Éitheach an Phiarsaigh  

Liam Prút
Éitheach an Phiarsaigh  

Chreideamar t’éitheach, a Phiarsaigh,
agus chreideamar t’éan aithrise, de Valera,
i ngeall ár measa ort
ach nuair a thréig tú an hÍdeach
cad ab fhiú feasta dhúinn
scarúint leis an Sasanach
agus sinn gan inneall na scarúna
a thógfadh ar shiúl ón Sasanach sinn?
Foighid ort, a Phiarsaigh,
fán fada ort
ó ligis an leanbh uait chun siúil
le do dhúil mhallaithe
ina mháthair.

Liam Prút

File agus scríbhneoir ab ea Liam Prút