Tugaimis aire do mhuintir na hÉireann anseo in Éirinn ...

Tugaimis aire do mhuintir na hÉireann anseo in Éirinn ...

markwickham.org

Deir Lisa Nic an Bhreithimh gur cheart vótáil ar son aisghairm an Ochtú Leasú i reifreann na míosa seo

Ar Son Rogha’

Creideann an ghluaiseacht ‘ar son rogha’- nó ‘ar son vóta Tá›- i rud éigin an-bhunúsach: go bhfágfaí faoi dhaoine é na cinntí cearta a dhéanamh dóibh féin, dá gclann féin agus dá gcuid colainneacha féin. Is é nó í an duine féin ba cheart an cinneadh a dhéanamh dó nó di féin, go háirithe i dtaobh cúrsaí sláinte. Éistimid go géar le scéalta daoine éagsúla (mar shampla ar In Her Shoes – ardán a thugann deis do mhná a raibh ginmhilleadh acu a scéalta a roinnt) a léiríonn nach féidir breithiúnas a thabhairt orthu ná cinneadh a dhéanamh dóibh agus gur cheart an fhreagracht sin a fhágáil orthu féin. Mar sin vótálfaimid ‘Tá’. Ní chiallaíonn sé sin go n-aontaíonn muid uilig le ginmhilleadh i ngach cás. Ciallaíonn sé nach bhfuil muid sásta cinneadh a dhéanamh do dhuine eile. Is féidir bheith ‘ar son na beatha’ agus ‘ar son na rogha’ chomh maith céanna.

An tOchtú Leasú

Rinneadh an tOchtú Leasú ar an mBunreacht i 1983. Tugann an leasú seo na cearta chun beatha céanna don mháthair agus don fhéatas ó ghin. Is ionann é sin is a rá nach féidir le dochtúir tús áite a thabhairt do shláinte na mná, fiú má tá an mháthair go dona tinn de bharr an toirchis agus nach bhfuil sé i ndán don fhéatas a bheith beo ar an saol. Nuair a rinneadh an leasú bhí Micheál D. Ó hUigínn ina choinne. Bhí Peter Sutherland ina choinne. Bhí ár gcéad uachtarán mná, Máire Mhic Róibín ina choinne. Thuig siad go raibh lochtanna ar an dlí féin. Nach léiriú ar na lochtanna sin an liosta fada cásanna truamhéalacha – Miss X, Miss Y srl srl? Tháinig an tuar faoin tairngreacht.

Ar an 28 Deireadh Fómhair 2012 fuair Savita Halappanavar bás in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Bhí mé féin i mo chónaí sna Stáit Aontaithe ag an am. Is cuimhin liom gur tháinig cara as an India chun cainte liom agus uafás, iontas agus frustrachas air:

‘Cén cineál tíre í do thírse, a ligeann do bhean bás a fháil mar sin gan chúis?.’

Baineadh preab asam. Fear ón India - tír le neart fadhbanna sóisialta aici féin - á rá seo liomsa faoi Éirinn. Ba ag an bpointe sin a thuig mé uafás an Ochtú Leasú. Bhí Savita 17 seachtaine ag iompar lá a báis. Ní raibh aon amhras ach go mbeadh breith anabaí aici, nach mairfeadh an féatas. Níor cuidíodh léi, cé go raibh sí, bean 31 bliain d’aois, i mbaol an bháis ó sheipsis dona a d’éirigh níos measa toisc nár cuireadh deireadh leis an toircheas. D’fhan siad rófhada. Chun an fhírinne lom a rá, ar chloisteáil scéalta mar seo dom, bíonn scanradh orm féin faoi bheith torrach in Éirinn.

Mar a dúirt an tOllamh Sir Sabaratnam Arulkumaran, Cathaoirleach Fhiosrúcháin an HSE faoi bhás Savita, bhí ‘ról ollmhór’ ag an Ochtú Leasú ina bás. Dúirt sé freisin go raibh an dochtúir comhairleach Katherine Asbury ‘concerned about the legal issues’. Níl aon amhras ach go raibh baint mhór ag an Ochtú Leasú le bás Savita. Dúirt athair Savita, Andanappa Yalagi le gairid go raibh súil aige go gcaithfeadh muintir na hÉireann vóta ‘Tá’ ‘for the ladies of Ireland and the people of Ireland. My daughter…lost her life because of this’. Tá gach máistir ar ospidéil mháithreachais na tíre seo ag iarraidh go ndéanfaí aisghairm ar an Ochtú Leasú. Tá sé in am éisteacht leis na daoine a bhfuil taithí acu ar na cúrsaí seo agus saineolas acu faoin scéal, agus an plé faoi chúrsaí leighis a fhágáil faoi na daoine gairmiúla leighis.

Comhionannas do chuile shaoránach

Ní ábhar é seo a bhaineann le mná torracha amháin. Nuair a labhraímid faoi thoircheas agus faoin nginmhilleadh, tá muid ag labhairt chomh maith faoi na daoine mórthimpeall ar na mná a thugann tacaíocht dóibh agus a fhulaingíonn leo.

Gerry Edwards, mar shampla, a thaistil lena bhean chéile Gay chun deireadh a chur lena toircheas nuair nach raibh seans dá laghad go mairfeadh a leanbh. Fuair sé luaithreach a mhic ag an doras, ‘the envelope that contained our son’s remains... that was our funeral... [an] envelope handed over the door’.(www.amnesty.org) Anuraidh. dúirt na Náisiúin Aontaithe gur sháraigh Éire cearta daonna Shiobháin Whelan a raibh an scéal céanna aici le Gay Edwards.

Cad faoin gcailín óg a bhíonn torrach agus nach bhfuil a colainn réidh le páiste a thabhairt ar an saol?

Cad faoi na teifigh in Ionaid Soláthar Díreach nach féidir leo taisteal?

Cad faoi na fir thrasinscneacha a ndéantar éigniú orthu, a bhíonn torrach dá bharr?

Cad faoin mbean nach bhfuil airgead aici chun íoc as taisteal?

Vótálaimis ‘Tá’ dá chéile ar an 25 Bealtaine, go mbeidh rogha ag gach duine againn.

Gaeil Ar Son Rogha

I bhfómhar 2017, bhunaigh scaifte dínn, agus baill againn ar fud na tíre agus ar fud na cruinne, grúpa chun feachtasaíocht a dhéanamh trí Ghaeilge ar son na rogha. Ó shin, tá agallaimh agus ailt curtha ar fáil againn do na meáin Ghaeilge thuaidh agus theas agus páirt glactha i ndíospóireachtaí againn. Tá eolas curtha ar fáil againn trí Ghaeilge don phobal; tá breis is 1,000 leantóir againn ar Twitter agus breis is 500 ar Facebook. D’éist muid le scéalta éagsúla daoine agus roinneamar na scéalta mar is ceart. Is ceart agus is cóir cluas éisteachta a thabhairt. Chuamar i mbun cainte leis na Gaeil agus fuair muid tacaíocht láidir agus dhearfach.

An scéal mar atá

Bíonn naonúr ban ag taisteal gach lá chun ginmhilleadh
a fháil.

Gach lá tógann idir triúr agus cúigear ban in Éirinn piollaí ginmhillte go mídhleathach sa mbaile gan comhairle leighis acu.

Tá ginmhilleadh againn in Éirinn cheana agus ní féidir stop a chur leis. Ní hé an ginmhilleadh an t-aon rogha i gcónaí, ach uaireanta bíonn sé de dhíth. Ó thús ama, i ngach sochaí fud fad na cruinne, bhí ginmhilleadh ann, agus is amhlaidh a bheidh. I gcás mhná na hÉireann, an t-aon rud ar féidir linn a athrú sa Reifreann ar an 25 Bealtaine ná an áit ina bhfaightear ginmhilleadh, agus an tslí a bhfaightear é.

Má éiríonn le vóta ‘Níl’, leanfaidh mná orthu ag taisteal gach lá agus leanfaidh siad orthu ag glacadh piollaí sa mbaile. Beidh ginmhilleadh ag muintir na hÉireann,
ach ní bheidh sé ar fáil sa tír seo. Gheobhaidh níos mó
ban bás dá bharr.

Má éiríonn le vóta ‘Tá’, bainfear an Ochtú Leasú as an mBunreacht. Beidh cead ag an duine torrach féin cinneadh a dhéanamh, agus cead ag na saineolaithe leighis comhairle iomlán agus rogha a thabhairt dóibh. Mar a tharlaíonn i dtíortha eile ina gceadaítear ginmhilleadh, déanfar ginmhilleadh níos túisce sa toircheas seachas mar a dhéantar anois. Ní theastóidh an t-am breise le cúrsaí taistil agus costais a réiteach.

Sa reachtaíocht atá á moladh, beidh deis ag mná na hÉireann ginmhilleadh a bheith acu a fhad le 12 sheachtain más gá an cinneadh sin a dhéanamh. Ní bheidh iachall ar éinne ginmhilleadh a bheith acu. Níl ann ach go mbeidh sé mar rogha bhreise ag an duine a chinneann air sin. Sna cásanna sin, tarlóidh ginmhilleadh anseo sa mbaile in Éirinn agus tacaíocht ann ó chlann is cairde. Tugaimis aire do mhuintir na hÉireann sa mbaile. Ní féidir stop a chur le ginmhilleadh, ach is féidir stop a chur le ginmhilleadh atá míshábháilte mídhleathach.

Seo 2018.

34 bliain tar éis don Ochtú Leasú a bheith curtha sa Bhunreacht. 34 bliain ó bhásaigh Ann Lovett agus í ina haonar ag breith linbh.

22 bliain tar éis dhúnadh an árais Maigdiléana deiridh in Éirinn. Sé bliana ó bhásaigh Savita Halappanavar.

Tá breis is 190,000 bean Éireannach tar éis taisteal chun ginmhilleadh a fháil thar sáile ó 1983 i leith.

Anois an t-am.

Vótáil ‘Tá’ ar an 25 Bealtaine 2018.