Ráflaí a chniog cainteanna Stormont
Sular fhógair Arlene Foster go raibh teipthe ar na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont, labhair sí faoi na ráflaí míchruinne a bhí á scaipeadh faoin gcineál reachtaíochta teanga a bhí á phlé. Ní raibh na ráflaí seo ‘grounded in any sort of reality’, arsa ceannaire an DUP.
Cad iad na ráflaí a bhí i gceist aici?
Comharthaí dátheangacha ar fud na mball. Múineadh éigeantach na Gaeilge sna scoileanna. Cuótaí Gaeilgeoirí sa státseirbhís.
A leithéid sin.
Is cosúil go raibh an ceart ag ceannaire an DUP. Ba ráflaí gan bhunús a bhí sa chaint sin ar fad. Is eol dúinn an méid sin mar sceitheadh ina dhiaidh sin cuid mhaith sonraí faoin leagan deireanach den dréachtmhargadh a rinne sí féin agus lucht idirbheartaíochta a páirtí le Sinn Féin sular chlis ar na cainteanna.
An lá i ndiaidh di labhairt amach faoi na ráflaí nach raibh ‘grounded in reality’, d’fhógair Foster go raibh deireadh leis na cainteanna is déanaí faoi athbhunú an fheidhmeannais mar gheall ar an easaontas faoi chás an achta Ghaeilge.
Dúirt Foster nach mbeadh aon ghlacadh ag a páirtí le hacht don Ghaeilge amháin, ach ba í fírinne an scéil gur cuireadh deireadh leis na cainteanna mar gheall ar na ráflaí ar thagair sí dóibh an lá roimhe, na ráflaí nach raibh ‘grounded in any sort of reality’. Spreag na ráflaí sin, ar shéid polaiteoirí agus tráchtairí aontachtaithe áirithe fúthu le fonn, cuid mhaith imní i measc chosmhuintir an DUP. Scanraigh míshástacht na cosmhuintire an t-anam as Foster agus lucht ceannais a páirtí agus chaith siad an dréachtmhargadh i dtraipisí le heagla rompu.
Mar atá ráite ag tráchtairí amhail Póilín Ní Chiaráin, bhí údar gaisce ag Foster maidir leis an méid a bhí bainte amach ag a páirtí sna cainteanna. I measc rudaí eile, bhí dhá acht, ceann Ultaise agus ceann cultúir, faighte aici ar acht amháin don Ghaeilge, agus ceangal éigin idir na píosaí reachtaíochta éagsúla a d’fhágfadh go bhféadfadh sí a mhaíomh go bog nár géilleadh don éileamh ar reachtaíocht neamhspleách don Ghaeilge.
Ach ní raibh sé de mhisneach ag ceannairí an DUP tabhairt faoin margadh ‘a dhíol’ lena mbaill agus a lucht tacaíochta agus ghéill siad don bhrú polaitiúil a cuireadh orthu.
Ghéill siad chomh maith do Jim Allister ón TUV agus cailleacha eile an uafáis dá leithéid, an cineál daoine a d’áiteodh ort, gan a n-anáil a tharraingt, gur fáisceadh an t-éileamh ar acht Gaeilge as ‘Leabhar Glas’ an IRA agus go bhfuil ‘weaponizing’ á dhéanamh ag Sinn Féin ar an nGaeilge.
I mbeagán focal, ghéill siad do lucht na ráflaí agus na bréagnuachta agus tháinig stad ar na cainteanna ar chúiseanna nach ‘raibh grounded in any sort of reality’, seachas fírinne na claontachta i gcoinne na Gaeilge agus lucht a labhartha atá fréamhaithe go daingean i gcuid den phobal ó thuaidh agus a dtéann a bhfréamhacha siar i bhfad roimh theacht ar an saol do na Sealadaigh.
Ina ainneoin sin, tá mórán tráchtairí ó dheas atá dall ar fhíricí an scéil seo, nó ar cuma leo faoi na fíricí sin.
An té nach mbeirtear air téann sé i ndánaíocht.