Aodh Ó Domhnaill agus a oidhreacht drámaíochta

Aodh Ó Domhnaill agus a oidhreacht drámaíochta

markwickham.org

Rinne Aodh Ó Domhnaill cion fir i réimse na drámaíochta Gaeilge, a deir Fidelma Ní Ghallchobhair

Chaill saol na drámaíochta Gaeilge laoch eisceachtúil agus chaill Aisteoirí Bulfin a rí nuair a bhásaigh Aodh Ó Domhnaill gan choinne ar an 24 Eanáir 2018. In eagrán mhí an Mhárta 2017 de Comhar bhí grianghraf d’Aodh ar an gclúdach agus taobh istigh, i gcomhthéacs cheiliúradh 50 bliain d’Aisteoirí Bulfin ar an bhfód, bhí píosa ó pheann Aodha i bhfoirm dráma beag a taibhríodh dó faoin 50ú cruinniú cinn bhliana ag Aisteoirí Bulfin. Ar a athléamh dom ar ball beag, thug mé leideanna éagsúla dá mhachnamh faoi deara, leideanna nár thug mé faoi deara an chéad uair. Is amhlaidh a chuir sé chugam roimh ré é leis an litriú agus an ghramadach a sheiceáil agus bhí mé níos dírithe ar an méid sin seachas ar a raibh á rá aige. Is fiú é a léamh mar tá go leor tréithe de chuid Aodha le sonrú ann – an tsamhlaíocht, an greann, an t-eolas, an chomhthuiscint do dhrámadóirí eile agus do na haisteoirí idir óg is sean, an agóid pholaitiúil in aghaidh na hAmharclainne Náisiúnta as a neamart sa drámaíocht Ghaeilge. Ansin ag deireadh an scigthaibhrimh, an tagairt aige ‘Do ghlac sé [Aodh féin] rún ciúin treabhadh ar aghaidh leis an script úrnua’.

Bhuel, rinne sé amhlaidh agus chuaigh cuid againn chuig an dráma nua sin in amharclann Scabhat Smock seachtain na féile Pádraig i mbliana. B’aisteach gan Aodh a bheith i láthair. B’aistí fós fios a bheith againn gurbh é a dhráma deiridh é. Ró-óg a d’imigh sé uainn agus lán cloiginn smaointe agus siamsaíochta fós le breacadh ar pár aige.

Tá, trí dhráma leis, áfach, nár léiríodh fós, ceann amháin acu ar a laghad a shamhlóinn a bhainfeadh preab as daoine. An téama ná na laethanta deiridh ag Saddam Hussein agus é á cheistiú ag na Meiriceánaigh. Bhain an dráma sin duais Oireachtais in 2007. Agus, ar ndóigh, níl aon chúis nach léireofaí arís cuid dá dhrámaí a léiríodh cheana.

Baineann an-éagsúlacht go deo le saothar Aodha – ó thaobh seánraí, ó thaobh téamaí, agus ó thaobh formáidí de. Fear ildánach a bhí ann: bhí buanna an cheoil, na haisteoireachta, na léiritheoireachta, na samhlaíochta, na drámadóireachta, agus an ghrinn aige. Thairis sin, fear meabhrach géarchúiseach a bhí ann, léitheoir amplach a chuir spéis mhór i gcúrsaí reatha, idir pholaitíocht is eacnamaíocht, i gcúrsaí staire, i gcúrsaí litríochta is scannán, i gcúrsaí ceoil agus i gcúrsaí grinn. Ba dhuine é a bhí fiosrach faoin saol, an intinn ghéar sin ag díriú i gcónaí ar ábhar mar a bheadh tóirse ann.

Le cúrsaí ceoil a thosaigh sé sna seachtóidí nuair a bhunaigh sé an grúpa ceoil, Na hUaisle, in éineacht lena dheirfiúr. Dhéanaidís mórán amhrán a chum Aodh féin agus ba mhinic na hamhráin sin ag tabhairt faoi ghnéithe den saol poiblí agus mugadh magadh a dhéanamh díobh. Bhí féith na filíochta ann freisin agus foilsíodh trí chnuasach leis sna hochtóidí agus sna nóchaidí. Nuair a chuaigh sé ag aisteoireacht le hAisteoirí Bulfin sna hochtóidí spreagadh é ansin le drámaí a scríobh. Thairis sin, is iomaí agallamh beirte agus amhrán nuachumtha a bhíodh aige i gcomórtais Oireachtais.

Tríocha a haon dráma ar fad a scríobh Aodh – deich gcinn ghearra, cúig cinn déag fhada, agus sé dhráma raidió. Orthu sin bhí dhá dhráma don aos óg, an gheamaireacht Luaithrín (a scríobh sé mar choimisiún don Taibhdhearc i 1997) agus scéal eachtraíochta do dhéagóirí, Raic (a scríobh sé d’AnnÓg agus a léirigh siad sa Lab sa Daingean in 2008).

Le drámaí gearra a thosaigh Aodh agus léirigh Aisteoirí Bulfin trí cinn acu sin sna hochtóidí, trí cinn sna nóchaidí, agus péire eile ó 2010 anuas, fad a léirigh Amharclann na Mainistreach ceann dar teideal Ar Deireadh sa Phéacóg mar léamh cleachta in 2009, agus a léirigh An Taibhdhearc i gcomhar leis an gcomhlacht TíAitreo an dráma Idir an Dá Shúil sa Taibhdhearc agus sa Phéacóg in 2010, dráma a ghnóthaigh gradam Stewart Parker d’Aodh.

Sna hochtóidí freisin is ea a thosaigh sé ar dhrámaí raidió a scríobh. Bhíodh drámaí gearra raidió á gcraoladh ar bhonn seachtainiúil ag RTÉ an tráth sin agus Seán Ó Briain mar léiritheoir. I 1984 scríobh Aodh a chéad dráma raidió agus chraol RTÉ trí cinn acu sin sna hochtóidí. D’fhill sé ar an seánra sin dornán blianta ó shin agus chraol RTÉ trí cinn nua leis ar dhuaisdrámaí Oireachtais iad ó 2012 i leith.

Sna nóchaidí is ea a thosaigh Aodh ar dhrámaí fada a scríobh. Fuair a chéad cheann duais Oireachtais i 1993 agus léirigh An Taibhdhearc é. Aoir é Lá Breá ina ndéantar scigaithris ar theaghlach Gaeltachta a choinníonn gasúir don choláiste samhraidh. Mugadh magadh ó thús deireadh ar an saol sa Ghaeltacht agus ar an íomhá atá ag Gaeilgeoirí lasmuigh den Ghaeltacht den saol sin. Ansin fuair sé coimisiún ón Taibhdhearc le geamaireacht do pháistí a scríobh – b’in Luaithrín, dráma dhá ghníomh lán le hamhráin. Ar ndóigh, chuir Aodh a chló féin ar an sean-síscéal i Luaithrín, agus carachtair ann mar an Rí Bertie, a pháirtí, Celicious, agus mac leo, an Prionsa Séamas, mar aon le neart tagairtí do dhaoine mór le rá ó na nóchaidí chun spéis na ndaoine fásta a shásamh.

In 2008 is ea a scríobh sé a dhráma do dhéagóirí Raic, ar iarratas ón gcomplacht AnnÓg sa Daingean. Dráma é ina bhfuil dhá scéal faoi dhá bhuíon daoine óga san áit chéanna i gCorca Dhuibhne, buíon acu ag plé le smuigleáil branda in 1810 agus an bhuíon eile le smuigleáil drugaí in 2010 agus, is dócha, gaol gairid eatarthu thar thréimhse dhá chéad bliain. Dráma cliste cumasach eachtrúil.

Léirigh Aodh a dhúil sa stair agus i gcúrsaí reatha i ndráma fada eile, Republica, a léirigh Aisling Ghéar i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath i 1996. Aoir pholaitiúil atá ann, aoir ar luachanna nó easpa luachanna na tíre seo agus Mheiriceá ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de. D’úsáid sé formáid an-neamhghnách sa dráma seo. Beirt charachtar atá ann: fear a dhéanann an chaint ar fad, agus zombaí balbh baineann a ndéanann an fear í a cheangal le carachtair éagsúla sa stair. Ba dhúshlánach an ról é don aisteoir fir sin a raibh na línte ar fad aige!

Ghlac sé sos ón scríbhneoireacht ansin go dtí 2004 agus uaidh sin ar aghaidh thagadh thart ar dhráma in aghaidh na bliana uaidh agus níos mó i mblianta áirithe. Agus thosaigh sé ar na drámaí grinn nó geamaireachtaí polaitiúla do dhaoine fásta a chur de thart ar gach re bliain. Sna blianta céanna, bhíodh drámaí ó sheánraí eile á scríobh aige, agus ansin ceoldrámaí nó ceoldrámaí grinn. Scríobh sé drámaí freisin nach raibh greann ná ceol iontu.

Ó thaobh téamaí de, ba mhinic cúrsaí reatha idir pholaitíocht is eacnamaíocht is luachanna na sochaí faoi chaibidil aige, agus théadh sé sách gar don chnámh sna cúrsaí seo. Níorbh annamh mugadh magadh faoi pholaiteoirí is daoine aitheanta eile aige sna geamaireachtaí. In Biffó Béar (2009), mar shampla, chuir sé Taoiseach na linne sin ag dornálaíocht le ceannaire Fhine Gael, Spenda-Penny. Stair na hÉireann go sonrach is ábhar dá scigaithris in Republica.

Taobh amuigh den aoir pholaitiúil, ba mhinic an choimhlint idir an mhaith is an t-olc mar théama aige. Uaireanta, bhí sin bunaithe sa mhúnla a d’úsáid sé do dhráma, mar shampla, an leagan comhaimseartha de The Threepenny Opera (Die Dreigroschenoper) le Brecht & Weill, Mac a’ Stanley, a scríobh agus a léirigh sé in 2006. Tour de force a bhí ann ar gach uile bhealach. Sa dráma liteartha a scríobh sé faoi bheirt scríbhneoirí ar an ngannchuid le linn léigear Leningrad i rith an dara cogadh domhanda, Lón Leningrad (2016), chíor sé stair na linne agus stair agus saothar na beirte sin, Anna Akhmatova agus Danill Kharms. Rinne sé sin trí shleachta as saothar na beirte a aistriú go Gaeilge agus a chur i mbéal na gcarachtar, chomh maith le comhthéacs a chumadh ina gcasfaidís ar a chéile chun ceisteanna filíochta, saoirse agus cogaidh a phlé, agus chun an cruatan a d’fhulaing muintir Leningrad agus lucht litríochta na Rúise a chur os ár gcomhair.

Bhí beathaisnéis Anna Akhmatova léite ag Aodh, agus cur amach éigin aige ar Danill Kharms. Bhí a fhios aige go raibh an bheirt i Leningrad an tráth sin cé nach raibh fianaise feicthe aige go raibh aithne acu ar a chéile. Mar sin, dráma liteartha stairiúil é suite i gcomhthéacs samhlaithe. Dráma láidir cumasach é, ceann de na drámaí ab fhearr a scríobh Aodh riamh, dar le roinnt a chonaic é.

I ndrámaí eile, ba gheall le turas taiscéalaíochta ar nádúr an duine idir mhaith is olc é an saothar, mar shampla, ar bhealach éadrom spraíúil sa cheoldráma grinn LaRaedó (2013), ach ar bhealach domhain diamhair in Cillín Shaddaim (Duais Oireachtais 2007, ach fós le léiriú). Díríonn ceann dá dhrámaí raidió, Céim in Airde ar an bpolaitíocht oifige i gcomhlacht mór. Dhírigh dráma eile leis ar chliseadh pósta, an gearrdhráma cumhachtach Bean ar tí Léime (1995). Thug sé aghaidh ar choimhlint na n-inscní sa ghearrdhráma Muirc a bhain le fear as Éirinn a leaindeáil ar oileán san Aigéan Ciúin áit a raibh na mná i gceannas. Gaeilge a labhair an fear agus teanga aduain le siollaí agus fuaimeanna na Gaeilge a labhair na mná. An teanga raiméise seo a chum an t-údar, bhí ar na haisteoirí a mbrí féin a chur léi de réir mar a d’fheil don chomhthéacs. (Bhí script an dráma seo imithe amú ar Aodh nuair a labhair mé leis ina thaobh anuraidh ach is cosúil go bhfuil cóip de ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta mar tá sé luaite ar an suíomh acu siúd.)

Drámaí eile, díríonn siad ar chleasaíocht cham agus bhréige na sárchumhachtaí – Meiriceá, go hiondúil, m.sh. an dráma raidió, Dol Amú, agus an dráma fada stáitse deiridh uaidh, Dearmad na Fola, áit a gcuirtear i gcéill go bhfuil teicneolaíocht na róbat (nó na mbréagadán mar a thug Aodh orthu) á forbairt chun críche cogaíochta Mheiriceá.

Roinneann duairceas nó, go fiú, nihileachas le cuid dá dhrámaí, m.sh. an dráma raidió May Day faoin bhfear deireanach ar dhroim an domhain tar éis ollchogaidh. Agus roinneann caoineas le drámaí eile, ar nós an dráma raidió Fido, dráma ina gcaitheann an carachtar lena phíb uilleann mar a bheadh peata gadhair ann, ach tá sé ag caint le duine éigin tríd an dráma agus ar deireadh thiar tuigimid gur le síciatraí atá sé ag caint.

An ghné nach bhfaightear i ndrámaí Aodha ná maoithneachas ná rian de, cé go bhféachadh sé minic go leor le tocht a chur orainn i ngan fhios dúinn – faoi mar a rinne sé in 1915? nuair a tháinig taibhsí na laochra mídhóchúla ar ais leis an amhrán deiridh a chanadh. Mar an gcéanna leis an bpreab a bhaintear asainn i ndeireadh drámaí ar nós Fido, Bean ar tí Léime, An Campa, agus Na Leabhra.

Dhírigh Aodh ar théama nó ar mhúnla an ghéibhinn i gcuid dá dhrámaí, m.sh., Fuílleach (1980idí) faoi bheirt agus iad ag iarraidh fanacht beo i gcampa géibhinn, agus Oíche le Pádraig (1988) faoi Phádraig Mac Piarais agus cailín punc ó na hochtóidí ag casadh ar a chéile sa chillín céanna. Tarlaíonn míthuiscintí agus greann maidir leis an mbearna idir an dá ré. Ainrialaí is ea an cailín punc, ach beireann sí breis misnigh don Phiarsach agus é ag siúl amach as an gcillín le haghaidh a thabhairt ar a bhás. (Ar an drochuair, bhí script an dráma sin imithe amú ar Aodh nuair a bhí mé á phlé leis anuraidh.)

Ansin, Cillín Shaddaim faoi laethanta deiridh Saddam Hussein agus é á cheistiú ag na Meiriceánaigh. Leag an t-údar amach sraith ceisteanna dúshlánacha don léitheoir/lucht féachana i mbrollach an dráma. Is é Saddam féin an t-aon mhórcharachtar sa dráma agus toisc go bhfuil aithne ag an domhan mór air mar dheachtóir agus mar phearsa stairiúil, baineann dúshlán lena chur i láthair ar bhonn úr daonna suimiúil inchreidte gan an fhírinne stairiúil a chur as a riocht. D’éirigh go breá le hAodh é sin a dhéanamh agus Saddam iomlán críochnúil a chruthú dúinn mar dhuine daonna le mothúcháin agus uaisleacht, dílis dá dhúchas, cróga, cneasta lena mháthair, cliste agus ábalta sa phlé le Fear na gCeist, ach freisin mar dheachtóir fuilteach brúidiúil ag céasadh agus ag marú daoine gan chúis gan trócaire ar mhaithe le cumhacht agus le smacht. Is féidir linn a bheith tuisceanach dó, báúil dá chruachás, fiú a bheith ag súil nach sárófar go hiomlán é agus, ag an am céanna, fuath agus déistin againn dá iompar barbartha. Léirítear Subha, máthair Shaddaim, mar phearsa/thaibhse láidir neamhthrócaireach, ach fós máithriúil – in aigne Shaddaim, ar ndóigh. Tá mórán leibhéal sa dráma seo agus déileáiltear go cumasach le téamaí ar nós úsáid cumhachta, foréigean, gaolta clainne, mí-úsáid an dlí, an tOirthear versus an tIarthar, máthair agus mac, etc.

Bhain Aodh leas as teicnící éagsúla lena chuid scéalta a bhrú chun cinn, mar atá, freangadh ama (Oíche le Pádraig, Caifé-Ar-Ais), teanga raiméise (Muirc), amharclannaíocht na héigéille (Caifé-Ar-Ais, Dearmad na Fola), an t-osréalachas (Fido, Republica), an carachtar diamhair uile-eolach ar rúin gach duine eile (Caifé-Ar-Ais, Ar Deireadh), trasghearradh (Bean ar tí Léime, Idir an Dá Shúil), an scéal noir (Na Leabhra, An Duairceán, Dearmad na Fola), dráma bunaithe ar fhíorscéal reatha (Idir an Dá Shúil), dráma taobh istigh de dhráma (Lón Leningrad), trealamh teicneolaíochta (Céim in Airde, Banzai, Dearmad na Fola), teannas agus uafás (An Duairceán, Banzai, Dearmad na Fola), an zombaí balbh (Republica). Ní hamháin sin, ach ba bhreá leis leas a bhaint as cineálacha éagsúla grinn ina chuid drámaí grinn: an greann físiúil, an t-imeartas focal, an sciorradh Freudach, an easpa tuisceana cheal Gaeilge ná Béarla, íoróin, steiréitíopaí agus steiréitíopaí droim ar ais, an tsáraíocht bhaoth, agus mar charachtair - an leadránaí, an gamal, an bulaí, an réice, an duine postúil meánaicmeach, etc.

Is léir, ón méid thuas, gur bhain Aodh leas as pé deiseanna agus ábhair spreagtha a bhí ar fáil dó agus é ag dul i mbun drámaí a scríobh. Na chéad drámaí gearra a scríobh sé d’Aisteoirí Bulfin, na drámaí raidió a scríobh sé sna hochtóidí nuair a bhíodh deis chraolta ann, na comórtais Oireachtais áit ar bhuaigh sé iliomad duaiseanna in imeacht na mblianta agus, nuair a cuireadh deireadh leis an gcomórtas do dhrámaí fada thart ar 2013, is cosúil gur dhírigh sé ar dhrámaí raidió amháin a chur chuig an Oireachtas ó tharla go raibh comórtas sa seánra sin ann, agus gur lean sé de bheith ag scríobh drámaí do chumainn agus do dhreamanna éagsúla. Is léiriú é sin ar thábhacht na nduaiseanna Oireachtais, sa chéad chás de, agus os a choinne sin spreagann sé ceist faoi céard a dhéantaí le scripteanna ar dhuaisdrámaí Oireachtais iad – cá bhfuil fáil orthu nó cén córas a bhí ann lena bpoibliú do chumainn drámaíochta.

Cloistear rómhinic an t-olagón nach bhfuil aon drámaí nua á scríobh, rud nach bhfuil fíor ar chor ar bith mar is léir ón alt seo. Ach bíonn an deilín ag daoine mar sin féin, amhail is dá ndéarfaidís sách minic é go gcaithfidh go bhfuil sé fíor. Mar sin, is léir go bhfuil gá ann le hionad nó le háis eolais maidir lena bhfuil scríofa agus á scríobh, áis ina dtabharfaí le chéile na sonraí faoi dhuaisdrámaí Oireachtais, faoi dhrámaí nuascríofa nó nua-aistrithe a léirigh ballchumainn den Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta nó cumainn eile nach iad, agus eolas faoi cheardlanna nó imeachtaí drámaíochta a bheadh ina spreagadh do dhaoine atá ag scríobh nó ag beartú drámaí úra.

Rinne Aodh Ó Domhnaill cion fir i réimse na drámaíochta Gaeilge. Seo thíos an fhianaise.

Clár Saothair Dhrámaíocht Aodha Uí Dhomhnaill

Drámaí Gearra

Fuílleach (a léirigh Aisteoirí Bulfin ag féilte de chuid an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta/CND sna 1980idí)

Café-Ar-Ais (a léirigh Aisteoirí Bulfin ag féilte de chuid an CND agus sa Chaifé Ghorm i mBaile Átha Cliath i 1987, agus léirigh Aisling Ghéar ina dhiaidh sin é i mBéal Feirste)

Oíche le Pádraig (a léirigh Aisteoirí Bulfin ag féilte de chuid an CND i 1988)

Muirc (a léirigh Aisteoirí Bulfin ag féilte de chuid an CND i 1990)

Loic ar Leac (a léirigh Aisteoirí Bulfin ag féilte de chuid an CND i 1994)

Bean ar tí Léime (a léirigh Aisteoirí Bulfin ag féilte de chuid an CND i 1995 agus arís in 2007)

Ar Deireadh (a léirigh Amharclann na Mainistreach mar léamh cleachta sa Phéacóg in 2009)

Na Leabhra (duaisdráma Oireachtais – a léirigh Aisteoirí Bulfin in 2010 i mBaile Átha Cliath agus arís in 2011 ag féilte de chuid an CND, agus sa Lab sa Daingean agus arís i mBaile Átha Cliath)

Idir an Dá Shúil (Gradam Stewart Parker – a léirigh An Taibhdhearc i gcomhar leis an gcomhlacht TíAitreo in 2010 sa Phéacóg i mBaile Átha Cliath)

Lón Leningrad (Coimisiún ó IMRAM – a léirigh Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath in 2016)

Drámaí Raidió

May-Day (chraol RTÉ Raidió 1 é i 1984)

Céim in Airde (chraol RTÉ Raidió 1 é i 1985)

Banzai! (chraol RTÉ Raidió 1 é i 1986)

Dol Amú (duaisdráma Oireachtais - chraol RTÉ Raidió 1 é in 2012)

Fido (duaisdráma Oireachtais - chraol RTÉ Raidió 1 é in 2013)

An Duairceán (duaisdráma Oireachtais - chraol RTÉ Raidió 1 é in 2016)

Drámaí Fada

Lá Breá (duaisdráma Oireachtais – a léirigh An Taibhdhearc i gcomhar le hAisteoirí Bulfin i nGaillimh i 1993, agus léirigh Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath é i 1996)

Republica (a léirigh Aisling Ghéar i 1996 i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath)

Luaithrín (Coimisiún ón Taibhdhearc, a léirigh An Taibhdhearc i 1997)

Bertie Bush & Mamó an Diabhail (a léirigh Aisteoirí Bulfin in 2004 i mBaile Átha Cliath)

Mac a’ Stanley (a léirigh Aisteoirí Bulfin in 2006 ag féilte de chuid an CND, i mBaile Átha Cliath agus i Mulheim na Gearmáine)

Cillín Shaddaim (duaisdráma Oireachtais 2007 - fós le léiriú)

Raic (ar iarratas ó AnnÓg a léirigh sa Lab sa Daingean é in 2008)

An Campa (a léirigh Aisteoirí Bulfin in 2008 ag féilte de chuid an CND agus i mBaile Átha Cliath)

Biffó Béar (a léirigh Aisteoirí Bulfin in 2009 i mBaile Átha Cliath)

Gur Eile (a léirigh Aisteoirí Bulfin in 2011 i mBaile Átha Cliath)

Laraedó (a léirigh Aisteoirí Bulfin in 2013 i mBaile Átha Cliath agus sa Taibhdhearc)

Dúnmharú (scigdhráma murdair suite i gCorca Dhuibhne, duais Oireachtais 2012 – fós le léiriú)

Tuile (dráma dúghrinn suite i dtailte ísle gar d’abhainn i lár tíre, scríobh Aodh é in 2014 – fós le léiriú)

1915? (ceoldráma grinn maidir le hÉirí Amach na Cásca, léirigh Aisteoirí Bulfin é i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste)

Dearmad na Fola (Na Bréagadáin) (dráma noir faoi úsáid na hardteicneolaíochta agus treochtaí sa tsochaí chomhaimseartha, a léirigh Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath le linn Sheachtain na Gaeilge 2018 agus i gceist é a léiriú sa Taibhdhearc agus ag an Oireachtas i mí na Samhna seo chugainn)