FORBAIRT

Seosamh Ó Murchú

Tamall siar

Ón siansa súraic

A thagann ón aonad nua

Féinchrúite uathoibritheach rothlach

Le haghaidh cúig chéad bó

Seasann sceach aonair

I lár an ghoirt

Ag éisteacht.