Dúghlas de híde, Amhráin agus Dánta Raiftearaí, Leagan athchóirithe le Nollaig Ó Muraíle.
Gearóid DenvirFuta Fata, An Spidéal 2018. 403 Lch, Crua
Léirmheas le Gearóid Denvir
I gConamara a tháinig mise trasna ar Raiftearaí i gcéaduair, sa mbliain 1960 agus mé ar chúrsa Gaeilge thiar le Coiste na bPáistí. Scoil scairte a bhí againn ann, ranganna ar charraig i mbéal bhóithrín an Tí Mhóir, agus Aodh Ó Ruairc ag múineadh amhrán dúinn. Sin an áit ar fhoghlaim mé
Anois teacht an earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh,
Is tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol.
Ba as Maigh Eo mo mháthair agus d’fhág sin ábhar bróid ar leith agam agus mé á ghabháil di inár sean-Box-Ford, cláruimhir ZE 109, ar an mbealach go dtí a baile dúchais sise, An Cheathrú Bheag, Lochán na mBan, Bearna Chearúill, leathpharáiste Chlár Chlainne Mhuiris, don chuid eile den samhradh. Is ansin a bhí muid an chéad oíche tar éis an chúrsa, agus ar ndóigh ní dúiche aineoil a bhí sna bailte eile atá luaite san amhrán ach an oiread.
Is beag a cheap mé an uair sin go gcaithfinn bunáite mo shaoil i nGaeltacht Chonamara áit a raibh oidhreacht Raiftearaí beo ar bhéalaibh na ndaoine agus go mbeadh tuilleadh d’amhráin an fhile dhaill le cloisteáil go rialta agam san áit chéanna – leithéidí ‘Eanach Dhúin’, ‘Brídín Bhéasaigh’, ‘An Pósae Gléigeal’. Cuimhním freisin ar chomharsa agus cara mór liom, file aitheanta na nAille Thiar, Meáirt Ó Curraoin, a d’airínn go minic ag dul an bóthar ag seoladh beithíoch agus píosaí mar ‘Aithrí Raiftearaí’ á reic aige dhó féin d’fhonn iad a choinneáil ina chuimhne. Agus ansin in imeacht na mblianta a chaith mé ag teagasc in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is beag mac léinn ann nach raibh trácht eicínt cloiste acu ar ‘Chontae Mhaigh Eo’, go mór mór muintir Mhaigh Eo féin agus na Gaillimhe. Bhí sin amhlaidh fiú ag leibhéal na chéad bhliana – ach b’shin, ar ndóigh, na 1970í agus na 1980í sular coilleadh siollabas Gaeilge na hArdteiste go ndearna de cnó caoch agus earra díchultúraithe gan rath gan toradh.
Ceannródaí suntasach a bhí i gcéadeagarthóir shaothar Raiftearaí, Dúghlas de Híde, i réimsí éagsúla de shaol a linne in Éirinn. Bhunaigh sé an eagraíocht réabhlóideach úd Conradh na Gaeilge agus bhí sé ina Uachtarán air ó 1893 go dtí 1915. Scoláire Gaeilge a bhí ann chomh maith agus bhí sé ina ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (1909-1932), agus ar ndóigh ina chéad Uachtarán ar an stát a d’eascair as Saorstát Éireann (1938-1945). Rinne sé obair éachtach mar scoláire, obair ar deacair a tábhacht agus a nuáil a thuiscint, b’fhéidir, i saol an lae inniu. D’fhoilsigh sé an chéad staidéar leabharfhada ar stair litríocht na Gaeilge, A Literary History of Ireland (1899), bunaithe ar bhuntaighde dá chuid féin cuid mhaith tráth nach raibh teacht go héasca ar fhoinsí eolais. D’fhoilsigh sé leabhar eiseamláireach i léann an bhéaloidis, Beside the Fire, naoi mbliana roimhe sin in 1890, téacs dátheangach a thug aitheantas ar leith den chéad uair do na bunleaganacha Gaeilge, do na scéalaithe, agus do chomhthéacs cultúrtha agus sóisialta na scéalaíochta féin. I dtéarmaí an lae inniu, thabharfaí dioscúrsa an iarchoilíneachais ar mheon agus engagement réamhrá an leabhair sin gona idé-eolaíocht athghabhála agus athbheochana. Níl aon amhras faoi ach gur ráiteas soiléir díchoilínithe a léacht cháiliúil, The Necessity for De-Anglicising Ireland, a tugadh don Literary Society of Ireland ar an 25 Samhain 1892, léacht a gineadh sa machnamh céanna atá le fáil i réamhrá Chéitinn le Foras Feasa ar Éirinn, agus go deimhin ní miste a áiteamh go bhfuil machnamh den mhianach céanna ar chúl cuid mhaith d’fhilíocht Raiftearaí freisin.
Rinne de Híde obair éachtach ar shaothar Raiftearaí i gcaitheamh a shaoil agus tá léargas iomlán ar an saothar sin tugtha ag Nollaig Ó Muraíle san athleagan álainn seo de Amhráin agus Dánta Raiftearaí. Saothar ar leith é an leabhar seo, agus arís ar ais i gcomhthéacs an ama, saothar ceannródaíoch a thugas aitheantas ní hamháin do théacs na ndánta agus na n-amhrán, ach dá scéal, dá gcomhthéacs, agus dá dtábhacht mar earraí cultúrtha agus liteartha taobh istigh de thraidisiún na Gaeilge. Mar a mhaíos de Híde féin luath go maith sa saothar, is mór idir filíocht agus poetry:
An té nach bhfuil cleachtach ar fhilíocht na nGael, ní fheicfidh sé agus ní thuigfidh sé binneas agus ceol an dáin seo (‘Caoineadh ar Thomás Ó Dálaigh’). Ní thuigfidh an Béarlóir ar chor ar bith é, óir tá filíocht na nGael éagsúil ar fad ó fhilíocht na Sasanach. (31)
Chuidigh cur chuige de Híde leis an scéal seo a leigheas agus pléann sé scéalta bunúsacha agus cúlra stairiúil agus polaitiúil agus cultúrtha na n-amhrán. Tugann sé an seanchas agus an béaloideas a chuala sé féin agus daoine eile faoi Raiftearaí, agus faoi lucht a chomhaimsire atá luaite sa saothar, luann sé na foinsí lámhscríofa agus béil ar tharraing sé astu, agus ar ndóigh míníonn sé cúrsaí meadarachta agus teanga.
Castar le filí Gaeilge an 19ú haois gur déantús logánta áitiúil a bhaineas le mionchúrsaí suaracha an pobail bhoicht dar díobh iad a bhí acu. Go deimhin, bhí drochmeas ag roinnt scoláirí Gaeilge ar fhilíocht na tréimhse agus iad ag déanamh amach nach raibh inti ach fuílleach áir, ‘the end of a tradition’ a bhí ar an dé deiridh fiú san 18ú haois. Ní léar ach oiread do bhunáite na staraithe a bhíos ag plé le scéal na hÉireann sa tréimhse gur foinse luachmhar atá sa bhfilíocht seo, go bhfuil léargas inti ar Éirinn ón mbonn aníos agus ar shaol na ndaoine/an phobail trí shúile na bhfilí oidhreachta. Tráchtann na filí sin ina saothar ar chúrsaí polaitíochta agus reiligiúin lena linn, léiríonn siad droch-chás an duine bhoicht, agus tugann siad léargas grinn géarchúiseach ar chultúr agus modh maireachtála agus cruinneshamhail lucht labhartha na Gaeilge. Léiríonn siad an saol fó thoinn a bhí ag móramh an phobail in aimsir Raiftearaí, go mór mór ina dhúiche féin ‘ó Shionainn go trá’ mar a chuir sé féin síos air. Is éard atá ina shaothar, dáiríre, cuntas ar shaol a linne trí shúile an dúchais sa teanga a raibh lucht an chinsil, na cumhachta agus na bpribhléidí dall ar fad uirthi. Dá réir sin, tugann an file guth do mheon, do mhianta, d’fhéiniúlacht agus do mentalité a phobail trí mheán na ceirde dúchais – feidhm an fhile Gaeilge riamh anall.
Agus tá filíocht Raiftearaí thar a bheith polaitiúil. Faightear inti idé-eolaíocht phrótónáisiúnaíoch, dearcadh a mhuintire nach bhfeictear sna cáipéisí stáit ná i gcuntais lucht taistil a bhí i dtuilleamaí an Bhéarla amháin. Is féidir dearcadh polaitiúil Raiftearaí ar an gconcas nó ar a laoch Domhnall Ó Conaill agus ar pholaitíocht ghluaiseacht Chaitliceach na linne, mar shampla, a rianú siar ó urlár a lae féin trí fhilíocht an 18ú haois go dtí an Dochtúir Céitinn (laoch mór eile de chuid Raiftearaí) agus filíocht pholaitiúil an 17ú haois.
Níor cheart, ar ndóigh, a bheith ag súil sa gcás seo le haon anailís ‘oibiachtúil’, mar dhóigh de, ar chúrsaí na tíre. Cumadóireacht engagée í seo nach bhfuil blas ar bith den éacúiméineachas ná den chaoinfhulaingt uirthi, agus ní bheifí ag súil lena leithéid san am ar cheachtar den dá thaobh sa gcoimhlint. Tá sraith dánta ag Raiftearaí faoi chúrsaí polaitiúla agus reiligiúnda ina nochtann sé a dhearcadh claonta féin gan fiacail a chur ann. Dream mallaithe iad na Protastúin, dar leis, a bhfuil a gcreideamh bunaithe ar bhréag agus ar éitheach. Lucht bíoblaí bréige (7.1: 9) iad nach dtroisceann Dé hAoine (7.1: 2) agus a itheas feoil fiú Aoine an Chéasta féin (7.5: 10). Lucht éithigh agus séalaí briste iad nach ngéilleann do Mhuire, ‘a d’oil ar a hucht Rí na nGrása’ (7.4: 3). Bheadh an lá fós lena mhuintir féin, pobal Caitliceach Gaelach na hÉireann, áfach:
Más fíor gach aon ní dár scríobhadh ar Éirinn,
is fada an t-éileamh á thabhairt chun cinn;
Emancipation a theacht faoi shéala,
cead ag Gaeil bheith chomh hard le Gaill.
(23.2: 1-4, ‘Bua Uí Chonaill’)
Éirígí suas, tá an cúrsa ag teannadh libh,
bíodh claíomh is sleá agaibh i bhfaobhar géar,
is gearr uaibh an Chúig, tá an dáta caite,
mar scríobh na haspail, na naoimh ’s an chléir.
(43.1: 1-4, ‘An Chúis Á Plé’)
Ainneoin bhiogóideacht agus sheicteachas sin a shaothair, áfach, tá léamh eile fós seachas an léamh polaitiúil/reiligiúnda le déanamh ar chursaí creidimh i saothar Raiftearaí, mar atá, weltanschauung nó cruinneshamhail an ghnáthChaitlicigh lena linn a thabhairt chun solais ann. Chreid sé go daingean gan cheist i gcreideamh cóir na cléire agus dhearbhaigh sé go minic gurb iad na Caitlicigh ‘an sliocht i gcath ná i nglia nár dhíol an Pháis ariamh’ (44.13: 3). Tagraíonn sé arís agus eile don údarás naofa atá ann leis an ráiteas sin, mar atá, an Bíobla (Caitliceach!) agus scríbhinní/scéalta traidisiúnta na naomh:
Thug na húdair naofa cuntas dúinn sa scéal seo (24.1: 1)
An tseanmóir naofa a scríobh naoimh agus aspail dúinn (7.2: 2)
Gurb é dúirt an t-údar naofa, Naomh Seán sa Revelation (24.4: 3)
Tá Críost mar [is] léite in éineacht le Peadar faoi (7.3: 6)
Dar leis an gcreideamh a léiríos Raiftearaí tá an duine daonna daor, peacúil, gan mhaith fiú, agus é i dtuilleamaí ghrásta Dé lena shlánú (smaoineamh b’fhéidir atá níos gaire don mheon Protastúnach ná ba mhaith le leithéid Raiftearaí a ligean lena ais!). Go deimhin d’fhéadfaí cinniúnachas ionann is Jansenach a shamhlú le cuid den dearcadh atá sna dánta sa méid is go léirítear go rialta iontu gur gá don duine impí ar Dhia is ar Chríost, trí idirghabháil Mhuire, lena thabhairt slán, agus gur páirtíocht ionann is fulangach sa slánú seachas sin atá ag an duine atá i dtuilleamaí an ghrásta a deontar anuas ó neamh, an grásta atá ‘ar láimh an Uain’ (32.2: 4) amháin. Reiligiún traidisiúnaíoch de chuid na ré a léiríos saothar Raiftearaí agus is geall le conradh le Dia bagrach uathmhar atá i gceist.
Ba é Stoc na Cille in úrscéal Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille, a dúirt, ‘Éistear le mo Ghlór!Caithfear éisteacht’. Bhí an port uaibhreach céanna ag Raiftearaí ina rídhán cáiliúil ‘Eanach Dhúin’:
Má fhaighimse sláinte, is fada bheas tráchtadh
ar an méid a báthadh as Eanach Dhúin. (11.1: 1)
Agus b’fhíor dó. Tharla an tubaiste uafásach sin ar an 4 Meán Fómhair 1828 i gceantar scoite iargúlta in iarthar Éireann i bhfad ó lárionad na cumhachta, ach maireann cuimhne ar an eachtra mar gheall ar shaothar an fhile bhoicht dhaill ar éisteadh lena ghlór. Táthar ag éisteacht fós agus éisteofar tuilleadh i ngeall ar an leabhar seo.
Leabhar í seo a bhfáilteoidh scoláirí agus lucht léite na Gaeilge go mór roimpi. Tá an t-ádh orainne, an athghlúin, go bhfuil duine de scoláirí móra na Gaeilge lenár linn, Nollaig Ó Muraíle, tar éis athleagan den saothar ríthábhachtach seo a chur ar fáil agus go bhfuil cuma chomh slachtmhar sin curtha ag Futa Fata ar an leabhar agus dá réir sin go bhfuil Raiftearaí ar ais san áit is dual dó, i gceartlár na ndaoine. Ní hamháin gur chuir Nollaig téacsanna éagsúla de Híde le chéile, le mioncheartúcháin de réir mar ba ghá, ach tá nótaí raidhsiúla curtha aige féin leis an mbunsaothar bunaithe ar eolas a tiomsaíodh i gcaitheamh a shaoil scolártha ó scríobh sé an aiste thábhachtach sin ar na filí Connachtacha i Léachtaí Cholm Cille 1972. D’fhéadfaí leathrann an tseanfhile a lua le Nollaig féin:
Maoin agus stór, airgead is ór,
níl iontu ach ceo i measc daoine;
’s gur file gan treoir nár chruinnigh pingin fós
a thug daoibhse an chomhairle chríonna.
(4.7: 5-8, ‘An tAthair Liam [Ó Dúshláine]’)