Shíl mé go bhfaca mé taibhse: Merriman, Mac Craith, Ó Doirnín?
Tá Talwrn y Beirdd á chraoladh ag BBC Radio Cymru ó 1980. Cúirteanna Filíochta na Breatnaise lenár linn féin atá ann, a deir Diarmuid Johnson
Tá cáil ar na cúirteanna filíochta a bhíodh in Éirinn san ochtú haois déag, agus is cuid ar leith de stair na héigse atá i scéal na gcúirteanna céanna agus i saothar na bhfilí a bhíodh ag cumadóireacht dá chéile iontu. An grá agus an ghruaim, an greann agus an grinneas, an moladh agus an cáineadh: bhí na seacht dtréith sin fite fuaite ina chéile i dtraidisiún na linne sin.
Sin cuid de na smaointe a rith liom le déanaí i mbialann Medina in Aberystwyth na Breataine Bige. Bhí foireann Radio Cymru i láthair, agus a gcuid trealaimh socraithe acu. Bhí bean na fuaime faoi chluasáin ann, agus bhí fear an tí ag glanadh a scornaí. Scór go leith duine sa lucht éisteachta. Lasadh an solas dearg.
Ní hiad Brian Merriman, Seán Clárach Mac Domhnaill ná Aindrias Mac Craith a bhí i mbun filíochta an oíche sin dar ndóigh, agus ceathrar as Aberystwyth agus ceathrar as Tal-y-Bont, agus is mír don tsraith Talwrn y Beirdd a bhí á taifeadadh faoi stiúir Ceri Wyn Jones, file, moltóir agus craoltóir. Cén stair a bhaineann leis an gclár raidió seo, cén leagan amach atá air, agus cé hiad na daoine a bhíonn páirteach in imeachtaí an chláir?
Tá Talwrn y Beirdd á chraoladh ag BBC Radio Cymru ó 1980. Is sraith atá ann, agus craoltar clár leathuaire in aghaidh na seachtaine ar feadh leath na bliana nó mar sin. Dhá fhoireann ag sáraíocht ar a chéile – sin é an leagan amach. Bíonn sé de chúram orthu sé dhán, nó sé mhír a chur i láthair. Tugann fear an tí marc ar gach mír. An fhoireann is airde marc i ndeireadh na hoíche, sin iad na buaiteoirí. Ach oiread le sraith peile, imríonn na foirne éagsúla in aghaidh a chéile i rith na bliana. De réir mar a thagann na foirne is fearr aníos tríd an dríodar, bíonn an leathchraobh ann agus an chraobh. Is mór an gradam an tsraith a bhuachan, agus bíonn na filí ag cur faobhar ar a dteanga ag súil le huair na coimhlinte agus na caithréime.
Ní clár stiúideo atá i Talwrn y Beirdd ach clár pobail. Déantar an taifeadadh ar fud na tíre i measc na ndaoine ar díobh na filí agus na baird. San oíche Dé Máirt seo caite más ea, ach oiread le hoíche ar bith eile, bhí aithne mhór ag na filí ar a chéile, agus aithne ag an lucht éisteachta orthu dá réir. ‘Bhur gcéad fáilte,’ arsa Ceri Wyn Jones, fear an tí. ‘Seo í an chéad uair a chonaic mé tapas ar an gclár seo!’ Is sonc a bhí ansin faoi easnacha na mBreatnach meánaicmeacha a bhí i láthair, ós i mbialann Spáinneach i lár an bhaile a bhí muid. Bhí tús curtha le caitheamh na spallaí.
I measc na gcúram a chuireann fear an tí ar na filí don Talwrn, tá aiste filíochta darb ainm an cywydd. Focal ar ‘dán’ ó thús is ea cywydd, agus tá sé luaite sna foinsí is sine san 8ú haois. Idir 1300 agus 1550 nó mar sin, b’ionann an cywydd agus dán fada, dhá líne ar dhá líne, a raibh uaim agus comhardadh ann. Is aiste filíochta í seo atá á cleachtadh fós. Cywydd [ky-with] faoi bheirt strainséirí ar an traein a scríobh Huw Meirion Edwards, iarléachtóir le Breatnais atá ag obair le Comhairle na Leabhar anois. Dieithryn an focal Breatnaise ar ‘strainséir’, agus sin é an teideal a bhí ar an dán. Seo leathcheathrú as:
Dadebrodd hi’n ddiddianc
Lygad yn llygad â’r llanc.
Mhúscail sí, agus gan éalú i ndán,
Bhí súile na beirte greamaithe ina chéile.
Tá léargas sa leathcheathrú thuas ar chuid de na bunrialacha meadarachta atá i bhfilíocht na Breatnaise. Ar an gcéad dul síos, is línte seacht siolla atá i gceist. Seo cosúlacht an-mhór idir filíocht chlasaiceach na Breatnaise agus na Gaeilge. Seans gur rud é seo a tharla go nádúrtha sa dá thír, agus seans gur rud é a tháinig i dtreis nuair a bhí Gruffudd ap Cynan ina rí ar Gwynedd idir 1081 agus 1137. Bhí trácht idir Éirinn agus an Bhreatain le linn Gruffudd ap Cynan, agus tá tuairiscí ann ar aos dána agus aos ceoil na nGael a bheith ar cuairt i lios an rí sin sa 12ú haois. Deir an Dr Cáit Ní Dhomhnaill sa leabhar Duanaireacht (1975): ‘Ní miste a lua go mbíonn cuibheas áirithe i bhfilíocht na Breatnaise, ar a dtugtar awdl Wyddeleg (cuibheas Gaeilge)’.
Chomh maith le seacht siolla, tá ‘rinn’ agus ‘airdrinn’ sa leathcheathrú a chum Huw Meirion. Focal déshiollach i ndeireadh line atá i diddianc, agus focal aonsiollach i ndeireadh líne atá i llanc. Is bua de chuid na leathcheathrún seo gur sna focail a bhfuil comhfhuaim iontu is mó atá ciall na filíochta. Diddianc – ‘gan éalú’; llanc – ‘buachaill’. ‘Ní dán seirce a bhí i gceist agam féin!’ arsa Huw liom, ach bhí go leor i láthair, fear an tí san áireamh, a shíl a mhalairt.
‘Céard a déarfá le léitheoirí Chomhar faoi Talwrn y Beirdd sa lá atá inniu ann?’ arsa mise leis an bhfile lá arna mhárach nuair a ghlaoigh mé air san oifig. ‘Is dóigh gurb é an comhluadar an rud is mó,’ arsa sé, ‘comhluadair an phobail lena chéile. An pobal, agus an lucht éisteachta. Bíonn muid ar fad páirteach ann. Tá cuid mhaith filí óga ag teacht aníos faoi láthair,’ arsa sé, ‘agus bíonn na mná páirteach san imreasan sa lá atá inniu ann, rud nach mbíodh chomh mór sin.’
Is cosúil gur dán le Phil Davies, Tal-y-Bont is mó a bhain gáirí as an gcomhluadar san oíche Dé Máirt. Hunangofiant (‘Mo Scéal Féin’) an téama a tugadh don dá fhoireann. Ní dán siollach a bhí in iarracht Phil Davies, ach dán aiceanta, faoi mar atá in amhráin na Gaeilge. Cur síos áibhéalach ar shuáilcí an fhile a bhí sa dán. Ní raibh dhá líne ráite aige nuair a thosaigh an sciotaíl ar fud an tí. Duine ciúin lách, – sin cuid den cháil atá ar an bhfile seo go háitiúil. Is alter ego a bhí sa dán. Fear chomh breá leis níor rugadh riamh má b’fhíor don téacs. Ba cheart scannán a dhéanamh mar gheall air, ach cén t-aisteoir a bheadh sách cumasach agus sách dathúil le tabhairt faoin bpáirt? Mar bharr ar an rírá, níor oibrigh an micreafón dó an chéad uair, agus b’éigean dó an téacs a léamh an dara huair.
Faoin am seo, bhí an teach téite go maith, agus an oíche á stiúradh go healaíonta ag Ceri Wyn Jones. Mo dhála féin, is de bhunadh Ceredigion é Ceri Wyn, ceantar feirmeoireachta in iarthar tíre. Is le T. Llew Jones agus Dic Jones a d’fhoghlaim Ceri ceird na filíochta, agus bíonn sé féin ag múineadh cynghanedd i ranganna oíche ar fud an chontae. Tá sé ina oidhre ar sheantraidisiún ar dhóbair a mhúchadh sa 16ú haois nuair a choill Anraí VIII ceangal Shasana le hEaglais na Róimhe. Sin í an uair a dúnadh na mainistreacha sa tír, agus ó tharla gur sna mainistreacha a d’fhaigheadh cuid de na baird dídean i ndeireadh a saoil, ba bhuille mór d’éigse na tíre a bhí sa dúnadh sin. Níor tháinig an traidisiún slán ach ar éigean. Seo mar a tharla.
Tar éis Acht an Aontais, 1536, thit córas pátrúnachta na mbard as a chéile, agus chuaigh an traidisiún i léig. Is ó bhéal go béal a dhéantaí na baird a oiliúint, agus níor mhair a gcuid eolais ar phár. Bíodh sin mar atá, tháinig cuid den oidhreacht slán thall agus abhus, ní i measc na n-uaisle, ach i measc lucht ceirde agus i measc na tuaithe. Sampla de sin is ea an gréasaí bróg Siencyn Thomas (1690–1762) as Cwm Du, Ceredigion, fear a raibh scil aige sna seanmheadarachtaí. Bhí beirt mhac aige, Sion (1716–1796) agus Nathaniel (1722–1799), agus thóg siad seo an fhilíocht uaidh ar an teallach. Bhí teach mór sa gceantar sin darbh ainm Plas Troed yr Aur, agus bhí suim ag muintir an tí sin sa bhfilíocht Bowen (ap Owain) an sloinne a bhí ar mhuintir Troed yr Aur, agus chum filí Cwm Du dréachtaí in ómós dóibh san 18ú déag.
Ba de shliocht chlann Thomas Cwm Du an gabha ceártan Jeremiah Jones (1855–1902). Cheannaigh Jeremiah Jones feirm trí chéad acra gar do bhaile Llangrannog i ndeireadh an 19ú haois. Chuir sé craobh den Eisteddfod ar bun go háitiúil in 1886, agus chuaigh a chlann féin leis an bhfilíocht. Ar an mbeirt ba mhó cáil díobh sin bhí Dafydd Isfoel (1881–1968), agus Alun Cilie (1897–1975). Chaith an bheirt a saol ag plé leis an talamh. I measc na gcomharsan idir Aberporth agus Llangrannog, bhí talmhaí óg darbh ainm Dic Jones (1934–2009). Is ó Alun Cilie a thóg Dic Jones ceird na filíochta. Agus é fós ina fhear óg i 1966, scríobh Dic Jones Cynhaeaf (Fómhar), dán fada clasaiceach nach bhfuil a shárú i dtraidisiún na Breatnaise. Is rud é atá inchurtha ó thaobh tábhachta de le Caoineadh Airt Uí Laoghaire, Cúirt an Mheán Oíche, Cabhair Ní Ghoirfead, nó Oileán agus Oileán Eile. Is ó Dic Jones a thóg Ceri Wyn an cheird.
‘Beidh briseadh deich nóiméad ann anois,’ arsa Ceri nuair a bhí an chéad mhír taifeadta. Ba le Huw Meirion agus a chairde an oíche ainneoin an gháirí a bhain Phil Davies as lán an tí. Múchadh solas dearg Radio Cymru, agus d’éirigh monabhar na nglór istigh. Shíl mé go bhfaca mé taibhse ag féachaint isteach ar an bhfuinneog: Merriman, Mac Craith, Ó Doirnín? Is iad a macasamhail a bhí istigh agus iad ag piocadh ar tapas.