Máirtín Ó Direáin agus ‘An Dá Aicme’

Máirtín Ó Direáin agus ‘An Dá Aicme’

An córas mallaithe a bhriseadh is a réabadh? Leanann Síobhra Aiken aistear polaitíochta Mháirtín Uí Dhireáin

The post office workers are already engaged in a fight, but are we really prepared for a fight? I do not think so. In the post office, as in many other offices, there are people who are badly off and there are others who are not so badly off. You cannot expect those latter people to do your fighting for you. You have to do your own fighting (Connacht Sentinel 1935: 29).

Dá léifeá an ráiteas thuas, seans nach as béal Mháirtín Uí Dhireáin is túisce a shamhlófá na focail sin agus é ag cur gothaí troda air féin. Ach seo é a dúirt an Direánach agus é ina Rúnaí ar Chraobh na Gaillimhe de Cheardchumann Lucht Oibre an Phoist ag comhdháil i mBaile Átha an Rí i nDeireadh Fómhair na bliana 1935. Faoin am sin, agus é cúig bliana is fiche, bhí seacht mbliana caite aige ina chléireach poist, nó ina ‘s[h]aghas giolla gan máistir’ mar a dúirt sé féin, agus ‘an ghráin’ aige air (Ó Gráinne 1989: 17). Ní hamháin gur chuir liostacht na hoibre as dó, ach ba shuarach an pá a bhí á fháil ag lucht oibre oifig an phoist an tráth úd, agus na tuarastail ag laghdú de réir a chéile ó bunaíodh an Saorstát (Devine 2013: 27-31). Cúig scilling déag agus deich bpingine an tuarastal seachtaine a fuair Ó Direáin, nó thart ar €55 sa lá atá inniu ann. Ní mórán an méid é sin má chuimhnítear go mb’éigean dó deich scilling as an tsuim sin a chur abhaile chuig a mháthair (Ó Gráinne 1989: 17).

In ainneoin chruachás na n-oibrithe, bhí cosc ar Cheardchumann Lucht Oibre an Phoist stailc a chur suas mar gheall ar chlásal gan stailc a bhí curtha sa mBunreacht acu ionas go n-aithneodh an rialtas an ceardchumann. Tógadh raic mhór sa mbliain 1935 nuair a thug oifigigh áirithe ag cruinniú i mBaile Átha Cliath dúshlán an cheardchumainn agus mhol gur cheart ciste stailce a bhunú. Léiríonn tuairisc in iris an cheardchumainn,
The Postal Worker, ón mbliain 1936 gur thacaigh an Direánach féin leis an rún conspóideach seo agus d’fhógair go raibh sé, ‘by no means ridiculous or foolish but a very far-seeing proposal’. Dar leis nárbh ionann glacadh leis an rún agus dul i muinín na stailce láithreach, ach dá dtarlódh a leithéid sna blianta a bhí rompu, ‘the wives and children of those who went on strike would not be in hardship or poverty as a result of their action’ (Devine 2015: 169).

Níor glacadh leis an rún, ní nach ionadh, ach tugann an seasamh radacach seo léargas dúinn ar an treallús a bhí sa bhfile óg a bhí le gníomh réabhlóideach eile a chur i gcrích dhá bhliain níos deireanaí nuair a thug sé droim láimhe le meadarachtaí traidisiúnta na Gaeilge agus rinne rogha den tsaorvéarsaíocht. Mar atá pléite cheana, tá fianaise fhileata go leor go raibh dáimh ag an Direánach leis an duine a bhí thíos leis an saol (Mac Síomóin 1984: 29, Prút 1982: 74-97). Sílim, áfach, go bhfuil gá athléamh a dhéanamh ar chuid de na dánta sin a luaitear le meon sóisialach an fhile i bhfianaise ghníomhachais Uí Dhireáin féin. Cé go bhfuil argóintí láidre ann gur cheart an léamh beathaisnéiseach a sheachaint, tá gnéithe áirithe dá shaol is fiú a chur san áireamh le teacht ar thuiscint ar na contrárthachtaí doréitithe ina shaothar, idir an bá a bhí aige leis an gcosmhuintir agus an t-ómós a léirigh sé do lucht cinsil.

Ceann de na dánta is mó a léiríonn tuiscint an Direánaigh ar achrann lucht oibre ná an dán ‘An Stailc’ (1954) a bhaineann le stailc a bhris amach i muileann adhmaid Uí Eidhin i gcathair na Gaillimhe sna luath-thríochaidí agus scilling bheag bhreise san uair á héileamh. Níl aon amhras ach go bhfuil reacaire an dáin ar son mhuintir na stailce agus is mór an cáineadh atá aige ar na toicithe móra ar chuma leo a gcuid oibrithe a bheith ar an ngannchuid:

Scilling bhreise an focal faire!
Ó bhéal na mbocht, ó chlann an duig.
Scilling a dhiúltaigh na toicí móra,
Scilling bhreise san uair do na fir
“Ne’er a wing, ne’er a wet.”

Scilling an focal, scilling an déirce
A tharraing ar na toicí racht na mbocht.
Na cruimhe á gcreimeadh thíos faoi na fóda
Á ghuidhe dóibh arís le fórsa
“Ne’er a wing, ne’er a wet.”

Droim le balla ag caoineadh an tuillimh,
Ag agairt na hainnise ar an sotal,
Scilling an focal, scilling an t-éileamh,
Bia, deoch, cíos is éadach.
“Ne’er a wing, ne’er a wet.”

Scilling á hiarraidh, beart is daonna
Na codáin á ríomhadh mar éileamh,
Á ríomhadh ar chaoi nach léir dom,
Fios a d’fhionnas ó chlann an duig.
“Ne’er a wing, ne’er a wet.”

Cé nach ngéilltear d’éilimh lucht stailce, is cosúil, tá léaró dóchais i línte deiridh an dáin mar sin féin sa gcaoi is go bhfoghlaimíonn reacaire an dáin ó ‘chlann an duig’ gur gníomh daonna, uasal é dul chun spairne leis an éagóir fiú agus gan aon toradh follasach air. Cá bhfios, dá bhrí sin, nach raibh stailc mhuintir Uí Eidhin, agus na stailceanna eile a chonaic sé i nGaillimh, i gcúl a chloiginn aige nuair a thacaigh Ó Direáin leis an rún ciste stailce a bhunú i gCeardchumann Lucht Oibre an Phoist.

Chuir Ó Direáin béim freisin ar thábhacht na stailce, go speisialta mórstailc na bliana 1913, san aiste a scríobh sé ar Shéamus Ó Conghaile a cuireadh i gcló in Ar Aghaidh i 1937. Go deimhin, seans gurb é an dara dán is cáiliúla i measc dhánta Uí Dhireáin a bhaineann le cruachás na gnáthmhuintire ná an dán ‘Séamus Ó Conghaile’ atá ar fáil in Coinnle Geala (1942). Ach is suntasach an rud é gur foilsíodh an dán sin den chéad uair san iris Aiséirighe a chuir Craobh na hAiséirí amach sa mbliain 1941 agus comóradh cúig bliana is fiche á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca. Mar a dúradh san Irish Times: ‘The paper will state the views of 1941 Irish youth on happenings twenty-five years ago. Among other features, I understand will be a fairly lengthy poem on James Connolly and his teachings, representing a distinct innovation in Irish metrics from the pen of Máirtín Ó Direáín who hails from the Aran Islands’ (Quidnunc 1941: 4).

Cé nach bhfuil cuntas againn ina thaobh ó pheann an fhile féin, bhí an Direánach féin sách gníomhach i gCraobh na hAiséirí, brainse de Chonradh na Gaeilge a bhunaigh Gearóid Ó Cuinneagáin agus Proinsias Mac an Bheatha i 1940. Ní hamháin gur scríobh sé don iris seo, ach bhí sé ina chathaoirleach ag díospóireacht amháin, ar a laghad, i gCeannáras na Craoibhe ar 45 Sráid Dhásain (Irish Independent 1940: 6), agus ghlac sé páirt in dhá dhráma mar chuid de bhuíon Aisteoirí na hAiséirí. (Ghlac sé an páirt sa dráma ‘Céad Bliain d’Aois’ i Samhain 1941 in Amharclann an Gheata agus bhí an phríomhpháirt aige sa dráma ‘An Tobar Draoidheachta’ i Márta 1942.)

Ar mhórán bealaí, bunaíodh Craobh na hAiséirí mar go raibh misneach an phobail as Conradh na Gaeilge ag trá. Cháin an Direánach féin, i litir chuig An Glór (1941a: 4), ‘seasamh lúb lagach’ an Chonartha agus bhí a dheartháir, Tomás, níos binbí fós nuair a scríobh go raibh ‘arm seo an Chonnartha in ainm agus a bheith ag caitheamh saighead leis an námhaid le leath-chéad bliadhan, agus is mó an méid saighead atá ’na gcraiceann agus ’na gconablach féin indiu ná sa námhaid’ (1942: 1).

Ina theannta sin, bhí cur chuige sách nuálach ag Craobh na hAiséirí sa gcaoi is gur tharraing siad nuatheicneolaíocht na haimsire chucu féin leis an nGaeilge a chur chun cinn, agus bhí siad an-fheiceálach mar gheall ar na máirseálacha agus na mórshiúlta a d’eagraídís i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus chathair Chorcaí. Faoin mbliain 1943, bhí os cionn 1,200 ball ag an gCraobh (Douglas 2012: 238) agus ina measc siúd bhí Liam S. Gógan, Eithne Strong, Séamus Mac Grianna, Ciarán Ó Nualláin, P. S. Ó hÉigeartaigh, Sorcha Ní Ghuairim agus Máire Comerford. (Tá liostaí ballraíochta na Craoibhe le fáil i bpáipéir Phroinsias Mhic an Bheatha, i gcartlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.)

Seans nach aon iontas é go ndeachaigh Ó Direáin isteach i gCraobh na hAiséirí i bhfianaise na dtuiscintí láidre Caitliceacha agus Poblachtacha a roinn sé le cuid dá bunaitheoirí. Murab ionann agus a chomhoileánaigh Liam agus Tom Ó Flaithearta a chuaigh i muinín an chumannachais agus a chaith amhras ar chumhacht na hEaglaise, bhí meon sóisialach Uí Dhireáin fite fuaite riamh leis an gcreideamh a bhí aige gur cheart go mbeadh sé d’acmhainn ag gach fear a chlann a thógáil de réir an teagaisc Chríostaí (Connacht Sentinel 1935: 3) agus chuaigh sé as a bhealach lena léiriú nach raibh sé ar son ‘t[h]eagasc mallaithe an chumannachais’ (1937: 5).

Dar le Caoimhín Mac Giolla Léith gurb é ‘coinsias sóisialta an Chonghailigh is mó a chuirtear in iúl’ sa dán ‘Séamus Ó Conghaile’ (2014: 29). Is fíor sin sa gcaoi a luann an file na fadhbanna sóisialta éagsúla - an bochtanas, an imirce, agus an tinneas - nár réitíodh faoin Saorstát nua. Ach ní mór suntas a thabhairt don dá véarsa dheireanacha ina nochtar dearcadh atá trodach agus dóchasach araon:

Acht caithfidh Gaedhil feasta choídhche,
An córas malluighthe a bhriseadh ’s a réabadh;
A chreach ó thus ’s a chuir in ísle-bhrígh sinn
’S córus nua a chur in uachtar in Éirinn.

Ar theacht an lae sin a’ fhir mhóir a’ mhisnigh,
Bhéarfa onóir chóir duit is díbh go h-uile,
A thuit gan staonadh is fós gan cliseadh,
Le bánú an lae ghil anseo cois Life (1941b: 9).

I bhfianaise an chomhthéacs as ar fáisceadh an dán, d’fhéadfá a rá gur rosc catha atá ann dáiríre ar son Chraobh na hAiséirí a raibh sé mar aidhm acu ‘aon mhóriarracht amháin eile do dhéanamh chun an Náisiún Saor Gaedhealach d’athbhunughadh i nÉirinn’ (An Glór 1942: 4). Bíodh is nach é ‘Séamus Ó Conghaile’ an dán is fuinte amuigh leis an Direánach, is é íoróin an scéil é gur dócha gur léigh níos mó daoine an dán seo ná ceann a bith eile dá chuid a foilsíodh le linn na mblianta sin. Scaoileadh amach 15,000 cóip d’Aiséirighe, agus luadh ag an am nár cuireadh níos mó ná 5,000 cóip de leabhar Gaeilge ar bith i gcló riamh roimhe sin (Quidnunc 1941: 4). Níor foilsíodh ach cúpla céad cóip de Coinnle Geala, an chéad chnuasach leis an Direánach a chuir sé amach ar a chostas féin an chéad bhliain eile i 1942. Léiriú ar thionchar an dáin is ea go luann Seosamh Ó Duibhginn, a léifeadh na hirisí agus é i ngéibheann i gCampa an Churraigh, gur thaitin ‘Séamus Ó Conghaile’ ‘go mór le buachaillí na cosmhuintire sa Champa’ (1962: 65).

Ach is cuid spéise é gur scríobh an Direánach dán polaitiúil eile don iris sin, Aiséirighe, nár foilsíodh in Coinnle Geala ná in áit ar bith ó shin:

Don Phiarsach
I
Éire saor is í ’bheith Gaedhealach,
An manadh ’bhí ag Rí na laoch mear,
’S a Dhia! Nach fíor gur sinn ’d’fheall air,
’S sinn a claoidh’ le Béarla feasta.

II
Acht foighid go fóill, a thogha na ngaisgideach!
Ní mhairfidh an staid seo dhúinn acht tamall,
Óir tiocfaidh spreac’ ’rís i nGaedhealaibh,
’S cuirfear ath-uair cath ar Bhéarla.

III
Ag deir’ an chath ní thógfar leacht dhuit
I gcloch aoil ná i marmar greannta;
Acht beidh t-ainm dhil ghil i gcroidhe gach leinbh,
’S do scéal dá aithris i nGaedhilg bhlasta (1941c: 6).


Ó thaobh na filíochta de, seans go dtuigfí cén fáth gur fágadh leithéid de dhán ar lár in Coinnle Geala, agus é níos cosúla dáiríre le dánta polaitiúla na hAthbheochana ná an stíl fhileata shofaisticiúil a bhí á forbairt ag Ó Direáin faoin tráth sin. Ach is mór idir údar misnigh an dáin seo agus na dánta a scríobhfadh an file níos deireanaí ar an ábhar céanna agus dóchas ag an bhfile fós, mar a bhí ag gluaiseacht na hAiséirí trí chéile, go n-éireodh le muintir na tíre luachanna an Phiarsaigh a bhaint amach. Faoin am ar foilsíodh Ár Ré Dhearóil i 1966, b’fhacthas dó go raibh creimeadh iomlán tagtha ar luachanna an Phiarsaigh agus muintir na tíre róghafa lena mianta santacha féin, ‘Mar ní tú feasta céile Choinn ná Eoghain, | Céile an Phiarsaigh ná rún na laoch’ (Ó Direáin 2010: 155).

Tuigeann muid anois gurbh é mian phríobháideach Ghearóid Uí Chuinneagáin nuair a bhunaigh sé Craobh na hAiséirí leagan Éireannach de ‘Óige Hitler’ a chruthú (Douglas 2012: 238). Nuair a bhunaigh sé a pháirtí polaitiúil féin, Ailtirí na hAiséirí i 1942, chuir Proinsias Mac an Bheatha tús leis an eagraíocht Glún na Buaidhe, agus thit Craobh na hAiséirí féin as a chéile. Ní fios céard a shíl an Direánach den dá ghrúpa dáiríre, ná faoin scoilt, cé go bhfuil fianaise ann gur thug sé ar a laghad léacht amháin do bhaill Ailtirí na hAiséirí (Ó Duibhginn 1961: 65). Dar le Tomás Mac Síomóin nach dóigh leis go mbeadh an Direánach páirteach go brách i ngluaiseacht pholaitiúil agus gurb é a bhí ann dáiríre ná ‘Fianna Fáileach radacach den seandéanamh’ (2010).

Mar sin féin, ní mór tionchar an chomhluadair a chur san áireamh agus an fhealsúnacht Nietschach a spreag ‘an t-ósfear’ sa dán ‘Ó Mórna’ á meas, nó an dán ‘Cloch Choirnéil’ ina gcuireann an file fáilte roimh theacht an fhir ‘ghiallteann thréin’ a chuirfeadh ord ceart ar an saol. In agallamh le Tomás Mac Síomóin, luaigh Ó Direáin nár chuimhneach leis ‘oiread is Gaeilgeoir amháin a thaobhaigh le na Comhghuaillithe sa gcoimhlint. Facthas dó go raibh ragús Gearmáinise ar a leath. Gráin ar Shasana ba chionsiocair le seo de ghnáth, dar leis, seachas luí ar leith le faisisteachas’ (Mac Síomóin 1984: 7). Ina dhiaidh sin féin, mar atá ráite ag Caoimhín Mac Giolla Léith, bhí leisce ar an Direánach claonta faisisteacha Yeats a cháineadh amach is amach:

Bhí an Yeatsach é féin ag suirí le faisisteachas, más maith leat, nuair a tháinig na Léinteacha Gorma anseo agus Eoin O’Duffy. Bhí Yeats, agus is dóigh go raibh filí riamh anall, ag smaoineamh ar rudaí mar sin. B’fhéidir gur thúsaigh sé in aimsir na pátrúnachta, na taoisigh, níl a fhios agam (Ó Direáin 2002: 131).

Ach chomh maith le timpeallacht pholaitiúil an ama, d’eascair spéis Uí Dhireáin sa lucht cinsil as a thaithí féin freisin. Ba chuimhneach leis scéalta a chloisteáil faoi Fhlaitheartaigh an tí mhóir in Árainn agus é óg (Ó Direáin 2002: 168), agus shílfeá go raibh sé faoi gheasa ag caint ghalánta an Mhaoir de Bláca a cheannaíodh stampaí uaidh in oifig phoist na Gaillimhe (Ó Gráinne 1989: 17). Ach ina theannta sin, bhí Ó Direáin ina mhúinteoir Gaeilge i gClub Shráid Chill Dara idir 1943 agus 1944, a bhí ina cheannáras don Chinsealacht Angla-Éireannach. Is beag duine a raibh an deis seo riamh aige mar a tuairiscíodh in Inniu: ‘Ní mé an bhfuil an dara fear beo in Éireann a mhúin an Ghaeilge taobh istigh de na doirse beannaithe sin. Is fada a bheas cuimhne aige [Ó Direáin] ar thréathra na gcoirnéal agus na gcaiptíní a casadh air ann agus a thugas cuid mhór dá saol sa tearmann oirmhidneach sin’ (Inniu 1951). In aiste a foilsíodh ar Scéala Éireann, deir Ó Direáin féin gur áit thruamhéalach a bhí sa gClub agus go raibh sé ‘beo le cinn fine gan fine’ (1956: 2). Ní haon chomhtharlúint é go gcuireann sé síos ar Ó Mórna mar ‘c[h]eann fine gan fine’ sa gcéad leagan den dán sin (1954). Is féidir a rá, dá bhrí sin, gur spreag teagmháil Uí Dhireáin le lucht cinsil an bá a bhí aige leo, go díreach mar a d’fhionn sé tuiscint ar chruachás na mbocht óna thaithí féin ar an mbochtanas. Seans gur sa dán ‘An Dá Aicme’ (1970) atá an léiriú is fearr ar an gcaoi ar éirigh leis urraim a thabhairt don dá ghrúpa seo in aon anáil amháin:

An dá aicme mhair
Ar throigh mhairbh na beatha
Ach níor dhóigh ar an sórt
Mura ndéantaí seo ná siúd
Go dtitfeadh an t-aer ar an talamh (2010: 196).

Mar sin féin, tháinig meath iomlán ar an dóchas a bhí ag Ó Direáin go bhféadfaí córas cóir sóisialach a chur ar bun agus is díol suntais an dán ‘Stailceanna’ a foilsíodh sa mbliain 1966, caoga bliain i ndiaidh na réabhlóide:

An mithid ar deireadh
An focal máistir
Is an ní sin féin
A fhógairt ar fán
As meabhair na bhfear?

Cad ab áil linn
Don dream feasta
Má tá gach Seán
Chomh maith leo?

Ach an bhfuilid na Seáin
Réidh chun dul sa diallait,
Cinnteacht a ghabháil
Ar an each, is mortabháil?

Dá mbeadh níor mhiste an beart,
Ach an é an craiceann
Is áil leo is a luach
Gan an ghlac a bhac?

Cloisim san áit
Ina bhfuilid ar barr
Nach gcloistear ann
An focal stailc (1966: 17).

Cé gur tharraing Eoghan Ó hAnluain aird ar an dán in aiste leis in Comhar (1988), tá an dán seo ar cheann de dhornán dánta nár cuireadh i gcló in Máirtín Ó Direáin: Na Dánta in 2010. Murab ionann agus ‘An Stailc’, is beag muinín atá ag an reacaire as lucht na stailce agus amhras air an bhfuil an cumas iontu dul ar an stiúir. Is mór idir meon soiniciúil an dáin seo agus spiorad an fhile óig a sheas sa mbearna baoil sna 1930idí le cearta stailce na n-oibrithe poist a chur chun cinn.

Nóta ón údar - Tá mé go mór faoi chomaoin ag Francis Devine, a roinn a chuid saineolais ar Cheardchumann Lucht Oibre an Phoist go flaithiúil liom. Tá mé an-bhuíoch freisin de Chuan Ó Seireadáin, cartlannaí Chonradh na Gaeilge, a chuir an iris Aiséirighe ar fáil dom.