Suain nan trì latha: Dàin le Niall O’Gallagher
Clàr. Inbhir Nis. £9.99. 64 lch.
Léirmheas le Alan Titley
Ceann de na mórcheisteanna a bhíonn ag cur as do lucht páirte na mionteangacha go minic ná cad é an gaol is ceart a bheith idir inniu agus inné? Toisc gur bearnadh chomh tubaisteach iad le teacht an ‘nua-aoiseachais’ is minic gurb é an droichead idir an dá shaol an cúram a bhíonn ar scríbhneoirí, nó neachtar acu, an droichead céanna a leagadh go hiomlán is a fhágaint ina fhothrach.
Ní maith liom an nath gránna a úsáid, ach is ‘ceist acadúil’ í. Bhí gach aon scríbhneoir riamh ag siúl ar chnámha na ndaoine a chuaigh roimhe, agus ag tarraingt ar anála agus ar anamnacha na marbh. Bíonn gach aon fhile/úrscéalaí á shíneadh suas le hómós is le freasúra le gach aon duine eile a bhí beo ina líon, agus atá ar marthain ina shamhlaíocht.
Níl a fhios agam ar mhó de chúram é seo sa Ghaeilge ná sa Ghàidhlig. Thuig Seán Ó Ríordáin go maith an bhearna a bhí le tabhairt isteach, fág gur fhág sé lámh mharbh chritic Uí Chorcora ina dhiaidh; bhí amhráin mhóra na gcéadta bliain ina chluasa agus i rithimí a chroí ag Somhairle MacGill-Eain, fós féin, ní fhéadfadh sé géilleadh go hiomlán dóibh. Ní bheifeá id fhile inniu, dá mb’fhile de chuid na hochtú/ceathrú haoise déag tú.
Is é sin a fhágann dánta Niall O’Gallagher speisialta, dúshlánach, éagsúil agus ealaíonta. Murab ionann agus a chéad chnuasach Beatha Ùr a bhí geal ina shnastacht nua-aoiseach, tá an cnuasach seo brioscbheathach ina mheánaoiseachas freacnairceach. Laistigh den trí scór éigin leathanach atá sa leabhar seo tá saibhreas neamhghách agus grá teaghlaigh thar meon. D’fhocal gearra, tá na dánta seo ar fad scríte i gceann de mheadarachtaí an dána dhírigh, nó ógláchas éigin dá gcineál, nó macallaíocht ar a bhfud.
Tógáil aonair is ea gach dán anseo cé go bhfuil dath aontaithe ginearálta ar an gcnuasach a chuimsíonn gach aon ghnáthábhar sa chás is nach bhfuil ba ramhra le cur thar abhainn ag an scríbhneoir, mar nach bhfuil anseo. Ní gá dó, beag ná mór, leithscéal a ghabháil mar gheall ar ‘bhochdainn mo dhuanaire’, mar a dhéanann sa chéad dán uaidh, óir is bréagnú nach mór gach a dtagann ina dhiaidh.
Faoin ngrá is ea an chuid is suaithinsí ar fad den leabhar, grá athar, grá fir, grá an duine. Grá dá mhac a thugann uaidh an focal ‘ubhal’/‘úll’ mar chéad fhocal uaidh riamh óna bhéal. Is blasta mar fhocal é, agus beireann greim air mar chaint a d’fhéadfadh a bheith milis nó a bheith searbh de réir is mar a thiocfadh. Fairis sin, fáisceann sé dán simplí as bulgóidí a chraithfí as buidéal ina raibh sobal gallúnaí; samhail iad don tsaol go léir fad a ritheann agus thairis ar nós a mhic féin nach bhfuil aon smacht aige ar a chinniúint:
…’s e cruinne-cèa th’annad, a mhic àlainn,
’s tu gam fhàgail na do dhèidh.
Tá dánta dúlra anseo chomh maith, óir cé a shílfeadh go bhféadfaí dánta dúlra a scríobh níos mó, nuair (a) go bhfuil á scrios againn gach lá, agus (b) nach cúrsaí iontais níos mó é tar éis a bhfuil d’Attenborough feicthe againn cheana? Cén fáth a mbeadh iontas ort faoin dúlra, uair is iontaí fós a bhfuil ar an scáileán? Is chun leasa eile na dánta dúlra aige, áfach, dánta a bhaineann le daoine, amhail is nár leor feasta iontas a dhéanamh den saol gnáith mar a mhúsclaíonn.
Macalla soiléir d’aon ghnó é ‘Ghille bhig’ de dhán róchaite, rósheargtha, róscriosta, rómharfa sin faoi lon dubh beag an ghoib bhuí Bhéal Feirste a bhí go hálainn míle bliain ó shin ach nach féidir a chlos anois faoi scafalra Harland & Wolff.
Nascann sé le chéile an dá dhúchas seo nuair a fheiceann sé léinte Cheiltigh Ghlaschú agus léinte peile Dhún na nGall crochta in airde le chéile
iolach bheag
falach fead
air mo sgàth,
na do dhùisg
casan rùisgt’
madainn ùr
sa mhoch-thràth.
Go deimhin, an té a bhfuil leath-chur amach éigin aige ar an litríocht stairiúil, ní féidir leis gan na ceangail a thabhairt faoi deara. Tar éis dó píosa filíochta a chur ag triall ar iris i Nua-Eabhrac tosnaíonn an dán nua seo: ‘Aoibhinn, a phasgain, do thriall…’, agus sna háiteanna sin nach bhfuil na macallaí ag teacht chugat go mear, tá an chuma air go bhfuil an bhairdne, idir Éireannach agus Albanach (arb ionann iad) slogtha le héascaíocht aige.
Mar go mbeifeá ag súil leis óna shloinne, ní foláir nó tá dúchas Connallach ann. Nascann sé le chéile an dá dhúchas seo nuair a fheiceann sé léinte glasbhána Ceiltigh Ghlaschú agus léinte peile Dhún na nGall crochta in airde le chéile. Ach is a mhúsclaíonn ann, leis, an siar is aniar dobhrónach idir an dá thír, is a raibh de bhriseadh croí ina lúib istigh, ach nach dtig leis breith air sa cheart.
Ach ní cúrsaí dúchais abhus amháin is cúram dó. Tá an solas ann faoi na crainn líomaí, agus ranna eile a bhreac sé faoi chrann oráiste a bhfuil réamhcheathrú leis an bhfile iontach sin Deòrsa Mac Iain Dheòrsa ina thús. Má bhí dánta Gaeilge á mbreacadh ar thaoide ard na meánmhara sa tríú agus sa cheathrú haois déag, níl aon chúis nach bhféadfadh file an lae inniu breith chomh daingean céanna ar an uain seo.
Leabhar saibhir geal filíochta is ea é seo. An té a bhfuil cleachtadh beag éigin aige ar ár gcuid éigse suas go dtí lár na seachtú haoise déag, ní bheidh aon dúshlán rómhór dó anseo. N’fheadar an bhfuil file ar bith eile lenár linn ar éirigh leis dul trasna an cabhsa sin idir an sean agus an nua chomh cumasach, is chomh hionraic sin Mar chomhairle don léitheoir abhus mholfainn na dánta a léamh amhail is dá mbeadh litriú na Gaeilge orthu agus thitfeadh go leor de na deacraí ar lár. Ba mhaith ab fhiú an iarracht. Má thugann foirm agus cruth agus ceardaíocht friotail pléisiúr duit mar shlánchuid na filíochta, leabhar é seo duitse.