Seachain an ollaidhm náisiúnta…

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Cuireadh fáilte mhór roimh an scéal go raibh sé ráite i gceannteidil an Bhille Teanga a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go gcinnteofaí go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí amach anseo.

Dúirt an Coimisinéir Teanga agus daoine eile ag an am chomh maith áfach go gcaithfí fanacht le go bhfeicfí ‘an fheoil ar chnámha na reachtaíochta’.

Níos túisce an mhí seo, thug Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta le fios nach raibh sé i gceist spriocdháta a chur leis an moladh sa reachtaíocht teanga nua go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí.

Bhí ráite aige roimhe seo go mbeadh sé ‘fíordheacair’ spriocdháta a lua leis an moladh faoin 20%.

Ba é an t-iarThaoiseach Enda Kenny an chéad duine a luaigh an sprioc 20% maidir le Gaeilgeoirí sa státseirbhís agus bhí sé ina ‘gheallúint’ an uair sin. Is cosúil anois go bhfuil ‘ollaidhm náisiúnta’ déanta den gheallúint chéanna, ollaidhm nach bhfuil sé i gceist aon spriocdháta a lua léi.

Ba chóir go mbeadh a sáith ag pobal na Gaeilge faoin tráth seo d’aidhmeanna náisiúnta, idir bheag agus mhór. Ar ndóigh, is í an aidhm náisiúnta is mó ar fad acu ná an ceann atá leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh 250,000 duine ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030.

Ba cheap magaidh an sprioc sin ag mórán ó thús, ach léirigh torthaí an daonáirimh is déanaí a áiféisí is a bhí sí.

Sea, is é an rud deireanach a theastaíonn ón nGaeilge agus ó lucht a labhartha ná ollaidhm náisiúnta eile dá leithéid. Ní haon mhaith dúinn go mbeifí ag caitheamh chugainn cnámh eile gan giob feola uirthi.

Mar sin féin, tá an ceart ag Stiúrthóir na Gaeilge go mbeadh sé ‘fíordheacair’ spriocdháta a mbeadh ciall leis a chur leis an moladh go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí.

Ach d’fhéadfaí, dá mbeadh an toil pholaitiúil ann, plean a leagan amach mar chuid den reachtaíocht nua a chinnteodh go mbainfí an sprioc sin amach de réir a chéile.

D’fhéadfaí mar shampla a chur sa phlean sin go mbeadh 20% de na daoine a cheapfar sna blianta amach romhainn sna gráid is sóisearaí sa státseirbhís ina gcainteoirí líofa Gaeilge. D’fhéadfaí spriocdháta cinnte a chur leis an aidhm sin. D’fhéadfaí ina dhiaidh sin spriocanna agus spriocdhátaí a leagan síos do na gráid eile agus tógáil ar an obair de réir a chéile.

Ach más i dtaobh le ‘ollaidhm náisiúnta’ eile a bheimid, ní fada go mbeidh an ollaidhm ina léiriú eile ar an gcur i gcéill a bhaineann le polasaí teanga an Stáit.

Tá an méid sin chomh cinnte sin go bhféadfaí nach mór spriocdháta a chur leis.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie