Tórramh cathrach

Pádraig Ó Baoighill
Tórramh cathrach

markwickham.org

Gearrscéal le Pádraig Ó Baoighill

Bhí Cáfarr Ó Crualaoich, iriseoir óg as Contae Liatroma, ag spaisteoireacht thart fána Saoirsí i mBaile Átha Cliath ag meabhrú caidé a bheadh le scríobh aige dona cholún an tráthnóna ina dhiaidh sin. Ba seo an chéad uair dó i mBaile Átha Cliath agus chomhairligh an t-eagarthóir dó a dhul amach agus eolas a chur ar shaol na cathrach. Ní raibh sé ar a shuaimhneas in oifigí an nuachtáin. Bhíodh na cailíní ag scigireacht nuair a bhíodh sé ag déanamh glaoch gutháin agus na buachaillí ag caochadh orthu. Bhí sé deacair go leor aige míle focal a chur ar fáil cúig lá na seachtaine fá imeachtaí na cathrach. Ba mhinic a shuigh sé ar cholbha na leapan ina lóistín i Raghnallach go dtí an ceathair a chlog ar maidin leis an cholún a chríochnú.

Chuaigh sé a smaointiú an raibh an ceart aige a theacht chuig an phríomhchathair ar chor ar bith. Bhí am breá aige leis an pháipéar áitiúil i gCora Droma Rúisc ach bhí an díolaíocht i bhfad níb fhearr i mBaile Átha Cliath. Bhí sin ceart go leor ach bhí sé amhrasach nach raibh foireann na hoifige sásta lena cheapachán ar chor ar bith. Muintir Bhaile Átha Cliath ar fad a bhí ann agus ba mhinic iad ag caint ar ‘culchies’ agus ag déanamh eala mhagaidh d’fhoireann peile Liatroma.

Chuaigh sé thart coirnéal agus tháinig an ceol bríomhar aigeantach seo chuige fríd aer fuar an tráthnóna. Mheas sé gur seisiún de chuid Chomhaltais Ceoltóirí Éireann a bhí ann agus go mbeadh sé ábalta scríobh faoi ina cholún. Chuala sé go raibh suim mhór sa cheol dúchais sna Saoirsí agus bhí cruinniú scríofa ina dhialann le bualadh le Cumann na bPíobairí an tseachtain ina dhiaidh sin i Sráid Thomáis.

Streachail sé é féin fríd scaifte mór glórach a bhí ag an chabhantar ag canadh ‘Molly Malone’ go bhfuair sé aird fhear an leanna. D’ordaigh sé pionta Guinness. Ní raibh sin i bhfad ag teacht nó bhí líne de na gloiní dubha le cúr geal bán orthu ullmhaithe ar an chabhantar. Bhog sé leis anonn go faichilleach, greim docht aige ar an phionta go bhfuair sé suíochán in aice an dorais.

Ina shuí in aice leis bhí seanduine a raibh hata cocháin air agus stocaí bána suas go dtí na glúine. Bhí croiméal geal bán air agus súile soineanta donna. Bhí seanbhean a raibh seál dubh uirthi ina chomhluadar agus an bheirt acu cuachta dá chéile ag ól piontaí. Chuir an seanduine fáilte roimh Cháfarr agus tharraing sé a stól anall in aice leis.

‘Mise Tomás! Seo Bidí!’

Chroith fear Liatroma lámh leis an bheirt acu agus thosaigh an comhrá. Bhí an ceol ag teacht níos láidre ón taobh eile den tábhairne agus achan nduine go haigeantach. Chuir Cáfarr ceist ar Thomás an seisiún de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann a bhí ann.

‘Chan é ar chor ar bith, a mhic. Tórramh! Tórramh!’.

Baineadh geit as Cáfarr. Ní fhaca sé riamh daoine gealgháireacha, leathólta ag screadaigh cheoil i ndiaidh duine dá mbunadh a chur faoi fhód. D’amharc sé go fiosrach ar Thomás agus ní raibh seisean i bhfad ag míniú an scéil dó.

‘Ba dheirfiúr mo bhean chéile a cuireadh faoi fhód inniu, Sean Laoiseach. Bhí sí ceithre scór agus deich mbliana ach bean chruaidhéanta.’

Chuir sé a lámh thar ghualainn Shéamais ansin agus chuaigh a inse i gcogar dó fána bhean féin – Treasa. Bhí sí ag tabhairt bail na madaidh air, ag clamhsán lá agus oíche. Ní raibh sí sásta leis cúpla deoch a ól agus thóg sí an pinsean uaidh, a dúirt sé.

‘Ach amháin go mbíonn an t-ádh orm cúpla punt a dhéanamh ar na capaill agus mo chara buan anseo Bidí, bheinn i dTeach na mBocht.’

Thiontaigh sé thart agus thug sé smailc de phóg do Bhidín ar fhad a leicinn. Bhain sé tarraingt fhada as an phionta agus ghlan sé an cúr dena chroiméal lena mhuinchille.

‘Níl Guinness i mBaile Átha Cliath chomh maith agus atá sa teach seo. Ní bheinn beo gan é.’ Rinne sé gáire uchtúil.

Dúirt an t-iriseoir óg go raibh an-suim aige ina scéal agus gur mhaith leis bualadh leis tráthnóna inteacht. Ba seo an chéad uair a shonraigh sé féin cairdeas i mBaile Átha Cliath, fiú bean an lóistín ní mó ná go gcuireadh sí forrán air ar maidin.

Rinne Tomás racht gáire agus dúirt go mbeadh áthas an domhain air. Chuir Cáfarr in iúl dó go mbeadh cúpla punt le fáil aige as agus bhí sé ag tabhairt amach a dhialann le dáta a shocrú nuair a thug Bidí sucadh sa taobh do Thomás.

‘Amharc caidé atá ag teacht,’ a dúirt sí ag cur cogar ina chluais.

D’amharc siad uilig anonn agus ag teacht anall ón doras bhí an bhean ard liath seo, cóta dubh leathair uirthi, caipín dubh, sciorta dubh agus bata trom dubh siúil léi. Ba í Treasa, bean Thomáis a bhí ann agus chonaic Cáfarr lámha an tseanduine bhoicht ar crith agus é ag útamáil leis an ghloine amhail is dá mbeadh sé ag iarraidh a chur i bhfolach. Nuair a tháinig sí níos deise don tábla agus a súile fiánta dírithe ar Thomás, chonaic Cáfarr seanduine an hata cocháin ag éirí crupaithe mar choileán madaidh ar eagla a bhuailte.

Thug Treasa rúid ar an tábla agus thug sí buille neartmhar do Thomás i mullach na cloigne leis an bhata, a bhain an anáil de. Thug Tomás iarraidh an buille a sheachaint ach bhuail sé a smigead de thailm ar an tábla agus rinneadh smionagar de na gloiní. Bhí sé ag dul a fháil an dara buille míthrócaireach ar fhad a leicinn, nó chas Treasa an bata mar dá mbeadh sí ag bualadh coirce ach léim Bidí isteach go gasta agus bhris sí an buille. Thug Treasa iarraidh ansin Bidí a chnagadh leis an bhata ach chuaigh an bata i bhfostó sa tseál. Thit sí anall ina mullach agus fuair greim grágáin ar sheanBhidí, í ag screadaigh léithe go léanmhar.

‘A shean-dhruncaire! Is tú is ciontaí le seo uilig, ag mealladh an tsean-amadáin sin go teach an leanna achan tráthnóna.’

Thug sí iarraidh eile den bhata ar Thomás a bhí anois ar a ghlúine faoin tábla á chosnamh féin.

‘A Thomáis Phluincéad, a chladhaire! An sin an méid a shíleann tusa de mo dheirfiúr bhocht atá curtha sa chré inniu, Gadhar agus gáire i ndiaidh tórraimh, a chladhaire, a chladhaire shalaigh.’

Leis sin léim fear an tábhairne amach thar an chabhantar agus bhí a aghaidh lasta le feirg nuair a chuaigh sé i ngleic le Treasa.

‘Tá tú ag tógáil trioblóide agus mura suíonn tú síos agus múineadh a bheith ort beidh orm tú a chur amach.’

‘Tá tusa ag tabhairt cead don chlampar uafásach ceoil sin agus gan mo dheirfiúr dhílis fuar san uaigh.’

‘Is iad do ghaolta féin atá ann.’

‘Gaolta gan mhaith. Is mór an chúis náire iad agus tusa fosta. Dá mbeadh d’athair beo bheadh urraim aige don mharbh.’

Bhí Cáfarr ag caint le cailín fionn, gariníon do Threasa agus thug sise iarraidh í a chiúnú. Ina áit sin d’éirigh Treasa níba mheasa.

‘Nach soibealta an mhaise duitse a bheith istigh anseo ag caint le do mháthair mhór mar seo.’

Thiontaigh sí thart a ceann, thug amharc drochmheasúil ar fhear Liatroma agus nuair nár bhuail sí smitín den bhata ar an bheirt acu ní lá go fóill é.

Leis sin d’éirigh Tomás agus a dhá lámh san aer aige.

‘Lig domhsa déileáil léithe’ a d’iarr sé ach chuaigh an gharníon go borb idir an bheirt acu agus chroch a dorn fá orlach de ghaothsán Threasa.

‘Éist a Threasa, chuir an teaghlach do dheirfiúr le hurraim agus le honóir agus táimid náiriste agatsa anois os comhair phobal na Saoirsí.’

Chuir sise rois mhionnaí móra os ard a cinn ar an ghirsigh óig agus thug iarraidh den bhata uirthi. Ní raibh fear a’ leanna ag cur suas le níos mó. Tháinig a chúntóir le cuidiú leis agus idir an bheirt acu thochail siad í féin agus a bata amach ar an doras, í ag mallachtaigh in aird a gutha orthu, Tomás ag teacht ina ndiaidh ag scairtigh leo:

‘Lig domhsa déileáil léithe. Lig domhsa déileáil léithe!’

D’amharc Treasa thart nuair a chonaic sí go raibh an cath caillte aici agus scairt sí ar Thomás.

‘Tabhair branda chun an bhaile chugam. Tá mo scornach seargtha. Ní bheidh mé ar ais sa drúthlann seo.’

D’ainneoin na scrimisce lean an ceol ar aghaidh agus bhain an t-iriseoir óg an-sult as bailéidí bríomhara na Saoirsí. Chuir siad i gcuimhne dó cuid de na seisiúin thraidisiúnta a bhíodh fá Chontae Liatroma i gCora Droma Rúisc agus i Maothail. Ghlac Tomás agus Bidí a leithscéal fá mhíbhéasa na mná eile agus chuir Tomás a lámh ar ghualainn Cháfairr ag cur cogar ina chluais arís.

‘Eadrainn féin, bhíodh an bhean a fuair bás ag clamhairt an t-am ar fad ach nuair atá bitseach agat cosúil leis an bhean s’agamsa níl a fhios agam an fiú a bheith beo.’

Chaith sé siar slugóg mhaith eile den Ghuinness, rinne racht gáire, thug póg mhaith eile do Bhidí agus theann lena chroí í.

‘Ach go bé í seo ní bheinn beo ar chor ar bith.’

Bhí siad réidh le cruinniú eile a shocrú nuair a d’éirigh trioblóid thíos i gceann an tí. Beirt mhaistíní óga a bhí ar meisce a thosaigh a throid, thosaigh na cailíní a bhí bogtha go maith a’ scréachaigh, doirteadh deochanna, briseadh táblaí agus thosaigh daoiní ó achan chearn den teach leanna ag tabhairt ruathair chun dorais.

Chuala Cáfarr fear an tábhairne ag glaoch ar na gardaí. Ansin tháinig ceathrar fear dorais mhóra thoirteacha, fuair siad greim muiníl ar na smuilcíní a thosaigh an troid, chaith siad amach ar an tsráid iad agus dhruid na comhlaí. Dúirt fear an leanna go raibh an t-am thuas agus b’éigean do na custaiméirí sleamhnú amach go míshásta.

Chuala Cáfarr go leor clamhsáin.

‘Smuilcíní óga nach bhfuil ábalta ól.’

‘Tórramh, tarlaíonn sé go minic, scrios Dé ar na blaigird, mhill siad an oíche, beidh na Gardaí anois ag coimheád na háite.’

Chuala Cáfarr an gleo agus an bhúirtheach amuigh agus den chéad uair bhuail crathán eagla é. Bhí lúcháir air fáil amach agus aghaidh a thabhairt ar an bhaile. Ní i bhfad a chuaigh sé go dtáinig sé ar chlampar eile. Bhí dhá charr de chuid an Gharda Síochána ansin, gardaí amuigh agus a smachtíní ina lámha acu, gasúraí óga agus an fhuil ina srutha as a gcloigne á gcaitheamh isteach in otharcharr. Bhí otharcharr eile ag teacht agus na bonnáin ag séideadh, screadach uafásach achan áit. Mhothaigh Cáfarr deann fuar ag dul síos go ladhar a chosa agus chuir sé ceist ar sheanduine a bhí ag stánadh ar an chlampar an taisme a bhí ann.

D’amharc an fear air le hiontas.

‘Chan é ar chor ar bith, Tórramh a bhí ann. Tórramh agus téid siad ar mire ina dhiaidh, boic óga nach bhfuil acfuinn acu ar dheoch, barraíocht ceiliúrtha agus an bhfuil a fhios agat – an tseanbhitseach a fuair bás, níorbh fhiú a leath í, níor bhean chalma de chuid na Saoirsí í.’

Baineadh cliseadh as iriseoir óg Liatroma agus smaointigh sé ar an saol breá a bhí aige i gCora Droma Rúisc, ag dul amach le Máire, cailín óg dathúil as an bhaile sin go dtí Tábhairne an Cheann Tuí oíche Aoine, an t-eagarthóir ag teacht isteach níos moille agus craic ar dóigh go maidin acu. Ní sásta a bhí Máire é a dhul go Baile Átha Cliath. Smaointigh sé air seo, ar dhreach bhrónach a mháthara lá a imeachta agus an lámh fann a chroith sí leis. Nár chuir Máire scéala chuige fá ócáid a bhí socraithe ag Cumann na nIriseoirí in Óstán an Bush. Bhí an foréigean a chonaic sé thar an cheasaí. Ní raibh sé ach óg agus ní fhaca sé a leithéid riamh roimhe. Bhí a cholún le scríobh go fóill ach bhí cinneadh tábhachtach eile le déanamh aige fosta agus b’fhéidir gur siar thar an tSionainn a bheadh a thriall arís agus sin in aicearracht.
Nach raibh sé ag meabhrú ar a leithéid
le tamall?

Pádraig Ó Baoighill