Pé oideachas a fuaireadar, b’iod oideachas a chuireadar orthu féin ...

Pé oideachas a fuaireadar, b’iod oideachas a chuireadar orthu féin ...

Seo thíos tras-scríobh de léacht dar teideal ‘Scríbhneoirí as Inis Mór’ a thug an t-iriseoir, craoltóir, agus údar Breandán Ó hEithir ag Éigse an Cheathrar Álainn i mí Lúnasa 1988, dhá bhliain sular cailleadh é i 1990 

Síltear go bhfuil cúig leabhar is fiche scríofa ag muintir an Bhlascaoid Mhóir. Ach, mar a léirítear sa léacht seo, tá canóin liteartha níos téagartha fós ag muintir Árann. Dar le hÓ hEithir go bhfuil suas le trí scór leabhar curtha i gcló ag scríbhneoirí de bhunadh an oileáin, agus gur ‘mór an lear é as áit bheag’.

Ba é an craoltóir agus aisteoir Árannach, Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, a rinne taifead ar an léacht seo. Dar le Máirtín Jaimsie nach raibh ag Breandán Ó hEithir ach ‘baisc leabhar agus leag sé roimhe ar an mbord iad… Rinne sé trí cheathrúnaí uaire gan frapa gan taca, de bharr a chinn, chomh maith is dá mbeadh sé scríofa aige’.

Scríobh Pat Mullen [1885-1976] trí leabhar. Ceann acu Irish Tales [Faber & Faber 1938]. Séard atá ann bailiúchán scéalta i mBéarla a chuala sé dhá n-inseacht anseo in Árainn. A bhformhór ó aon fhear amháin. Fear darb ainm Peaitín Lee a bhí ina chónaí insan áit a dtuganns muid na cottages air, ag dul isteach i gCill Rónáin.

Bhí aithne agam féin ar Phat Lee. Is fear é nach raibh an tsláinte ariamh aige agus chaith sé go leor dá chuid ama sa mbaile ag éisteacht lena athair agus lena mháthair agus bhí na scéalta seo acu. Agus rud atá aisteach i dtaobh Pheaitín Lee mar scéalaí ná go raibh mo mhac, a bhí ag plé le béaloideas mar ghairm, mar a déarfá – rinne sé céim i mbéaloideas – dúirt sé nár chuala sé ariamh, agus níor chuala an tOllamh [Bo] Almqvist [1931-2013] ariamh, trácht ar fhear ar scéalaí dátheangach [é].

Ach nuair a tháinig m’athair go hÁrainn ag múineadh scoile i 1956/57, dúirt sé liom go dtéadh sé ag tórraimheachaí, an bhfuil a fhios a’ad, i gCill Rónáin. Agus i gCill Rónáin d’inseodh Pat Lee na scéalta i mBéarla agus nuair a bheadh sé i gCill Éinne, d’inseodh sé an scéal i nGaeilge, rud atá an-annamh is cosúil, gur scil an-annamh é seo. Agus bhí sé in ann iad a inseacht as cosa i dtaca, gan stopadh, i nGaeilge nó i mBéarla, chomh mhaith – ar ndóigh‚ is rud spéisiúil dá mbeadh am ag duine staidéar a dhéanamh air – agus baineann sé leis na scríbhneoirí seo atá i gceist a’am, an ghné dhátheangach de shaol an oileáin seo – gur oileán dátheangach an t-oileán seo le fada, le fada an lá, agus go raibh daoine ag tuar bhás na Gaeilge ar an oileán seo i ndeireadh an chéid seo caite – céad bliain ó shin, d’fhéadfá a rá. Céad bliain ó shin, cinnte, bhí daoine a’ rá nach bhféadfadh an Ghaeilge maireachtáil níos mó ar an oileán. Ach ní féidir liom dul isteach mórán ansin anois. Níl an scil a’am ar aon nós.

Ach na scéalta seo, tá siad – ‘Madra an nOcht gCos’ agus ‘Mac Rí in Éirinn’ agus na scéalta seo ar fad a bhailigh Pat – agus chuir sé sa leabhar seo iad [Irish Tales]. Tá an leabhar, tá sé an-annamh anois. An chóip atá agamsa, ní ligfeadh an faitíos dom í a thabhairt anuas as Baile Átha Cliath mar fuair mé ar iasacht ó Mhuiris Mac Conghail í. Agus d’íoc sé ceithre scór punt uirthi i Londain, fuair sé i gceant éigin í, so dúirt sé, ‘Má chailleann tú í sin, ní hamháin nach labhróidh mé go deo leat ach maróidh mé thú freisin!’ So sin sin!

Scríobh sé ansin leabhar eile atá níos suimiúla. I mBéarla ar fad a scríobh Pat Mullen, sin é a fháganns annamh é i measc – scríobh Máirtín Ó Direáin i nGaeilge ar fad, scríobh Pat Mullen i mBéarla ar fad, scríobh Tom agus Liam Ó Flaithearta i nGaeilge agus i mBéarla (níos mó i mBéarla ná i nGaeilge).

Ach Hero Breed [Faber & Faber 1936] atá ar an leabhar seo, agus séard atá ann cineál úrscéal rómánsúil – tá baint ag daoine go bhfuil eolas maith orthu i seanchas an oileáin seo – Nell an Tower, bean feasa a bhí i gCill Éinne, agus a hiníon, Orla, agus tá daoine ann atá so-aitheanta go leor – Cualáin. Máirtín Mór Ó Cualáin, an fear ba láidre a d’fhás suas in Árainn riamh agus tá scéaltaí ann faoi ghaiscí móra ar muir; smugláil poitín isteach Conamara; troid leis na costguards; agus tá go leor leor leor béaloidis ann – go leor faoin mbean sí, agus comharthaí ar an bhfarraige agus rudaí den tsórt sin, nach bhfaigheann tú mórán insna scríbhinní eile aisteach go leor, cé go mbeifeá ag súil gur lú b’fhéidir an béaloideas a bheadh ag fear as Cill Rónáin in áit fear as Gort na gCapall ná as Eoghanacht, nó as Sruthán, agus sin mar atá. Is ag Pat Mullen den chuid is mó atá cur síos ar bhéaloideas sa leabhar sin Hero Breed, leabhar eile atá fíordheacair a fháil anois. Agus nuair a luaim é sin – sílim, cloisim, fiú amháin inniu féin, bhí mé ag caint le Cóilí Hernon ar maidin agus bhí sé ag rá go bhfuil siad ag dul chun cinn ag déanamh cineál cultúrlann nó láthair seanchais, taispeántais thíos san áit a bhfuil an bheairic, seanbheairic na gCoastguards – tá trí sheomra faighte le cabhair Údarás na Gaeltachta, agus tá siad ag dul na ballaí a leagan eatarthu, agus tá siad le taispeántas a chur ar bun ann – iarsmaí de chineálacha éagsúla de chuid an oileáin – agus ceann de na rudaí a mhol mé féin gur cheart dóibh na leabhra ar fad a scríobh daoine as an oileán seo, agus na hoileáin thoir chomh maith, ach as an oileán seo go speisialta –

Agus rinne mé cuntas ansin agus tá suas le trí scór leabhar foilsithe ag daoine a rugadh agus a tógadh ar an oileán seo. Is mór an lear é as áit bheag. Agus ba dheas an rud é iad ar fad a bheith le feiceáil, nó le léamh ag daoine – abair lá mar seo anois go mbeadh áit go bhféadfadh daoine dul leis na leabhra seo a léamh, videos a fheiceáil, in áit a bheith ag cur airgid i bpóca óstóirí Chill Rónáin. Níl aon locht ann. Bhí mé féin ag ól aréir go dtí gur caitheadh amach ar mo chluasa as Tigh Watty mé. Ach ní shin é – tá rudaí eile le déanamh chomh maith agus tá an oiread sin scannán déanta faoi Árainn gur dheas an rud iad a bheith ansin le fáil ag daoine – agus go gcoinneodh sé daoine níos faide ar an oileán chomh maith nuair a d’fheicfidís nach féidir leat a bhfuil le feiceáil ar an oileán seo a fheiceáil in aon lá amháin, ná go deimhin, seachtain.

Ceann de na scannáin – agus feictear dom go bhfuil sé ar taispeáint i gcónaí anseo – ná Man of Aran. Agus sin í an leabhar b’fhéidir is tábhachtaí a scríobh Pat Mullen, leabhar eile atá deacair a fháil anois. Ach tá an leabhar seo an-suimiúil ar fad. Agus leabhar ar bith a léann tú faoi Robert Flaherty [1884-1951] agus a shaothar, nuair a bhíonn siad ag cur síos ar Man of Aran is chuig leabhar Pat Mullen a théann siad mar níl aon leabhar eile ann a mhíníonn cén chaoi ar deineadh an scannán – an cúlra ar fad – agus tá sé an-bharrúil in áiteachaí. Ach taobh amuigh de sin – tá tús an leabhair – dáiríre is é an trua é, nár chaith sé níos mó den leabhar ar a shaol féin i Meiriceá. Ní chaitheann sé leis ach beagán spáis. Ach nuair a thagann sé ar ais as Meiriceá – tá caibidil ansin nuair a chuireann sé síos ar an ngaol a bhí idir é féin agus a athair – agus a mháthair agus í ar leaba a báis ag iarraidh air a gheallúint dise nach leagfadh sé a lámh ar a athair go deo. Bhí an scéal an-dona eatarthu. Tá sé iontach iontach ionraic ag cur síos air seo. Is rud annamh é, go deimhin, leithéid de leabhar beathaisnéise an leabhar – mar a déarfá, go dtéann sé chomh gar don chnámh i dtaobh cúrsaí, agus i dtaobh a chúrsaí pearsanta féin freisin.

Ach ceann de na rudaí faoi Phat Mullen – agus baineann sé freisin, baineann sé le Tomás Ó Flaithearta, Tom, m’uncail chomh maith – ní bhfuaireadar – an dtuigeann tú – ní hé an oiread sin oideachais a fuaireadar ó d’fhágadar an bhunscoil. Pé oideachas a fuaireadar, b’iod é a chuireadar orthu féin. Baineann sé sin cuid mhaith le Máirtín Ó Direáin freisin ach duine scoláiriúil ab ea Máirtín Ó Direáin, cé nach ndeachaigh sé ar mheánscoil ná ar ollscoil, ach duine scoláiriúil a bhí ann. Ach ní raibh Tom ná Pat Mullen, ní raibh siad scoláiriúil ar chor ar bith. Daoine iad a bhí gafa go mór le polaitíocht. Agus aisteach go leor, polaitíocht na heite clé ar fad – polaitíocht sóisialachais i Meiriceá – rud a bhí, mar a déarfá, má bhí bealach a’ad le haghaidh tú féin a chur as jab i Meiriceá sna fichidí agus sna tríochaidí, ba é go dtabharfaí sóisialach ort. Ach bhí Pat Mullen gafa go mór le sóisialachas agus bhí Tomás ina chumannach. Agus fuair mé amach de thimpiste le gairid ó fhear atá ag déanamh taighde ar pholaiteoirí Éireannacha i Meiriceá, gur lean Tom Trotsky i 1928, chomh fada sin siar – ní raibh a fhios agam go raibh Trotskyite i mo mhuintir, ach mar a déarfá is dóigh gur rud é is féidir leat a bheith ag déanamh gaisce anois as. Uaireanta eile, ní fhéadfá labhairt ar chor ar bith air, ach sin é chaoi [a bhfuil] an saol!

Ach sin Pat Mullen agus a shaothar agus – aríst is é an trua é, mar a déarfá, sula rachaidh na leabhra seo go mbeidh siad chomh daor agus chomh gann agus nach mbeidh aon fháil orthu, fiú amháin sna leabharlanna – gur cheart cur chuige anois agus na leabhra seo a bhailiú agus iad a chur san áit a mbeadh fáil orthu anseo i gCill Rónáin. Rud é, tá mé ag ceapadh, mar a déarfá, gurbh fhiú cur chuige.

’Nois, tá cosúlachtaí áirithe – ó sea, tá mé ag teacht romham beagáinín – ach tá cuntas an-mhaith sa leabhar seo, an chéad úrscéal a scríobh Liam Ó Flaithearta, Thy Neighbour’s Wife – tá an-chuntas aige ar fhear atá an-chosúil le Pat Mullen a tháinig as Meiriceá agus a théadh amach le cruthú do mhuintir an oileáin cé chomh saor ó phisreogaí agus chuile shórt a bhí sé.

Agus ar maidin Dé hAoine thugadh sé Primus [branda soirn ] amach ar an gclaí trasna ó oifig an phoist i gCill Rónáin, agus chuirfeadh sé bagún – thosódh sé ag fryáil bagúin agus a rá le muintir Chill Éinne a bhíodh ag teacht aníos ag tarraingt an phinsin, ‘Ar mhaith libh píosa de seo? Tá pisreogaí agaibh, creideann siad go dtiocfadh adharca oraibh dá n-íosfaidís é, ach breathnaigh mise chomh folláin agus atá mé!’ – an dtuigeann tú. Tá sé an-ghreannmhar ar fad.

Ach tá cosúlachtaí móra idir saol Pat Mullen agus m’uncail Tom, Tomás Ó Flaithearta [1890–1936]. Chuaigh seisean – chuaigh sé go Meiriceá nuair a bhí sé óg go maith – agus ní raibh sé i bhfad i Meiriceá nó go raibh sé gafa ar fad le polaitíocht. Chuaigh sé isteach sa bPáirtí Cumannach agus bhí sé ag obair go lánaimseartha ó cuireadh go Moscó é cúpla babhta ar thoscaireachtaí agus mar sin de. Agus rinne sé an t-uafás iriseoireachta, go leor de nach bhfuil fáil air taobh amuigh d’irisí leabharlainne i Meiriceá. Tá an fear seo anois a thug le fios domsa gur Trotskyite a bhí ann, tá sé ag déanamh staidéir air ach tá sé ag iarraidh airgid a fháil a chuirfeadh ar a chumas a dhul go Meiriceá agus cuid den taighde a dhéanamh. Mar bhí Tom, bhí sé ina eagarthóir ar pháipéirí éagsúla, bhí sé ag scríobh colún do pháipéirí éagsúla. Timpeall 1933 nó mar sin, thosaigh a shláinte ag teip agus tháinig sé abhaile go Gort na gCapall agus bhí sé i dteach na muintire i nGort na gCapall, an áit a raibh m’aint Annie, agus Alice, a hiníon, bean Pheaitín Póil as Eochaill, ina gcónaí. Is ansin a cailleadh é. Ach in imeacht na mblianta deireanacha sin dá shaol, thosaigh sé ag scríobh do pháipéar Éireannach, páipéar Gaeilge ba cheart dom a rá, An t-Éireannach a bhí air. Bhí sé in ainm is a bheith ina eagarthóir air – ar an Éireannach – mar iarChumannach eile darb ainm Seán Beaumont [1893–1959] a bhunaigh An t-Éireannach agus theastaigh uaidh go mbeadh Tom ina eagarthóir, ach ní raibh sé in ann. Agus ag an bpointe sin a casadh Tom agus Máirtín Ó Direáin agus Pádraig Ó Concheanainn [1907-1988], col ceathrar liom – sé sin mac deirféar le Tom – ar a chéile i mBaile Átha Cliath, agus d’fhoilsigh sé cúig nó sé cinn de ghearrscéalta Gaeilge insan Éireannach nár foilsíodh in áit ar bith eile ach san Irish Press cúpla bliain ó shin. Thug mé cúpla ceann acu don eagarthóir Gaeilge a bhí ann agus d’fhoilsigh seisean iad.

Baineann siad le hiascach, baineann siad leis an dúlra, ceann acu, tá sé an-chosúil le cuid de na scéalta a scríobh Liam, an gainéad – faoin ngainéad, faoin gcaoi ar maraíodh an gainéad [‘Bás an Ghainéid’]. Ach chomh maith leis na scéalta Gaeilge, d’fhoilsigh sé aistí agus scéalta in áiteachaí éagsúla agus foilsíodh iad i ndá imleabhar agus arís tá na leabhra seo, tá siad thar a bheith, thar a bheith deacair a fháil. Ceann acu, Aranmen All [1934], agus ceann eile Cliffman of the West [1936]. Agus na scéalta, abair in Cliffman of the West, baineann siad le – ‘Fishing for Bream’, ‘The Thickener’ (Ramhrú Bréidín), ‘The Mountainy Heifer’, ‘The Legacy’, scéalta – tá cuid acu an-bharrúil go speisialta dá mbeadh aithne agat ar na daoine a bheadh i gceist agus tá mise díreach sean go leor le go mbeadh aithne agam orthu. Tá siad uilig ar shlí na fírinne anois – ‘Bó i Sgailp’ – agus arís, Máirtín Mór Ó Cualáin, tá scéal ann i dtaobh Mháirtín Mhóir Uí Chualáin.

Insan imleabhar eile, seo The Cliffman of the West, Aranman All, baineann cuid de – tá ceann amháin acu, tugann sé cuntas ar a bheith ag tíocht abhaile as Meiriceá, agus ag cur síos ar Árainn ó thaganns sé i ngar don Oileán Iarthach – chuaigh an bád, tháinig sí isteach ó dheas – agus cuireann sé síos ar chuile bhaile ar an mbealach aniar agus an bhaint a bhí ag a mhuintir féin leis na bailte. Mar a déarfá, ba é a sheanathair féin a thóg an lighthouse ar an Oileán Iarthach agus an chéibh i gCill Rónáin agus... Cuireann sé síos air – an-bharrúil – ar an gcaoi ar phós sé isteach sa Mainistir agus an chaoi a raibh an oiread sin – go raibh sé chomh dona sin ag plé le talamh gur chuir sé a chuid caorach féin sa bpound uair amháin. Cheap sé gur caora le… níl fhios agam cén t-ainm a bhí air ar an mbaile céanna – ach chuir sé na caoirigh soir Cill Rónáin isteach sa bpound agus tháinig sé abhaile is bhí sé ag déanamh gaisce lena bhean as chomh cúramach is a bhí sé. Agus dúirt sí, bhuel, sin iad na caoirigh a cheannaigh do mhac trí mhí ó shin. Ní raibh a fhios aige. Tá scéalta mar sin ann.

- Tá an dara leath den léacht seo le fáil ar shuíomh gréasáin Comhar. Táimid go mór faoi chomaoin ag an Dr. Deirdre Ní Chonghaile a thuig an tábhacht a bhaineann leis an léacht seo agus a roinn a cuid saineolais ar an ábhar seo go flaithiúil linn agus an léacht á cur in eagar. Táimid an-bhuíoch freisin de Ruairí Ó hEithir agus de Raidió na Gaeltachta a thug cead an léacht seo a fhoilsiú.

Nótaí:

I ndiaidh di éisteacht le léacht Uí Eithir, chuir an Dr. Deirdre Ní Chonghaile roimpi liosta cuimsitheach a chur le chéile de na leabhair ar fad a foilsíodh ó 1901 anuas ó lámh na nÁrannach. Go deimhin, tá os cionn céad leabhar foilsithe ag muintir na n-oileán agus is féidir an liosta sin a fháil ag http://aransongs.blogspot.ie/2014/09/scribhneoiri-arann-aran-writers.html

Luaitear Pat Lee sa léacht thuas. Tá Patrick Lee ainmnithe i ndaonáireamh na bliana 1911 agus é 23 bliain d’aois an t-am sin. Tá taifead a rinne Ciarán Bairéad de Pat Lee, nó Páraic Ó Laoi, as Cill Rónáin ar an 26 Meitheamh 1972 ar fáil i gCnuasach Béaloideas Éireann; CB0114.2, agus ar lean, CB0115.1

Tá cur síos déanta ag Tim Robinson ar Nell an Tower ina leabhar Stones of Aran (1995: 82). Tá sí liostaithe mar Nelly McDonough i ndaonáireamh na bliana 1821 agus í 34 bliain d’aois.