Saothar ilteangach é ‘Song of Granite’
Treiseoidh Song of Granite go mór stádas thraidisiún na hamhránaíochta, a deir Seaghan Mac an tSionnaigh
Ba dheas a bheith i Meiriceá le linn d’ócáid na bliana seo de chomórtas na ngradam Oscar a bheith ar bun. Agus mé i mo scoláire Gaeilge Fulbright anseo in Ollscoil Notre Dame i mbliana ba thráthúil go raibh scannán Gaeilge ar cheann de na scannáin a bhí istigh ar an bhfadliosta do dhuais na scannán i gcatagóir na dteangacha iasachta. Song of Granite an scannán atá i gceist agam, teideal a tógadh ó chaibidil i leabhar Tim Robinson Connemara: A Little Gaelic Kingdom. Beathaisnéis físe ealaíonta atá sa scannán, ar taispeánadh ar TG4 den chéad uair le déanaí é, a thugann léargas ar shaol an amhránaí sean-nóis, Seosamh Ó hÉanaí, nó ‘Joe Heaney’. Níor bhuaigh an scannán faic ó lucht na nOscar i ndeireadh thiar, ach cén díobháil.
Cuirigí saoithíneacht im leith más maith libh é ach cuirimse go dána fé bhur mbráid gur saothar ilteangach é an scannán ann féin, anuas ar a bheith i gcatagóir na scannán i dteangacha iasachta. Ar an gcéad dul síos, is ar shuíomh ilteangach Montréal a taifeadadh roinnt d’íomhánna ‘Song of Granite’, agus is le maoiniú ó rialtas feidearálach Cheanada, ó rialtas cúigeach Québec agus ó rialtas na hÉireann a tugadh faoin scannán a dhéanamh.
Seachas sin, is í an Ghaeilge agus Gaeilge Chonamara is mó atá sa treis ann, ach tá an tSean-Ghaeilge i measc na dteangacha ar leith eile atá le fáil sa scannán, í le feiscint scríte ar bhalla i gceann de radharcanna deireanacha an scannáin. Is iad na línte atá le feiscint, gan iad a bheith sa Ghaelchló leath-uingeach, ná iad seo a leanas:
Ro gab úacht
etti én
agne ré
é mo scéil
Más ea, ní fhreagraíonn na fotheidil Bhéarla don sliocht seo a roghnaíodh. Is é atá sna fotheidil Bhéarla ná ‘ice wrapped wings, that’s my story’ – gan ansin ach líne a dó agus líne a ceathair amháin. Cuireadh fotheidil Bhéarla leis ar fáil don mhéid a chloistear ó mhac Sheosaimh toisc blas tiubh Ghlaschú a bheith ar a chuid cainte, ach b’iontach í an chumarsáid idirtheangach a léirítear idir Ó hÉanaí agus an phearsa Albanach ón tsráid a dtugtar caimeo dó sa scannán seo. Níor ghéill, mar a ghéilleann de ghnáth, éinne den mbeirt Ghael seo don Bhéarla sa radharc meisciúil seanchais a thug le chéile sa scannán iad, Gaeilge mar urlabhra ag fear Ghlinsce, agus Gàidhlig bhinn á labhairt ag Griogair Labhruidh a ghlac páirt an Albanaigh. Ba ana-oiriúnach mar rogha aisteora é Griogair Labhruidh mar go bhfuil a fhios ag an lá go bhfuil sé siúd ar na hamhránaithe Gaelacha is fearr dá bhfuil anois ann, agus mionchasachtach a dhein sé le linn ‘Trod an duine ri mnà an taighe’ a bheith á rá fágtha istigh ann ag an léiritheoir de chion na réadúlachta.
Is mó lá agus ráithe anuas air sin atá caite thiar i gConamara ag Griogar agus an dá theanga Ghaelacha á gcur go ceanndána chun cinn mar urlabhraí intuigthe Gaeilgeacha.
Ach ná bíodh aon mhairg oraibh – faillí ar an mBéarla níor deineadh sa scannán seo inar tugadh cúpla caimeo d’amhránaithe an Bhéarla leis. Tá Lisa O’Neill mar shampla ann, Cabhánach mná nach leasc ná é léi focail Ghaeilge óna contae dúchais a mheascadh trína cuid liricí i mBéarla – ‘The Galway Shawl’ a chloisimid uaithi in Song of Granite, an focal damsel caite amach as an amhrán aici ar mhaithe le ‘cailín’ a bheith sa líne ‘I spied a cailín, she was young and handsome’. Bíonn an ealaín chéanna ar bun ina cuid amhrán nuachumtha féin aici agus ba é ‘bastún’ a bhaist sí dá bhrí sin ar an bpríomhphearsa in amhrán dá cuid féin dar teideal ‘The Hunt’. Tá Damien Dempsey leis ann, cuairteoir rialta ar an bparóiste Múrach i gCorca Dhuibhne. Béarla sonrach Chonamara a chloistear mar lingua franca ó Sheosamh féin in uaireanta, agus eiseamláir dá leithéid ab ea a chomhrá lena chomhghleacaí Gréagach i rith a chúraim mar phóirtéir thall sna Stáit – Béarla mar dhara teanga ag an mbeirt gan amhras. Ná ligtear i ndearúd ach an oiread gur bhuail Seosamh Ó hÉanaí le Meiriceánaigh a raibh Gaeilge ar a dtoil leis acu, agus duine díobh sin dár bhuaileas féin i Miami le déanaí leis, bhí sé de dhánaíocht ann an méid graosta seo a leanas a chur fé bhráid Sheosaimh tráth dá raibh: ‘Trí ní nach bhfuil aon mhaith leo: siní an fhir, bod an tsagairt, magairlí an phápa’.
‘Ná creid é sin,’ an freagra tomhaiste a tháinig ó Sheosamh.
Nod do theideal an amhráin agus léiriú thar a bheith truamhéalach ar a shaol sna Stáit ar deireadh a bhí sa radharc ina gceanglaítear tógaint na bhfallaí cloiche le hóige Uí hÉanaí i gConamara, fé mar a chítear i dtosach an scannáin í, le miotóga an phóirtéara Mheiriceánaigh á gcaitheamh de i ndeireadh thiar aige d’fhonn fallaí cloiche an fhoirgnimh ina raibh sé ag obair a chuimilt go cumhach.
Is amhlaidh a diúltaíodh do Sheosamh i ngach iarracht dár dhein sé riamh ar phost in Éirinn – agus bhris sé a chroí gurbh éigean dó aghaidh a thabhairt ar Shasana, ar Albain agus ar Mheiriceá ina dhiaidh toisc gan aon duine ó shaol na Gaeilge a bheith ábalta (ná sásta?) an té ba mhó seanchas in Éirinn a fhostú. Seanscéal agus meirg air, arsa tusa. Mistéir thrasnáisiúnta mar sin ab ea an fear seo as Glinsce go dtugtaí Joe Éinniú mar ainm ina dhúthaigh dhúchais air ach a chaith formhór a shaoil mar spailpín fánach nárbh annamh é ag gabháil an fhoinn dár teideal céanna.
Léiritheoir ardéirime a theastódh lena leithéid de scéal mearbhlach seo a chur i gcéill, agus beirt don ndintiúir chéanna a fuarthas nuair a thóg Pat Collins agus Eoghan Mac Giolla Bhríde an cúram ar láimh. Ba é Collins an fear a ghlaoigh chun beatha file Luimnigh Thiar Mícheál Ó hAirtnéide mar chuid de chlár álainn faisnéise dar teideal The Wren’s Necklace. Bhí a fhios agam go ndéanfadh sé an-lámh ar an togra, go háirithe agus an scannán molta go hard ag Tommy Tiernan ar an gcóras giolcaireachta sara bhfeaca-sa in aon chor é. Ar chuma a chuirfeadh I’m Not There, scannán Todd Haynes faoi shaol corraitheach Bob Dylan i gcuimhne duit, is iomaí aisteoir aitheanta éagsúil a ghlac páirt Sheosaimh i gcaitheamh a shaoil ar an scáileán dó. Agus rud a bhain miongháire asam ná gur mór ná go raibh páirt ag foireann iomlán Ros na Rún istigh ann.
Ba é mórbhua an scannáin, dar liom, ná gur tugadh éachtaint mhacánta an-chruinn ar fad ar chomhthéacs na fonnadóireachta sa traidisiún Gaelach, agus is marbh an tsúil nach silfeadh deoir i rith an amhairc shár-réadúil ar Shéamus Ó Beaglaoich a bheith i mbun windeáil mhánla a thabhairt do Sheosamh Ó hÉanaí i riocht Mhíchíl Uí Chonfhaola agus ‘An Tiarna Randall’ á ghabháil go máistriúil aige. Léiriú an-mhaith ab ea an radharc sin ar oíche ‘craic agus ceol’ mar ócáid fonnadóireachta, agus mura bhfuil dearmad orm, tugadh léiriú cuimsitheach ar gach aon chineál ócáide fonnadóireachta eile sa scannán chomh maith. Tagraíodh mar shampla do chuairt an bhailitheora béaloidis, Liam Mac Coisdealbha is dócha, agus taifeadadh eideafóin á dhéanamh aige d’athair Sheosaimh. Timpeall ocht mbliana d’aois a bhí Seosamh sa radharc sin, é ag sú an traidisiúin go díograiseach isteach óna athair fén dtráth sin, agus ón uair gur sa bhliain 1919 a rugadh é, ba dhóigh le duine gur tagairt don dtréimhse inar bunaíodh an Irish Folklore Society sa bhliain 1927 a bhí sa mhéid sin.
Ní gá gur laistigh don dteaghlach a tharlódh próiseas an tseachadta dar ndóigh, agus tagann fíricí an scannáin leis an méid sin. Bhí tagairt ann mar shampla do ról tábhachtach na scoile i seachadadh an traidisiúin, agus eachtra na huibhe ina léiriú ar an gcomaoin a chuir Bean Uí Chonchúir ó Scoil na hAirde ar Sheosamh ó thaobh na comhairle a chuireadh sí air mar fhonnadóir óg – mhol sí sin fadó dhó a bheith ag amhrán fé mar a bheadh ubh istigh ina bhéal. Tá cuntas maith dála an scéil ag Liam Mac Con Iomaire ar scolaíocht Sheosaimh ina leabhar saineolach Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche a bhí mar chomhluadar uasal eolais agus mé ag
prapáil roimh ré chun go mbainfinn taitneamh ceart as an scannán. Phléigh Breandán Mac Gearailt ina léirmheas ar Tuairisc.ie an fheidhm a bhaintí as an amhránaíocht i rith
obair a bheith ar siúl ar muir agus ar tír, agus tá léiriú sa scannán ar an amhránaíocht i gcomhthéacs an bháis agus na sochraide fiú amháin. Tá fuílleach tagairtí ann do chomhthéacs saorga na coirme ceoil chomh maith, agus nuair a chuimhním air, is mór an obair go maireann gnás na fonnadóireachta beo beathach fós sna comhthéacsanna neamhfhoirmeálta eile gur dual dó. Idir an dá linn, táim siúráilte go dtacóidh an rath a bheidh ar Song of Granite go mór leis an dtraidisiún pé comhthéacs ina gcuirfear ar aghaidh é. Bhí sé de phribhléid agamsa a bheith páirteach i gcraoladh an scannáin féin mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i mbliana ar champas Ollscoil Notre Dame a bhuí leis an Keough-Naughton Institute for
Irish Studies ann.