Máirtín agus Máirtín Eile 

Máirtín agus Máirtín Eile 

Na cosúlachtaí eatarthu a chuir Máirtín Ó Cadhain agus Máirtín Ó Direáin in árach a chéile, a scríobhann Hynek Janoušek

Máirtín Ó Direáin agus Máirtín Ó Cadhain. Beirt mhórscríbhneoirí Gaeilge sa bhfichiú céad. Is cinnte go raibh neart cosúlachtaí eile idir an bheirt Chonnachtach, seachas a dtábhacht i gcultúr na Gaeilge. Má bhí, is é is dóichí gurbh in árach a chéile a chuireadh na cosúlachtaí úd iad, chomh minic lena athrach, nó fiú níos minice ná sin, b’fhéidir. Ní mé cén uair a casadh an chéad Mháirtín ar an Máirtín eile den chéad uair, ach bhí an bheirt i láthair ag an gcéad chruinniú de Chumann na Scríbhneoirí in Óstán Jury i mBaile Átha Cliath i Meitheamh na bliana 1939. Bhí roinnt dócúil ar an tionól céanna mar gheall ar Shéamus Ó Grianna nach raibh róchinnte, is cosúil, cén mhaith a dhéanfadh an Cumann. Níor tháinig sé go dtí aon chruinniú eile.

Ní raibh deis ag an gCadhnach freastal ar imeachtaí an Chumainn sna blianta a leanfadh, mar gur gabhadh go gairid ina dhiaidh sin é. Pébrí scéal é, bhí cantal ar an gCadhnach mar níor tugadh cuireadh d’fhilí na nGaeltachtaí chun an Chumainn, filí pobail. An freagra a bhí ag Pádraic Óg Ó Conaire air, ‘Bhuel an dtuigeann tú, ní raibh Thom’s Directory agam nuair a bhí mé ag cur amach na gcuirithe’. Ach is dócha gurb é sin faoi deara an coimhthíos a bheadh ar an gCadhnach le nuafhilí na Gaeilge uaidh sin amach, coimhthíos a thiontódh ina naimhdeas de réir a chéile. Daoine nach furasta a ligfeadh rud tharstu a bhí sa mbeirt Mháirtíní, cóir ná éagóir. Idir an dá linn, bhí an t-aighneas ag glugarnach, ina uisce faoi thalamh.

‘Dar príosta, tá misneach aige a dhul ag cur amach fhilíochta ar a chostas féin ins an prosy age seo,’ a scríobh an Cadhnach i litir chuig Tomás Bairéad ó Shibéir na hÉireann agus é ag tagairt do chéad chnuasach filíochta de chuid an Direánaigh. Bhí a lán litríochta Fraincise dhá léamh aige ag an am sin, roinnt mhaith filíochta nach dtaitneodh cuid di leis, a deir sé. Ní mé an na siombalaithe a bhí i gceist aige, Stéphane Mallarmé agus Paul Valéry, cuir i gcás. Ag caint faoin méid is féidir a scagadh as an aiste ‘An Nuafhilíocht’ a d’fhoilsigh Máirtín Ó Direáin in Comhar (Feabhra 1961) agus as na páipéir bhána iomráiteacha a bhreac an Cadhnach ocht mbliana ina dhiaidh sin atá mé anseo, go príomha.

Bhí Máirtín Ó Direáin an-tugtha do Valéry agus ní foláir nó gur thaithnigh cuid de dhoilfeacht álainn sin na siombalaithe leis an gCadhnach. Go deimhin, luann an dís Valéry agus T. S. Eliot agus iad ag míniú a gcuid tuairimí faoin litríocht agus faoin bhfilíocht go háirid. Bhí siad ar aon intinn go raibh sé dlite ar scríbhneoir cruthaitheach caint na treibhe a íonghlanadh nó brí níos glaine a thabhairt di, mar a d’fhógair Mallarmé agus Eliot ina dhiaidh siúd. Ní haon ionadh, is dócha, gur éagsúil an tuiscint a bhí ag an mbeirt scríbhneoirí Gaeilge ar an gcaoi ba chuí le dhul ina bhun sin. Shílfeá go ngabhfadh Ó Cadhain leis an bhfile go gcaithfí cúl a thabhairt le friotal agus téamaí na hAthbheochana agus gurb é easpa traidisiúin bheo scríbhneoireachta ba mhó a chuirfeadh isteach ar an té a thabharfadh faoi litríocht a scríobh sa nGaeilge. Chomh maith leis sin, ba í caint bheo na ndaoine an fhoinse ba thábhachtaí leis an mbeirt ach go mbeadh an Direánach ní ba bháúla leis an gcaighdeán, b’fhéidir. Os a choinne sin, bhí an Cadhnach dúghafa leis an nGaeilge mar mheán agus mar sheilbh a mhuintire, é grámhar, éadmhar, craosach, gangaideach ina taobh.

‘Ní bhíonn cuma ná caoi ar a chuid Gaeilge leath na cuarta,’ a deir sé i litir eile chuig an mBairéadach faoin ‘bhfile ó Hy-Brazil’, agus é dhá fheannadh dhá chraiceann nua-aoiseach lena theanga bhiorach, gan trua gan trócaire, fearacht a liachtaí uair eile a criogadh, púróga an domlais a bhí ag dul i méid ann ón gcéad lá a tháinig sé ar an saol, cheapfá. ‘Ní bhraitheann an file an spleáchas céanna leis an gcomhthionóil,’ a dúirt Máirtín Ó Direáin. Is é is dóichí gur ghoill an abairt sin ar an Máirtín eile go mór, gur dhaingnigh sí an tseanbharúil ann nach raibh an file dílis, gur ‘luifearnach galánta a labhraíos daoine galánta’ a bhí ina chuid ranntaíochta. Is cinnte go raibh bród ar an gCadhnach as gur léití a shaothar ina dhúiche féin, nó gur mhoilligh sé ar a éadóchas, roinnt bheag, gurb ann dóibh a léadh é, dhá theirce iad is dhá laghad a mbá leis.

Tá sé chomh siúráilte céanna, dar liomsa, gur cheap an sean-Óglach Sóisialach nach raibh tábhacht ar bith ag baint le nuafhilíocht na Gaeilge, ná le nuafhilíocht i gcoitinne ach oiread leis sin. Ní raibh, arae bhí na liricí deasa neamhurchóideacha i bhfad ó ábhar shaol an phobail, b’fhacthas dhó. Ba chuma sa diabhal faoi na seanmheadarachtaí, faoin gcomhardadh slán, uaim, ná amas, rinn nó ardrinn, d’aontódh na Máirtíní, b’fhéidir, ach níor chuma faoin bpobal! Shíl an Cadhnach ‘go bhféadfadh feidhm eicínt a bheith ag an bhfilíocht ... go bhféadfadh na filí teacht i dtír air’. Is é an t-aon fhile a luas Máirtín Ó Cadhain le gean Johnny Chóil Mhaidhc – ‘má cheadaíonn sibh dhom chor ar bith an t-ainm a thabhairt air,’ a fhiafraíos sé den lucht éisteachta, mar dhóigh dhe, ag cuimhneamh ar an tseancheist ó chéad chruinniú Chumann na Scríbhneoirí, cheapfainn. Thaithnigh Seán Ó Coistealbha leis an gCadhnach, arae bhí sé ‘ar an gcaoi a raibh sé ag filí ariamh sa nGaeilge,’ é bainteach doscaoilte le saol na sochaí. Bhí marbhna poiblí ar mhodh Raiftearaí aigeasean in ómós a charad, seachas ‘múisiam beag príobháideach bhuidéilín an phoiticéara’.

Ní mé an é sin a thug an Cadhnach ar oscar An Bhile a Thit, an dán a scríobh an Direánach ina ómós, má chuala sé i gcré na cille é? Ar ndóigh, ba shuarach dóchas an Chadhnaigh as chuile shórt gnaithe daonna faoin spéir is faoin talamh agus bhí sé in éadóchas ar scríbhneoireacht i gcoitinne, dhá réir sin. Ní raibh i ndán don scríbhneoireacht chruthaitheach ach dubhchinniúint dothuisceana. Pébrí scéal é, chreid sé go mb’fhéidir go bhféadfadh filíocht maireachtáil i bprós, go bhfuil ‘an domhan próis ag dul timpeall faoi chulaith na filíochta’ feasta. B’fhéidir gurb í an chreidiúint sin faoi deara ‘an t-ualach trom de mheafair mheasctha is de shamhailtí neamhoiriúnacha’ i saothar an Chadhnaigh, mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama. An ea go raibh Máirtín Ó Cadhain ag iarraidh a bheith ina Iar-Nua-Fhile? File a thit? Ceist. Is ansa.

‘Ní thuigimse an fhilíocht,’ a dúirt cara liom, fear Gaeltachta, na blianta ó shin, agus níor thuig mise ag an am é ach oiread. Tháinig mar a bheadh dúnáras ann eadrainn. B’fhéidir gurbh fhearr a thuigfinn anois é, ainneoin nár mhaith liom an dúnáras a mhúradh le caise cainte ná le tuaradh clóbhuailte. Ní dhéanfaidh bainne dubh na féile ramallae an dúnáras sin a leá ina shruth carthanais, a scríobhfadh an Cadhnach. Ní leáfaidh, arae is é bainne dubh Phaul Celan a óltar sa lá atá inniu ann, Schwarze Milch der Frühe wir trinken sie abends wir trinken sie mittags und morgens wir trinken sie nachts wir trinken und trinken...

Ar aon chaoi, ní scaoilfinn liom ná ní déarfainn cé hé an cara úd. B’fhéidir go scaoilfeadh ollamh cúramach eicínt dúrún an dúnárais sin. Amach anseo—é ag clipeadh na ngearb seasc de chraiceann seargtha mhumaí na Gaeilge—an seargán screamhach curtha, mar a dúirt an Direánach, i ‘[g]carnán trodán faoi ualach deannaigh inár ndiaidh in Oifig Stáit’.