AN tSREANG RITE

Seosamh Ó Murchú

Chun an tsreang dheilgneach

A dhéanamh rite mar ba chóir

Ba ghá an stápla smachta a chur

Go casadh na lúibe laistiar den dealg

I gcoirt liopach na darach

Agus rinn an spíce faoin gcraiceann sáite

A bhrú siar le hiomlán do lámhnirt

Chun mianach an mhiotail a cheansú.

B’ionadh leat nach mbraithfeadh

An crann goin fheargach an chasúir

Ar nós na gcapall a sheasadh

Go támáilte le hais na hinneona

A gcrúba fáiscthe idir a dhá ghlúin

Agus greim an ghabha ainmnithe

Fad a bhuaileadh sé na tairní go dúid

San áit ar ligeadh an mothú i ndearmad

Faoi theas mór craorag na ceártan.