar a dhéanamh orthu sna hollscoileanna?
Reáchtáladh seimineár lá go leith ar an 23 agus an 24 Aibreán 2015, i dTeach Uí Chonaill, 58 Cearnóg Mhuirfean, Baile átha Cliath 2, chun ceisteanna den saghas sin a chíoradh: Cad í canóin liteartha na n-úrscéalta Gaeilge san fhichiú haois? Cad is fiú canóin liteartha ar bith? Cad iad clasaicí móra chanóin liteartha na Gaeilge? Cad iad na
húrscéalta Gaeilge ar chóir a bheith i mbéal an phobail agus i lár an aonaigh chultúrtha? An dúshlán a tugadh do na cainteoirí ná an méid seo a leanas: ‘díriú go sonrach ar fhiúntas liteartha an leabhair, ar a ról agus ar a ionad i dtraidisiún liteartha na Gaeilge agus an cheist seo a fhreagairt: cén fáth gur saothar den scoth é an t-úrscéal seo? Cén fáth gur clasaic é i dtéarmaí na Gaeilge de?’ Ba thoradh an seimineár seo ar an gceist a chuirtear go minic: What should I read in Irish? What are the best novels in Irish? Is there any novel worth reading in Irish? Bheartaíomar liosta a chur le chéile de na deich n-úrscéal is fearr sa Ghaeilge. Chinneamar na dírbheathaisnéisí a fhágáil ar lár. Phléamar an scéal le daoine áirithe, idir shaineolaithe agus scoláirí, ach ní raibh comhaontú ar bith le fáil. Bhí scoláirí ann a dúirt nár chreid siad i gcoincheap na canóna; bhí scoláirí ann a dúirt go gcaithfí cothrom na Féinne a thabhairt do gach canúint; bhí scoláirí ann a dúirt nach léann siad úrscéalta comhaimseartha. Dúradh nár chóir ach aon úrscéal amháin a chomhaireamh ó aon údar amháin; dúradh nár chóir aon údar beo a chur san áireamh.
Baineann go leor dúshlán le coincheap na canóna, mar is léir má chuimhnítear siar ar na díospóireachtaí a chothaigh cogadh na canóna i saol an Bhéarla: The Closing of the American Mind le Allan Bloom (1987), Cultural Literacy le E.D. Hirsch (1987); Tenured Radicals le Roger Kimball (1990); Illiberal Education le Dinesh d’Souza (1991). Go deimhin i gcás na hÉireann agus na Gaeilge, spreag The Field Day Anthology neart cainte agus dhá imleabhar sa bhreis mar tuigeadh gur deineadh imeallú ar thraidisiún na mban gan trácht ar thraidisiún na Gaeilge iontu. Ní raibh mórán easaontaithe idir scoláirí faoi scoth na n-úrscéalta idir na blianta 1900–1960, seachas b’fhéidir faoi Éamonn Mac Giolla Iasachta, Cúrsaí Thomáis: Shios Seal a’s Shuas Seal (1927) agus faoi Shéamus Ó Néill, Máire Nic Artáin (1959) agus Tonn Tuile (1947). Ba iad na húrscéalta ó 1960 i leith, áfach, a chothaigh an díospóireacht is leithne, ach ba chuige sin sinn. Ghlacamar cinneadh ansin an liosta a theorannú go dtí an fichiú haois. Seachas deich gcinn d’úrscéalta, roghnaíomar cúig cinn déag. D’fhéadfaí cur leis ar ndóigh agus scór úrscéal, nó dhá scór úrscéal a roghnú, ach bhí teorainn ama agus buiséid i gceist. (Bhí An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil againn ar an mbunliosta ón tús ach ar chúis éigin shleamhnaigh sé den liosta i ngan fhios dúinn. Cé nár pléadh an saothar seo le linn na comhdhála féin, bhíomar den tuairim i gcónaí gur thuill an leabhar áit i measc scoth-úrscéalta na tréimhse 1900–2000. Leasaíodh an liosta, mar sin, tar éis na comhdhála ionas go mbeadh sé úrscéal déag ann.)
Mar is eol, cuireadh tús le húrscéalaíocht na Gaeilge nuair a d’fhoilsigh Peadar Ó Laoghaire Séadna in Irisleabhar na Gaedhilge in 1898, saothar a foilsíodh ina iomláine mar leabhar i 1904. Más Corcaíoch a bhí ar thús cadhnaíochta, ní raibh na mná ná na hUltaigh ar gcúl. D’fhoilsigh Úna Ní Fhaircheallaigh An Grádh agus an Crádh i 1901, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuir sí An Cneamhaire di. Ach má lean na fir orthu ag saothrú agus ag foilsiú úrscéalta, beathaisnéisí agus dírbheathaisnéisí, níorbh amhlaidh do mhná na Gaeilge. Scéal faoi leith laistigh de scéal na Gaeilge is ea scéal na mban a d’fhoilsigh, agus nár fhoilsigh, úrscéalta go dtí le gairid. Bhain painéal comhdhála amháin le scéal na mban tríd an bhfichiú haois trí chéile agus a n-uireasa ar an liosta a roghnaíodh. Phléigh Róisín Ní Ghairbhí, Michelle O’Riordan agus Éilís Ní Dhuibhne, faoi stiúir Regina uí Chollatáin, úrscéalta na mban, ganntanas úrscéalta na mban agus an bláthú suaithinseach atá tagtha ar úrscéalta na mban ó thús na haoise seo i leith. Bhí díospóireacht bhreá faoi stiúir Chathail Goan mar chlabhsúr ar an seimineár faoi na húrscéalta atá ar an liosta, faoi na húrscéalta nach bhfuil ar an liosta, faoi na húrscéalta nár chóir a bheith ar an liosta. An t-aon srian a cuireadh ar an bpobal a d’fhreastail ar an díospóireacht ná an riail seo a leanas: sula ndéanfaí leasú nó malartú ar an liosta, níor mhór teideal a bhaint den liosta freisin, ionas nach rachadh an liosta thar fóir. (Agus cuirtear an geasa céanna ar léitheoir an tsaothair seo. Ní foláir teideal a bhaint den liosta sula gcuirtear teideal leis! Sin an dúshlán, sin an cluiche!) Tugann iarfhocal Dharach Uí Scolaí, a foilsíodh mar alt ar Tuairisc.ie, blas den díospóireacht sin.
Mar áis don té ar spéis leis nó léi an t-ábhar seo, tá liosta d’úrscéalta na Gaeilge, liosta atá bunaithe ar thaighde Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge (1991). Isteach agus amach ar 234 úrscéal ar fad atá ar an liosta seo idir 1901–2016 gan Cathal Ó Sándair, Máirtín Ó Corrbuí, Deasún Breatnach, Seán Tóibín, Liam Mac Reachtain, Donach de Róiste, Eoghan Ó Grádaigh, ná P.D. Linín (Róisín Bean Mhic Dhonnc[h]adha) san áireamh. Dá gcuirfí iadsan san áireamh, bheadh breis agus 350 úrscéal ann. (Tarraingíonn sé sin anuas an cheist arbh fhiú comhdháil faoi úrscéalta pléisiúrtha /úrscéalta eachtraíochta na Gaeilge a reáchtáil amach anseo?) Tá sé tábhachtach go mbeadh díospóireacht agus, go deimhin, argóint leanúnach ann seasta faoi úrscéalta na Gaeilge. Fáiltímis roimh a leithéid ar an gcúis go gciallaíonn a leithéid gur teanga bheo í an Ghaeilge agus gur litríocht bheo í litríocht na Gaeilge. Agus an leabhar seo á chur in eagar againn, tá uainn taifead den seimineár a chur ar fáil, blaiseadh den díospóireacht a sholáthar. Ach ina theannta sin, ba mhaith linn ceisteanna a tharraingt anuas agus dúshlán phobal na Gaeilge a thabhairt easaontú leis an rogha a deineadh agus a rogha féin a dhéanamh. Níltear ag maíomh gurb é seo an liosta deifnídeach, ná baol air, ach is tús é. Is maith mar sin go mbeadh easaontas agus díospóireacht bhríomhar ann go háirithe má spreagtar pobal na Gaeilge, pé áit ar domhan atá siad, chun na húrscéalta a léamh mar leabhair chlóite, mar chlosleabhair nó mar ríomhleabhair. Bímis ag caint agus ag moladh na leabhar.