CUAIRT

CUAIRT

markwickham.org

Gearrscéal nua le Antain Mac Lochlainn

‘An Ghráinseach’ – ainm gan bhrí don té nár tháinig tríd. Ach nuair a bhí mise i mo ghasúr, bhí a fhios ag an tsaol gur ar an Ghráinseach a bhí teach na ngealt. Ainm eile ar sheachrán intinne a bhí ann – áras cónaithe na mire. Ar imeall chathair Dhoire a bhí an Ghráinseach, píosa maith ar shiúl ón áit a raibh muidne inár gcónaí, ach bhí a scáth mór. Ba mhinic an t-ainm ar bhéal mo mháthar, agus í ag iarraidh muid a chur chun na scoile nó an tsíocháin a chur i réim eadrainn. “Tá mé réidh le cur chun na Gráinsí agaibh.” Níor shíl mo chuid deartháireacha ná mo chuid deirfiúracha a dhath de. Dar liomsa, bhí sé ina bhagairt ní ba troime ná Borstal ná bochtaineacht ná droch-chríoch ar bith eile dá raibh i ndán don té a bhí gan smacht. Bhí mé róchliste le go mbainfeadh a dhath mar sin dom, ach ní shábhálfadh léann an tsaoil ar an Ghráinseach mé. B’fhéidir fiú amháin gur mar gheall ar intleacht a chuirfí ann mé, dá mbeinn ar dhuine de na daoine seo atá ‘ródhomhain’. Agus, dar ndóigh, ní ormsa a bhíothas ag bagairt; is é rud go gcaillfeadh daoine eile a gciall cheart de dheasca mo chuidse diabhlaíochta. Níor mheas mé riamh go raibh a oiread sin tionchair agam ar dhaoine eile ach nár theagasc an tAthair Ó Móráin dúinn nach gníomhartha an duine i gcónaí a dhéanann an dochar? “An fhaillí, a ghasúraí, peacaí na faillí. Och, an t-olc a dhéanann muid fiú nuair nach ndéanann muid a dhath.”
Níorbh fhurasta domsa éisteacht lena leithéid sin agus smál ar mo choinsias cheana féin mar gheall ar thimireachtaí beaga a bhí á ndéanamh do m’athair agam. Ar bhuille leath i ndiaidh a trí gach lá seachtaine, d’imínn i mo rith ó theach na scoile go dtí oifigí m’athar i lár an bhaile. Rithinn an méid a bhí i mo chorp, nó bhí mé ag iarraidh m’athair a shásamh agus lán mo shúl a bhaint as Vera, an rúnaí a bhí aige. Thugadh sise croí isteach dom, agus póg ar chlár m’éadain. “Nach tusa an buachaill bán,” a deireadh sí. “Ní bhíonn Dadaí choíche chomh gnóthach sin nach mbíonn lúcháir air tusa a fheiceáil.” Moladh uilig a bhí sa méid sin, ar feadh ar thuig mise san am.
Isteach san oifig liom, áit ar ghnách liom dul a shúgradh le sean-abacas a bhí ann, fad is a bhíodh m’athair ag cuntas na nótaí móra puint a choinníodh sé i mbosca dearg stáin. Bosca gan tóin, dar liomsa, bosca draíochta nach mbeadh folamh choíche. As go brách liom ansin trasna an droichid go teach leanna mhuintir Mhic Alastair – ní an pub féin ach doras cúil an tí cónaithe a bhí buailte leis. Thugadh an tseanbhean buidéal dom ansin agus clúdach páipéar donn air. Ba é a bhí ann, ‘cógas’ m’athar, nó b’in an t-ainm a bhí againne air inár gcanúint rúnda. Bheirinn liom i mo mhála scoile é go dtí m’athair. Cead agamsa an mionbhriseadh a choinneáil.
Chuaigh na buidéil i méid i gcaitheamh na mblianta sin – ó naigíní go leathbhuidéil go buidéil mhóra a bhí chomh trom le mo chuid leabhair scoile. Ní i gcónaí a bhí ag éirí le m’athair an oifig a bhaint amach; d’imíodh laethanta thart gan é theacht amach as an tseomra leapa. Mar sin féin, rinneadh stangaire díom an Domhnach úd, nuair a d’ordaigh mo mháthair dúinn gan ár gcuid éadaí a bhaint dínn i ndiaidh an Aifrinn, mar go raibh muid le cuairt a thabhairt ar m’athair, ar an Ghráinseach. Amharc dár thug mé ar a gnúis, thuig mé nach ag magadh a bhí sí. Labhair sí go dáigh liom, “Mar gheall ar an deoch atá sé ann. Ní hé gur chaill sé a chiall.”
Mise an duine deireanach ar insíodh dó, mar ba ghnách. Ní hamháin sin, ach bhí an mhuintir eile i ndiaidh cuairt a thabhairt air cheana féin, Dé hAoine. B’olc an tuar mar a d’fhan siad ina dtost go dtí seo, amhail is go bhfaca siad rud éigin nach raibh siad ag iarraidh a bheith ag caint air.
Óg mar a bhí mé, thuig mé rialacha an chluiche úir seo. Thar a bhfaca tú riamh, bhí sé le coinneáil ina rún. Dá mbeadh na comharsana ag iarraidh a fháil amach cá raibh ár dtriall agus muid chomh cóirithe, déarfadh muid leo gur ag dul go Bun Cranncha a bhí muid, le haer na farraige a ghlacadh, in ainneoin gur Mí na Féile Bríde a bhí ann agus gaoth aduaidh ann a bhainfeadh an gaosán díot. Má bhí ealaín na mbréag ar mo thoil agamsa, caithfidh sé gur ó m’athair a fuair mé. Nuair a stop na Sasanaigh an carr i Léim an Mhadaidh, tharraing mo mháthair scéal bacach eile chuici féin. Ag dul a shiopáil i nDoire a bhí muid. “Ag siopáil ar an Domhnach?” arsa an saighdiúir, a bhí rómhúinte le cur i gcuimhne dúinn nach raibh siopaí ar bith fágtha i nDoire. D’imir mo mháthair an cárta ba láidre a bhí aici – an tost.
Bhí mise ag stánadh ar an tSasanach ar feadh an ama. Bhí dath donn ar a chraiceann, rud nach bhfaca mé riamh, amach ó chuid irisí lucht na misean. Ní dócha gur mise an chéad duine a rinne iontas de, agus ní dócha gur i ngan fhios dó féin a bhí. Sa deireadh, bhris ar a fhoighid aige agus d’ordaigh sé dúinn a bheith ar shiúl. “Ach tá sé contúirteach ceathrar páistí a bheith i gcúl an chairr,” a dúirt sé. “Ná déan arís é.” Cad é go díreach a bhí i gceist aige leis sin, a d’fhiafraigh mé díom féin agus muid ag imeacht. “Ná déan arís é.” Ná bíodh an carr plódaithe, ab ea, nó ná bíodh tuilleadh páistí agat?
An uair amháin a chuir muid an seicphointe inár ndiaidh chuaigh achan duine a smaoineamh ar an rud a bhí romhainn. B’in an uair a tháinig an ghruaim orainn. Sinéad, an bhean ba sine de na deirfiúracha, shuigh sí beagán chun tosaigh agus labhair le mo mháthair i gcogar a chuala mé chomh maith céanna agus dá mbeadh sí ag scairteadh in aird a cinn – cluin páistí caint a bhaineann leo féin. “Níl ciall ar bith leis seo,” arsa Sinéad. “Eisean a thabhairt linn. Cad é an mhaith a dhéanfaidh sé?” Shíl mé ar feadh tamaill go ndéanfadh mo mháthair cárta an chiúnais a imirt arís, ach thug sí freagra ar a hiníon faoi dheireadh. “Cad é an mhaith a dhéanfaidh sé, ab ea? Níl mise ag maíomh go ndéanfaidh sé maith ar bith.”
In ainneoin mo mhíshuaimhnis, bhí a oiread seo sásaimh orm: níor measadh mé a bheith ró-óg le bheith leo. Bhíothas ag glacadh leis nach mbeinn scanraithe, agus níor bheag sin mar chruthúnas ar mo chuid fearúlachta. Ach cuir i gcás go mbeinn scanraithe? Cuir i gcás go rachainn a chaoineadh? Ag criongán mar a bheadh tachrán ann. Bhí mé ag iarraidh pictiúr den Ghráinseach a chruthú i m’aigne. Insane asylum a deireadh daoine, amhail is go raibh an foirgneamh féin ar mire. Dhruid mé mo shúile agus chonaic mé romham léaráidí de thithe na ndílleachtaí agus tithe na mbocht i leabhair Charles Dickens. Sin é, teach mór gruama a bhí sa Ghráinseach, ar nós na dtithe in Oliver Twist. Ní raibh sin ródhona. Ach ní raibh ag éirí liom na daoine a chónaigh sa teach a shamhlú. ‘Créatúirí’ a thug Sinéad orthu. Dúirt sí nach raibh dochar ar bith iontu agus gur in ‘aois na leanbaíochta’ a bhí an chuid ba mhó acu. Ach ní raibh cuma ar bith air sin; nach ndeirtear i gcónaí gurb iad laethanta d’óige na laethanta is fearr i do shaol? Shílfeá gur méanar don té a bheadh ina leanbh an athuair agus gan a chuid daoine muinteartha a bheith ag croitheadh a gcinn agus ag osnaíl fá dtaobh de.
Ní raibh gar a shéanadh, chasfaí daoine orm ar an Ghráinseach a bhí míofair, scáfar; daoine a bhainfeadh greim asat nó a chuirfeadh scian ionat, ach a lámh a leagan ar cheann. Iad siúd a gcuirtear casóg theannta orthu, a leagtar ar shlat a ndroma ar chlár agus ceangal crua orthu le go mbeidh faill ag na dochtúirí sruth leictreachais a chur trína n-inchinn. Pictiúr eile as leabhar a chonaic mé ansin – an bhrúid a chruthaigh Frankenstein, oíche a raibh an t-aer ar tinneall le haibhléis. Is mar sin a bheadh cuid de na daoine mire gan dabht – cloigne míchumtha orthu, iad ag siúl go liopasta ó sheomra go seomra agus an dá láimh amach rompu, ag iarraidh greim a fháil orm.
Ach ní seanchaisleán a bhí sa Ghráinseach. Teach brící dearga a bhí ann a raibh seomraí beaga i ndiaidh fás amach as, mar a bheadh cnapáin ann. Díonta den iarann rocach orthu agus staighrí ar an taobh amuigh. Cad chuige gur ar an taobh amuigh a bhí na staighrí? Portacabin thall is abhus caite ar charn brící ar nós báid a tháinig i dtír le tonn tuile. Dreach fágtha ar an áit, in ainneoin na gcarranna ar fad sa charrchlós.
Chuaigh muid isteach. Boladh sa halla a bhí cosúil leis an bholadh i leithreas na scoile díreach i ndiaidh a nite, ach é a bheith níos géire. An solas leictreach níos géire fosta, amhail is go rabhthas ag iarraidh an dorchadas a dhíbirt as achan chúinne is poll folaigh sa teach. Dúradh linn gur sa tSeomra Lae a bhí m’athair. Taobh thiar de chuirtín flapaí plaisteacha a bhí m’athair á ‘thriomú amach’ san aer tur tirim.
Chonaic mé uaim lom láithreach é, duine de thriúr fear i measc timpeall duisín ban. Eisean an t-aon duine a bhí ina shuí, cuma bheag mheáite air, ar imeall tolg mór a raibh breacadh de bhláthanna dearga air. Fonn siúil a bhí ar an mhuintir eile. Ghluais siad go mall timpeall an tseomra, ag cloí leis na ballaí, a súile in airde acu. Iad ag monabhar leo féin, amach ó dhuine amháin a bhí ag scairteadh isteach sa pholl sa bhalla trína dtugtaí a gcuid bia agus piollaí dóibh. “Tá sé in am,” a bhéic sí, agus í ag bualadh méar amháin ar chaol a láimhe, áit a mbíodh a huaireadóir lá den tsaol.
Dhruid mé níos gaire do mo mháthair, ní cionn is go raibh eagla orm ach le teann náire. Is beag bean acu a raibh a cuid éadaigh féin uirthi. Na léinte fada glasa a bhí orthu, ní go rómhaith a d’fholaigh siad cruth a gcolainne. Cad é a dhéanfainn dá dtiocfadh bean acu chugam, ag déanamh gur a mac féin a bhí ann, ag iarraidh mé a theannadh lena corp. Bhéarfainn cuid mhór ach an tolg sin a bhaint amach ach níor chuir m’athair ná mo mháthair cor ná bogadh díobh. Ní raibh radharc agam ar aghaidh mo mháthar ach bhí a fhios agam go raibh an ceart ag m’athair fanacht san áit a raibh sé agus a shúile sáite san urlár. Thuig mé ansin nach lena fheiceáil a tháinig muid ach lena náiriú. Ní cuairt a bhí ann, ach achasán. Seo anois, do thimire beag, do ghiolla gualainne. Caithfidh sé amharc air seo.
“Tá sé in am!” a scairt bean an uaireadóra arís. Thiontaigh sí ansin, mar a bheadh sí i ndiaidh deireadh dúile a bhaint den bhia. Chonaic sí an bheirt againne, inár seasamh i lár an tseomra. “Amharcaigí!” a scairt sí agus shín méar inár dtreo. “Amharcaigí orthu siúd!” Chuaigh a seanracht gáire trína colainn chaol. A leithéid de sheó bóthair a bhí sa teaghlach bheag seo againne, an mháthair a bhí righin le díoltas agus a mac ag iarraidh dul i bhfolach taobh thiar di; an t-athair a bhí fá fhad cúig shlat dóibh ach nach ligfeadh an náire dó éirí agus dul ina n-araicis. Chuaigh an gáire ó dhuine go duine. Chuaigh sé i neart, gur líon sé an seomra. Gáire mioscaiseach, míthrócaireach, daonna. Scaoil mé an greim a bhí agam ar láimh mo mháthar. Sheas mé amach roimpi agus ghlac le magadh na ngealt a bhí thart orm.
Mhair sé go fada buan.