Tráthnóna le Niamh, iníon Mháirtín 

Tráthnóna le Niamh, iníon Mháirtín 

Thug Síobhra Aiken cuairt ar iníon agus garpháistí Mháirtín Uí Dhireáin sna Sceirí

Faighim boladh na farraige agus mé i mo sheasamh taobh amuigh den árasán ina gcónaíonn Niamh Sheridan, iníon Mháirtín, sna Sceirí i gContae Bhaile Átha Cliath. Níl an t-árasán ach cúpla slat ón bhfarraige féin, agus ritheann sé liom gur ait an mac an saol é go mbeadh sí tarraingthe chuig an áit seo agus fuil an oileáin inti.

Tá Niamh tuairim is seachtó bliain d’aois. Cé go bhfuil an tsláinte ag teip uirthi, rud a fhágann go ngluaiseann sí go mall righin réidh, cuireann sí fáilte mhór chroíúil romham go dtí an t-árasán beag bunurláir a roinneann sí lena páirtí, Don.

Tá ballaí an tseomra suite breac le pictiúir dá muintir. Tarraingíonn pictiúr amháin acu m’aird thar aon cheann eile: an phortráid cháiliúil den Direánach a luaitear le Nano Reid (ach a rinne Elizabeth Rivers). Tá sí crochta ar an mballa taobh le dhá Babygro dearg i bhfráma a bhfuil ‘Mamó 1’ agus ‘Mamó 2’ scríofa orthu – bronntanas a thug mac Niamh di le fógairt go raibh sí le bheith ina seanmháthair ag cúpla.

Ceathrar páistí a bhí ag Niamh féin - Gráinne, David, Brian agus Enda - agus a gclann féin anois orthu. Bhí Ó Direáin mar chrann taca ag páistí Niamh agus iad ag fás suas i dTír an Iúr; bhailíodh sé ón scoil iad agus bhuaileadh isteach gach lá agus barra seacláide an duine aige dóibh. In agallamh ríspéisiúil le Declan Collinge a rinne an Direánach sular bhásaigh sé, d’admhaigh sé go raibh sé róchosantach, b’fhéidir, faoina gharpháistí mar gheall go raibh an oiread sin faitís air go dtarlódh rud éigin dóibh amuigh sa domhan mór.

Buaileann Gráinne agus David isteach agus iad lán sásta a gcuimhní féin ar a seanathair a roinnt. Agus más fíor an scéal é gur thug a seanathair aire na huibhe dóibh agus iad ina bpáistí, tá na garpháistí chomh cosantach céanna ina leith siúd agus é ina Dhia beag acu. Agus an t-am ag sleamhnú thart, aithníonn Niamh go dtiocfaidh an lá nach mbeidh sí ann níos mó le hoidhreacht a hathar a chaomhnú. Dá bhrí sin, b’fhéidir, tá freagrachtaí éagsúla dáilte amach ar na páistí: tá cúram leabharlann Uí Dhireáin ar dhuine amháin, tá na grianghraif ar fad san áiléar ag duine eile acu, agus tá duine eile arís i bhfeighil an chainéil YouTube, ar a bhfuil míreanna beaga físe den Direánach curtha ina airde.

Déanann Don tae agus ceapairí dúinn agus suíonn muid chun boird leis na ceisteanna a chuir mé chuig Niamh roimh ré a phlé. Más mar ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’ a thuill Máirtín Ó Direáin aitheantas, is ar éigean a thugtar léargas dúinn ina shaothar ar a shaol mar athair féin.

Bíodh is go bhfuil roinnt mhaith ‘dánta grá’ scríofa ag Ó Direáin, níl ach trí cinn a ritheann liom atá tiomanta go sonrach dá bhean Áine; mar atá, ‘Gnúis Dhil Mo Rúin’, ‘Áinlí’ agus ‘Tuige Duit a Theacht.’

Labhraíonn Niamh faoin gcaoi a gcaitheadh a hathair an tráthnóna ar fad ina oifig i ndiaidh na hoibre agus gur thuig sí riamh gan cur isteach air agus é ag gabháil dá cheird bheannaithe. Agus doras sin na hoifige dúnta, is dóigh gur fhill sé ar oileán rúin a óige agus d’fhág saol an státseirbhísigh ina dhiaidh ar feadh scaithimh.

Ach cé nach bhfuil saol an teaghlaigh go mór i gceist ina chuid filíochta, tugtar corrspléachadh dúinn i gcomhfhreagras agus i bprós Uí Dhireáin ar an oiread ceana agus a bhí aige ar a iníon, nó ‘Niamh an chinn chiardhuibh’ mar a thug sé uirthi in agallamh amháin.

Bhí an bheirt an-mhór le chéile i gcónaí, agus nuair a fhiafraím de Niamh cérbh é an chéad chuimhne atá aici, luann sí go bhfuil cuimhne mhaith aici ar a bheith ag déanamh folach bíog ar a hathair faoin leaba i seomra a tuismitheoirí. Deir Gráinne go magúil gur mar a chéile ar fad a máthair agus a ‘Daideo’ ó thaobh pearsantachta agus tréithe fisiciúla de. Cuireann sé seo ag cuimhneamh mé ar litir a scríobh Ó Direáin chuig Seosamh Ó Duibhginn sna 1960idí ina luann sé le teann grinn gur ‘eagal liom go bhfuil sí [Niamh] ró-chosúil lena hathair ach taobh amuigh de sin níl aon chaill orthu’.

Sampla eile den bhearna mhór idir saol fileata Uí Dhireáin agus a shaol sa mbaile, ar ndóigh, is ea gurbh é an Béarla teanga an tí. In aiste amháin in Feamainn Bhealtaine, scríobh an Direánach faoin ngá a bhí ann, dar leis, an Ghaeilge a ghortghlanadh agus a fhorbairt le go bhféadfadh sí freastal ar shaol na cathrach. Ach ní raibh sé socair ina chuid tuairimí faoina raibh i ndán don Ghaeilge sa gcathair. Thacaigh sé go dlúth le filí óga nach raibh an Ghaeilge ó dhúchas acu, ach mhol in áiteanna eile nárbh fhiú do scríbhneoirí nach de bhunadh na Gaeltachta iad dul leis an nGaeilge ar chor ar bith.

Ach cibé ar bith cé na fáthanna a bhí aige, agus is fáthanna pearsanta aige féin iad sin, Béarla ar fad a labhair sé lena iníon. Luann Niamh gur thriail sí Gaeilge a labhairt uair amháin, ach gur phléasc a tuismitheoirí amach ag gáirí nuair a d’fhógair sí go raibh sé ‘ag cur farraige’ taobh amuigh. Nuair a bhí sí ina déagóir, chaith sí seal i nGaeltacht na Rinne leis an teanga a fhoghlaim, ach deir sí gur mó gráin ná grá don Ghaeilge a chothaigh an taithí sin inti. Ach is cúis mhór bhróid ag Niamh go bhfuil a cuid garpháistí ag freastal ar Ghaelscoileanna anois. Mar sin féin, caithfidh go dtéann sé crua uirthi a bheith dúnta amach ó shaol liteartha a hathar, agus airím go raibh faoiseamh uirthi ar fháil amach di gur Béarla ar fad a labhair Liam Ó Flaithearta lena iníon, Pegeen, chomh maith.

Bhí deacrachtaí teanga le sárú aici freisin nuair a chuaigh sí ar cuairt go hÁrainn sna 1950idí gan focal Gaeilge ina pluc aici, agus páistí an oileáin ar bheagán Béarla. Ach tá dea-chuimhní aici ar an aire mhaith a thug a seanmháthair, Peige Tom Pheait Mhóir Uí Dhireáin, agus muintir an oileáin di. Níor ligeadh di aon chuid den airgead a fuair sí dá Céad Chomaoineach a chaitheamh sa siopa áitiúil, agus bhí faitíos chomh mór sin ar Pheige go salódh sí na gúnaí galánta a thug sí léi ó Bhaile Átha Cliath gur thug sí éadaí eile do Niamh le caitheamh ar an oileán. Bean láidir cheanndána cheartchreidmheach a bhí i bPeige, dar le Niamh. Nuair a b’éigean do Mháirtín na céislíní a bhaint amach, chreid Peige go diongbháilte gurbh é breithiúnas Dé é i ngeall go raibh sé ag caitheamh crístíní agus é ag aisteoireacht sa tsraith dhrámata raidió ‘Colm i Sasana’.

Faoin am ar tháinig Niamh ar an saol, bhí trí chnuasach curtha amach ag a hathair cheana féin agus clú á thabhú aige de réir a chéile. Shíl sí, dá bhrí sin, gur gnáthrud é go dtiocfadh Cairdinéal agus scríbhneoirí móra le rá ar cuairt agus samhlaíodh di go bhfuair gach duine cúpla céad cárta Nollag. Teach mór cuartaíochta a bhí i dtigh Uí Dhireáin agus déanann Niamh gáire nuair a chuimhníonn sí ar an lá ar tháinig sí abhaile agus d’fhiafraigh sí dá máthair cérb í an ‘tincéir’ sin a bhí istigh ar cuairt – cé a bhí ann ach Edna O’Brien!

Dar le Niamh go raibh a tuismitheoirí chomh dúnta sin i ngrá lena chéile gur airigh sí scaití ‘like an intruder in their marriage’. Nuair a thagadh a hathair abhaile ón obair, is é an chéad rud a dhéanadh sé ná barróg a bhreith ar Áine, agus ansin chuiridís beirt lámh amach le Niamh a tharraingt isteach chucu. Go deimhin, is deacair scéal a ngrá a shárú mar scéal. Deirtear liom gur leag Áine súil ar Mháirtín den chéad uair nuair a bhí sí ar saoire i nGaillimh lena muintir agus í aon bhliain déag d’aois. Bhí stampaí le ceannach aici in oifig phoist na Gaillimhe agus nuair a chonaic sí an fear ard dathúil taobh thiar den chuntar, dúirt sí léi féin go bpósfadh sí an fear sin lá éigin. Níor chuir siad aithne cheart ar a chéile go dtí gur chas siad ar a chéile san ospidéal i mBaile Átha Cliath i 1945 agus iad beirt ar cuairt ar Mháire Ní Bhriain as Gort na gCapall. Phós siad naoi mí níos deireanaí.

Ní raibh Áine ina sláinte riamh, áfach. Bhí diaibéiteas uirthi agus bhuail an t-airtríteas í níos deireanaí. Bhí a sciar féin den dólás agus den doilíos croí ag roinnt lena hóige féin. B’iníon í leis an Teachta Dála Michael Colivet a bhí i gceannas ar cholún cheantar Luimnigh le linn an Éirí Amach. Gabhadh é i rith chogadh na saoirse agus ba mhinic leis na Dúchrónaigh ruathar a dhéanamh ar an teach agus greadadh a thabhairt do mháthair Áine, Áine Hartigan. D’éag sí go gairid i ndiaidh di Áine a thabhairt ar an saol, agus deirtear go ndeachaigh an drochíde a fuair sí ó na Dúchrónaigh go mór faoina sláinte.

Tá an pictiúr cáiliúil sin de Theachtaí Dála na Chéad Dála i 1919 i bhfráma ar an mballa freisin agus Michael Colivet ina TD an t-am sin do Luimneach. Deir Niamh gur fhág claonta poblachtacha a seanathar féin a rian uirthi cé go bhfuil leisce uirthi mórán a rá faoina cúlra polaitiúil féin

Cailleadh Áine i 1976 tar éis tinnis fhada. Ar feadh deich mbliana ar a laghad roimhe sin, chaith sí go leor ama go dona tinn in ospidéal Adelaide, agus dúradh chomh minic sin le Máirtín agus le Niamh nach mairfeadh sí an oíche go ndéanadh siad neamhaird de thuairimí na ndochtúirí agus a fhios acu go dtiocfadh sí tríd. Dar le Niamh go mba gheall le naomh í agus nár mhaith léi trioblóid a tharraingt. Bhí bean istigh le haghaidh tae lá amháin nuair a bhuail tinnis í, ach d’fhan sí go mbeadh an bhean imithe sular ghlaoigh sí ar otharcharr di féin. Bhí sí tar éis taom croí a bheith aici. Tá iontas orm nuair a insíonn Niamh dom go raibh neart Gaeilge ag Áine mar gheall gur fhreastail sí ar scoil lán-Ghaeilge sa gcathair.

Ach ní hamháin sin, ach luann Niamh go lorgaíodh Ó Direáin a comhairle faoina shaothar filíochta, agus bhí oiread bróid ag Áine as éachtaí fileata a fir chéile gur chreid sí go láidir go raibh Duais Nobel tuillte aige. Is dóigh gurb é an léiriú is fearr ar an tráma a bhain lena bás ná an dán a scríobh Ó Direáin ina dilchuimhne, dán a foilsíodh in Béasa an Túir (1984):

Tuige Duit a Theacht

(Do Áine, i ndilchuimhne)

A chait dhuibh a thagann

Ar lic na fuinneoige

Ag slíocadh an phána fhuair

Tá tusa is mé féin

In éagmais an té

A riarfadh go fial orainn.

Tuige duit a theacht, a chait,

Ag súil le do chuid gach lá?

Níl agam duit ach cumha

Is ní dhéanfaimid béile de,

Is go mb’fhearr linn araon

É bheith faoi chónaí go buan.

Chuir Ó Direáin troid láidir suas i gcoinne a bháis chomh maith céanna. Nuair a tháinig ailse air agus nuair a dúradh leis nach raibh ach sé mhí eile aige ar an saol, chas sé thart ar Niamh agus dúirt, ‘Tell them they are very much mistaken. I have no intention of going anywhere’. Mhair sé deich mbliana ina dhiaidh sin, agus is cuimhneach le Gráinne go raibh a shochraid, i Márta na bliana 1988, ar an tsochraid ba mhó dá bhfaca sí riamh. Ach ní lucht léinn agus litríochta amháin a tháinig lena n-ómós a léiriú d’fhathach mór na filíochta: bhí an séipéal dubh le daoine ón gceantar féin a raibh seanaithne acu ar an bhfear mór ard sin a bhíodh gléasta go péacach agus a chuireadh caint ar gach aon duine a shiúladh ina threo.

Ní go rómhaith a luíonn éirim na ndánta uilig leis na garpháistí agus cuimhne acu ar an bhfile mórchroíoch umhal seo a bhí ar a chomhairle féin ag siúl suas síos Bóthar an Racadair. Ní i gcónaí a éisteann na múinteoirí meánscoile le sliocht Uí Dhireáin, áfach, nuair a cheistíonn siad an íomhá a thugtar dóibh dá sin-seanathair mar dheoraí imeallaithe faoi bhrón san ardchathair arbh é mian a chroí filleadh ar an bhfód dúchais. Mar a deir Gráinne liom agus uafás uirthi, ‘My daughter got an ‘E’ for telling the truth! My Daideo loved Dublin and he loved the people of Dublin’.

Fágaim an teach seo atá lán le scéalta, agus lán de thae, agus mála canbháis faoi m’ascaill agam a thug Niamh dom ar a bhfuil pictiúr dá hathair agus ‘Dr. Máirtín Ó Direáin’ scríofa air.