LÉIRMHEAS

LÉIRMHEAS

Táin Bó Cuailgne

Darach Ó Scolaí

Leabhar Breac, Indreabhán 2017. 199 lch, Crua, €18.

Léirmheas le Gearóid Denvir

Fill arís ar do chuid,
Nigh d’intinn is nigh
Do theanga a chuaigh ceangailte i gcomhréiribh
’Bhí bunoscionn le d’éirim:
Dein d’fhaoistin is dein
Síocháin led ghiniúin féinig
Is led thigh-se féin is ná tréig iad,
Ní dual do neach a thigh ná a threabh a thréigean.

Shamhlaigh Seán Ó Ríordáin Éire neamhchoilínithe, Éire neamhbhearnaithe, Éire neamhBhéarlaithe agus í ina Gaeltacht shlán gan tonnbhriseadh anuas go dtí urlár a lae féin ina dhán cáiliúil ‘Fill Arís’ óna dhara cnuasach Brosna (1964). Baineann an leabhar seo, ar athleagan é i nGaeilge ár linne de Táin Bó Cuailgne, leis an Éirinn sin. Is í an Táin eipic mhór na Gaeilge. Íocón náisiúnta cultúrtha liteartha agus fiú spioradálta, í a bhaineann linn uilig mar Éireannaigh, mar Ghaeil. Baineann sí leis an gcaoi a léimid agus a dtuigimid an domhan agus lenár dtuiscint féin orainn féin mar dhaoine. Baineann sí lenár samhlaíocht arae is fréamhshamhail den laoch a tháinig anuas chugainn le 2,000 bliain é Cú Chulainn. Chuala muid a scéal ar scoil, agus bhí a ainm agus a phictiúr ar chlúdach na gcóipleabhar scoile le mo linn féin – an Cúchulainn series. Tá a fhios ag chuile Éireannach cé hé Cú Chulainn, agus sa gcomhthéacs sin tagann chun cuimhne focla spreagúla Phádraig Uí Earcáin, bunaitheoir Scoil na Seachtar Laoch i mBaile Átha Cliath, ag cluiche iománaíochta idir dhá Ghaelscoil lá fuar fliuch feannta agus gan scór ar bith aimsithe sa gcéad leath: ‘Coinnigí oraibh, a bhuachaillí, tá sibh uilig chomh maith le Cú Chulainn féin!’

Tá eolas ag bunáite mhuintir na Poblachta seo ar dhealbh cháiliúil Chú Chulainn le Oliver Sheppard in Ard-Oifig an Phoist a coimisiúnaíodh mar chomóradh ar Éirí Amach 1916, agus is eol dúinn uilig an meas a bhí ag muintir 1916 ar Chú Chulainn mar laoch náisiúnta. Bhí Cú Chulainn féin an-mhórtasach as a dhúchas Ultach agus go deimhin bhásaigh sé agus é ag cosaint Chúige Uladh ar ionsaí ón namhaid. Díol suntais, mar sin, go bhfuil sé ina laoch ag Náisiúntóirí agus Dílseoirí araon ó thuaidh, agus go mbaineann sé go dlúth lena gcultúr agus lena bhféiníomhá. Tá íomhá an laoich greanta ar mhúrphictiúir náisiúnaíocha agus dhílseacha ar fud an chúige, ina measc múrphictiúr cáiliúil ag Dílseoirí Bhéal Feirste den laoch ar an Newtownards Road a léiríos é mar chosantóir na nUltach. Is é íoróin stairiúil an scéil, ar ndóigh, gur bunaíodh an íomhá áirithe seo ar dhealbh Sheppard.

Baineann Táin Bó Cuailgne leis an aimsir réamhChríostaí in Éirinn agus cumadh na bunleaganacha atá anois againn sa 7ú-8ú haois. Tháinig leaganacha éagsúla anuas chugainn tríd an traidisiún liteartha, agus ina theannta sin sa traidisiún béil go dtí scéalaithe agus seanchaithe an 20ú haois sa nGaeltacht. D’fhoilsigh Cecile O’Rahilly eagrán scolártha, Táin Bó Cúailnge from the Book of Leinster (1967) agus Táin Bó Cúailnge Recension 1 (1976), agus tá leagan leictreonach le Donnchadh Ó Corráin ar fáil ar líne mar chuid de thogra CELT. Leaganacha scolártha atá anseo, áit a mbreithnítear an téacs trí shúile an scoláire seachas ó dhearcadh aosa liteartha, áit a mbíonn an bhéim ar an teanga, ar a foirmeacha gramadaí agus ar léamha lámhscríbhinní seachas ar an scéal. Cailltear cuid mhaith de mhianach na litríochta, den toise daonna agus samhlaíochta, agus den léargas ar an duineatacht sa gcur chuige seo. Rud eile de, cailltear leagan amach ‘Fill Arís’ an Ríordánaigh i gcuid mhór den scoláireacht tharla an téacs á mheas agus á ionramháil trí Bhéarla amháin den chuid is mó san obair seo.

In aimsir na hathbheochana liteartha agus cultúrtha in Éirinn ag deireadh an 19ú agus ag tús an 20ú haois d’fhéach scríbhneoirí agus ealaíontóirí le tarraingt ar sheanlitríocht na Gaeilge mar chuid dá n-iarracht ath-theagmháil a dhéanamh leis an traidisiún a bhí ag dul in éag ag an am. Cuireadh fíorshuim sa Táin, agus go háirithe i laochas Chú Chulainn, mar bhunghné den Éirinn nua-aoiseach a bhí lucht na hAthbheochana a shamhlú ina saothar. Ba é Cú Chulainn, an mairtíreach glórmhar agus an laoch do-chloíte, an laoch par excellence i gcruinneshamhail pholaitiúil, liteartha agus chultúrtha Phádraig Mhic Phiarais a léirigh tréithe uilig an laochais: oineach, crógacht, niachas, neart géag agus intinne, agus, i bhfriotal an Phiarsaigh féin, ‘the noble personality of Cúchulainn forms a true type of Gaelic nationality, full as it is of youthful life and vigour and hope’. Bhí múrphictiúr mór de Chú Chulainn faoi airm i bhforhalla Scoil Éanna agus dúirt an t-iarscoláire agus beathaisnéisí an Phiarsaigh, Desmond Ryan, go raibh Cú Chulainn mar ‘an invisible member of the school staff’ agus go mba é aidhm Mhic Phiarais sa scoil, ‘to recreate and perpetuate in Éire the knightly tradition of the macradh of Eamhain Macha’. Taca an ama chéanna, chuir Augusta, Lady Gregory, an laoch os comhair an tsaoil mhóir ina leabhar Cuchulain of Muirthemne (1902) agus scríobh W. B. Yeats riar drámaí bunaithe air chomh maith, On Baile’s Strand (1904), The Green Helmet (1910), At the Hawk’s Well (1917), The Only Jealousy of Emer (1919) agus The Death of Cuchulain (1939) maille leis an dán, ‘Cuchulain’s Fight with the Sea’ (1892).

Cuireadh riar maith aistriúchán ar fáil in imeacht na mblianta freisin, ag tosú le Winifred Faraday, The Cattle-Raid of Cualnge (Tain Bo Cuailnge), Translated from Leabhar na h-Uidhri and the Yellow Book of Lecan (1903), atá le fáil ar an idirlíon inniu (http://www.yorku.ca/inpar/tain_faraday.pdf). B’fhéidir gurb é aistriúchán Thomas Kinsella, The Táin (1969, Oxford University Press) gona léaráidí cáiliúla le Louis le Brocquy an t-aistriúchán is mó cáil. Rinne Ciarán Carson aistriúchán maith freisin, The Táin (2007, Penguin Classics) agus d’fhoilsigh Liam Mac Uistín eagrán deas i mBéarla do dhaoine óga in 2012 (O’Brien Press). Le cois na n-aistriúchán Béarla, tá leaganacha Fraincise, Gearmáinise, Rúisise, Spáinnise agus Iodáilise ann freisin, agus ar ndóigh ba é leagan Chormac Uí Chadhlaigh, An Rúraíocht (1956, An Gúm) an leagan ab fhearr a bhí ar fáil le fada an lá ag Gaeilgeoirí, bíodh is gur díol suntais inniu an greannán do dhaoine óga a rinne Colmán Ó Raghallaigh (2006, Cló Mhaigh Eo)

Murab ionann is Kinsella agus na haistriúcháin eile, athleagan seachas aistriúchán atá ag Darach Ó Scolaí anseo, atá dá réir sin suite go hiomlán taobh istigh den traidisiún. Seo léann dúchais neamhbhearnaithe 2,000 bliain an traidisiúin sin, litríocht na Gaeilge dúinn féin seachas trí lionsa agus trí shúil fhiartha an aistriúcháin. Is dúinne, léitheoirí ar maith linn scéalta ag leibhéil dhifriúla scéalaíochta, an leabhar seo. Is maith linn eolas a bheith againn ar an eachtraíocht, ar ar tharla i scéal seo na Tána, ach tá toisí eile i gceist freisin. Faightear ann léargas ar nádúr an duine, ar choimhlintí móra an tsaoil, ar cheisteanna faoi chinniúint an duine agus faoina chuid tuiscintí ar an saol, ar scéala an duine agus é á ríomh in imeacht ama.

Foinse an-luachmhar é an nua-leagan seo den Táin do scríbhneoirí na Gaeilge lenár linn, agus léargas dóibh ar an rud sin a dtugadh Seán Ó Ríordáin an tseanaigne uirthi, nó léargas a bhí ‘folaithe i gceo na haimsire’ ar an intinn choilínithe. Tugann sé bia samhlaíochta ina dteanga féin do scríbhneoirí neamhchoilínithe na Gaeilge inniu, daoine mar Phádraig Ó Cíobháin, Alan Titley, Cathal Ó Searcaigh, Seán Ó Curraoin, Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson, Joe Steve Ó Neachtain, filí an bhéil bheo sa nGaeltacht, le cuid an bheagáin a lua. Cuireann sé droichead ar fáil dúinn le dul trasna an duibheagáin idir an saol iar-Chionn tSáile agus an seansaol, díreach mar a rinne duine de mhórlaochra liteartha agus cultúrtha na hEorpa, Richard Wagner, sa nGearmáinis lena léiriú ar an laoch traidisiúnta Siegfried sa sraith-cheoldráma cáiliúil Der Ring des Nibelungen (1876).

Agus tá scéal thar scéalta in Táin Bó Cuailgne. Sáraíonn sé Game of Thrones agus Star Wars féin. Cuirimid eolas ar dhomhan an laoich, ar a oineach agus ar a ghaisce, ar a fhaitíos corpartha roimh mheath oinigh, ar an údar a gcreideann sé cén fáth ar buaine bláth (ie., cáil) ná saol. Feicimid coimhlintí fíochmhara fuilteacha – seo í an lámh dhearg – áit a n-imrítear feall agus a mbaintear díoltas gan trócaire. Cuirimid eolas ar dhaoine agus ar dhéithe, feicimid draíocht agus daonnacht, an mhaith agus an t-olc, an grá agus an ghráin, mallachtaí agus beannachtaí. Cuirimid aithne mhaith ar na pearsana éagsúla: Cú Chulainn, an laoch par excellence; Feardia, an bráthair dílis; Ailill, an rí lag; agus Méabh, an bhean láidir sheiftiúil ghlic aniar atá in ann ag fear ar bith. Léirítear dúinn chomh maith riastrad Chú Chulainn i mbun catha, a samhlaímid a leithéid inniu le Philly MacMahon nó Kieran Donaghy ar pháirc áir an Chrócaigh, gan trácht ar An Ga Bolga ar mharaigh Cú Chulainn Feardia leis i gcomhrac aonair cinniúnach an scéil, uirnis chatha nach bhfuil gair ar bith ag nuaghléasra Star Wars uirthi.

Tá éacht déanta ag Darach Ó Scolaí san athleagan dúshlánach seo. Tá réim ard den teanga Ghaeilge aimsithe aige lena scéal a inseacht – mar a rinne sé cheana ina úrscéal ceannródaíoch An Cléireach (2007, Leabhar Breac) agus i saothair eile phróis dá chuid. Is maisiú ar an teanga agus ar litríocht agus cultúr na Gaeilge an leabhar seo a leanas conair na seanscéalaithe agus na seanscríobhaithe agus ábhar de chuid an traidisiúin á chur i láthair a ghlúine féin aige de réir thuiscintí a linne féin. Clasaic a bheas sa leabhar a gcuirfidh léitheoirí uilig na Gaeilge, idir ghnáthléitheoirí, mhic léinn, scoláirí agus scríbhneoirí spéis thar na bearta ann, agus ba cheart cóip a bheith i chuile theach sa tír. Is é a rinne a údar cur le gairm an fhile Giolla Brighde Mhac Con Midhe a d’fhógair sa 13ú hAois:

Gé tá marbh mairidh Guaire
’s Cú Chulainn na Craobhruaidhe ...
Beo ó mhaireas a moladh

Cú Chulainn agus Conchobhar.

Leabhar Nua na nAmhrán

le Micheál Ó Conghaile

Sorcha Nic Lochlainn

Is é atá sa chnuasach fiúntach seo, Leabhar Nua na nAmhrán (Cló Iar-Chonnacht), ná léargas ar chineál cruthaitheachta atá againn i saol na Gaeilge le fada an lá. Mar atá aitheanta ag Micheál Ó Conghaile ina réamhrá éirimiúil, tá cumadóireacht na n-amhrán beo i gcónaí – ach is gá tuiscint phraiticiúil a bheith againn ar na cúinsí a chothaíonn nós na cumadóireachta, agus a sholáthraíonn ardán do lucht na cumadóireachta, ionas go gcloisfear torthaí a gcuid cruthaitheachta. Tá gnéithe éagsúla de nós na cumadóireachta cíortha go cúramach ag an eagarthóir san aiste ag tús an chnuasaigh seo: tá anailís thomhaiste déanta aige ar ról na gcomórtas, ar ról an lucht éisteachta, agus ar nádúr na cruthaitheachta féin sa chomhthéacs seo; agus is fíor dó nuair a deir sé ‘[gur] cuma cárb as a dtagann an spreagadh má tá an toradh fónta’.

Agus na hamhráin seo á bplé, ní miste iad a chur i gcomhthéacs an traidisiúin ónar eascair siad – ní ar mhaithe le traidisiún idéalaithe éigin de chuid na samhlaíochta a úsáid mar shlat tomhais, ach díreach ar mhaithe le solas a chaitheamh ar chuid de na tuiscintí a mhúnlaigh na hamhráin seo, agus a bhfuil a lorg le feiceáil go láidir ar shaothar na gcumadóirí. Is fiú a rá, leis, go bhfuil an greann go mór chun tosaigh sa chnuasach seo, agus gur minic a bhíonn an greann ag brath ar an chasadh a bhaintear as na tréithe atá an-choitianta sna hamhráin thraidisiúnta. Tá úsáid éifeachtach bainte ag Seán Ó Muimhneacháin, mar shampla, as traidisiún na n-amhrán macarónach, rud a bhfuil casadh greannmhar bainte aige as. Tá go leor samplaí eile den chlaonadh seo sa chnuasach: amhrán grinn a chum Antaine Ó Faracháin faoi dhrochphionta, mar shampla, atá bunaithe ar ‘Cá raibh tú ó mhaidin’; nó na hamhráin iomadúla a bhaineann casadh as tréithe na n-amhrán grá ar mhaithe leis an ghreann. Léiríonn na cumadóirí seo muinín astu féin agus iad ag athúsáid an traidisiúin, agus léiríonn siad muinín as an éisteoir nó as an léitheoir chomh maith: táthar ag glacadh leis go dtuigfear na tagairtí, rud a thugann le fios go bhfuil an traidisiún beo beathach go fóill.

Tá rogha na bhfonn tábhachtach sa chomhthéacs seo chomh maith: is féidir leis an fhonn a bheith ina leid (ag an té atá eolach) maidir leis an chineál amhráin atá i gceist – mar shampla, fonn an amhráin ‘An Poc ar Buile’ á úsáid ag Seán Ó Muimhneacháin, rud atá ag teacht le héadroime an amhráin a chum sé ar na fadhbanna a bhíonn ag an té atá béalscaoilte. Tá tarcaisne le brath, leis, ar rogha an fhoinn ‘An tSeanbhean Bhocht’ mar bhunús cumadóireachta ag Aodh Ó Domhnaill, agus é ag cur síos ar an chuairt a thug an Bhanríon Éilís ar Éirinn agus ar ‘Enda Buí’ sa bhliain 2011.

Tá an moladh agus an cáineadh araon an-tábhachtach in amhráin na Gaeilge, agus tá a lorg seo le feiceáil ar an chnuasach seo, gan amhras. Tá cúpla amhrán agóide ag Máirín Uí Dhomhnaill faoi nithe a ghoill go mór ar an phobal: mar atá, na dabhchanna séarachais, agus na fadhbanna ollmhóra a d’eascair ón chúlú eacnamaíochta. Tá trácht ag údair eile ar iarmhairtí an Tíogair Cheiltigh. Tá an moladh feiceálach i gcuid de na hamhráin chomh maith – mar shampla, amhrán Fhearghail Uí Bhéarra ar Mhaidhc Ó Cathail – ‘fear feasa, iriseoir, agus tráchtaire polaitiúil’ – nó amhráin Sheáin Uí Ghráinne ar Mhicheál D. Ó hUigínn agus ar Thomás Ó Curraoin (a toghadh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe). Tá idir thuiscintí áitiúla agus thuiscintí náisiúnta le feiceáil ó thus deireadh sa chnuasach seo – rud atá an-tarraingteach, agus gan amhras tá an méid seo ag teacht le nádúr an chorpais thraidisiúnta ar fud na tíre. Tá an-nuálaíocht sa chnuasach chomh maith, ar ndóigh, agus cineálacha amhrán ann nach bhfacthas (go bhfios dom) sa traidisiún go dtí seo: amhrán Sheáin Mhic Eochagáin ag moladh an amhránaí sean-nóis Cóilín Cliseam, mar shampla, nó amhrán Thraolaigh Uí Chonghaile ina bhfuil plé magúil déanta aige ar oidhreacht liteartha na Gaeilge. Is deas an ní é go bhfuil an traidisiún seo á chur in oiriúint do shaol an lae inniu ar bhealach chomh héifeachtach.

Is gá a rá, áfach, nach bhfuil ach glór mná amháin le cloisteáil sa chnuasach seo; is í sin Máirín Uí Dhomhnaill, a bhfuil ceithre amhrán dá cuid sa chnuasach – rud a fhágann gur fir a chum 96% de na hamhráin sa leabhar seo. Ní haon locht ar phróiseas roghnaithe an eagarthóra é an ráiteas seo, ach mar sin féin is díol suntais í an éagothroime inscne seo; is féidir gur mó an leisce a bhíonn ar bhanchumadóirí a gcuid amhrán a chur os comhair an phobail, agus go mbíonn cumadóirí ar fir iad níos compordaí leis an méid seo. Gné shuntasach de na hamhráin nuachumtha seo is ea úsáid na mban mar shiombailí aontoiseacha, mar ábhar gáirsiúlachta, mar chuspóir filíochta – in ionad glór gníomhach a bheith acu féin. Tá an méid seo ag teacht le noirm fhadbhunaithe an traidisiúin, gan amhras, mar atá pléite ag cuid de scoláirí an traidisiúin, go háirithe ag Máirín Nic Eoin agus ag Lillis Ó Laoire. Ní miste aird a dhíriú ar na noirm seo, mar tá siad á n-athdhearbhú ag formhór mór na gcumadóirí sa chnuasach. Is le rún an ghrinn, is mó, a dhírítear ar bhean mar chuspóir filíochta, agus ní gá aon ródháiríreacht a shamhlú leis an tréith seo – ach díol spéise is ea an méid seo, mar sin féin.

D’éirigh leis an eagarthóir na canúintí éagsúla a láimhseáil go cúramach sa chnuasach seo, agus tá glór gach cumadóra le cloisteáil go soiléir: tá na nótaí beathaisnéise gairid, ach is leor iad le léargas a thabhairt ar shaol an chumadóra agus ar chomhthéacs na cumadóireachta. Níos fiúntaí fós, tá cur síos tugtha ag gach údar ar an méid a spreag gach amhrán – rud, arís, atá ag teacht le noirm an traidisiúin, nó is minic a bhíonn cuntas sa bhéalaithris ar an méid a spreag an t-údar chun cumadóireachta. Saothar fiúntach is ea an cnuasach seo, agus tá léargas maith ann ar nádúr na cumadóireachta comhaimseartha i saol na Gaeilge, mar aon le nádúr an traidisiúin ónar eascair na hamhráin nuachumtha seo.

Is as Co. Aontroma do Shorcha Nic Lochlainn. Rinne sí bunchéim, MA agus PhD sa Ghaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; ina dhiaidh sin, chaith sí trí bliana mar scoláire in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Is léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh í faoi láthair.