‘Scríobh an rud atá ar do chroí’

‘Scríobh an rud atá ar do chroí’

Caitheann Aingeal Ní Chualáin súil ar théama an ghrá i bhfilíocht Mháirtín Uí Dhireáin

I gcur síos a rinne file Árann, Máirtín Ó Direáin, ar a thaithí ar amharclann na Taibhdheirce sna 1920í agus 1930í, rinne sé trácht ar ócáid ar thug ‘duine de Ghaeil Mhóra na Gaillimhe’ faoi go pearsanta i ngeall ar ‘leanbh tabhartha’ a bheith ar stáitse ann. Ainneoin go raibh a fhios ag an nGael mór gur tharla ‘rudaí mar sin’, níorbh áit é ardán poiblí i nGaillimh dá leithéid, dar leis. Ba dhíol suntais don Direánach an eachtra sin a nocht meon an ama i dtaobh chúrsaí caidrimh agus gnéasachta: ‘Ní raibh an saol ceadaitheach ar bun san am sin’ (Ó hAnluain, 2002: 35). Mar dhuine a mhair trí bhlianta shrianta an tSaorstáit nua san aois seo caite, ba léir go grinn dó an claochlú a bhí tagtha ar shochaí na hÉireann tráth ar thug sé an scéilín úd chun cuimhne sa bhliain 1969. Ní i gcónaí, go deimhin, a réitigh an nuashaol le hÓ Direáin mar is léir óna shaothar filíochta. Ba léan leis díothú shaol thraidisiúnta an oileáin gona luachanna morálta cinnte agus indibhidiúlachas héadónaíoch na cathrach a tháinig ina ionad. Dar leis an bhfile, ní beag an tionchar a bhí ag mná na linne, a rinne cinneadh an tuath a thréigean don mhalairt saoil a bheadh bunaithe ar an neamhspleáchas, ar an meath a tháinig ar phobal na tuaithe. D’áitigh Ó Direáin gur minic a ghoill na hiarmhairtí a bhain le rogha seo na mban air. Fágadh fir, go mór mór, ar fud na tíre gan phósadh, rud a chuimsigh Ó Direáin in íomhá shuntasach amháin: fir ‘fágtha ar theallach fuar leo féin go maidin’ (ibid. 147). Le cliseadh an chaidrimh idir fir agus mná, a raibh baint nach beag aige leis an imirce, bhí bonn bainte de chleachtas bunaidh an phósta agus an teallaigh a bhain chomh dlúth sin le hoileán traidisiúnta a óige. Mar go gcuimsíonn saothar Uí Dhireáin dhá scór go leith bliain den fichiú haois, inar tharla mórathrú sóisialta ó thaobh cúrsaí caidrimh de in Éirinn, is fiú féachaint ar an léiriú a rinne an file ar théama an chaidrimh ghrá ina chuid filíochta.

Gan amhras bhí taithí dhíreach ag an bhfile óg ar mheon cosantach an phobail i leith an chaidrimh ghrá mar a léirítear sa dán ‘Tnúth’ ón luathshaothar. Luaigh Ó Direáin gur bean óg a bhí i gceist sa dán ar chuir bean an lóistín cosc uirthi teacht ar cuairt air (Ó hAnluain 2002: 163):

Dhruideas na dallóga aréir

Ar fhuinneog mo sheomra,

Is mhúchas gach solas

Ach fannsholas gríosaí,

Gur tháinig do chumraíocht

Chugam dom aoibhniú (D: 22)

Is grá aontumha atá i gceist, gan fáil ar an ngrá geal a fhanfaidh feasta mar ‘an tseoid dhofhála’ (D: 22). Tá mothúchán ar aon dul leis seo le fáil in ‘Seal Beag den Fhómhar Buí’, áit a mbíodh an bheirt a bhí i ngrá:

Ag taisteal bóithre bána …

Faoi ghealaigh ghil na hoíche. (D: 22)

Tá cuid d’idéalú na mban le brath sna dánta seo agus sa dán ‘Ealabhean’ in Cloch Choirnéil (1966):

Is stáitse agat an tsráid,

Is ní áibhéil dúinn a rá

Nach siúl do shiúl ach snámh,

Is tráth scaoilir gatha do scéimhe

Ní thagaid ó leanbh go lia slán. (D: 140)

Agus an file ag tagairt do ‘Déithe Bréige’ (D: 99) áit ar eitigh bean dán a ghlacadh uaidh, d’aithin sé go ndearna sé na mná ‘a ardú suas’ agus a idéalú dá ainneoin féin ina chuid filíochta (Ó hAnluain 2002: 153), rud atá coitianta sna dánta cúirtéiseacha grá (Nic Eoin 1998: 140). Is mar ní a uaislíonn a fheictear an grá i ndánta seo Uí Dhireáin agus feidhmíonn na mná mar bhéithe agus mar inspioráid don fhilíocht. Luaitear geanmnaíocht agus scéimh na mban dofhála seo ar bhealach clasaiceach rómánsúil: ‘na lámha is áille’ (D:22), ‘A aolchnis aoibhiúil mhín’ (D: 22), ‘do chumraíocht ríonda’ (D: 35). Mhínigh Ó Direáin an tábhacht a bhain leis an ngrá éagmaise nó scaradh na leannán mar a bhí le fáil sa ghrá románsúil (Ó hAnluain 2002: 45). Tá mothúcháin níos déine le brath sa dán ‘Fuacht is Faitíos’ (D: 163) a thiomnaigh an file dá bhean, Áine, nó i ndánta mar ‘Cual’ (D: 159) agus ‘Focalrabharta’.

Ní hionadh linn tráth a raibh an Direánach ag scríobh sa chéad leath den aois seo caite go mbainfeadh sé earraíocht as an íomháineachas traidisiúnta a bhain leis na mná. Is minic go ndéantar tagairt ina chuid filíochta don bhean mar chluanaire a meallann a cuid scéimhe an fear. Is sampla í an bhean in ‘A Dúchas Beiche’ a ‘Ghlac na comharthaí ceana’ (D: 46) ón bhfear, ach nach raibh dílis dó. Feictear gur féidir leis na mná dochar a tharraingt ar na fir mar a léirítear in ‘Comhrac’, áit a mbíonn sé ina chath eatarthu:

An té a léifeadh ar do shórt

Ba amal Solamh ina aice. (D: 107)

Agus trácht á dhéanamh aige ar an bhfrithbhandacht mar thréith sa Bhíobla, luann Mícheál Mac Craith gurbh iad na ‘mná ba thrúig bhriste do Samson, Dáibhí, Solamh, gan trácht ar Ádhamh féin ná ar úll na haithne a thairg Éabha dó’ (1989: 47). Ní hannamh don Direánach tagairt a dhéanamh do na mná mar údar cathaithe, fearacht Éabha a nochtann gné fhrithbhanda ina chuid filíochta. In ‘Coiníneachas 1’ is fearr a d’fheilfeadh do mhná Éireannacha i Sasana a bheith ‘I dtuíon cait nó nathrach’ seachas:

… dul i dtuíon coinín,

Ainmhí nach ndearna olc! (D: 114)

Tá an t-íomháineachas Bíobalta den bhean mar údar oilc le fáil go láidir freisin in ‘Cogar na Nathrach’. Mura mbeadh beo ach an bhean is ábhar an dáin, dar leis an bhfile:

Peaca Adhaimh níorbh ait le héinne beo (D: 202)

Is cathú í an bhean seo d’fhir atá ina ‘gcimí’ faoi chuing an phósta (D: 202). Déantar tagairt dhiúltach do mhná an oileáin sa dán seo, rud atá neamhghnách i bhfilíocht an Direánaigh. Tagann cuimhne na mban a bhíodh suite cois tine le linn a óige chuige, áit a bhfaigheadh seisean:

Leidí beaga fáin ar rún gach mná agaibh

A fuair máthair an chine ón nathair i gcogar fill. (D: 202)

Tuigeann an file go mbeidh air fanacht aineolach ar ghnéithe áirithe de chluain agus de nádúr olc na mban. Sa dán ‘Rún na mBan’ is mar ‘rúndiamhair’ (D: 27) a chuireann sé síos ar an gcuid sin de shaol na mban atá ceilte air.

Is léir an meas agus an gean a bhí ag an bhfile ar a mháthair i ndánta mar ‘Coinnle ar Lasadh’ (D: 17) agus ‘Brón mo Mháthar’ (D: 58), bean a ndearna sé cur síos uirthi mar ‘an daingean mná sin a shaothraigh an saol go géar’ (Ó Direáin 1961: 42). Is contrárthacht iomlán í a mháthair a raibh taithí aici ar an ngátar ‘ar theallach falamh’ don ‘puisbhean chathrach’ shaorga a chuirtear inár láthair in ‘Mo Mháthair’ (D: 66). Nuair a thréig na mná an t-oileán agus an tuath don chathair, thréig siad luachanna morálta an phobail a stiúir a n-iompar i leith an chaidrimh agus na gnéasachta. File a bhí sa Direánach ‘a dhiúltaigh do mheon an phobail nua-aimseartha’ (Prút 1982: 35) dearcadh a léirítear i ndánta mar ‘Blianta an Chogaidh’ (D: 78) agus ‘Ár Ré Dhearóil’ (D: 80). Aithnítear achasán an fhile go bhfuil sé tagtha sa saol gur

… ionann ag mná

Faiche is sráid,

Páirc, trá, is grianán. (D: 81)

Tá an mothú céanna le sonrú in ‘Tráthnóna Samhraidh’ agus:

Mná leathnocht ag filleadh

Ón trá i ngluaisteáin:

Áilleacht, gráinneacht is luargacht

In iomaíocht ar an uaigneas. (D: 69)

I gcomórtas leis na mná mínáireacha seo i súile an fhile, tugtar íomhá de sheanmhná an oileáin ‘Ar a marana go céillí’ (D: 69). Is dearóil an íomhá a chruthaítear de shaol na cathrach in ‘Ár Ré Dhearóil’ áit a bhfuil ag cliseadh ar chaidrimh éifeachtacha. D’áitigh Ó Direáin go ‘(g)caithfidh an grá rogha a dhéanamh, ní fearacht na collaíochta’ (1961: 144) agus is léir gurbh í an chollaíocht a bhí sa treis ag na mná:

A roinn a gcuid go fairsing

I ngéaga an fhir

Ba luaithe chucu

Ar chuairt amhaille,

Ar scáth an ghrá

Nár ghrá in aon chor

Ach aithis mhagaidh air,

Gan ualach dá éis

Ach ualach masmais. (D: 82)

I suíomh na cathrach feidhmíonn fir agus mná taobh amuigh de dhlí agus de ‘smachtbhannaí na treibhe’ (Ó hAnluain 2002: 182) a bhí mar threoir do ghlúnta eile. In ‘Blianta an Chogaidh’ léirítear na fir atá ‘gan ghaisce gan ghrá’ (D: 78) ní fearacht lucht na tuaithe a tháinig rompu a rinne tiaráil oibre agus a bhí ‘bisiúil’ ó thaobh clainne de (ibid. 182). Le hais a sinsear tá sé le sonrú i bhfilíocht Uí Dhireáin go gcuirtear fir i láthair go minic mar mheatacháin agus is díol suntais go n-úsáidtear íomhá an choillteáin agus trácht á dhéanamh ar fhir mhí-éifeachtacha na cathrach. In ‘De Dheasca an Úis’ déantar tagairt lom don ‘síol calctha i mbléin na tíre’ (D: 72) agus caitear amhras ar thorthúlacht na broinne féin mar áit chun gin a chothú:

Tá an ghin sa mbroinn

I ngeall don léan dubh,

Is tuilleadh a ghinfí

Gan ghineadh in aonchor. (D: 72)

Tá ‘Olc Liom’ ar cheann de na dánta is gléine a thugann léargas ar neamhfheidhmeacht an fhir i gcomparáid lena ghinealach:

Olc liom mar tháscaim díbhse,

Nár chuireas is nár bhaineas

Is nár thógas fós fál,

Nach ndearna mac chun fónaimh

Dár bpór, dár nós, dár ndúchas. (D: 68)

Is in easpa láithreachta phearsa an athar i saol an mhic a léirítear tábhacht lárnach an fhireannaigh in ‘Boige’. Gan ‘athair ina dháil’ is ‘mogha ar bhoige é’ an mac (D: 143). Os a choinne sin, áitíonn Tomás Mac Síomóin go bhfuil feidhm ag an bpearsa Ó Mórna mar alter ego nó ‘aghaidh fidil, a ligeann don fhile, bruth gnéasach ‘an fhireannaigh thréitheach’ a cheiliúradh ‘go rábach agus go neamhnáireach os comhair an tsaoil’ (Mac Síomóin 1984: 28):

Imíonn Ó Mórna arís le fuadar,

Thar chríocha dleathacha ag ruathradh,

Ag cartadh báin, ag cartadh loirg,

Ag treabhadh faoi dheabhadh le fórsa,

Ag réabadh comhlan na hóghachta,

Ag dul thar teorainn an phósta (D: 38)

In ainneoin gur samhail den fhireannach teanntásach é Ó Mórna, ba dhuine é sa deireadh thiar, i bhfocail an Direánaigh, a bhí ciontach agus roinn an dream a bhí umhal dó an chiontacht sin (Ó hAnluain 2002: 173). Is mar choimhlint idir an mhaith agus an t-olc a léirítear iompar Uí Mhórna áit a raibh lámh in uachtar faighte ag an gcollaíocht ar a phearsantacht (ibid. 172). Déantar drámatú ar an gcoimhlint is ‘cath na colla’ ann sa dán ‘Agallamh’ (D: 91) leis an gcroí agus an chiall in iomaíocht lena chéile. I gcur síos spéisiúil a rinne Ó Direáin ar an dán seo luann sé an focal ‘piúratánachas’ agus tagairt á dhéanamh aige do dhaoine ‘gur fuath leo an chollaíocht rómhór’ (Ó hAnluain 2002: 87). Ceistíonn sé an dearcadh a bheadh róchoimeádach i dtaobh an ghrá chollaí a thugann le fios nár ghéill sé go hiomlán don mheon cosantach ina leith.

Is léargas thar a bheith íogair a thugtar sa dán ‘Fuaire’ ar an ngrá atá imithe i léig:

Ó tá mála an tsnáith ghil

Folamh i do pháirt go héag (D: 109)

Ach maireann an grá sa chuimhne mar a fheictear in ‘Fómhar na Polainne’ (D: 186) agus, cé gur fuar é, fágtar ‘sólás rúin an dáin’ (D: 164) ag an bhfile in éagmais an ghrá. Is éard a mhol Máirtín Ó Direáin don fhile ná ‘Scríobh an rud atá ar do chroí’ (1961: 21). Tá an t-ionracas atá mar thoradh ar a chomhairle le brath go láidir ar a shaothar filíochta féin.

Leabharliosta

Mac Craith, M. (1989) Lorg na hIasachta ar na Dánta Grá.
Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Nic Eoin, M. (1998) B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht
Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge
. Baile Átha Cliath:
An Clóchomhar Tta.

Mac Síomóin, T. (1984) ‘An Direánach: File na Deoraíochta.’ In: Comhar, Iml. 43, Uimh 10: 25 -29.

Ó Direáin, M. (1961) Feamainn Bhealtaine. Baile Átha Cliath:
An Clóchomhar Tta.

Ó Direáin, M. (1980) Dánta 1939 – 1979. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ó hAnluain., E. (2002) (eag.) Ón Ulán Ramhar Siar: Máirtín Ó Direáin ag caint ag chúlra saoil cuid dá dhánta. Baile Átha Cliath:
An Clóchomhar Tta.

Prút, L. (1982) Máirtín Ó Direáin: File Tréadúil. Maigh Nuad:
An Sagart.

Noda

D Dánta 1939 - 1979