SCUAINE

SCUAINE

markwickham.org

Seosamh Ó Murchú

‘Is trua liom do bhris’

A dúrt is d’fháisc a lámh

Chomh teann is ba chuí

Is chuir ag eiteallaigh

Thart inár dtimpeall

Sifíní nó b’fhéidir spideoga

Na hóige is na seanaimsire

A thugas liom don ócáid.

Ní fhaca i scáthán a shúl

Ach scáil shínte an ama

Is chuaigh díom athuair

Fál cosanta an ghnáthaimh

A shárú nuair ba dhual dom

Mé féin a ionladh lena dheora

Agus iad ag sileadh go ciúin

Ar dhromchla mín an bhróin.

Ar mhaoil mo ghualainne

Chuala monabhar na mbráthar

Rinneadh casacht os íseal

Á thabhairt dom le fios

Go raibh an uain tagtha

Chun breith ar mo ghreamanna

Is gan a thuilleadh moille

A chur ar scuaine na lámh.